Féachann Colm Mac Séalaigh siar ar shaol an pheileadóra agus lúthchleasaí Éamonn Mac Gearailt as Ciarraí, laoch spóirt a bhfuil an t-aitheantas atá ag dul dó á fháil aige sa deireadh.
Is sraith teilifíse an-mhaith é “Laochra Gael” a chraoltar ar TG4. Tugtar ómós sa tsraith do laochra móra na gcluichí Gaelacha mar Eddie Kehir, Mick Ó Conaill, Brian Cody agus mar sin de. Is breá linne, muintir na hÉireann, ár laochra spóirt agus is breá linn teagmháil a dhéanamh leo ar bhealach éigin - síniú a fháil uathu, leabhar dá gcuid a cheannach, lámh a chroitheadh leo agus mar sin de. Bíonn na deiseanna ar fáil uaireanta é seo a dhéanamh agus iad beo ach más imithe ar shlí na fírinne atá siad is beag é ár suim go minic.
Chuidigh an ceamara go mór chun aitheantas a thabhairt do na laochra úd a bhí ag imirt agus ag iomaíocht sa dara leath den 20ú haois, ach iad sin a mhair roimhe sin is beag ár n-eolas fúthu go minic. Ar uairibh déantar dearmad orthu go dtí go n-aimsíonn duine éigin an scéal, tré thimpiste níos minicí ná a mhalairt, nó go gcuireann duine éigin suim ar leith iontu ar chúis éigin. A leithéid sin de chás is ea scéal Éamoinn Mhic Gearailt.
Rugadh Éamonn Mac Gearailt i sráidbhaile beag i gContae Chiarraí darb ainm Caisleán an Chuain i l903 agus, cé nach raibh dearmad iomlán déanta air ina áit dhúchais, is beag duine taobh amuigh den cheantar sin a mbeadh aon tuairim aige go raibh sé ar dhuine de laochra móra spóirt na tíre, agus go bhfuil an gradam “laoch spóirt” tuillte go maith aige. Ní hamháin gur laoch spóirt é, ach Gael, múinteoir, agus Poblachtánach chomh maith.
Cén fáth a bhfuil an teideal laoch spóirt tuillte ag an bhfear áirithe seo? Is é an fáth ná gur peileadóir den scoth a bhí ann agus, níos speisialta ná sin, lúthchleasaí Oilimpeach ab ea é ag an am céanna. Dá bhrí sin ba laoch spóirt an-eisceachtúil ar fad é Éamonn Mac Gearailt. Seo fear a tháinig sa cheathrú háit sa chomórtas trí léim ("hop, step and jump” mar a thugtaí ag an am air) ag cluichí Oilimpeacha Los Angeles i 1932 agus bhí l01,000 duine sa lucht féachana!
Ghnóthaigh an Gearaltach Craobh na hÉireann sa pheil le Ciarraí i l930 agus l931. I l933 agus l934 gnóthaigh sé Craobh na hÉireann sa 3 léim agus sa léim ard. Ina dhiaidh sin, agus é in aois 31 bliain, is cosúil gur laghdaigh a chuid iarrachtaí spórtúla. Is cuma cén bealach a mbreathnaíonn tú air, fear ab ea Éamonn Mac Gearailt a rinne gaiscí an-mhóra ó thaobh an spóirt de, ach is cosúil nach bhfuair sé riamh an t-aitheantas a bhí ag dul dó go dtí an bhliain seo féin, 72 bliain tar éis na gCluichí Oilimpeacha i Los Angeles agus 45 bliain tar éis a bháis i l958 leis an eitinn.
Coláiste Éanna
Ach tá níos mó ag baint le Éamonn Mac Gearailt ná cúrsaí spóirt. Náisiúnaí, Poblachtánach agus Gael a bhí ann freisin. Fuair sé a chuid scolaíochta i gColáiste Éanna, Rath Fearnáin i gContae Átha Cliath agus d’fhill sé níos déanaí ar an scoil a bhunaigh an Piarsach agus mhúin sé inti ó 1927 go l943.
Chabhraigh Lady Albinia Lucy Broderick, bean uasal de shliocht Sasanach a chuir suim mhór sa Ghaelachas agus san Phoblachtanas, le hÉamonn agus le daoine óga eile i gCaisleán an Chuain chun oideachas maith a fháil. Cuireadh ar scoil é go dtí Coláiste Éanna, oileadh go maith é agus cháiligh sé mar mhúinteoir. Cainteoir maith Fraincise ab ea é freisin. Ó thaobh cúrsaí polaitíochta de ba Phoblachtánach é agus chaith sé seal i bpríosún i nDroichead Átha le linn Chogadh na Saoirse.
Cé gur lúthchleasaí Oilimpeach agus pheileadóir uile-Éireann é Éamonn Mac Gearailt, is beag aird a tugadh air nó ar a chuid gaiscí le 45 bliain anuas. Níl trácht in annála na gcluichí Oilimpeacha ná i stair Chomhairle Oilimpeach na hÉireann air nó ní raibh go dtí le déanaí. Cuid den fáth leis sin b’fhéidir ná an fear féin. Is cosúil nach ndearna sé mór is fiú de féin ná dá ghaisce féin. B’fhéidir gur dhuine ciúin, umhal é nár thaitin poiblíocht leis. Nó b’fhéidir, ar nós cuid mhaith imreoirí agus lúithchleasaithe eile, nach raibh sé in ann déileáil le meath a chumais spórtúil agus dá bhrí sin gur chuir sé an chuid sin dá shaol ar leataobh agus thug a aghaidh ar nithe eile.
Ach, ní fíor a thuilleadh gur laoch spóirt ligthe i ndearmad é Éamonn Mac Gearailt, a bhuíochas sin do bheirt Chiarraíoch eile, Eoghan Ó Súilleabháin agus Weeshle Ó Fógartaigh. Tréna gcuid iarrachtaí siúd tá áit Éamonn Mhic Gearailt i measc laochra spóirt na hÉireann buanaithe agus tá a uaigh marcáilte go hálainn inniu le leac chuimhneacháin athmhaisithe i Reilig Ghráinseach an Déin i mBaile Átha Cliath.
Cén chaoi a bhfuil an t-eolas seo ar fáil inniu, cúig bliana is ceathartha i ndiaidh a bháis? Tar éis don chraoltóir raidió Weeshie Ó Fógartaigh an chéad nod a fháil agus é ag siúl timpeall Chaisleán an Chuain in 2001 go raibh laoch áitiúil spóirt ag muintir na háite sin, rinne sé tuilleadh fiosruithe agus ba léir dhó ansin gur duine ar leith é Éamonn Mac Gearailt. Chuaigh Weeshie i gcomhar le hEoghan Ó Súilleabháin, Cathaoirleach Chumann na gCiarraíoch i mBaile Átha Cliath agus d’éirigh leis-sean uaigh thréigthe an laoich a aimsiú i nGráinseach an Déin. Fuair seisean amach gur cailleadh Éamonn i l958 leis an eitinn tar éis dó pleananna pósta a chur ar ceal. Ní raibh sliocht air.
Tá aitheantas tugtha le déanaí ag Pat Hickey, Uachtarán Chomhairle Oilimpeach na hÉireann do ghaisce Mhic Gearailt agus tá eagraíocht nuabhunaithe, Cumann Oilimpeach na hÉireann, chun aitheantas cuí a thabhairt do gach Éireannach a chuaigh san iomaíocht thar ceann na hÉireann ag na cluichí Oilimpeacha. Is dream beag iad na laochra Oilimpeacha tar éis an tsaoil agus is gaisce ann féin caighdeán Oilimpeach a bhaint amach. Maidir le hÉamonn Mac Gearailt, léirigh sé, tré bheith sa cheathrú háit sa chomórtas trí léim, nuair a chríochnaigh sé 0.71 méadar lasmuigh de churadh-iarracht dhomhanda an bhuaiteora, Nambu na Seapáine, gur laoch agus gaiscíoch ar leith ab ea é.
Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann sé amhráin fós. Ceapadh é mar dhuine de roghnóirí iománaíochta Bhaile Átha Cliath ag deireadh 2003.