CÚRSAÍ SPÓIRT
Sraith nua de ‘Laochra Gael’
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Tá Colm Mac Séalaigh ag súil go mór leis an tsraith nua de “Laochra Gael”, a chraolfar ar TG4 go luath.

Íomhá
Peileadóir Thír Eoghain, Cormac McAnallen: fuair sé bás tobann anuraidh
Íomhá
An Corcaíoch Dinny Allen: d'imir sé peil Ghaelach, iomáint agus sacar
Íomhá
Tomás Mulcahy: iománaí láidir, lúfar
Íomhá
Iománaí Loch Garman, Liam Dunne
Íomhá
Willie Joe Padden: d'imir sé do Mhaigh Eo idir 1977 agus 1992

Ar an 14 Nollaig seo caite, ag ócáid i Músaem an Chumainn i bPáirc an Chrócaigh, rinne Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael (CLG), Seán Ó Ceallaigh, an seoladh oifigiúil ar chlár teilifíse in ómós don pheileadóir Cormac McAnallen agus ar an tsraith nua de “Laochra Gael” do TG4. Deich gclár ar fad (móide an clár faoi Chormac) atá sa cheathrú séasúr de “Laochra Gael” agus tugann gach clár ómós do mhórimreoir peile nó iomána. Tá idir ábhar cartlainne, agallamh leis an aoi féin agus léirmheasanna ó chéilí comhraic agus ó thráchtairí i ngach clár.

Is foirmle í ar éirigh go fíormhaith léi go dtí seo agus, mar a dúirt dúirt Ceannasaí TG4, Pól Ó Gallchóir, ar an ócáid seolta faoi chláracha na sraithe: “Tugann siad deis dúinne a chonaic na réaltaí seo ag imirt dul siar agus a n-éachtaí a mheabhrú dúinn féin, agus faigheann an ghlúin óg an seans máistrí iomána agus peile an ama atá caite a fheiceáil i mbarr a maitheasa agus breithiúnas na saoithe orthu a fháil fosta.”

Cúigear peileadóirí ar fad atá á gceiliúradh le clár ar leith sa tsraith seo: Mattie McDonagh (Gaillimh), Joe Kernan (Ard Mhacha), Dinny Allen (Corcaigh, imreoir peile agus iomána) agus Willie Joe Padden (Maigh Eo). Is iad an cúigear iománaithe atá á gceiliúradh ná Donie Nealon (Tiobraid Árann), Joe Hennessy (Cill Chainnigh) Tomás Mulcahy (Corcaigh), Liam Dunne (Loch Garman) agus Davy Fitzgerald (an Clár).

Ag seoladh na sraithe, thug Uachtarán CLG ardmholadh do TG4 as a dtacaíocht leanúnach don Chumann. “Tá clúdach ar na cluichí Gaelacha ar TG4 ó cheann ceann na bliana,” a dúirt sé, “agus tugtar tosaíocht do chomórtais nach mbeadh chun tosaigh murach TG4.”

Is é an comhlacht aitheanta Nemeton ó Ghaeltacht na Rinne i bPort Láirge a léiríonn an tsraith agus go leor eile de sholáthar spóirt TG4. Is féidir le muintir Nemeton bheith fíorbhródúil as a saothar go dtí seo ó thaobh na gcluichí Gaelacha de. Is deacair a chreidiúint go mbeidh TG4 deich mbliana ar an aer agus i mbun craolacháin i mí na Samhna i mbliana agus is iontach mar atá an cainéal tar éis cur leis an tseirbhís chraolacháin spóirt sa tír seo ó bunaíodh é, agus is sampla an-mhaith den tseirbhís sin an tsraith “Laochra Gael”.

Clár ómóis

Laoch peile a sciob an bás leis go hóg i mí an Mhárta 2005 ab ea Cormac McAnallen agus é díreach tagtha i mbláth, in aois a cheithre bliana is fiche. Clár ómóis agus ceiliúrtha ar shaol gairid Chormaic a bhí sa chlár a craoladh Lá Nollag seo caite. Ceannaire nádúrtha agus peileadóir cróga, cumasach a bhí i gCormac agus bhí ardmheas air i measc daoine a raibh aithne acu air. Léirigh sé a scil agus a chumas ceannasaíochta ar an bpáirc pheile agus gan é ach ina ógánach. Ba é captaen fhoireann mhionúir Thír Eoghain a bhuaigh Craobh na hÉireann i 1998. Thug sé Craobh na hÉireann leis sa ngrád faoi 21 freisin (faoi dhó) agus faoin tráth seo bhí sé ar an bhfoireann shinsear freisin. Cé nach raibh ann ach fear óg, ba é a sheas sa mbearna bhaoil don bhainisteoir, Mickey Harte, nuair a theastaigh lánchúlaí nua. Bhí gach onóir peile buaite aige faoin am gur bhásaigh sé agus tá an Corn a bhronntar ar bhuaiteoirí na gcluichí peile faoi na rialacha idirnáisiúnta tiomnaithe dá chuimhne anois.

De réir mar a thuigim, athchraolfar an clár seo ar an 15 Feabhra.

Is maith is cuimhin liom féin na laochra atá á gceiliúradh sa tsraith seo. Duine díobh sin ná Joe Hennessey, iománaí Chill Chainnigh, a bhí i mbun báire sna seachtóidí agus sna hochtóidí. Cé narbh é an fear ba mhó, ná baol air, ar an bpáirc, bhí croí mór ag Joe agus fíorscil iomána. D’imir sé i go leor ionad ar an bhfoireann, agus bhuaigh sé boinn uile-Éireann agus contae sna gráid go léir. Bronnadh cúig Ghradam Réalta ar Joe i dtrí ionad éagsúla: i 1978, 1983 agus 1984 (leathchúlaí ar dheis); i 1979 (lár páirce) agus i 1987 (lánchúlaí ar dheis).

Fear eile a d’fhág a lorg ar chúrsaí CLG, sa pheil ach go háirithe, ab ea an Corcaíoch Dinny Allen. Is fíorannamh a dhéanann imreoir gaisce sa pheil agus san iomáint, ach i gcás Dinny tá sé le rá faoi go raibh trí chluiche máistrithe aige. Ba é captaen Chorcaí agus d’ardaigh sé Corn Sam Maguire nuair a bhuaigh siad Craobh na Peile i 1989, bhuaigh sé Craobh Shinsear Iomána na Mumhan lena chontae i 1975 agus bhuaigh sé Corn Sacair an FAI le Cork Hibernians i 1973. Anuas air sin ar fad, bhuaigh sé trí chraobh peile club le Raonaithe Nemo.

Bhí an deis ag Dinny triail a bhaint as sacar a imirt i Roinn a hAon i Sasana. Theastaigh ón gclub ab fhearr sa tír sin ag an am - Nottingham Forest, faoina mbainisteoir caithréimeach Brian Clough - go gcláródh Mac Uí Ailín leo ach chinn sé ar fhanacht sa mbaile. Níor thaitin sé le daoine áirithe, is cosúil, go raibh dúil ag Dinny sa sacar, agus glactar leis gur i ngeall air sin nár roghnaíodh é ar fhoireann bhuacach pheile Chorcaí a bhuaigh an Chraobh i 1973. Mar sin féin, tháinig sé chun cinn ina dhiaidh sin le foireann Chorcaí agus roghnaíodh é mar Réalta ar fhoireann na bliana 1980 i lár na páirce.

Bhí Donie Nealon mar bhall de fhoireann láidir, scanrúil a bhí ag Tiobraid Árann sna seascaidí. Bhí sé tapa agus sciliúil agus dheineadh sé ruathar aonair i dtreo chúl an fhreasúra gan fuacht gan faitíos. Bhuaigh Donie Nealon ó chlub Bhuiríosa beagnach gach craobh dá raibh ann mar bhall d’fhoireann bhuacach a chontae idir 1958 agus 1965 agus, tráthúil go leor, bhuaigh sé bonn Átha Cliath leis an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Murab ionann agus go leor imreoirí eile, níor stop Donie de bheith gníomhach nuair a d’éirigh sé as an imirt. Thuill sé clú mar réiteoir, mar roghnóir lena chontae (trí chraobh) agus ansin mar Rúnaí ar Chomhairle na Mumhan CLG ó 1977 go dtí 2004.

Is é Mattie McDonagh (Gaillimh) an t-aon Chonnachtach a bhuaigh ceithre Chraobh Peile Uile-Éireann (1956, 1964-6). Bhí sé fós ina dhéagóir nuair a bhuaigh sé a chéad Chraobh le Gaillimh agus é ag imirt i lár na páirce ar an bhfoireann chéanna le Purcell agus Stockwell. Nuair a d’éirigh na laochra úd as a bheith ag imirt, líon Mattie an ról mar chinnire na dtosaithe ar an bhfoireann ab fhearr a bhí ag Gaillimh riamh, foireann a bhuaigh an Chraobh trí bliana as a chéile idir 1964-66. Tar éis dó éirí as mar imreoir, lean sé air ag obair ar son pheil na Gaillimhe agus bhí sé ina roghnóir agus ina bhainisteoir ar fhoireann na Gaillimhe go luath sna hochtóidí. Bhásaigh sé in Aibreán 2005.

Iománaí láidir, lúfar

Tá cáil anois ar Thomás Mulcahy mar anailísí iomána ar RTÉ, ach bhain sé clú amach ar dtús mar iománaí láidir, lúfar de chuid Fhánaithe an Ghleanna agus Chorcaí. Bhain sé áit amach ar fhoireann shinsear an chontae den chéad uair i 1983 agus bhí sé ar an bhfoireann sin go ceann dhá bhliain déag. Bhuaigh sé gach craobh sa tréimhse sin: Craobh na hÉireann trí huaire (1984, 1986 agus mar chaptaen i 1990, bliain na gcraobhacha dúbailte ag Corcaigh). Bhuaigh sé craobh an chontae lena chlub i 1989 agus bhí sé ar fhoireann na Réaltaí i 1984 agus 1986.

B’fhéidir nach é an fear is mó ar an bpáirc é ach níl mórán iománaithe a bhfuil croí chomh mór ná paisean chomh fíochmhar acu is atá ag cúl báire an Chláir, Davy Fitzgerald. Fear é a spreagann a chomhimreoirí iad féin a chur sa bhearna bhaoil ar son na foirne. Tá sé ina chúl báire lena chlub, Droichead Abhainn Ó gCearnaigh agus lena chontae le dhá bhliain déag. I measc na mbonn atá aige tá dhá Chraobh Éireann, 1995 agus 1997, Craobh Club, dhá chraobh Cúige Mumhan agus trí Ghradam Réaltaí, 1995, 2002 agus 2005. Is é an t-aon imreoir de “Laochra Gael” 2006 atá fós ag imirt agus is deacair a shamhlú go gcrochfaidh sé suas an camán go ceann i bhfad eile.

Duine de na laochra peile is mó cáil de chuid Chontae Ard Mhacha is ea Joe Kernan.

Bhí sé ina bhall d’fhoireann iontach a chontae a chaill in aghaidh fhoireann réaltaí Átha Cliath i gCluiche Ceannais 1977. Ach, dáiríre, is mar bhainisteoir a sheasann a cháil inniu mar faoina chúram thug a chlub Craobh na hÉireann leo faoi thrí (1997, 1999 agus 2000), agus an bhuaic ar fad lena chontae, Craobh na hÉireann in 2002 (den chéad uair riamh) agus an tSraith Náisiúnta in 2005 (den chéad uair riamh freisin).

Is aisteach go bhfuil oiread fear beag i measc laochra na hiomána go háirithe, agus duine eile díobh sin is ea iománaí Loch Garman, Liam Dunne. D’imir sé dá chontae ar feadh sé bliana déag agus ba é bua na Craoibhe i 1996 a bhuaic mar imreoir – an chéad bhua ó 1968 ag Loch Garman. Bhain Liam amach a áit ar fhoirne na Réaltaí le linn a thréimhse freisin. Ach ba mhinic an chonspóid sna sála aige; cuireadh den pháirc é i gcluiche craoibhe trí shéasúr i ndiaidh a chéile. Má bhí sé conspóideach, bhí sé cumasach, agus bhí an-stíl iomána aige. Tugann sé féin cuntas lom fírinneach ar na himeachtaí sin agus go leor eile ina leabhar mórdhíola I Crossed the Line.

Sílim nach mbíonn faitíos ar pheileadóirí na Gaillimhe roimh fhoireann Mhaigh Eo de ghnáth ach nuair a bhí Willie Joe Padden ag imirt ar son Mhaigh Eo idir 1977 agus 1992 is iomaí geit a bhain sé astu lena shárchumas peile. Áirítear Willie Joe ar dhuine de na peileadóirí ab fhearr lena linn agus d’imir fear Bhéal an Mhuirthead lena chontae ar feadh cúig bliana déag. Is cinnte go mairfidh a chuimhne agus a cháil go ceann i bhfad i measc na ndaoine a chonaic é ag léim go hard san aer agus ag breith ar an liathróid i lár scata imreoirí eile.

B’in anois “Laochra Gael” 2006. Bainigí taitneamh as na cláracha agus bliain thaitneamhach, spórtúil daoibh go léir!

Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann sé amhráin fós. Ceapadh é mar dhuine de roghnóirí iománaíochta Bhaile Átha Cliath ag deireadh 2003.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.