CÚRSAÍ SPÓIRT
An údar buartha é bua na gCat?
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Fuair foireann iománaíochta Chill Chainnigh an ceann is fearr ar Chorcaigh i gcluiche ceannais na hÉireann an mhí seo caite agus níor éirigh ach le dhá fhoireann an bua a fháil orthu i gcluiche comórtais i mbliana. An údar buartha é seo do lucht leanúna na hiomána?, a fhiafraíonn Colm Mac Séalaigh.

Íomhá
Cill Chainnigh i gcoinne Chorcaí i gcluiche ceannais na hÉireann an mhí seo caite
Íomhá
Cill Chainnigh i gcoinne Chorcaí i gcluiche ceannais na hÉireann an mhí seo caite

Nuair a bhuaigh Cill Chainnigh ar Thiobraid Árann i gcluiche leathcheannais na hÉireann ba é tuairim na coitiantachta go mbeadh an t-ádh ar Chorcaigh bheith i ngiorracht scread asail do na Cait sa chluiche ceannais. Níor fhulaing Tiobraid Árann (tabhair fulaingt air!) a leithéid de bhualadh riamh, nó le cuimhne na gcat (!) ar aon nós, i gcluiche craobhchomórtais iomána i gcoinne Chill Chainnigh.

Ba é an bealach inar scuab na Cait fir Thiobraid Árainn as an mbealach sa dara leath den chluiche sin agus an chaoi ina raibh cat i ndiaidh cait ag dul sa scuaine chun cumas Bhreandán Uí Chuimín i gcúl Thiobraid Árann a thástáil an rud a scanraigh an lucht leanúna. Cén seans a bheadh ag Corcaigh ina gcoinne - sin an cheist a bhí ar bharr a dteanga ag lucht neodrach. Slad a bheadh ann, dar le daoine.

Ach de réir mar a bhí an lá mór ag teannadh, thosaigh daoine ag déanamh a machnaimh agus ag déanamh amach go mb’fhéidir nach mbeadh bua chomh héasca sin ag Cill Chainnigh i ndeireadh báire. Bhí daoine ag tabhairt chun cuimhne an fhéinmhuinín thraidisiúnta (thabharfadh daoine áirithe sotaldíomas air) atá ag roinnt le muintir Chorcaí uaireanta, móide an traidisiún láidir iomána agus an 28 Craobh Uile-Éireann ina seilbh, agus de réir a chéile bhíothas á rá go raibh seans, b’fhéidir, ag na Corcaígh. Tar éis an tsaoil nach é an sainmhíniú atá ar Chorcaíoch ar bheagán féinmhuiníne ná duine a cheapann go bhfuil sé chomh maith le duine ar bith eile!

Cé go raibh fadhbanna ag na Corcaígh ag tús na bliana (chuadar ar stailc, in ainm Dé!) agus go raibh an t-ádh leo sa chluiche comhscóir i gcoinne Loch Garman, fós féin agus an t-am ag teacht níos gaire don Chraobh, bhí na húdair ag tuar go mbainfeadh Corcaigh barrthuisle as na Cait. Agus is beag nár bhain. Ach iad féin a loic orthu féin mar bhí an oiread seansanna curtha amú acu sa chéad leath (aon cheann déag) go raibh aiféala mór orthu dá mbarr ag deireadh an chluiche. Níl dabht ar bith faoi ach dá n-imreodh Corcaigh sa chéad leath faoi mar a d’imir siad sa dara leath, go bhfuil seans maith ann go mbeadh an bua acu.

É sin ráite, áfach, caithfear ómós a thabhairt d’fhir na Feoire. Ghlacadar le gach ar chaith Corcaigh ina dtreo maidir le scil, croí agus paisean agus, in ainneoin go ndeachaigh na Corcaígh aon chúilín chun tosaigh, choinnigh báireoirí chois Feoire guaim orthu féin agus d’aimsíodar cúl cinniúnach in éadan threo na himeartha chun forlámhas a fháil in athuair ar a gcéile comhraic. Cé nach sárchluiche clasaiceach iomána a bhí ann, bhí dóthain dea-imeartha agus cur chuige ag baint leis go dtí an deireadh ar fad chun cuid againn a choinneáil sásta. Léirigh Cill Chainnigh i gcoinne Chorcaí go raibh sé iontu glacadh le brú agus le dúshlán agus le coimhlint fhisiceach, agus d’fhreagair siad gach ceist a cuireadh orthu maidir lena bhfearúlacht agus lena gcarachtar.

Tá craobh Shinsear agus Mionúr na hÉireann i seilbh mhuintir Chill Chainnigh arís, móide Corn na Sraithe agus Craobh Laighean arís. Tá Cill Chainnigh ar bharr an chnoic agus gach contae eile ag an mbun nó leath bealaigh síos. Údar buartha do lucht iomána é seo. Níl locht ar Chill Chainnigh go bhfuil cúrsaí amhlaidh. Is faoi na contaetha eile atá sé a gcuid iarrachtaí a mhéadú agus a gcaighdeán a ardú. Ní bheidh sin éasca ach is gá é a dhéanamh - ní féidir bheith ag súil go dtiocfaidh Cill Chainnigh anuas nó go stopfaidh siad ina gcuid iarrachtaí chun craobh eile a bhuachaint.

An bhliain seo chugainn

Níl aon amhras orm ach go bhfuil Brian Cody agus a chomhghleacaithe ag pleanáil agus ag machnamh ar an mbliain seo chugainn cheana féin. Is mian leo a thaispeáint gur foireann mhór, eisceachtúil í foireann seo Chill Chainnigh. Tá sprioc cinnte insroiste, dar leo: an tríú craobh i ndiaidh a chéile. Cé a stopfaidh iad? Is deacair a rá, gan dabht. Corcaigh ab fhearr i mbliana ina gcoinne, an t-aon fhoireann a thug le fios gur daoine daonna iad na Cait agus nach innill nó robots iomána iad. Ach, fan. Bhuaigh Cill Chainnigh craobh na Mionúr agus ar an bhfoireann sin bhí Richie Power agus Donncha Cody, mac le Brian. Muna gcuireann na hainmneacha sin fuarbhraonacha allais amach as éadain mhuintir Thiobraid Árann, Chorcaí agus ar uile, ní lá fós é.

Maidir le bliain na hiomána atá thart anois bhí roinnt cluichí agus imreoirí a sheas amach agus bhí pointí ísle ann freisin. Cuimhním ar dtús ar bhua Átha Cliath ar Chill Chainnigh go luath sa bhliain i gCluiche Ceannais Chorn Uí Bhroin. Cuimhním ar imirt ghalánta Aontroma agus paisean agus spiorad Loch Garman. Na cluichí idir Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann, go speisialta cluiche ceannais na Sraithe. An Clár v Tiobraid Árann, Corcaigh v An Clár agus Corcaigh v Port Láirge, bhí na cluichí sin go maith freisin.

I measc na n-imreoirí a tharraing aird orthu féin, bhí Diarmuid Ó Súilleabháin, Joe Ó Déin, Ollie Ó Cainín, Breandán Ó Cuimín, Labhrás Ó Murchú, Conal Ó Cianaigh, Stiofán Ó hAidhne, Máirtín Mac Cumascaigh, J.J. Ó Dubhshláine, Tomás Breatnach, Seán Ó Maoláin agus mar sin de. Ná déanaimís dearmad ar réalt óg na bliana agus réalt úr don todhchaí, is é sin Setanta Ó hAilpín. Setanta ina steillbheatha. Cé a chreidfeadh é?

Maidir le pointí ísle na bliana, ba mhór an trua nár éirigh le Luimneach dul chun cinn níos fearr a dhéanamh i ndiaidh trí bhua iontacha i gCluichí Ceannais Faoi 21 bhliain ach b’fhéidir go raibh muintir Luimnigh ag súil leis an iomarca ró-luath ó imreoirí óga. Ní mór dóibh a bheith foighdeach ach ní dea-chomhartha é go bhfuair siad réidh le bainisteoir na bliana seo cheana féin, Daithí Ó Catháin. Bhí trua agam do Phort Láirge freisin. Ba bhreá liom dá mbuafaidís Craobh na hÉireann.

Chuir foireann Átha Cliath beagán díomá orm leis. Thosaigh an bhliain go maith dóibh nuair a fuair siad bua deas ar Chill Chainnigh i gCorn Uí Bhroin, ach nuair a bhuail siad le Cill Chainnigh sa Chraobhchomórtas bhí bearna 15 chúilín eatarthu. Ach, é sin ráite, níor éirigh ach le dhá fhoireann bua a fháil ar Chill Chainnigh i gcluiche comórtais ar bith i mbliana, is é sin Áth Cliath agus Tiobraid Árann (sa sraithchomórtas). Bhuaigh Cill Chainnigh ar Thiobrad Arann i gcluiche leathcheannais na hÉireann le 12 chúilín. An é sin le rá go bhfuil Áth Cliath beagnach chomh maith le Tiobraid Árann? B’fhéidir nach ea ach tá siad beagnach chomh maith le hUíbh Fháilí mar a léiríodh sna babhtaí cáilithe níos déanaí.

An t-údar díomá is mó i mbliana ó thaobh Átha Cliath de ná nár bhuaigh siad Craobh Laighean Faoi 21. Bhí foireann an-mhaith ag Áth Cliath san aoisghrúpa sin ach bhí Cill Chainnigh, arís, rómhaith sa Chluiche Ceannais. B’fhéidir go dtiocfaidh foireann mhaith shinsearach as an ngrúpa imreoirí sin amach anseo.

Ní fios, agus é seo á scríobh, cé acu an bhfuil an Chraobh Faoi 21 i seilbh na gCat nó nach bhfuil, ach is cinnte gurb iad Cill Chainnigh ríthe na hiomána arís i mbliana. Ach cuimhneoidh daoine atá aois áirithe ar na luathsheascaidí nuair a bhí foireann Thiobraid Árann ("Babs” Céitinn, John agus Jimmy Ó Dúill, Tony de Bhial, agus araile) in ainm is a bheith dochloíte, sé sin go dtí gur bhuaigh Cill Chainnigh orthu i 1967 agus Loch Garman i 1968. Cill Chainnigh iad féin sna seachtóidí, le Eddie Ó Cathaoir, Pat Mac Einrí, Nollaig Mac Sceacháin agus eile ar bord, bhuadar Craobh na hÉireann i 1972, 1974 agus i 1975, ach gan coinne ar bith rinne Loch Garman slad orthu i gcluiche ceannais Laighean i 1976.

I gcúrsaí spóirt, chomh maith le cúrsaí eile an tsaoil, mar a léiríonn an stair dúinn, tagann deireadh le gach réimeas agus gach ríocht dá fhad iad. Sin mar a bhíonn.

Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann sé amhráin fós.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.