Féachann Colm Mac Séalaigh ar chuid de na conspóidí a ndéantar plé orthu go rialta i measc na bhfanaiceach spóirt.
Tá conspóidí mar chuid lárnach de chúrsaí spóirt le fada an lá. Taobh istigh den Chumann Lúthchleas Gael déarfadh daoine go bhfuil níos mó ná sin i gceist, mar go mbíonn argóintí, coimhlintí, scliúchais, díospóireachtaí, troideanna agus scoilteanna ann an t-am ar fad ach nár chuir siad sin isteach an-mhór ar dhul chun cinn na heagraíochta le 120 bliain anuas. Ní théann bliain amháin thart gan na conspóidí bliantúla a bheith pléite go mion sna clubthithe, sna tábhairní, sna meáin chumarsáide agus i gach comhluadar ina bhfuil na cluichí tábhachtach. I measc na gconspóidí bliantúla bíonn (gan ord ar leith):
Réiteoirí (atá ag dul in olcas an t-am ar fad más fíor!). Cártaí, buí agus dearg, a bhfuil an t-uafás díobh “bronnta” ó thosaigh an tSraith Náisúnta Peile; bailíonn imreoirí áirithe iad mar chineál caitheamh aimsire, is cosúil (cosúil le stampaí fadó, b’fhéidir). Fionraí cuí i gcás imreoirí a dhíbrítear den pháirc - bíonn sé rófhada nó róghearr, ag brath ar cé acu an le do chlub/chontae féin a imríonn siad nó nach ea. Páirc an Chrócaigh: ar chóir í a chur ar fáil do spóirt eile? Ceist amháin faoi sin: cén chaoi a bhféadfaí cead a thabhairt do lucht rugbaí imirt ansin nuair nach dtugann siad ómós cuí do “Amhrán na bhFiann”? Ticéid: an praghas ró-ard (aontaím) agus faigheann na daoine míchearta iad i mí Mheán Fómhair (níl tuairim agam cén chaoi); rud eile: cá mbíonn na “genuine supporters” go léir an chuid eile den bhliain? An GAA: an “Grab All Association” - céard a dhéanann siad leis an airgead go léir a thagann isteach ag na cluichí móra gach bliain? Agus tá siad ag iarraidh tuilleadh ón rialtas! Peil Ghaelach: an dtuigeann éinne na rialacha? An bhfuil rialacha ann? Sampla: cóirigh an mhinicíocht a ardaíonn imreoirí an liathróid den talamh go neamhdhleathach gan saorchic ina gcoinne. “An tImreoir Dúbailte": is féidir/ní feidir le duine peil agus iomáint a imirt; níl/tá an CLG i bhfábhar a leithéid; céard a déarfadh Teddy McCarthy?
Is mór an spórt iad conspóidí spóirt gan dabht ar bith. Is ábhar cainte iad sa mbaile, san ionad oibre, ar an taobhlíne, sa scuaine siopadóireachta, sa teach ósta, ar an ngalfchúrsa, ar an traein agus áit ar bith a mbíonn daoine cruinnithe. Tríd is tríd níl aon dochar iontu agus is minic go dtugann siad pléisiúr soineanta agus bealach éalaithe ó chuid den teannas agus strus a mbíonn orainn go léir déileáil leo ó lá go lá. Is saineolaithe muid ar fad sna cúrsaí seo agus is breá linn ár dtuairim féin a nochtadh (baineann Des Cahill an-mhíleáiste as seo ar “Sportscall"!)
“Fadhbanna” Manchester United
Ar an taobh eile den scéal, cuireann sé ionadh orm féin uaireanta cé chomh corraithe is a bhíonn daoine uaireanta agus ábhair spóirt faoi chaibidil acu. Mar shampla, le tamall anuas tá go leor cloiste agam faoi “fhadhbanna” Manchester United PLC, club sacair an-cháiliúil i Sasana a bhfuil gean ag b’fhéidir leath de mhuintir na hÉireann air agus fuath ag an leath eile dó (seachas an cúpla duine againn gur cuma linn sa mhí-ádh fúthu, bealach amháin nó bealach eile).
Mar is eol do chách, is dóigh, tá bainisteoir ar United (nach bhfuil chomh haontaithe sin faoi láthair, de réir mar a thuigim) agus tá sé molta go hard mar bhainisteoir i ngeall ar an méid corn agus craobh atá buaite ag an gclub úd faoina stiúir le beagnach 20 bliain anuas. Is fear crua é de réir dealraimh a cheannaíonn agus a dhíolann imreoirí de réir mar is gá chun leanúint ar aghaidh ag buachaint bliain i ndiaidh bliana agus is maith leis fir chrua a bheith ar a fhoireann (bhuel, duine nó beirt ar aon nós). Ba mhaith le mórán daoine eile a bheith chomh maith leis nó níos fearr dá mb’fhéidir, ach nílid. Dá bhrí sin tá go leor in éad leis agus ba mhaith leo é a fheiceáil ag fáil bata agus bóthair agus tá seans go bhfaighidh siad a mian go fóill.
Pé scéal é, is fear saibhir é an bainisteoir céanna mar íoctar tuarastal an-mhaith leis de réir mar a thuigim, i bhfad níos mó ná mar a thuilleann múinteoir, cuir i gcás, dá fheabhas é. Ach, níl sé sásta lena bhfuil aige, is cosúil. Is é an rud a tharla agus an fáth go bhfuil conspóid ann ná gur thug cúpla cara leis, ar fir ghnó iad a bhfuil infheistíocht mhór curtha acu i Man U PLC, thugadar nó thug duine acu (nílim cinnte) bronntanas dó. Capall rása, nó leath de chapall ba chirte a rá, a bhí ann agus an plean ná go mbeadh an bainisteoir feicthe in éineacht leis an gcapall ag na hócáidí móra rásaíochta agus go n-ardódh luach an chapaill dá bharr sin - nó rud éigin mar sin, sílim.
Anois, d’éirigh go rímhaith leis an gcapall agus bhuaigh sé roinnt rásaí. Bhí gach duine thar a bheith sásta mar nuair a cinneadh deireadh a chur le saol rásaíochta an chapaill, bhí ansin luach an-ard ar fad ar “sheirbhísí” síolraithe an chapaill chéanna. Dar leis an mbainisteoir go bhfuil leath de tháillí sheirbhísí an chapaill ag dul dó féin toisc gur leis leath an chapaill. Ní hea, a deir na húinéirí eile, mar gurb é an socrú a bhí ann ná go bhfaigheadh an bainisteoir leath den airgead a bhuaigh an capall ar an ráschúrsa, ach nach raibh aon socrú faoi aon ioncam a bheadh tagtha isteach de thoradh obair ghiniúna an chapaill. Chuir an méid sin olc ar an mbainisteoir agus thóg sé cás cúirte i gcoinne an chara / na gcairde i ngeall ar bhriseadh conartha.
Dá bharr sin uilig tá cúrsaí ina gcíor thuathail i MUPLC toisc gur infheisteoirí móra iad na fir ghnó sa chlub sin agus d’fhéadfadh siad an club a cheannach agus an bainisteoir a chaitheamh amach ar fhleasc a dhroma dá mba mhian leo. Ní thaitníonn sé seo ar fad le lucht leanúna an chlub mar go bhfuil faitíos orthu, is dóigh, go gcaillfidh an club an flaitheas agus an stádas atá aige má bhíonn ar an mbainisteoir imeacht, tá an oiread sin muiníne acu as.
Anois cheapfá, nó cheapfainnse ar aon nós, go bhféadfadh daoine atá chomh saibhir agus cumhachtach is atá na fir atá páirteach sa chonspóid spóirt seo teacht ar chomhréiteach de shaghas éigin eatarthu agus leanacht ar aghaidh ag déanamh an rud a bhfuil siad go maith chuige, is é sin ag déanamh níos mó. Ach deirtear go bhfuil prionsabal i gceist, go bhfuil gach duine ag maíomh gur duine uasal é a sheasann lena fhocal i gcúrsaí gnó agus araile, agus go bhfuil masla tugtha ag an duine eile dó. Dá bhrí sin, níl éinne sásta géilleadh.
B’fhéidir go bhfuil ceart agus mícheart ar an dá thaobh agus gur cuma leis an chuid eile againn go bhfuil lucht airgid in adharca a chéile. Ach, tá rud amháin soiléir, is é sin go bhfuil cúrsaí spóirt millte uair amháin eile ag airgead agus saint agus nach bhfuil sa scéal seo faoin mbainisteoir ach sampla amháin eile den “Capallology” a bhaineann le cúrsaí spóirt uaireanta!
Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann sé amhráin fós. Ceapadh é mar dhuine de roghnóirí iománaíochta Bhaile Átha Cliath ag deireadh 2003.