Tá an-imní ar Cholm Mac Séalaigh faoi na hionsaithe atá á ndéanamh ar imreoirí le linn chluichí Chumann Lúthchleas Gael ó cheann ceann na tíre.
An aisling atá ag gach gasúr a chuaigh in éineacht lena athair nó lena mháthair chuig cluiche mór i bPáirc an Chrócaigh ná a bheith ann lá éigin é nó í féin ag imirt ar son an chontae i gcluiche ceannais na hÉireann agus, níos fearr fós, an corn a bhreith leis abhaile agus na mílte duine ag liú agus ag screadach le háthas agus le mórtas. Agus is é aisling an athar/nó na máthar an páiste acu féin a fheiceáil ag imirt i ngeansaí an chontae i gcluiche ceannais na hÉireann.
Bíonn an t-ádh ar dhream beag chuile bhliain an aisling sin a fheiceáil beo agus an sásamh sin a bheith acu. Is iontach go deo an ríméad a bhíonn ar dhaoine i ndiaidh Craobh na hÉireann a ghnóthú, ach an leanann sé i bhfad?
Ní leanann, is cosúil, go mór mhór sna contaetha sin a mbíonn an bua acu go minic, leithéidí Chiarraí agus Chorcaí. Ina gcás siúd, seans nach maireann an staid áthais sin ach tréimhse an-ghairid agus an ceiliúradh ar feadh lá nó dhó. Maidir leis an imreoir, tá seans ann nach mbíonn mórán deise aige taitneamh a bhaint as an éacht atá déanta aige féin agus ag a chomrádaithe contae toisc go bhfuil orthu aghaidh a thabhairt ar an gcéad dúshlán eile i gcraobhchomórtas na gclub ina chontae féin. Tagann sin de ghnáth seachtain i ndiaidh chluiche ceannais na hÉireann.
I gcás imreoirí Chiarraí i mbliana, bhí cuid acu i mbun traenála agus imeartha lena gclub an-luath tar éis dóibh Maigh Eo a chloí (rud nach raibh mórán deacrachta ag baint leis, faraor). Tarlaíonn sé sin chuile bhliain i gcontaetha na bhfoirne a imríonn i gcluiche ceannais na hÉireann.
De ghnáth, áfach, ní bhíonn na himreoirí sin ag ceapadh gur san ospidéal a bheidh siad coicís i ndiaidh na hócáide is mó agus is galánta i gcúrsaí spóirt na tíre seo. Ach is é sin go díreach a tharla i gcás laoch Chiarraí, Tomás Ó Sé. Lé linn cluiche ceathrú ceannais Chiarraí idir An Ghaeltacht agus Eiméid Lios Tuathail, is amhlaidh a bualadh Marc Ó Sé i dtosach agus Tomás ansin agus gurbh é deireadh an scéil gur tugadh Tomás chuig an oispidéal agus giall briste aige! Cé a cheapfadh go dtarlódh a leithéid, coicís i ndiaidh Chraobh na hÉireann? Ní aisling é ach tromluí! Ar bhealach, is scéal dochreidthe é go leagfaí ar lár le buille fealltach beirt de laochra an chontae chomh luath i ndiaidh dóibh Craobh na hÉireann a bhuachaint agus Corn Sam Mhic Guidhir a bhreith ar ais go dtí “An Ríocht”.
Cén míniú atá air mar scéal, má tá? An é go ndeachaigh fear óg éigin le báiní ar fad sa chluiche úd i gcoinne na Gaeltachta agus gur chaill sé smacht iomlán air féin? Agus, más ea, cén fáth ar tharla sé sin? Nó an é gur dúradh leis roimh ré, istigh sa seomra gléasta nó ar pháirc na traenála, gan aird a bheith aige ar stádas réaltach, idirchontae-ach mhuintir Uí Shé ach, ina ionad sin, a dhéanamh cinnte nach mbeadh tionchar rómhór acu ar thoradh an chluiche an Satharn dár gcionn?
B’fhéidir go raibh an fear óg céanna sin i bPáirc an Chrócaigh coicís roimhe sin agus gach liú agus béic aige ag tabhairt tacaíochta d’fhoireann Chiarraí. B’fhéidir go raibh a chairde ann freisin agus iad ag caint ar chomh hiontach is a bhí muintir Uí Shé sa chraobh úd. Ach gné eile den chomhrá, seans, ná go mbeadh orthu muintir Uí Shé a mharcáil agus, ní hamháin sin, ach marc a fhágáil orthu a chinnteodh nach réalt an chluiche a bheadh in aon duine acu nuair a chasfadh an dá chlub ar a chéile.
B’fhéidir go bhfuil míniú eile ar fad ar an eachtra a tharla sa chluiche club úd, míniú níos soineanta b’fhéidir, ach is é an rud a ritheann liom ná go nglactar leis ró-éasca i measc mhuintir Chumann Lúthchleas Gael (CLG) gur cuid den chluiche a leithéid sin d’eachtra toisc nach mbristear gialla ná cnámha de ghnáth!
Ag tarlú go rialta
Dar ndóigh, deir urlabhraithe éagsúla agus Uachtarán CLG é féin nach bhfuil aon áit don iompar sin sa CLG, ach cén mhaith sin nuair atá sé ag tarlú chomh minic agus chomh rialta is a bhíonn. Agus ná bíodh dul amú orainn faoi: tá an saghas sin eachtra ag tarlú go rialta ar pháirceanna CLG ar fud na tíre. Ní leor a rá gur eisceacht é briseadh ghiall Thomáis Uí Shé. Ní hea. Tá neart samplaí eile dá leithéid agus ní léir go bhfuil CLG ag déanamh a dhíchill chun deireadh a chur leis na hionsaithe dainséaracha gránna seo a tharlaíonn chomh minic sin. Tá sé ag tarlú ag gach leibhéal, agus i ngach aoisghrúpa, geall leis, agus tá sé ag tarlú ó cheann ceann na tíre.
Tá dhá cheist le freagairt ag CLG go práinneach. Ceist a haon ná an dteastaíonn ón gCumann deireadh a chur le ionsaí fisiceach mar ghnáthghné de chuid na gcluichí? An dara ceist ná an bhfuil CLG sásta a gcuid rialacha féin a chur i bhfeidhm agus na “fir chrua” a ruaigeadh.
Go dtí seo, ní léir go bhfuil CLG in ann “an teach a chur in ord”. An fáth, is dóigh, ná nach bhfuil éinne neamhspleách sna cúrsaí sin go léir. Tá gach coiste contae freagrach as imeachtaí ina chontae féin agus tá aithne ag gach duine ar (a) na réiteoirí (b) baill an choiste contae (c) uncail a d’imir leis an gcontae (d) iarchathaoirleach an choiste smachta, agus mar sin de. I bhfocail eile, má thugann tú leathmharú do dhuine ar pháirc na himeartha agus fionraí sé mhí tuillte agat dá bharr, mura bhfuil tú i do “alien” amach is amach beidh aithne agat ar dhuine éigin a bheas in ann cuidiú leat éalú ón bpionós atá ag dul duit. Mar is é sin an chaoi ina n-oibríonn CLG, ní i gcónaí, ach go minic.
Fiú ag leibhéal idirchontae, tá Coiste an Chontae chun tacaíocht a thabhairt dá n-imeoir féin, fiú más é an cladhaire is mó ar domhan é, má théann sé os comhair an choiste smachta i bPáirc an Chrócaigh. Tá sé ar nós na nGardaí ag iniúchadh gearán faoi na Gardaí - ní féidir leis an gcóras sin a bheith neodrach.
Teastaíonn coiste smachta don tír ar fad sa CLG. Coiste nach bhfuil beann acu ar éinne, baill choiste nach bhfuil, is nach raibh, baint acu le haon chlub nó fiú mórán bainte acu le contae ar aon slí a d’fhéadfadh cur as dá neamhspleáchas; daoine a bheadh in ann idirdhealú a dhéanamh idir an gníomh agus tábhacht an imreora dá chlub, dá pharóiste, dá chontae. I bhfocail eile, tá gá le coiste neamhspleách smachta.
Ach is é sin an fhadhb ná nach maith le CLG éinne a bheith ró-neamhspleách - is maith leis an eagraíocht smacht a choinneáil ar gach gné d’imeachtaí an Chumainn. Ar bhealach áirithe is é sin a dhéanann CLG láidir, aontaithe agus speisialta, ach is mar gheall air sin go bhfuil daoine ag dul i muinín na gcúirteanna freisin. Feiceann siad go meileann muilte CLG i bhfad níos moille ná muilte Dé go minic!
Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann sé amhráin fós. Ceapadh é mar dhuine de roghnóirí iománaíochta Bhaile Átha Cliath ag deireadh 2003.