Míníonn Colm Mac Séalaigh cuid de na cúiseanna nach raibh sé i bhfábhar Páirc an Chrócaigh a chur ar fáil do chluichí sacair agus rugbaí.
Dé Sathairn, 16 Aibreán 2005. Lá stairiúil, cinniúnach in annála Chumann Lúthchleas Gael (CLG). Ag an gComhdháil Bhliantúil a tionóladh an lá sin i bPáirc an Chrócaigh shocraigh CLG Riail 42 a chur ar ceal. Tharla sin i ndiaidh na gcéadta cruinniú agus díospóireacht a d’eagraigh cumainn éagsúla de chuid na heagraíochta ar fud na tíre sna míonna roimhe sin agus ina ndiaidh sin cruinnithe de choistí contae sna contaetha ar fad beagnach. An cheist a bhí á plé ná cé acu ar cheart nó nár cheart cead a thabhairt do chumainn spóirt eile cluichí a imirt i bPáirc an Chrócaigh nó, le bheith cruinn, faoi an mbeadh baill CLG sásta go n-imreofaí cluichí idirnáisiúnta sacair agus rugbaí ar thalamh bheannaithe an Chrócaigh.
Nuair a bhí na vótaí go léir caite ag an gComhdháil, bhí an móramh a bhí ag teastáil, is é sin breis agus dhá thrian de vótaí na dteachtaí a bhí i láthair, ar son Riail 42 a chur ar ceal agus cead a thabhairt d’Ardchomhairle na heagraíochta cinneadh a dhéanamh maidir le Páirc an Chrócaigh a ligean ar cíos d’eagraíochtaí eile. Sampla an-mhaith den saghas daonlathais oscailte a bhaineann le Cumann Lúthchleas Gael, cé, ar nós muilte Dé, go meileann na muilte go mall go minic.
Nílim cinnte d’fhoclaíocht Riail 42 mar a bhí, ach curtha go simplí bhí sí ann lena chinntiú gur cluichí Gaelacha amháin a d’imreofaí ar pháirceanna CLG, Páirc an Chrócaigh san áireamh. Níl sé i gceist agam stair na rialach a ríomh ach is leor a rá gur riail í a tugadh isteach in áit riail chonspóideach eile a chuireadh cosc ar bhaill CLG cluichí gallda a imirt a cuireadh ar ceal i 1971.
Maidir liom féin, cé nach rabhas i bhfábhar Riail 42 a chur ar ceal, faoiseamh níos mó ná aon mhothúchán eile a bhuail mé nuair a chualas an toradh, faoiseamh go raibh an cur agus cúiteamh thart agus go bhféadfaí dul ar aghaidh agus díriú isteach ar fhorbairt na gcluichí féin.
Mar atá ráite agam, níor mhian liom féin Páirc an Chrócaigh a “oscailt” ar chúiseanna an-simplí agus praiticiúla. Ní dhéanann sé ciall domsa go dtabharfadh cumann amaitéarach spóirt ar nós CLG cúnamh mór do na spóirt is mó agus is saibhre ar domhan. Is spóirt iad atá in iomaíocht ghéar leis na cluichí dúchasacha Gaelacha go háirithe, agus ní hamháin sin is spóirt ghairmiúla iad a ritear ar bhonn ghnó agus atá ag déanamh a míle dícheall an t-aos óg a mhealladh chucu féin.
Suim sa spórt i gcoitinne
Dhá spórt iad an rugbaí agus an sacar atá ag fás go tapa in Éirinn. Tá a lán spórt eile ann, dar ndóigh, ach is iad sin na cluichí foirne is mó atá cosúil le peil Ghaelach (níl mórán cosúlachta idir iad agus an iománaíocht, buíochas le Dia). Sa lá atá inniu ann is nós le tuismitheoirí (agus nílim á lochtú) cead a gcinn a thabhairt dá gclann spórt de gach cineál a thriail agus a bhlaiseadh dóibh féin. Seans go bhfuil roinnt tuismitheoirí ag súil go n-éireoidh lena gclann spórt a imirt go gairmiúil agus a lán airgid a thuilleamh. Dá bhrí sin tá níos mó gasúr ag imirt sacair agus fiú amháin galf, cuir i gcás, ná riamh. Is acmhainn dóibh a leithéid a dhéanamh.
Ar an ábhar sin, níl sna cluichí Gaelacha ach spóirt eile a bhfuil teacht orthu i measc a lán spórt eile. Dá bhrí sin, tá iomaíocht idir spóirt i gceist. Cinnte, maireann traidisiún na peile Gaelaí agus na hiomána i gceantair éagsúla tuaithe ar fud na tíre, ach sna bailte agus sna cathracha (agus tá os cionn 50% de dhaonra na hÉireann iontu sin) tá traidisiún i bhfad níos laige agus roghnaíonn daoine óga slite éagsúla chun a gcuid ama a chaitheamh.
Is maith an rud é rogha gan dabht agus ní cóir go mbeadh brú as cuimse ar éinne spórt ar bith a imirt in aghaidh a thola. Ach maidir le rugbaí agus sacar, is dhá spórt agus gnónna móra idirnáisiúnta gairimiúla iad araon a dtugtar aird orthu agus ómós as cuimse dóibh sna meáin chumarsáide anseo agus thar lear. Go hiondúil tagann na cluichí Gaelacha sa tríú háit sna tuairiscí spóirt ar na nuachtáin, ar an raidió agus ar an teilifís (tá ardmholadh ag dul do TG4 agus do RTÉ as an méid cluichí Gaelacha a chraolann siad).
Tá iomaíocht ghéar idir na spóirt go léir agus ní thagann sé le ciall go dtabharfadh cumann amaitéarach spóirt (atá beag ar scála domhanda) cúnamh suntasach do dhá iomaitheoir chumhachtacha, láidre a bhfuil airgead mór agus tacaíocht lucht gnó agus na meán cumarsáide taobh thiar díobh. Is rud amháin é bheith i do chomharsanach maith, gnaíúil ach is rud eile ar fad é do gharraí féir a shaothraigh tú go dian a chur ar fáil don té a bhfuil 100 bó aige agus nach bhfuil sách eagraithe lena gharraí féin a bhaint.
Rud eile, bhí mórán cainte faoi dhualgas Chumann Lúthchleas Gael teacht i gcabhair ar an FAI agus an IRFU in am a ngátair. Is éard atá le rá faoi sin ná nach raibh ach dualgas amháin ar Chomhdháil CLG agus ba é sin leas an chumainn agus cluichí an chumainn a chur chun cinn. Má chuirtear an cheist ar deineadh leas an chumainn agus na gcluichí is deacair a rá gur deineadh, ach ní bheidh a fhios againn go ceann tamaill eile nuair a thiocfaidh an t-éileamh chun páirceanna CLG a chur ar fáil don sacar agus don rugbaí ar fud na tíre (foireann na Mumhan i bPáirc Uí Chaoimh, foireann Laighean i bPáirc Uí Mhórdha, etc.).
É sin ar fad ráite, tá cinneadh déanta a thugann cead d’Ardchomhairle CLG Páirc an Chrócaigh a ligean ar cíos do chumainn eile amach anseo nó gan é a dhéanamh. Tá baill an chumainn sásta go leor den chuid is mó, go mórmhór ar an ábhar nach gcaithfidh siad cur suas níos mó leis na gearáin agus an clamhsán agus an cáineadh ó na meáin chumarsáide agus na polaiteoirí agus daoine eile nach iad. Is cuma leis na gnáthbhaill má bhíonn gearáin á ndéanamh faoin Ardchomhairle nó faoin “*crowd *sin thuas i bPáirc an Chrócaigh” – bíonn siad féin ag gabháil dó sin ¬- ach na gearáin, an magadh, an síorchaitheamh anuas, bhí sin ag goilliúint ar ghnáthbhaill nach raibh uathu ach a bheith ag plé le cur chun cinn na gcluichí. Ach tá sin thart anois agus b’in an t-údar, dar liom, a bhí ag cuid mhaith de na baill a vótáil le Riail 42 a chur ar ceal nó a leasú.
Cúrsaí airgid
Ní shílim go bhfuil deireadh leis an gconspóid, áfach. Seans láidir go mbeidh cúrsaí airgid ina gcnámh spairne níos mó ná riamh. Cén cíos a bheas le n-íoc ar Pháirc an Chrócaigh agus céard a dhéanfaidh CLG leis an airgead? Ceisteanna den saghas sin agus tuilleadh a bheas faoi chaibidil go luath. Tá comhartha ceiste cheana féin faoi fhorbairt Bhóthar Lansdún agus sa chás nach dtéann an obair ar aghaidh an mbeifear ag súil agus ag éileamh go mbeidh Páirc an Chrócaigh ar fáil ar aon nós sa chás, mar shampla, go raibh cluiche mór rugbaí idir Éirinn agus Sasana?
Seachas sin ar fad, beidh conspóid eile i gCLG féin, conspóid atá tosaithe agus a bhaileoidh neart. Is éard tá i gceist agam ná conspóid na gairmiúlachta. Tá gluaiseacht i dtreo gnéithe den ghairmiúlacht tosaithe cheana féin ag cumann na n-imreoirí (GPA) agus má fheictear dóibh go mbeidh oiread fáilte roimh R. Keane x 2, B. O’Driscoll, J Wilkinson, D. Beckham agus araile i bPáirc an Chrócaigh is a chuirtear rompu féin is dóigh liom go mbeidh siad ag súil le níos mó ná cupán tae agus cúpla ceapaire tar éis dóibh a gcuid tallainne féin a léiriú os comhair 80,000 duine i bPáirc an Chrócaigh. Beidh sé deacair éiteas amaitéarach a chothú san atmaisféar sin.
Cheana féin tá lucht gnó ag díriú ar imreoirí cáiliúla CLG sa chaoi chéanna ó thaobh gnó de is a bhreathnaíonn siad ar imreoirí sacair agus rugbaí. Ní bheadh na himreoirí sin nádúrtha mura mbualfadh an smaoineamh iad go raibh a lán airgid le déanamh as na cluichí. Tá sé ráite ag iarimreoir cáiliúil rugbaí amháin, bunaithe ar a bhfuil ag tarlú i gcúrsaí rugbaí, go scriosfadh an ghairmiúlacht na cluichí Gaelacha agus go mba chóir don Chumann bheith san airdeall. Aontaím leis.
Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann sé amhráin fós. Ceapadh é mar dhuine de roghnóirí iománaíochta Bhaile Átha Cliath ag deireadh 2003.