Tugann Colm Mac Séalaigh a chuid tuairimí maidir le himeacht tobann Roy Keane of Manchester United an mhí seo caite.
Bfhéidir nuair a rachaidh an t-alt seo amach ar an idirlíon ar fud an domhain go mbeidh gach rud socraithe síos ach faoi láthair, agus sinn ag druidim i dtreo dheireadh mhí na Samhna, tá an domhan tré chéile. Ní hiad spéirlingí fíochmhara Mheiriceá ná creathanna tobanna talún sa Phacastáin ná an cogadh fuilteach, barbartha san Iaráic atá i gceist agam ach an oiread, ach domhan an spóirt anseo in Éirinn. Agus tú ag léamh na nuachtán agus ag éisteacht leis an raidió i láthair na huaire is mó scéal conspóideach, achrannach ná dea-scéal atá á thuairisciú agus faoi chaibidil i réimse an spóirt.
Is mar seo atá (ag deireadh na Samhna, mar atá ráite agam). Tá an fhoireann rugbaí náisiúnta ag imirt go dona, chomh holc sin nach féidir leo cúig phas a chur le chéile gan ligean don liathróid titim as a lámha. Tá an fhoireann náisiúnta sacair gan bhainisteoir agus in umar na haimléise tar éis a díbeartha as comórtas Chorn an Domhain. Bhuail foireann na hAstráile an t-anam as na peileadóirí is fearr in Éirinn sna cluichí comhrialacha agus, mar bharr an an donas, dimigh Roy Keane ó Manchester United faoi scáth na conspóide.
Tá na nuachtáin lán leis na scéalta seo agus cláracha raidió te bruite leo - daoine ag glaoch isteach chun a dtuairimí a nochtadh, go mórmhór i dtaobh an Uasail Uí Chatháin. Cuireadh ceist orm féin cúpla lá tar éis bhriseadh an scéil faoi Roy Keane cén tuairim a bhí agam mar gheall air. Bhíos i bponc mar ní raibh freagra ar bharr mo ghoib agam. Béigean dom a admháil nach raibh tuairim láidir agam bealach amháin nó bealach eile ina thaobh agus nach raibh mórán machnaimh déanta agam air.
Ach bheartaigh mé, mar shaoránach de chuid na tíre seo, go raibh an ceart céanna agamsa, agus an dualgas orm fiú, mo thuairimí faoin uasal Ó Catháin a chur i dtoll a chéile agus a nochtadh do dhuine ar bith a bhí sásta éisteacht leo / léamh fúthu.
Mar sin, as méid mo mhachnaimh ó shin, agus as a bhfuil léite agus cloiste agam, is mar seo a leanas mo thuiscintse ar Roy Keane. Sa chéad áit, imreoir sacair sármhaith a bhí ann agus uaireanta, agus é ag imirt le Manchester United nó le hÉirinn, bhí sé dosháraithe ar fad. Go minic bhí sé ar an imreoir ab fhearr ar an bpáirc agus threoraíodh sé agus stiúraíodh sé a fhoireann féin chun bua a bhaint amach nach mbeadh inghnóthaithe gan é. Chomh maith leis sin, fear crua a bhí ann agus ní naomh ná aingeal. Is cosúil go raibh/go bhfuil tuairimí láidre, cáinteacha aige freisin faoi imreoirí eile, faoi bhainisteoirí agus faoi dhaoine éagsúla eile a raibh baint acu leis an spórt a thug slí bheatha dó. Íocadh go maith é as a chuid iarrachtaí i bhfad níos fearr ná múinteoir, cuir i gcás, nó banaltra nó a leithéid ach sin scéal eile.
Is cosúil, de réir na dtuairiscí éagsúla ar aon nós, nach duine an-sona a bhí i Roy Keane go fiú agus é i mbarr a réime, tréimhse atá thart le tamall anuas. Tá an tuiscint sin bunaithe ar easpa cairdis agus measa i leith bheirt bhainisteoirí (ar a laghad), baill Chumann Peile na hÉireann (an FAI) agus mórán imreoirí eile. Is cosúil go ndúirt sé féin nach raibh aon chairde aige i ndomhan na peile. Comhghleacaithe ab ea iad ach ní cairde. Ar a shon, afach, tá sé ráite gur eiseamláir den pheileadóir maith, gairmiúil ab ea é, a dhéanfadh a sheacht míle dícheall i gcónaí san imirt agus i mbun traenála. Laoch a bhí ann ag mórán daoine, idir shean agus óg, in ainneoin é a bheith curtha den pháirc sách minic agus rudaí tarcaisniúla a bheith ráite aige faoi agus le daoine éagsúla, idir bhainisteoirí, chomhimreoirí, réiteoirí agus cuid den lucht leanúna.
Míshásta
Bfhéidir go raibh Keane míshona i gcónaí. Bhíodh an chuma sin air agus é ag imirt fiú amháin, agus óna chuid focal féin léirigh sé mórán míshástachta agus easpa foighne le daoine eile. Deirtear gur leag sé síos caighdeán an-ard dó féin ó thaobh imeartha agus cur chuige ar an bpáirc thraenála agus imeartha agus go gcuirfeadh sé as dó nuair nach raibh an caighdeán céanna, dar leis, ag daoine eile.
Creidim go bhfuil morán imreoirí i spóirt éagsúla mar sin, imreoirí amaitéaracha Chumann Lúthchleas Gael san áireamh (is sampla amháin é Seán Óg Ó hAilpín), agus cé go bhfuil caighdeán ard bainte amach acu trína n-iarrachtaí féin, ní bhíonn siad de ghnáth ag cáineadh comhimreoirí, bainisteoirí agus ar uile, go poiblí ar aon nós. De ghnáth, is ar an bpáirc a dhéanann siad a gcuid cainte, mar a deirtear.
Focal eile a úsáidtear i dtaobh Roy Keane ná frustrachas frustrachas toisc nach raibh bainisteoir Manchester United, Alex Ferguson, ag tabhairt isteach imreoirí nua chun an fhoireann a láidriú, frustrachas nach raibh an club ag buachaint gach rud mar a bhíodar cúpla bliain ó shin. Bfhéidir gur bhraith sé frustrachas freisin toisc gur thuig sé agus é in aois 34 bliana nach raibh sé féin chomh haclaí is a bhí sé, go raibh an t-am ag breith air, nach raibh sé féin i mbarr a chumais agus nach mbeadh arís go deo.
Caithfidh gach imreoir an tréimhse sin a fhulaingt nuair atá sé ag teacht go deireadh a ré imeartha agus nuair a thuigeann sé nach bhfuil an corp ábalta na treoracha a chuireann an inchinn chuige a leanacht níos mó agus go bhfuil lads óga níos sciobtha agus níos lúfaire ná iad. Tagann an t-am sin i gcás gach imreora, ag gach leibhéal. Ní chreidim go bhfuil aon difríocht idir an fear (nó bean) ag an leibhéal is airde sa spórt agus an duine a bhíonn ag imirt le foireann sóisear C ar feadh 25 bliana. Nuair is cuid de do shaol é an cluiche ó bhí tú 10 mbliana daois is deacair an ceangal a bhriseadh. Éiríonn an frustrachas ionat agus tagann an t-uaigneas i ndiaidh laethanta órga na hóige. Bíonn an t-ádh ar chorrdhuine críochnú ar nóta ard, mar a deirtear sa Bhéarla, ach is iondúil gurb é an nóta bog ciúin a bhíonn i gceist.
Ach ní mar sin a bhí i gcás Roy Keane ach torann ard na conspóide. Sílim anois gur trua an mothúchán is mó atá agam ina leith. Fathach peile a bhí ann. Ba chóir go gcríochnódh a leithéid sin dimreoir a ré ar an stáitse mór ar nós cluiche deireanach an tséasúir nó a leithéid sin agus deis ag an lucht leanúna ómós a thabhairt dó. Bfhéidir go mbeidh an deis sin fós ann ach ar an ábhar gur chríochnaigh cúrsaí go searbh agus go binbeach, tá seans nach nglacfaidh sé leis an testimonial a tairgeadh dó. Ba thrua sin; ba thrua má tá sé críochnaithe le Manchester United faoi scáth na conspóide. Bfhearr dó a shíocháin a dhéanamh le hAlex Ferguson, leithscéal a ghabháil leis agus le daoine eile as rudaí a dúirt sé, agus dul ar aghaidh leis an gcuid eile dá shaol.
Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann sé amhráin fós. Ceapadh é mar dhuine de roghnóirí iománaíochta Bhaile Átha Cliath ag deireadh 2003.