CÚRSAÍ SPÓIRT
An phraiseach ar fud na mias i gCumann Lúthchleas Gael
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Léirigh an tslí ar cuireadh deireadh le triail na rialacha nua sa pheil Ghaelach le gairid easpa misnigh i gCumann Lúthchleas Gael, dar le Colm Mac Séalaigh.

Íomhá
Íomhá

Lá Fhéile Pádraig agus cluichí ceannais na gclub thart le haghaidh bliana eile. Comhghairdeas le Béal an Átha agus le muintir “an tsráidbhaile” (Cumann Shéamuis Stiofáin as Cill Chainnigh) a raibh a mbua i gCraobh na gClub tuillte go maith acu. Mar is gnách, d’fhág cluichí Lá Fhéile Pádraig dea-aoibh agus gliondar ar lucht leanúna Chumann Lúthchleas Gael ach, le fírinne, is beag eile a bhí ina chúis cheiliúrtha go n-uige seo i mbliana.

Ar nós ceirnín nach stopann ag seinm, leanann na clamhsáin agus na gearáin chéanna ag teacht chun cinn seachtain i ndiaidh seachtaine faoi na rialacha nua nó na rialacha trialacha mar ba chirte a thabhairt orthu. Táim ag trácht dar ndóigh ar na rialacha atá i bhfeidhm ó thús na bliana sna cluichí idirchontae sinsear, ach nach bhfuil in úsáid ag aon leibhéal eile!

Nuair a scríobhas faoin ábhar seo cheana, sular thosaigh comórtais na hathbhliana, ba dheacair a shamhlú go mbeadh an oiread clampair fúthu is a bhí chomh luath sa tréimhse thrialach. Le fírinne, bhí bainisteoirí sinsearacha ag gearán an chéad lá amhail is go raibh a dtuairim réitithe acu roimh ré.

Peil a bhí faoi chaibidil i dtosach toisc gur thosaigh na comórtais pheile níos túisce. Ba é “an bosca peacaí”, nó Purgóid mar ab fhearr liom féin a thabhairt air, a bhí mar chnámh spairne ar dtús agus, sula raibh triail cheart bainte as mar chóras, cuireadh deireadh leis. Níor triaileadh é ar chor ar bith i gCúige Uladh ná i gCúige Chonnacht de bharr foirne coláiste a bheith páirteach ina gcomórtais choirn. Ardaíonn an méid sin ceisteanna faoin triail: an raibh cead ag comhairlí Uladh agus Chonnacht neamhaird a thabhairt ar na rialacha trialacha? Má bhí, cén fáth? Mura raibh, cén fáth nár cuireadh é sin in iúl dóibh?

Cúige Laighean is mó a bhí i gceist ó thaobh míshástachta toisc gur imríodh níos mó cluichí i gcomórtas Chorn Uí Bhroin (comórtas Laigheanach) faoi na rialacha trialacha ná in aon chúige eile. Ar “Sportscall” RTÉ, faoi stiúir Des Cahill, bhí daoine éagsúla ag glaoch isteach ag léiriú míshástachta le díbirt imreoirí chun na taobhlíne de bharr calaoiseacha “neamhurcóideacha” (tarraingt geansaí, tarraingt síos imreora agus a leithéidí - is é sin, gnáthimirt na peile!).

Bhí daoine eile, áfach, a bhí den tuairim go bhféadfadh córas Purgóide an cluiche a “ghlanadh suas” agus smacht a chur ar na “fir chrua” agus ar an gcalaoiseoir “gairmiúil”.

Ach ba iad lucht na míshástachta agus lucht “ní hea” a bhuaigh an cás agus d’éirigh leo dul i gcion ar na húdaráis sa Chumann agus cuireadh deireadh le “Purgóid”. Ina háit sin tá an cárta buí agus díbirt go deireadh cluiche mar phionós do chalaois d’aon chineál, geall leis. Mo thuairim féin ná nár tugadh seans cóir ná dóthain ama chun tionchar bhosca na Purgóide a mheas agus go mba sheafóideach agus go mba náireach an chaoi inar ghéill an coiste a bhí freagrach as an iarracht an pheil a fheabhsú mar chluiche don lucht féachana agus don imreoir sciliúil.

Dar liom, léirigh na húdaráis easpa misnigh agus easpa cnámh droma agus iad ag plé leis an scéal seo ar fad. Níos measa fós, sílim gur léirigh an tUachtarán Seán Ó Ceallaigh easpa cinnireachta nuair nár chuir sé brú ar an Ardchomhairle agus ar an gcoiste forbartha (nó pé teideal atá air) an fód a sheasamh don tréimhse a bhí leagtha amach. Agus faoi mar atá cúrsaí agus é seo á scríobh agam, níl aon duine sásta le córas na gcártaí buí agus níl aon dabht faoi ná go mbeidh gach rud ar ais mar a bhí agus na calaoiseoirí i mbarr a réime arís nuair a thiocfaidh deireadh leis an tSraith Náisiúnta agus nuair a chuirfear tús leis an gCraobhchomórtas.

An iománaíocht

B’in cúrsaí peile, ach céard faoin iománaíocht? Fad agus a bhí an argóint faoi Phurgóid agus araile ag dul ar aghaidh bhí lucht iománaíochta ag faire agus ag fanacht go bhfeicfidís cén chaoi a n-oibreodh an córas i gcomhthéacs na hiomána. Bhí cuid acu ag súil leis an triail agus bhí sé molta go láidir ag duine de “ghúrúnna” na hiomána, Liam Griffin.

Bhí meon dearfa ag daoine i leith na Purgóide mar, cé gur cluiche difriúil í an iomáint nach bhfuil na deacrachtaí céanna ag baint léi ó thaobh líon na bhfeallanna le linn cluiche, aithníonn daoine go dtarlaíonn corrchalaois gan ghá ar nós tarraingt geansaí, brú sa droim, tarraingt ró-ard nó íseal le camán agus mar sin de. Bhí súil ag daoine go mb’fhéidir go smaoineodh imreoir an dara huair ar chalaois a dhéanamh dá mbeadh a fhios aige go raibh seans maith aige 10 nóiméad a chaitheamh ar an taobhlíne, gan ionadaí a dhul isteach ina áit.

Ach nuair a cuireadh deireadh le Purgóid i gcomhthéacs na peile, cuireadh deireadh leis i gcomhthéacs na hiomána freisin – gan é a bheith triailte fiú amháin! Chuir sin lucht iomána le báiní ar fad agus thosaigh tuilleadh clamhsáin agus gearáin. Labhair pearsanra iomráiteacha amach go láidir faoin masla a tugadh, dar leo, do lucht na hiomána. Ba é an pointe a bhí acu, agus pointe réasúnta dar liom, ná gur dhá chluiche éagsúla iad an pheil agus an iománaíocht agus má dhéantar socrú i leith ceann acu ní gá an socrú ceannann céanna a dhéanamh i dtaca leis an gceann eile.

Toradh amháin ar an bpraiseach go léir (agus bí cinnte gur praiseach é seo) ná an deighilt atá oscailte go soiléir anois idir lucht iomána agus lucht peile i gCLG. Le fada bhí lucht iomána den tuairim gur in áit na leathphingne a bhí siad (seachas i ndornán contaetha i ndeisceart na tíre) maidir le cinntí agus pleanáil i gCLG. An cinneadh a tógadh i dtaobh phionós na Purgóide an léiriú is fearr ar an gcaoi a dtugtar neamhaird ghlan ar an iomáint sa chumann uaireanta.

Deirtear go bhfuil lucht iomána paranóideach faoina stádas i gCumann Lúthchleas Gael, ach le fírinne, tá dóthain fianaise ar fud na tíre den neamhaird, neamhshuim agus neamhphleanáil maidir le cur chun cinn na hiomána ag gach leibhéal. Ar nós na Gaeilge, tá a lán dea-thola ann i leith na hiomána i gCumann Lúthchleas Gael ach tá cur chuige ar iarraidh. Ach maidir le rialacha nua, seanrialacha agus cártaí buí (arís!) tá, mar a dúirt an fear fadó, an phraiseach ar fud na mias agus tá sin cinnte!

Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann sé amhráin fós. Ceapadh é mar dhuine de roghnóirí iománaíochta Bhaile Átha Cliath ag deireadh 2003.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.