Measann Colm Mac Séalaigh go bhfuil an baol ann go bhfuil an lámh in uachtar á fáil ag na drugaí agus ag an tsaint sa spórt.
An bhfuil cúrsaí spóirt in umar na haimléise? Sin í an cheist atá á cur agam orm féin i bhfianaise na poiblíochta is déanaí faoi mhí-úsáid drugaí sa spórt. Shíl go leor againn i l988, agus Cluichí Oilimpeacha Seoul ag teacht chun deiridh agus Ben Johnson ciontaithe as drugaí a ghlacadh, drugaí a chabhraigh leis curiarracht an domhain a shárú agus an bonn óir sa 100m a bhuachaint, shíl muid an t-am sin go ndéanfaí rud éigin, gníomh éigin dearfa agus fónta chun deireadh a chur le caimiléireacht ghránna na ndrugaí. Shíl muid freisin, go saonta is dóigh, nach rachadh aon lúthchleasaí eile sa tseans feasta tar éis ar tharla i gcás Ben Johnson. Ach ní mar shíltear bítear.
Is cosúil anois, níos mó ná riamh, go bhfuil idir lúthchleasaithe, lucht meáchan, lucht snámha, lucht rothaíochta etc., ag an leibhéal is airde, ag baint leasa as drugaí chun cabhrú leo caighdeáin agus spriocanna a bhaint amach agus buntáiste a bheith acu i gcoinne iomaitheoirí eile. Ní hamháin go bhfuil drugaí ann (stéaróidigh, etc.) a chuidíonn le duine níos mó traenála a dhéanamh agus é a dhéanamh níos minicí, ach is é an chaoi é ná go bhfuil drugaí eile ann a cheileann úsáid na ndrugaí sin.
An druga is déanaí atá sa nuacht ná *tetrahydrogestrinone *(THG), agus tá an chuma ar an scéal gur cuid lárnach de bhiachlár an lúthchleasaí idirnáisiúnta (agus lucht spóirt eile, b’fhéidir) an druga seo. I Meiriceá, dar ndóigh, a tháinig an scéal chun cinn i dtosach agus tá sé curtha i leith roinnt de lucht spóirt na tíre sin go raibh siad á ghlacadh. Leithéidí Regina Jacobs, curaí an domhain don 1500m faoi dhíon agus an dornálaí Shane Mosley atá luaite. Sa Bhreatain rinne an reathaí is sciobtha san Eoraip, Dwain Chambers, tástáil dhearfa i dtaca le THG agus tá an t-imreoir sacair Rio Ferdinand i dtrioblóid ar an ábhar nach raibh sé ar fáil nuair a tháinig na hoifigigh thástála ar cuairt.
Níl sé i bhfad ó shin ó bhí banlaoch snámha na hÉireann (ar feadh tamaill ar aon nós!) go mór sa nuacht nuair a fuarthas rud éigin aisteach (fuisce!?) ina cuid fuail tar éis di sampla tástála a thabhairt. B’fhéidir go dtiocfaidh an fhírinne chun cinn lá éigin ina cás siúd ach is cosúil go bhfuil dearmad glan déanta ag muintir na hÉireann (d’aon turas, is dóigh) ar a cuid “gaiscí” sa linn snámha in Atlanta. Sin an praghas a d’íoc Michelle as an eachtra úd. Nó b’fhéidir gurb é an t-airgead urraíochta a chaill sí an buille ba mheasa.
Ceann de na gnéithe is measa a bhaineann leis na scannail uafásacha seo ná nach heol dúinn anois cé tá agus cé nach bhfuil ag plé le drugaí chun iad féin a chur chun cinn i gcúrsaí spóirt, ar leibhéal idirnáisiúnta gairmiúil. Ní féidir a bheith cinnte anois cé acu an bhfuil aon iomaitheoir glan nó nach bhfuil. Feictear dom féin go bhfuil lucht rugbaí, cuir i gcás, tar éis éirí an-mhór ar fad agus téagartha le hais mar a bhíodh. Tá formhór na dtacaithe atá ag imirt an rugbaí go gairmiuil chomh mór céanna leis na tosaithe agus tá chuile dhuine acu i bhfad níos mó ná a macasamhail sna 1980í, cuir i gcás.
Traenáil níos déine
Dar ndóigh tá an traenáil a dhéanann siad mar imreoirí gairmiúla i bhfad níos sofaisticiúla agus níos déine (ag plé le meáchain etc.) ná an traenáil a dheineadh amaitéaraigh scór bliain ó shin, ach mar sin féin tá an t-athrú ar chruth na n-imreoirí an-suntasach. Nílim ag cur aon mhí-iompair i leith imreoirí rugbaí ach tá smál na ndrugaí os cionn lucht spóirt ar fud an domhain, go háirithe i gcás na spórt gairmiúil ina bhfuil cumhacht agus láidreacht agus buanseasmhacht lárnach.
Sa scéal seo ar fad, is deacair gan a bheith ar buille nó feargach le lucht caimiléireachta, is é sin lucht úsáidte na ndrugaí, mar nuair a bhuann lúthchleasaí atá cam tá an seans ann go bhfuil lúithchleasaí eile atá “glan” thíos leis. Sampla maith de sin ná an reathaí Éireannach Karen Shinkens a chríochnaigh sa cheathrú háit sa rás 400m ag Craobhchomórtas na hEorpa sa bhliain 2000. An bhean a bhuaigh an rás sin, Svetlana Pospelova na Rúise, bhí tástáil dhearfa le haghaidh druga coiscthe aici ag na Cluichí Oilimpeacha i Sydney dhá bhliain ina dhiaidh sin. Mar a deir Karen, d’fhéadfaí a rá gur goideadh bonn cré-umha uaithi. Tá an iomarca samplaí den chineál seo (Sonya O’Sullivan agus na Sínigh, etc.) le nach mbeadh drochbhlas fágtha agus amhras caite gach uair atá mórchomórtas lúthchleasa ar bun. Ní gá ach féachaint ar an dochar atá déanta do spórt na rothaíochta ag scannail na ndrugaí san am atá thart.
I gcás THG is cosúil nach raibh eolas ag na húdaráis spóirt go dtí le déanaí go raibh a leithéid in úsáid go forleathan. Ach tá an FBI ag fiosrú an scéil anois agus tugann sé sin dreach eile dó. Ach is deacair ról lucht riartha spóirt a léamh sna cúrsaí seo. An é nach raibh a fhios ag na húdaráis go raibh caimiléireacht ar leibhéal fairsing ar siúl agus go dtí gur sceith duine éigin an scéal is déanaí, go raibh an cleachtas go hiomlán faoi rún? Is cosúil go raibh a fhios ag traenálaithe agus gníomhairí agus bainisteoirí na lúthchleasaithe faoi na drugaí agus go rabhadar ag cabhrú leo iad a fháil agus a ghlacadh, agus é sin ar fad á choinneáil faoi rún.
Saint
Ardaíonn an rud ar fad roinnt ceisteanna . An chéad cheann ná cén aidhm atá ag na drugaí sa chéad áit? Is dóigh gurb é airgead agus brabach an freagra agus an peaca is bunúsaí ar fad laistiar dó - saint - an tsaint chéanna a chuireann cathú orainn ar fad an deis a thapú chun airgead bog a ghnóthú ar dhóigh nach bhfuil iomlán morálta nó dleathach. Tuigeann polaiteoirí é sin.
Maidir le lúthchleasaithe, lucht spóirt ar bith, caithfear cuimhneamh air gur daoine óga iad a bhfuil a bhformhór idir 18 mbliana agus 30 bliain d’aois. Is daoine iad a bhfuil formhór a saoil go dtí seo caite acu i mbun traenála agus iomaíochta ag leibhéil éagsúla agus formhór a gcuid ama caite leis an spórt a chleachtann siad. A lán acu, an chuid is mó, b’fhéidir, ní thuigeann siad aon rud eile ach an spórt lena bhfuil siad gafa.
Tá a fhios acu go bhfuil substaintí ann a chuideodh leo éirí níos láidre, níos tapúla etc. Ach ní féidir dul chuig an ollmhargadh nó fiú chuig an gcógaslann áitiúil agus na substaintí (drugaí) seo a cheannach. Níl gnáthdhochtúir chun iad a thabhairt ar oideas dóibh. Cá bhfaigheann siad iad mar sin? Bhuel, ar nós rud ar bith atá mídhleathach, tá bealaí ann agus tá daoine ann atá toilteanach an tseirbhís a chur ar fáil. Ní hamháin sin ach tá traenálaithe agus oidí agus comhairleoirí ag cabhrú leo - sin daoine atá in ainm is a bheith ag obair ar a son agus ar son a leasa. Ach céard tá ar siúl ag na daoine fásta níos sine seo ach caimiléireacht. Cén sórt meoin atá acu? Tá na lúthchleasaithe ag brath orthu in a lán slite ach an bhfuil siad ag déanamh a leasa? Céard tá i ndán do na lúthchleasaithe amach anseo nuair a éireoidh siad as an spórt? Tuilleadh cur i gcéill agus uisce faoi thalamh b’fhéidir? Agus drochfhadhbanna sláinte níos déanaí is dóigh.
Agus céard faoi spórt mar chaitheamh aimsire, mar iomaíocht fhéaráilte, mar iarracht mhacánta chun an bua a fháil, agus cailleadh le honóir agus suáilce. An bhfuil deireadh leis an bhfís a deir gurb é is tábhachtaí ná páirt a ghlacadh, an t-idéal a thiomáin iomaitheoirí leis na cianta agus a thionscain na Cluichí Oilimpeacha. An bhfuil deireadh leis an bhfealsúnacht a deir gur cheart go mbeadh an bua ag an duine/bhfoireann is fearr ach go mbeadh lá eile ag an bPaorach? An bhfuil airgead níos tábhachtaí ná sin ar fad? An bhfuil an spórt mar a thuigeamar é á thachtadh ag corparáidí agus ag lucht gnó agus ag fórsaí an mhargaidh? An bhfuil an spórt marbh? An cuma le héinne?
Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann sé amhráin fós.