CÚRSAÍ SPÓIRT
Is fadhb é an brú a chuirtear ar imreoirí óga áirithe
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

imní ar Cholm Mac Séalaigh go bhfuil an diantraenáil agus an líon mór cluichí ag déanamh dochair do na himreoirí is fearr peile agus iománaíochta.

Íomhá
Bíonn go leor deacrachtaí, airtríteas mar shampla, ag iarimreoirí peile agus iad níos sine
Íomhá
Imríonn cuid de na himreoirí óga i bhfad an iomarca cluichí

Bhí sé d’ádh orm tamall ó shin bheith ag imirt gailf ar chúrsa álainn agus comhluadar breá i m’fhochair. Bhí beirt iarscoláirí de chuid mo scoilse sa chomhluadar agus ba iad a bhí cumasach i mbun na maidí. Comórtas foirne a bhí i gceist agus bhí an bua ag an bhfoireann s’againne, a bhuíochas sin don bheirt óg.

Mac le peileadóir cáiliúil de chuid Átha Cliath ab ea duine den bheirt úd. D’imir a athair le foireann chaithréimeach na nDubs sna 1970í agus bhuaigh sé trí bhonn Uile Éireann, móide boinn Laighean agus boinn sraithe náisiúnta, in achar sé bliana. Ag an am, fear óg láidir aclaí a bhí ann agus é i mbarr a mhaitheasa mar pheileadóir. Imríonn sé féin corrchluiche gailf, agus le linn ár dtimpeall taitneamhach, éachtach, d’inis an mac go mbíonn ar a athair, an peileadóir cáiliúil, cáirín a thiomáint timpeall an chúrsa gailf ar an ábhar nach féidir leis é a shiúl gan pian a fhulaingt. I bhfocail eile, níl ar a chumas an mála maidí a iompar ar a dhroim nó fiú a thiomáint roimhe ar thralaí beag leictreach ar nós mar a dhéanann daoine eile dá aois.

Mhínigh mac an pheileadóra an scéal dom. “Níl m’athair in ann an cúrsa gailf a shiúl ar a chompord de bharr na peile. Nuair a bhí foireann Átha Cliath ag imirt agus ag traenáil sna 70í, thraenáil siad an-dian ar fad, ach ní raibh aon eolas ná tuiscint acu ar ‘théamh suas’ i gceart, na meatáin a shíneadh i gceart, deochanna cearta agus bia ceart a thógáil, ‘téamh síos’, folcadh oighir a ghlacadh agus mar sin de. Agus dá mbeadh gortú ag cur as dóibh leanadh siad orthu ag traenáil agus ag imirt ar eagla go gcaillfidís a n-áit ar an bhfoireann.”

An toradh atá air sin ar fad ná go bhfuil cuid acu bacach inniu de bharr airtrítis sna glúine agus sna cromáin nó de bharr gortú éigin a bhain dóibh le linn na tréimhse a bhí siad ag imirt peile.

Chuala mé ó dhaoine eile go bhfuil an rud céanna fíor i gcás cuid d’fhoireann Chiarraí ó na 1970í agus 1980í. Easpa eolais, easpa tuisceana, díograis na hóige agus mar sin is cúis leis an drochbhail atá ar chuid mhaith peileadóirí a bhí ag imirt sna 1970í agus na 1980í luatha. Níl a fhios agam an bhfuil seo fíor faoi lucht iománaíochta - seans go bhfuil ach gur pianta agus gortaithe difriúla a bheadh i gceist, méaracha briste go háirithe.

Is dóigh dá gcuirfí ceist ar na himreoirí sin atá sna caogaidí, agus araile, an gcuirfidís an oiread céanna brú agus struis ar a gcnámha agus ar a n-ailt dá mbeadh siad ag tosú amach arís, gach seans go ndéarfaidís go ndéanfaidís gach rud a rinne siad arís ach an deis a fháil. Mar, nuair a bhíonn duine óg, bíonn dearcadh an-difriúil aige agus dhéanfadh sé rud ar bith, beagnach, chun bheith in ann imirt sa chéad chluiche eile. Ar an ábhar sin, déanann peileadóirí, iománaithe, lúthchleasaithe, dornálaithe, agus araile, diantraenáil gan smaoineamh ar an saol a bheas ann ina dhiaidh.

I gcás cuid acu, dar ndóigh, ní bhíonn saol ar bith acu ach an spórt agus, dá bhrí sin, fanann siad ag imirt chomh fada agus is féidir leo, agus leanann siad ar aghaidh mar thraenálaithe, mar bhainisteoirí agus mar sin de.

Brú ar imreoirí áirithe

Ach le filleadh ar an ábhar, is fadhb le fada an lá é i gCumann Lúthchleas Gael (CLG) an brú a chuirtear ar imreoirí áirithe agus iad óg agus an dochar fadtéarmach a dhéantar dóibh maidir le hailt, cnámha, an droim agus araile. Níl a leithéid seo de chás neamhchoitianta, cuir i gcás: fear óg scór bliain d’aois atá an-mhaith ag peil nó iománaíocht, nó ag an dá cheann; imríonn sé lena chlub faoi 21 bliain agus leis an gcontae. Tá sé sa choláiste agus imríonn le foireann nó dhó ansin. Tá sé sách maith d’fhoireann sinsear a chlub agus tá sé ar phainéal sinsear an chontae. I bhfocail eile, tá an t-imreoir seo ag imirt le cúig nó sé fhoireann agus ag traenáil cúig nó sé huaire sa tseachtain. Aon ghortú a bhuaileann é, bíonn deifir air fáil réidh leis mar go bhfuil cluiche tábhachtach eile roimhe go luath nó b’fhéidir dhá nó trí cinn taobh istigh de sheachtain.

Mar a dúirt mé, ní scéal neamhchoitianta é seo - tá aithne agam ar go leor dá leithéid i mBaile Átha Cliath. Sa chás seo, tá fear óg i mbaol - i mbaol gortaithe agus i mbaol dochar fadtéarmach a fhulaingt. Is iomaí duine a rinne é agus a tháinig tríd, is dóigh, ach deirtear go bhfuil níos mó agus níos mó imreoirí ag éirí as an imirt ag aois óg (faoi 25 bliana) dá bharr.

Is scannal é seo i gcás spóirt amaitéaraigh. Ba chóir go mbeadh an t-imeoir maith, chomh maith leis an ghnáthimreoir, in ann leanúint ar aghaidh ag imirt go dtí go bhfuil siad i lár na dtríochaidí agus b’fhéidir níos faide. Déanann cuid mhaith é ach tá go leor nach ndéanann freisin de bharr go bhfuil siad “dóite”, is é sin, caite, tuirseach, brúite.

An fhadhb leis seo ná nach bhfuil aon duine amháin freagrach as leas an imreora óig. Córas CLG faoi deara an mhí-úsáid a bhaintear as daoine óga. An bhfuil sé ceart go mbeadh fear óg (níl a fhios agam an mbaineann an fhadhb seo le mná óga nó nach mbaineann) ag traenáil agus ag imirt lena chlub, lena choláiste agus lena chontae ag an am céanna? Táim ag tagairt do na himreoirí is fearr, is é sin an dream atá ag imirt ag an ngrád is airde agus, dá bhrí sin, atá faoi bhrú an-mhór a bheith i mbarr a maitheasa i gcónaí.

Gearradh siar

Céard tá le déanamh faoi? Tá na saineolaithe leighis ag rá anois go bhfuil fadhb ann agus, da bhrí sin, go gcaithfidh CLG gníomhú agus cinntí a thógáil. Labhair an tUachtarán, Seán Ó Ceallaigh, faoi le déanaí agus dúirt sé go gcaithfi féachaint ar ghearradh siar a dhéanamh ar líon na na seisiúin traenála a bhíonn ar imreoirí a dhéanamh. Cé go mbeadh sin inmholta, ní tharlóidh sé, dar liom.

I mo thuairimse, caithfear féachaint ar chéimeanna éagsúla a chuirfidh leas an imreora chun cinn. Seo a leanas na cinn is tábhachtaí:

Saineolas (atá ar fáil ach é a lorg) a scaipeadh faoi oiliúint imreoirí, modhanna cearta agus minicíocht na traenála, an bia agus na leachtanna cearta, an tábhacht a bhaineann le codladh agus scíth cheart a fháil. An bhéim a bheith ar scileanna a mhúineadh agus a fhorbairt seachas an diantraenáil agus aclaíocht faoi aois 20. Na haoisghrúpaí a athrú: tá seo an-tábhachtach, dar liom, agus mo mholadh ná go mbeadh comórtas idirchontae agus club faoi 17 mbliana agus faoi 20 bliain in áit faoi 18 agus 21, mar atá faoi láthair. An fáth go bhfuil an moladh seo á dhéanamh agam ná go dtosaíonn na himreoirí is fearr ag imirt le foireann sinsear agus gan iad ach 19 nó 20. Chuirfinn cosc freisin ar imreoirí faoi 20 imirt le foireann sinsear an chontae. Laghdódh sin go mór ar líon na seisiún traenála agus ar líon na gcluichí ag na himreoirí ab fhearr agus bheadh seans níos mó ann go leanfaidís ar aghaidh ag imirt níos faide.

Sin iad mo chuid moltaí maidir le himreoirí atá róghnóthach. Ceist eile ar fad, dar ndóigh, is ea cás thromlach na n-imeoirí nach bhfaigheann dóthain cluichí ar chúiseanna a bhaineann le mí-éifeachtacht choistí CLG. Tá an dream sin tábhachtach freisin agus ba chóir trácht ar a scéal amach anseo.

Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann sé amhráin fós. Ceapadh é mar dhuine de roghnóirí iománaíochta Bhaile Átha Cliath ag deireadh 2003.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.