Tá Colm Mac Séalaigh an-tógtha leis an méid atá ar siúl ó thaobh an spóirt i gCamus i gConamara, in ainneoin easpa an-mhór áiseanna a bheith i gceist.
“A Chamuis na bhFornais mo chúig mhíle slán leat, nach mba ródheas an áit thú thíocht Fhéile Mhuire Mhór; Ní choisfeá scread mhaidine i mbéal leanbh ná páiste ann is níor thug siad riamh masla d’aon duine beo.”
Mar a deir an t-amhrán, is ródheas an áit é Camus i lár an tsamhraidh, gan amhras. Agus cé nach gcloisfeá “scread mhaidine i mbéal leanbh ná páiste” de bharr ocrais ná péine, chloisfeá neart screadaíle agus gleo ag lucht foghlamtha na Gaeilge agus iad ag freastal ar Choláiste Chamuis. Ina theannta sin, chloisfeá neart sceitimíní áthais ag gasúir na háite agus iad ag freastal ar an gCampa Samhraidh Spóirt atá á eagrú ag Colmán Ó Flatharta agus ag a chomhlacht “Seirbhís Spóirt Chonamara”.
Is áit ar leith é Camus ó thaobh spóirt de. Cuid de pharóiste Ros Muc é atá suite idir Casla agus Scríb agus gan le feiceáil ann ach cnoic, lochanna, farraige, portach agus tithe néata, cluthara anseo is ansiúd. Ar na foirgnimh a sheasann amach ann, tá teach an phobail, séipéilín beag álainn; halla an phobail nó “Tearmann na Foirnéise” a osclaíodh i 1990; dhá scoil náisiúnta agus an tseanscoil, mar a bhfuil an Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta suite anois. Níl siopa ná teach tábhairne ná monarcha i gCamus, ach “tá na comharsanaigh ann is geanúla dar chruthaigh an tArd-Rí” agus an-dúil sa spórt acu.
Rud amháin a sheasann amach i gCamus ná an pháirc pheile, páircín beag atá sách mór ar éigean do chluichí faoi 14 bliana, b’fhéidir. Ach is páircín ar leith é mar sin féin, mar is ansin a chleacht agus a chleachtaíonn lads na háite a gcuid scileanna peile tráthnónta fada samhraidh. Bunaíodh an club áitiúil, Na Piarsaigh, thart ar l980 chun freastal ar aos óg Ros Muc agus Chamuis agus chuireadar chun traenála go dícheallach. Roimhe sin théidís ag imirt leis an gCeathrú Rua, Leitir Mór agus araile. Ach, tar éis 20 bliain d’obair dhian agus coigilt airgid, osclaíodh páirc bhreá nua-aimseartha, móide ardán, carrchlós fairsing, seirbhísí chéad chabhrach agus do chathaoireacha rotha agus áiseanna cruinnithe, thiar i Ros Muc. (Sampla maith an cur chuige seo do Rialtas na hÉireann atá ag cur is ag cúiteamh faoi staid náisiúnta le blianta agus gan tada déanta faoi.)
Daonra níos lú
Bhíodh páirc Chamuis dubh le gasúir sna 60í agus 70í, ach níl an daonra chomh mór anois is a bhíodh sé agus, dá bhrí sin, tá sé níos deacra foirne a chur chun páirce. Ach tá an coiste ag obair go dian chun Cumann na bPiarsach a choinneáil ar an mbóthar ceart agus b’fhéidir an Comórtas Seachtar-an-Taobh a bhí an-láidir sna 1980í a athbheochan. Chuidigh an comórtas sin le caighdeán peile Chamuis agus Ros Muc a ardú agus iomaíocht a chur ar fáil mar go mbíodh foirne ó pharóistí eile ag glacadh páirte ann.
Ach bhí caighdeán maith peile ann roimhe sin agus nuair a bhíodh muintir Mhéalóid, muintir Shúilleabháin, muintir Fhlatharta agus eile i mbun peile ba dheacair iad a chloí. Tá bonn sinsear uile-Éireann gnóite ag duine amháin de mhuintir Chamuis sa pheil, is é sin Mícheál Ó Méalóid. D’aistrigh muintir Mhéalóid go Ráth Cairn sna 40í agus d’imir Mícheál le foireann sinsear na Mí a bhuaigh Craobh na hÉireann i l967. Thagadh sé ar ais go Camus go rialta ina dhiaidh sin chun imirt leis an dream áitiúil.
Ach ní taobh le peil amháin atá muintir Chamuis ó thaobh caithimh aimsire de mar tá cumann láidir dornálaíochta ann le blianta fada agus tá traidisiún na lúthchleasaíochta ann chomh maith. Chuir an tAthair Ó Cearbhaill an dornálaíocht chun cinn sna 1940í agus chuir Mícheál Ó Flatharta as Camus Íochtair dlús faoi nuair a d’fhill sé ar Chamus i l977. Thiar sa tseanscoil ar an Turlach Bheag a bhí an Cumann dornálaíochta lonnaithe cuid den am agus uaireanta eile sa Choláiste tin i Ros Muc. Ó 1990 is i dTearmann na Foirnéise i gceartlár Chamuis a bhíonn an traenáil ar siúl i rith na bliana (seachas sa samhradh nuair a thagann na “Gaeilgeoirí").
Craobh na hÉireann sa dornálaíocht
Duine amháin a bhfuil níos mó ná a chion déanta aige ar son aos óg na háite agus ar son na peile agus na dornálaíochta i gCamus is ea Colmán Ó Flatharta. Tháinig Colmán ar ais ón nGearmáin, mar a raibh sé ag obair, i l981 agus thosaigh sé ag plé leis an dornálaíocht in éineacht le Seosamh Ó Giobúin. Dar leis bhí sé fíordheacair craobh na Gaillimhe a bhuachaint san am, gan trácht ar Chraobh na hÉireann, ach d’éirigh le lucht Chamuis an t-éacht sin a dhéanamh. An dornálaí is cáiliúla, dar ndóigh, as an gceantar ná Seán Ó Mainnín a throid i gCraobh an Domhain i Nua-Eabhrac i gcoinne Mike McCallum i 1982. Dar le Colmán, bhí dornálaithe an-mhaithe eile ann freisin, Máirtín Nia agus Tomás Ó Conaire, mar shampla.
Tá 50 ball anois i gClub Dornálaíochta Chonamara agus bíonn Colmán ag traenáil na *lads *óga i rith an gheimhridh. Tá sé cáilithe mar thraenálaí tar éis freastal ar chúrsaí éagsúla. D’fhoghlaim sé a lán faoin gceard sa Ghearmáin, go háirithe stíleanna agus modhanna difriúla traenála. D’fhoghlaim sé mórán freisin ó Nicholas Fernandez Cruz as Cúba nuair a chaith seisean tréimhse i gCamus ag traenáil na ndornálaithe ansin. Chomh maith leis an méid atá á dhéanamh ag Colmán, tá a lán oibre déanta don Chumann i gCamus ag daoine eile mar Dhominic Ó Ruairc agus Breandán Ó Conaire. Mar theist ar an obair sin agus ar thalann na ndornálaithe, níor chaill an cumann aon chraobhbhabhta le 19 mbliana anuas sa ghrád Idirmheánach.
Maidir le lúthchleasaíocht, bhí clann speisialta amháin i gCamus a rinne éachtaí móra le roinnt blianta anuas, sé sin na Breathnaigh. Ghnóthaigh Beartla Breathnach, beannacht Dé lena anam, craobhacha uile-Éireann sa chaitheamh ga agus dioscais agus sa léim fhada agus rinne a chlann mhac, Beartla agus John, éachtaí den chineál céanna. Dá mbeadh an deis acu traenáil cheart a fháil, i Meiriceá cuir i gcás, cá bhfios nach ngnóthódh duine éigin de mhuintir Bhreathnach bonn Oilimpeach. Ach gan acu ach iad féin lena spreagadh bhí sé an-deacair dóibh an caighdeán sin a bhaint amach.
Tá an-suim ag Colmán Ó Flatharta sa spórt ach, níos tábhachtaí ná sin, tá spéis ar leith aige i bhforbairt an duine óig tríd an spórt. Creideann sé go láidir sa chorpoideachas agus san oiliúint chuí agus cheart. Tríd a chomhlacht, Seirbhís Spóirt Chonamara, teastaíonn uaidh deiseanna spóirt agus oiliúint de gach cineál a chur ar fáil do ghasúir agus do dhéagóirí Chonamara. Creideann sé go láidir gur féidir talann nádúrtha a fhorbairt ach tabhairt faoi i gceart. Teastaíonn uaidh deiseanna a chur ar fáil do gach páiste sna scoileanna ar fud Chonamara agus treoir agus teagasc ceart gairimiúil a chur ar fáil dóibh. Ón méid atá feicthe agam féin agus mé i mo chuairteoir i gCamus le roinnt blianta anuas, tá Colmán agus a chomhghleacaithe ag treabhadh an ghoirt i gceart, agus le díocas, agus táim cinnte go mbeidh toradh ar a saothar. Go n-éirí go geal leo.
Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann sé amhráin fós. Ceapadh é mar dhuine de roghnóirí iománaíochta Bhaile Átha Cliath ag deireadh 2003.