Measann Colm Mac Séalaigh go bhfuil sé in am ag údaráis an Chumainn Lúthchleas Gael dul i ngleic le fadhb an mhí-iompair i measc na n-imreoirí idirchontae.
Cártaí buí, cártaí dearga ar nós confetti ag bainis. Sin mar atá ar fud na tíre an samhradh seo. Imreoirí díbeartha ón gcluiche agus téarmaí fionraíochta bronnta orthu. Imreoirí clúiteacha go leor acu, daoine mar Sheáiní Mac Mathúna, Cóilín Ó Loinsigh, Éamonn Ó Corcoráin, Stephen Cluxton, Pól Ó Floinn agus go minic cluichí caillte ag a gcontae de bharr a gcuid amaidí. Is beag cluiche a chríochnaíonn le cúigear déag an taobh. Eisceacht is ea é má chríochnaíonn. Triúr a díbríodh i gcluiche ceannais Laighean, beirt idir Ard Mhacha agus Áth Cliath agus mar sin de.
Ar nós na sagart a chuir deireadh le húsáid an confetti ag an séipéal de bharr an tsalachair a chruthaigh sé, tá sé thar am ag údaráis an Chumainn Lúthchleas Gael (CLG) aghaidh a thabhairt ar an mí-iompar is cúis leis na cártaí agus íomhá na gcluichí Gaelacha a ghlanadh. Tá beagnach gach cluiche idir-chontae le feiceáil ar an teilifís anois agus is údar náire agus imní an méid eachtraí atá ag tarlú i gcluiche i ndiaidh cluiche.
Agus é ag scríobh le déanaí ar an ábhar seo rinne Liam Ó Gríofa, iarbhainisteoir Loch Garman, argóint láidir ar son cineál “sin bin”. An teoiric atá aige ná go bhfuil tréimhse ama ar an taobhlíne níos fearr mar bhagairt in aghaidh mí-iompair ná cárta buí leis féin toisc go dtéann pionós láithreach ar an imreoir a dhéanann feall “gairmiúil” cuir i gcás. Tá an cleachtas seo i spóirt eile, sa rugbaí agus san oighearhaca mar shampla. Is dóigh go bhfuil tionchar aige ar imreoirí sa mhéid is go bhfuil siad féin as an gcluiche ar feadh achair áirithe agus, níos tábhachtaí ná sin, go bhfuil siad ag loic ar a gcomhimreoirí. Pointe eile ar son scíthe ar an taobhlíne ná faoin gcóras atá i bhfeidhm faoi láthair níl aon phionós ar an imreoir a fhaigheann cárta buí amháin; agus fiú má fhaigheann sé an dara ceann roimh dheireadh an chluiche níl de phionós air ach an chuid eile den chluiche sin a chailliuint.
Ach taobh amuigh den mhéid sin ar fad tá fadhb bhunúsach le smacht sna cluichí Gaelacha. Is beag cluiche idirchontae a imríodh i mbliana nár taispeánadh cartaí buí, agus go minic cárta dearg, lena linn. Ní féidir an milleán a chur ar na moltóirí má dhéanann imreoirí feallanna gránna. Níl súile ar chúl a gcinn ag réiteoirí agus déanann siad botún ó am go ham, ach sa deireadh thiar níl siad ach ag iarraidh na rialacha a chur i bhfeidhm.
Uaillmhian agus fuath
Is é préamh na faidhbe dáiríre ná gné áirithe de chúltúr na gcluichí ag gach leibhéal, cultúr a chruthaíonn paisean agus uaillmhian agus fuath, uaireanta, in imreoirí agus i bhfoirne agus a théann thar fóir rómhinic. Le tús a chur le réiteach, tá gá le feachtas oideachais ag tosú ar dhá leibhéal, ag an mbun leis na gasúir agus ag an mbarr leis na himreoirí agus le lucht bainistíochta na bhfoirne idirchontae.
Tá dhá ghné den chultúr a bhaineann leis na cluichí s’againne atá fabhtach. Sa chéad áit gríostar imreoirí le dul thar fóir ina n-iarrachtaí chun an bua a bhaint amach. Éinne a bhfuil baint aige le foirne tá a fhios aige go ndéantar imreoirí a ghríosadh go mór roimh chluichí, go mór mór cluichí craobhchomórtais. Tá cultúr ann maidir le cluichí sa chraobhchomórtas, cultúr a deir “bí crua, bí láidir, ná géill ná lig isteach iad. Leag an fear má tá baol ann. Déan feall i bhfad ónár gcúl féin”.
Cuirtear béim mhór ar an mbua thar aon ní eile. Déantar iarracht imreoirí maithe eile a “stopadh”, go fisiciúil agus go síceolaíoch (deirtear rudaí uafásacha le himreoirí uaireanta chun iad a cur ar buile agus a n-intinn a dhíriú ar nithe eile seachas an cluiche féin). Cruthaíonn an chaint seo ar fad easpa smachta i gcuid de na himreoirí agus téann siad thar fóir. Dá bhrí sin nuair a ritheann foirne amach ar Pháirc Semple, ar Pháirc an Chrócaigh, etc., sa Chraobhchomórtas is réidh chun cogaidh a bhíonn siad seachas réidh chun spórt a imirt.
Mar shampla den mheon a bhaineann leis an Craobhchomórtas, in agallamh le nuachtán náisiúnta, dúirt iarchaptaen de chuid Chontae an Chláir nach raibh sa chluiche ceannais den tSraith Náisiúnta idir Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann (cluiche a moladh go hard) ach “cluiche taispeántais” agus go mbeadh “fíorchluiche” iománaíochta idir an Clár agus Tiobraid Árann i gCraobhchomórtas na Mumhan. Thuigeamar go léir céard a bhí i gceist aige agus féach céard a tharla. Bhí bualadh agus lascadh agus troid ann agus cuireadh duine de na himreoirí is fearr a bhí ag Contae an Chláir riamh, Seáiní Mac Mathúna, den pháirc. Chaill an Clár i gcoinne Chorcaí agus i gcoinne na Gaillimhe in éagmais Sheáinín agus Chóilín Uí Loingsigh a cuireadh den pháirc freisin. B’fhéidir go m’fhearr le cuid againn cluiche taispeántais ná scliúchais agus troid agus feallanna gránna.
Dar ndóigh ní chuidíonn an dream ar an taobhlíne agus an lucht féachana i gcoitinne leis an atmaisféar gránna a chruthú uaireanta. Fiú amháin ag cluichí faoi 10 mbliana d’aois bíonn daoine fásta (tuismitheoirí is measa!) ag gríosadh gasúr. Bíonn go leor droch-chainte le cloisteáil freisin, sna hardáin, ar an taobhlíne, ar an bpáirc agus go háirithe sa seomra feistis. An toradh a bhíonn air seo ar fad ná atmaisféar corraithe a spreagann imirt ghránna, bhagrach go minic.
Béim ar dhea-thréithe
An ghné eile den chultúr ná go maitear drochimirt nó drochiompar ar an bpáirc d’imreoirí an-éasca, go mór mór i gcás imreoirí cáiliúla. Bíonn na meáin chumarsáide go minic ag cur béime ar dhea-thréithe an imreora agus ar a uaisleacht taobh amuigh de pháirc na himeartha. Déantar dearmad go minic ar an ghníomh ba chúis le díbirt an imreora agus déantar leithscéalta ar a shon. Tarlaíonn sé seo ag an leibhéal is airde sa Chumann agus is sampla de seo an chaoi inar éirigh le Coiste Chiarraí a “chruthú” nár cuireadh Dara Ó Sé den pháirc anuraidh agus é ag imirt lena chlub. Dá gcuirfí na rialacha i bhfeidhm ina chás siúd mar a dhéanfaí le “gnáthimreoirí” seans maith nach mbeadh sé ag imirt i gCluiche Ceannais na hÉireann.
Maidir le réiteoirí, tá rogha an dá dhíogha acu sin. Polasaí amháin ná bheith dian ó thús cluiche agus cárta buí a thaispeáint chun teachtaireacht a thabhairt do na himreoirí nach nglacfar le briseadh rialacha go héasca, ach leis sin tá cruachás ag an moltóir má dhéanann an t-imreoir céanna calaois eile nach bhfuil ródhona ina dhiaidh sin - an dtugann sé an dara cárta agus an t-imreoir a dhíbirt nó an scaoileann leis toisc nach bhfuil aon dochar déanta?
An rogha eile ná scaoileadh leis an imirt go luath sa chluiche le súil is go socróidh na himreoirí síos agus go ndíreoidh siad ar an gcluiche. Tá sé an-deacair ar mholtóirí an cinneadh ceart a dhéanamh gach uair agus is minic ar an lá céanna i gcluichí éagsúla go ndéanann moltóirí cinntí éagsúla i gcás eachtraí atá cosúil lena chéile. Cuireann an easpa comhionannais seo daoine ar mire, ach caithfidh gach moltóir an cinneadh atá oiriúnach dar leis a dhéanamh i gcomhthéacs na himeartha agus an chluiche i gcoitinne. Ní saothar éasca é saothar an mholtóra agus tiocfaidh an lá nuair a bhainfear úsáid as athchraoladh físeáin chun cabhrú leis an réiteoir. Chuirfeadh sé sin go mór le dráma na hócáide freisin, dar liom.
Déantar anailís ar ról agus caighdeán na réiteoirí agus ceistítear ról nó easpa róil na maor cúil agus na maor líne. Pléitear cinntí coistí smachta go mion go rialta, ach is fíorannamh a dhéantar plé ar ról an bhainisteora agus lucht bainistíochta. Céard é a n-údarás agus a bhfreagracht - céard é tionchar lucht bainistíochta ar easpa smachta na n-imreoirí?
Mo thuairim féin ná gur gá freagracht áirithe a chur ar bhainisteoirí as iompar a gcuid imreoirí agus as a n-iompar féin (is minic iad ó smacht leis) ar an bpáirc agus lasmuigh di. Ba chóir go mbeadh ar bhainisteoir dul os comhair coiste smachta in éineacht le himreoir a cuireadh den pháirc chun a ról a mhíniú. Tá bainisteoir agus lucht bainistíochta freagrach as gach gné d’ullmhúchán agus de phleanáil na foirne agus ba chóir go mbeadh smacht agus dea-iompar ar an bpáirc mar chuid den ullmhúchán sin.
Le suimiú suas: tá na cluichí Gaelacha agus a mbaineann leo os comhair an tsaoil mhóir seachtain i ndiaidh seachtaine i rith an tsamhraidh ar an teilifís. Is ócáidí iontacha pobail agus náisiúnta iad agus den chuid is mó is ábhar mórtais agus taitnimh iad. Ach tá fadhb ann ó thaobh smachta, mí-iompair, imirt ghránna agus araile. Is gá mar thús an fhadhb a aithint agus ansin tá gá le gníomh. Ní mór don CLG ráiteas an-soiléir a dhéanamh agus feachtas láidir a chur ar bun taobh istigh den Chumann go náisiúnta le tabhairt faoin bhfadhb a réiteach.
Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann sé amhráin fós.