CÚRSAÍ SPÓIRT
Íobairtí imreoirí na gcluichí Gaelacha
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Téann imreoirí an chlub iomána a bhfuil Colm Mac Séalaigh bainteach leis i mbun traenála ag leathuair tar éis a sé ar maidin ach ní haon eiseacht iad - tá imreoirí ar fud na hÉireann sásta íobairtí móra a dhéanamh bliain i ndiaidh bliana chun caighdeán níos airde a bhaint amach.

Íomhá

Tá an tseanbhliain caite go maith um an dtaca seo agus tá eachtraí spóirt na bliana 2003 díbeartha go dtí na tuairiscí staire agus curtha i dtaisce i bhfillteáin ríomhairí. Maidir le cluichí an Chumainn Lúthchleas Gael, cuimhneoidh daoine gur bhuaigh Cill Chainnigh gach rud san iomáint agus gur bhuaigh Tír Eoghain craobh na peile den chéad uair. Is beag eile a chuimhneoidh an náisiún uilig air seachas an méid sin.

Is ag breathnú chun cinn a bhímid an t-am seo den bhliain, i míonna Eanáir agus Feabhra, go dtí go dtagann na laethanta breátha fada agus na cluichí móra. Is í mí Eanáir am saoire na n-imreoirí idirchontae. Glacann foirne saoire le chéile (tá Loch Garman agus Ciarraí díreach thar n-ais) - comhartha buíochais dóibh as ucht gaiscíiarrachtaí na bliana roimhe. Agus spreagadh dóibh, is dóigh, an iarracht a mhéadú an chéad bhliain eile agus níos mó íobairtí a dhéanamh, níos mó traenála a dhéanamh agus níos mó ama a chur ar leataobh chun barr feabhais a bhaint amach. Fiú i gcás imreoirí na gcontaetha nach dtéann ar saoire eagraithe, glacann a lán de na himreoirí saoire phearsanta thart ar aimsir na Nollag ionas go mbeidh an chuid eile den bhliain saor acu chun dul i mbun imeartha agus traenála.

An mbeidh deireadh go deo leis na hiarrachtaí agus na híobairtí a bheas á ndéanamh ag foirne chun go mbeidh buntáiste acu thar an bhfreasúra. Gach uile bhliain nach mór tar éis Chraobh na hÉireann cloisimid faoi na híobairtí dochreidte a rinne na buaiteoirí, na sléibhte a dhreapadar, na locha a shnámhadar, na míle a ritheadar agus na comharthaí osnádúrtha a chonaiceadar i gcaitheamh na bliana. Cloisimid faoi imreoirí nach bhfaca bean ná clann, athair ná máthair, gaol ná comharsana ar feadh sé mhí nó tuilleadh.

An bhfuil aon teorainn leis na híobairtí seo atá lucht CLG sásta a dhéanamh? Agus gan de luach saothair ag a bhformhór ach cruatan, gortú, pian agus fulaingt, is iontach go deo an fuinneamh atá á chaitheamh agus an saothar atá ar bun. Dá mbeadh bealach ar bith ann chun an fuinneamh céanna a bhailiú agus cumhacht leictreach a ghiniúint leis laghdódh sé go mór ar bhille leictreachais na tíre!

Rud a chuireann leis an iontas seo ná go bhfuilimid in ann breis agus fiche contae a ainmniú anois nach bhfuil seans ar bith acu Craobh na hÉireann a bhuachaint, ach in ainneoin sin déanfaidh siad ar fad an traenáil agus an sclábhaíocht chéanna is a dhéanfaidh na contaetha láidre. Agus ní bheidh siad níos saibhre ach oiread de bharr a gcuid dua, ach a mhalairt dar leis an GPA. Is dream amaitéarach iad peileadóirí agus iománaithe. Ná déanaimis dearmad gur pluiméirí, múinteoirí, mic léinn, tiománaithe leoraí, feirmeoirí, lucht tógála, fir bheáir agus araile atá sna himreoirí seo. Ní íoctar tuarastal leo agus an dream atá an-dáiríre faoi imirt dá gcontae, níl sa ghnáthsheachtain acu ach obair nó staidéar, traenáil, scíth, ithe (biachlár speisialta acu) agus imirt. Ní ólann a bhformhór aon deoch mheisciúil tar éis an chéad lá de mhí Eanáir agus is beag saol sóisialta atá acu taobh amuigh den “chraic” sa seomra feistis agus ar an mbus ag taisteal chuig cluiche agus ar an mbealach abhaile má bhíonn an bua acu.

Cén fáth go ndéanann siad é? Fís, brionglóid, dúil, aisling - focail mar sin a thagann chugam féin nuair a chuirim an cheist sin. Rud éigin a tharla in óige an imreora, seans. Báireoir nó peileadóir iontach a chonaic gasúr den chéad uair agus a chuaigh i bhfeidhm ar bhealach domhain ar an ngasúr sin. Maireann an mothúchán a spreagtar sa pháiste ag caint athar. Dar ndóigh is páiste mór nó gasúr fós gach imreoir agus gach iarimreoir go lá a bháis. Is é an lá mór craoibhe, an slua, an béiceach, an chaint, na hailt ar an bpáipéar, “Cluiche an Domhnaigh”, “Spórtiris”, “Ard san Aer”, na cuimhní, na scéalta, na dathanna, na bratacha, na ceapairí, boladh toitíní agus fuail - na heilimintí go léir a ardaíonn an croí, a spreagann an dóchas, a mheallann an seanimreoir chun iarracht mhór amháin eile, bliain amháin eile, chun an chraobh a thabhairt abhaile go dtí an baile beag, an paróiste nó an chathair mhór.

Lán le dóchas

Táimid, lucht leanta na gcluichí, ag súil agus ag tnúth go mór leis na hócáidí craoibhe. Bímid lán le dóchas bliain i ndiaidh bliana gurb í ár mbliain a bheas inti i mbliana. Lorgaímid comharthaí dóchais ar bhealach níos dáiríre ná mar a shantaímid uimhreacha lotto. Cloisimid go bhfuil sé seo nó é siúd i mbun traenála arís, go bhfacthas imeoir cáiliúil éigin i mbun traenála den chéad uair le trí bliana, ón uair a cailleadh craobh an chontae le cúilín amháin, agus mar sin na ráflaí agus na scéalta a lorgaímid.

Dar ndóigh is iomaí cineál duine ar fhoireann iomána nó peile. An duine atá i gcónaí aclaí agus nach stopann ag traenáil agus ag cleachtadh. An duine a dhéanann an traenáil nuair atá fonn air ach a thógann scíth nuair atá fonn air. Duine eile a ghlacann scíth tar éis na craoibhe agus nach gcorraíonn é féin arís go dtagann Lá Fhéile Pádraig.

Is é Lá Fhéile Pádraig tús na bliana dáiríre, an t-am den bhliain a bhfuil an lá ar tí an oíche a dhéanamh geal agus an féar a chur ag fás. Ardaíonn an súlach sna cnámha agus téann an fhuil ag rásaíocht tré chuisle. Ach, fan, tá mearbhall orm - sin mar a bhí an saol fadó. Tá an saol athraithe. Tá idir fhoirne club agus fhoirne contae i mbun traenála ó thús Eanáir nó roimhe, dhá nó trí nó ceithre huaire sa tseachtain agus ag amannta aisteacha freisin.

Mo chlub féin, téann siad i mbun traenála gach maidin Chéadaoin ag 6.30 a.m. a mhac! Cén fáth, as ucht Dé ort, go bhfuil seisear is tríocha fear óg ag rith timpeall páirce sa dorchadas ag 6.30 ar maidin? Bhuel, teastaíonn uathu an Chraobh a bhuachaint agus tá siad róghnóthach ina gcuid oibre nó staidéir chun teacht le chéile ag am níos réasúnta! Agus ní hé go mbíonn siad róthuirseach ag 8.00 tráthnóna chun dul i mbun traenála, mar téann a bhformhór go dtí an *gym *ag an am sin! Creaiceáilte nó céard?!

Agus an méid sin ráite nó scríofa, céard a tharlós i mbliana i gcraobhchomórtais shinsear na hÉireann? An t-am seo anuraidh scríobh mé go mbuafadh Cill Chainnigh Craobh na hÉireann. Bhí an ceart agam dar ndóigh ach níor theastaigh saineolaí chun an méid sin a thuar. Buafaidh Cill Chainnigh arís i mbliana sílim féin ach amháin má thagann Setanta abhaile nó má dhúisíonn “Tipp”. Beidh cluichí maithe ann mar is gnách, ach sílim go mbuafaidh Cill Chainnigh arís toisc go bhfuil siad láidir agus toisc nach bhfuil Brian Cody réidh lena chuid oibre go fóill.

Rud maith nó drochrud? Drochrud, dar le go leor toisc go ndealraíonn sé go bhfuil an freasúra lag agus níl sin go maith don chluiche, ach is rud maith é má leagann siad síos caighdeán ard do gach dream eile.

Ná déanaimis dearmad, áfach, ar an éiginnteacht a bhaineann le cúrsaí spóirt agus gur tharla sé cheana go raibh contae amháin chun cinn ar feadh tréimhse fada - Corcaigh ‘76-’78, cuir i gcás, agus dar ndóigh Ciarraí sa pheil idir ‘78 agus ‘86 - agus gur bualadh iad i ndeireadh na dála. Tagann foirne agus imíonn siad. Gach foireann dochloíte, cloítear í luath nó mall. Casann an taoide; imíonn an oíche; tagann an lá. Níl in aon rud ach seal. Agus buafaidh Ciarraí freisin!

Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann sé amhráin fós. Ceapadh é mar dhuine de roghnóirí iománaíochta Bhaile Átha Cliath ag deireadh 2003.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.