CÚRSAÍ SPÓIRT
Tá lucht árachais ag teacht i dtír ar chúrsaí spóirt
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Tá an baol ann, dar le Colm Mac Séalaigh, go dtiocfaidh an t-am nuair a bheidh leisce ar dhaoine obair dheonach a dhéanamh sa spórt ar eagla go dtabharfaí chun na cúirte iad.

Íomhá
Íomhá

Chomh fada is a bhaineann sé le cuid againn, ábhar suilt agus spraoi is ea an spórt. Breathnaíonn muid ar chúrsaí spóirt mar chaitheamh aimsire, mar rud éigin le déanamh ag an deireadh seachtaine, seans, nó ó am go ham nuair a bhíonn an ghrian ag scoilteadh na gcloch, nó má thagann fonn orainn dul amach faoin aer, beagán gailf a imirt, b’fhéidir, nó cluiche sacair nó cruicéid nó leadóige a imirt le cairde agus dul faoi dhéin deoch dheas, fhuaraithe ina dhiaidh. Ní rud an-dáiríre atá ann. Ní gá bheith faoi strus aige. Cinnte, cuirimid suim sna cluichí agus sna himeachtaí móra spóirt a thagann timpeall chuile bhliain ar nós Wimbledon, Galf ag Augusta, an Grand National agus mar sin de. Ach, leanann an saol ar aghaidh mar is gnáth.

Cuid eile againn bímid a bheag nó a mhór níos dáiríre faoin scéal. Glacaimid páirt i spórt ar bhonn eagraithe, foirmeálta, le foireann pheile nó iomána nó a leithéid. Téimid ag traenáil nó ag cleachtadh cúpla uair sa tseachtain agus imrímid cluiche ag an deireadh seachtaine. Bímid ag iomaíocht go tréan agus ag déanamh ár seacht míle dícheall an bua a fháil. Agus cé go mbíonn díomá orainn má chaillimid an cluiche, an lá dár gcionn tagann gnáthchúrsaí an tsaoil i dtreis arís: téimid ag obair, bímid ag plé le gaolta agus cairde agus mar sin de.

Tá dream eile ann, gur mionlach iad, a bhfuil an spórt mar ghairm bheatha acu i slí amháin nó i slí eile. Is imreoirí gairmiúla iad cuid acu sin, nó riarthóirí, bainisteoirí, teagascóirí, eagraithe, lucht leighis agus araile. Dóibh seo is gairm agus post agus gnó é an spórt. Ní hé sin le rá nach mbaineann siad taitneamh as mar a bhaineann an gnáthdhuine páirtaimseartha, amaitéarach ach “i ndeireadh an lae” is é an spórt a modh maireachtála.

Is mar a léirítear thuas atá cúrsaí spóirt le céad bliain anuas, beagnach, cé go bhfuil an taobh gairmiúil tar éis éirí i bhfad níos coitianta le blianta beaga anuas. Féach ar chúrsaí rugbaí, mar shampla. Ach tá an scéal ag athrú go tapa agus, cé is moite den Chumann Lúthchleas Gael (CLG), is beag trácht a chloisfeá anois ar an spórt amaitéarach in Éirinn.

Ach taobh amuigh den mhéid sin, tá athruithe nó nósanna nua ag teacht i dtreis nach raibh chomh suntasach sin cheana i gcúrsaí spóirt, sa tír seo ar chuma ar bith, agus tá cúpla dream ann a raibh a mbaint le spórt an-imeallach roimhe seo ach atá anois ag teacht chun cinn de réir a chéile agus a ról agus a dtionchar ag dul i méad ó lá go lá. Is ag tagairt do chomhlachtaí árachais agus do lucht an dlí atáim, dreamanna atá ag leagadh síos an phraghais, mar a déarfá, agus an costas a bhaineann le reáchtáil agus eagrú spóirt éagsúla.

Maidir le hárachas, is é an bille bliantúil atá le híoc ag an gCLG ná timpeall €7.5 milliún. Ar nós Chumann Rugbaí na hÉireann, tá scéimeanna árachais ag an CLG atá éigeantach agus i láthair na huaire tá costas damanta ard orthu atá ag dul i méad in aghaidh na bliana.

Freagracht

Ardaíonn costais mhéadaithe árachais ceisteanna bunúsacha faoin fhreagracht ba chóir nó nar chóir a bheith ar eagraíochtaí spóirt. Cén fáth, mar shampla, go gcaithfidh an cumann nó an eagraíocht a riarann an spórt an costas mór ard seo a sheasamh? Cén fáth nach mbíonn dualgas ar gach imreoir polasaí árachais dá chuid féin a bheith aige sa chaoi is go mbeidh clúdach sásúil, iomlán aige i gcás gortú dona nó níos measa? Tá riosca ó thaobh gortú de ag baint le mórán spórt agus cluichí agus glacann chuile dhuine leis go bhfuil sé sin fíor. Nuair nach bhfuil sé d’iallach ar aon duine páirt a ghlacadh i spórt, an bhfuil sé ceart go mbeadh club nó cumann amaitéarach freagrach as gach timpiste agus eachtra a tharlaíonn ar pháirc imeartha? Fad agus nach ndéanann cumann nó eagraíocht faillí agus go ndéanann sé gach iarracht réasúnta chun aire a thabhairt do na himreoirí faoina chúram agus iad a bheith clúdaithe maidir le costaisí leighis, cén fáth a mbeadh ar an gcumann níos mó ná sin a dhéanamh?

Tá scéimeanna éigeantacha árachais ag cur go mór le costais reatha na gcumann spóirt. Sa CLG meastar go gcosnaíonn sé €700 ar an meán chun foireann amháin a chur faoi árachas ar feadh bliana agus meastar go bhfuil costas de €450 ar gach foireann sacair in Éirinn (tá sé seo níos ísle toisc go bhfuil níos lú imreoirí ar fhoireann sacair, is dócha).

Bíonn éilimh a dhéantar ar dhamáiste an-ard uaireanta agus tá minicíocht na n-éileamh ag ardú freisin. I l998, cuir i gcás, deineadh 239 éileamh ar dhamáiste i gcúrsaí sacair in Éirinn ach ceithre bliana ina dhiaidh sin, in 2002, deineadh 1,061 éileamh - sin méadú de 344%. In Éirinn, an ghnáth-ardíocaíocht in aghaidh an éilimh ná €19,000, i gcomórtas le €1,600 sa Ríocht Aontaithe.

Is cuid den chultúr ginearálta anois é dul i muinín an dlí agus éileamh a dhéanamh ar dhamáiste i gcásanna éagsúla agus ní eisceacht é an spórt anois, ach a mhalairt. Ní hamháin sin ach tá teagascóirí, bainisteoirí agus lucht eagraithe foirne faoi bhagairt agus faoi bhrú le faitíos go ndéanfaidís rud ar bith as bealach, cuma cé chomh beag. Tá baol ann go mbeadh traenálaí sa chúirt de bharr scread a ligean le gasúr gan trácht ar aon rud eile. Níl leisce ar thuismitheoirí áirithe dul i muinín an dlí má fheiceann siad airgead á ghnóthú go bog agus tá lucht dlí sásta cabhrú leo.

Is cosúil go bhfuil tuismitheoirí ann, sa Bhreatain cuir i gcás, atá ag féachaint i dtreo na cúirte sa chás nach n-éiríonn lena gclann áit a bhaint amach ag an leibhéal gairmiúil i bpríomhroinn shacair Shasana agus go bhfuil oiread áirithe ioncaim caillte acu dá bharr. An fáth? Toisc gur gortaíodh iad nuair a bhí siad óg agus ag imirt le club nó gur chuir traenálaí éigin isteach orthu go síceolaíoch (gan iad a mholadh mar is cóir nó scread a ligean leo nuair nár chóir!)

Dar ndóigh, tá ceist an chiapatha tagtha chun cinn le roinnt blianta anuas i gcúrsaí spóirt toisc go bhfuil a lán daoine fásta ag plé le gasúir agus déagóirí ó thaobh traenála, cluichí agus araile. Caithfidh an duine fásta bheith an-chúramach go deo nach bhféadfadh tuismitheoir nó éinne eile mí-iompar d’aon saghas a chur ina leith. Déantar líomhaintí gan údar i gcoinne daoine a bhíonn ag obair le gasúir nó le déagóirí ó am go ham toisc go bhfeiceann daoine gan scrupall deis chun airgead mór a dhéanamh go bog tré éileamh ar dhamáiste a dhéanamh.

Gan dabht, tá sé fíorthábhachtach agus riachtanach go mbeadh gach duine fásta atá ag plé le daoine óga ó thaobh spóirt de gan cháim agus nach mbeadh ceist ar bith ann faoina gcarachtar, agus tá sé fíorthábhachtach go mbíonn na daoine óga atá faoi chúram cumann spóirt slán, sábhailte i gcónaí. Ach d’fhéadfadh sé tarlú amach anseo go mbeadh leisce ar dhaoine an obair thábhachtach, dheonach seo a dhéanamh a chuireann ar chumas an duine óig páirt a ghlacadh agus fás agus forbairt mar imreoir agus mar dhuine.

Is údar imní é do lucht eagraithe spóirt (nó ba chóir go mba ea) an bealach ina bhfuil cúrsaí árachais agus dlí ag dul. Is gá don rialtas suim a chur sa cheist agus féachaint chuige gur féidir le heagraíochtaí spóirt an obair thábhachtach atá le déanamh acu a dhéanamh gan an imní sin a bheith orthu. Ba chóir go mbeadh an rialtas buartha má thagann sé i gceist go mbeadh leisce ar dhaoine maithe obair dheonach a dhéanamh ar son an aosa óig timpeall na tíre toisc go bhfuil eagla orthu roimh líomhaintí agus cásanna cúirte.

Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann sé amhráin fós. Ceapadh é mar dhuine de roghnóirí iománaíochta Bhaile Átha Cliath ag deireadh 2003.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.