CÚRSAÍ SPÓIRT
Ní bhuafaidh Aontroim Craobh na hÉireann gan athrú sa chóras
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Aontaíonn Colm Mac Séalaigh leis an tuairim atá ag Liam Mac Grifín nach mbeidh rath ar an iománaíocht i gCúige Uladh go dtí go n-athróidh an Cumann Lúthchleas an córas atá ann faoi láthair.

Íomhá
Bainisteoir fhoireann iománaíochta Aontroma, Donncha Ó Cathal
Íomhá
Aontroim i gcoinne an Dúin - an dtiocfaidh an lá nuair a bheidh an dá fhoireann seo chomh maith leis na foirne móra?

Is maith liom Liam Mac Grifín, iarbhainisteoir fhoireann iománaíochta Loch Garman (bhuadar Craobh na hÉireann faoina chúram i 1996 agus ba é a bhaist an “Riverdance of Sport” ar an iománaíocht). Ní hé go bhfuil aithne agam air, nó níor bhuail mé ariamh leis, ach is maith liom an chaoi a labhraíonn agus a scríobhann sé faoi chúrsaí spóirt, agus go speisialta faoi chúrsaí iománaíochta.

Ní chuireann Mac Grifín fiacail ann. Cleachtann sé an modh díreach. Cuireann sé a gcreideann in iúl go neamhbhalbh, lom. Is cuma leis mura dtaitníonn a thuairim le lucht údaráis nó le hoifigigh an Chumainn Lúthchleas Gael (CLG). Tá sé paiseanta agus lán le díocas nuair atá an iománaíocht faoi chaibidil aige. Is cuma leis má sheasann sé ar bharraicíní, mar a déarfá, agus is minic a cháineann sé oifigigh a chontae dhúchais féin, Loch Garman (chuir sé Coiste an Chontae i gcomparáid le hiasc lofa in alt amháin!) faoin easpa iarrachta, dar leis féin, maidir le cur chun cinn na hiománaíochta i Loch Garman, cluiche atá i mbaol a bháis, dar leis, sa chontae sin mura gcuirtear plean gníomhaíochta i bhfeidhm go luath.

Ní bhíonn an Grifíneach cáinteach, diúltach i gcónaí, áfach. Den chuid is mó, bíonn sé dearfach, ach tá mé ag ceapadh go gcuireann dul chun cinn mall, traidisiúnta an CLG isteach air toisc gur duine fuinniúil, tionscnach é féin. Cuid de na moltaí a bhí aige faoi reáchtáil agus fhorbairt na hiomána i Loch Garman, diúltaíodh dóibh ar dtús, ach cuireadh i bhfeidhm iad blianta níos faide anonn. Meileann muilte Dé níos moille i gcuid de na contaetha, is cosúil.

Seans nach maith le go leor daoine Liam Mac Grifín i Loch Garman go háirithe. B’fhéidir go gceapann daoine eile go bhfuil se craiceáilte, béalscaoilteach, bladhmannach, ach dar liom féin go mbíonn mórán den cheart aige sa mhéid a deir sé. Tá lena leithéid chun staid na hiomána a choinneáil ar an gclár díospóireachta.

Le déanaí nocht Liam a chuid tuairimí faoi staid na hiomána i gContae Aontroma. Tá taithí aige ar an ábhar sin mar tugann sé a chlub féin an bealach ar fad ó Ros Láir suas chuig Béal Feirste go rialta agus bíonn sé i dteagmhail le díograiseoirí ann i gcónaí. Dar leis níl seans ar bith go mbuafadh Contae Aontroma ná aon chontae eile as Cúige Uladh Craobh Iomána na hÉireann faoin gcóras atá i bhfeidhm faoi láthair. Dar leis go bhfuil an córas ina gcoinne agus caithfidh an CLG gníomhú chun an staid mhíchothrom ina bhfuil contaetha Uladh ag feidhmiú a athrú.

Scil, luas agus crógacht

Nuair a d’imir Aontroim in aghaidh Loch Garman sa chluiche ceathrú ceannais i mbliana bhí siad chomh maith agus cuid mhaith níos fearr ná na Garmannaigh go dtí nóiméid dheiridh an chluiche. D’imir Aontroim le scil, le luas agus le crógacht agus thug siad an-taispeántas i bPáirc an Chrócaigh. Ach níor bhuadar an cluiche. An scéal céanna bliain roimhe sin i gcoinne Thiobraid Árann.

Cén fáth nach raibh Aontroim in ann an iarracht a choinneáil ar aghaidh go dtí deireadh an chluiche agus an freasúra a chloí nuair a bhí an deis acu? Sin í an cheist a dtugann Liam Mac Grifin faoina freagairt. Déanann sé anailís ar an gcluiche agus taispeánann sé go raibh mí-ádh ar Aontroim gur cuireadh cúl ar ceal go luath sa chluiche , cúl nach raibh mórán mícheart leis dar leis. Ina theannta sin chuireadar 17 iarracht scórála ar fóraoil.

Ach an laige is mó a bhain le hAontroim, dar le Liam, ná nach raibh taithí acu ar bhua a ghnóthú i gcluiche mór ar an stáitse mór. Chuadar chun scaoill sa 10 nóiméad deiridh nuair ba ghá dóibh guaim a choinneáil orthu féin. Ach ina áit sin rinne siad feall i ndiaidh fill agus iad faoi bhrú sa tréimhse dheireanach, agus bhronnadar deiseanna scórála ó phocanna saora ar Loch Garman. Easpa taithí agus féinmhuiníne ba chúis leis sin agus, dar le Liam Mac Grifin, is é an córas is cúis leis seo.

Cén fáth go bhfuil an milleán á chur ag Mac Grifín ar an gcóras? Tar éis an tsaoil, téann curaí Uladh díreach isteach i gcluiche leathcheannais na hÉireann. Is é an míniú a thugann sé ná go raibh cluichí diana, iomaíocha ag Loch Garman i gcoinne Uíbh Fháilí, Chill Chainnigh agus Phort Láirge sular bhuail siad le hAontroim, agus gur chabhraigh taithí na gcluichí go mór leo sa tréimhse dheireanach chun an bua a bhaint amach. Níl an taithí sin ar fail d’Aontroim ná d’aon chontae in Ulaidh faoin gcóras atá ann faoi láthair. I bhfocail eile, tá an córas míchothrom, fabhtach.

Agus an méid sin ráite, tá dul chun cinn mór déanta ag Aontroim faoi stiúir Dhonncha Uí Chathail as Tiobraid Árann. Aithníonn chuile dhuine an t-éacht atá déanta ag Mac Uí Chathail agus an íobairt mhór atá déanta aige le dhá bhliain anuas ag taisteal faoi dhó nó faoi thrí sa tseachtain ó Thiobraid Árann chuig Béal Feirste chun an fhoireann a oiliúint. Ach céard a tharlóidh d’Aontroim nuair éireoidh Ó Cathal as? An dtiocfaidh duine eile an bealach ar fad ó Chorcaigh nó Cill Chainnigh chun leanúint leis an dea-obair? An bhfostóidh an CLG traenálaí aitheanta chun an obair sin a dhéanamh mar ba chóir? Ní fios.

Dar ndóigh tá díograiseoirí i gContae Aontroime agus ar fud Uladh atá sásta an obair a dhéanamh ach níl an taithí úd a ndearnamar tagairt di acu. Ach is é córas an chraobhchomórtais, a chinntíonn go mbíonn míbhuntáiste na heaspa taithí ag gach foireann as Ulaidh (an cuimhin le héinne Doire dhá bhliain ó shin i gcoinne Uíbh Fháilí?) nuair a théann siad chun páirce sa chluiche ceathrú ceannais croílár na faidhbe. Is éard atá ag teastáil ná go mbeadh deis eile ag iomaitheoirí Chraobh Uladh (faoi mar a bhíonn ag na foirne a chailleann an chéad bhabhta sa Mhumhain/i Laighin), is é sin go mbeadh dhá sheans ar a laghad acu imirt i gcoinne fhoirne Laighean /na Mumhan/na Gaillimhe.

Scoite amach

Fadhb eile atá ag foirne Uladh ná go bhfuil siad scoite amach ó na contaetha láidre iomána a bhféadfadh siad bheith ag foghlaim uathu trí chluichí dúshláin, idir chlub agus chontae, dá mbeidís níos congaraí dóibh. Deir muintir Aontroma agus araile má tá cluiche cleachtaithe uathu go mbíonn orthu taisteal i bhfad ó bhaile de ghnáth, toisc nach mbíonn fonn ar na contaetha ón deisceart dul an bealach ar fad go Béal Feirste, Doire is a leithéid.

Moladh nua atá tagtha chun cinn le déanaí taobh istigh den CLG ná go mbeadh Aontroim agus Gaillimh páirteach i gCraobhchomórtas Laighean. Arís fadhb amháin leis sin ná an taisteal. An mbeadh Loch Garman, Cill Chainnigh agus araile sásta cluiche leath-cheannais a imirt i mBéal Feirste, cuir i gcás? B’fhéidir go mbeadh agus ba rud iontach é, ach dá mbeadh Aontroim agus Gaillimh i gcluiche ceannais Laighean nach mbeadh sé sin ait? Agus céard faoi chontaetha eile Uladh, go háirithe An Dún agus Doire? Cén mhaith dóibhsean Aontroim a bheith mar chuid de Laighin?

Dáiríre tá gá le córas nua eile ar fad - córas a bheadh oscailte agus cothrom agus gach contae páirteach ón tús. Ní shílim go mbeadh gá leis an tSraith Náisiúnta faoi mhalairt chórais. Bíodh Craobhchomórtas na Mumhan agus Craobhchomórtas Laighean ann má theastaíonn siad sin ó na cúigí sin, ach bíodh Craobhchomórtas na hÉireann ina chomórtas neamhspleách ann féin ina mbeadh gach contae páirteach ón tús ar bhonn cothrom, agus é a imirt gach dara deireadh seachtaine (Déardaoin go Domhnach) ó Mheitheamh go Meán Fómhair. Na foirne i ngrúpaí de cheathrar a imreodh in aghaidh a chéile, dhá fhoireann ag dul ar aghaidh go Craobhchomórtas ‘A’ agus dhá cheann go Craobhchomórtas ‘B’.

Ó thaobh na gcúigí de, tá an pheil ag dul sa treo sin cheana féin. Níl an tábhacht chéanna le Craobh Chonnacht, Craobh Uladh agus araile is a bhí. Bhí trí chontae as Ulaidh sna cluichí leathcheannais peile faoin gcóras nua. An bhféadfadh sé tarlú san iomáint? Tá sin as an gceist faoin gcóras atá i bhfeidhm faoi láthair agus, le fírinne, ní móide go dtarlódh sé faoi chóras ar bith, ach d’fhéadfadh dhá nó trí chontae as Ulaidh bheith sna babhtaí ochtú ceannais, cuir i gcás, faoi chóras oscailte. Cá bhfios? Mar a deir Liam Mac Grifín, tá gá le hathrú, ar son Aontroma, Uladh agus na hiomána.

Mar fhocal scoir, níos luaithe i mbliana nocht mé mo thuairim go mbuafadh Cill Chainnigh Craobh na hÉireann. Seasaim leis an réamhaithris sin. Sílim go mbeidh cluiche iontach ann. Tá Corcaigh ag feabhsú, níl aon easpa féinmhuiníne orthu, agus tá Setanta leo, ach tá DJ le pléascadh fós. Na Cait le 5 nó 6 chúilín.

Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann sé amhráin fós.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.