CÚRSAÍ SPÓIRT
Easpa bonn na nÉireannach sna Cluichí Oilimpeacha ina cúis díomá
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

D’éirigh go dona le hiomaitheoirí na hÉireann ag na Cluichí Oilimpeacha i mbliana arís agus níl Colm Mac Séalaigh dóchasach go dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí san am atá romhainn ach oiread.

Íomhá
Íomhá
Cian O'Connor, ar éirigh leis bonn óir a bhuachan d'Éirinn
Íomhá
Beidh sé i gcónaí deacair ag lúthchleasaithe Éireannacha an ceann is fearr a fháil ar lúthchleasaithe na hAfraice

Ta an t-alt seo á scríobh agam agus na Cluichí Oilimpeacha faoi lán seoil. Gach ceathrú bliain, i gcathair mhór éigin, eagraítear an fhéile spóirt is mó ar domhan. B’fhéidir go mbíonn níos mó daoine ag tabhairt airde ar Chorn Sacair an Domhain, ach is cinnte gur ag na Cluichí Oilimpeacha atá an t-aicsean, an dráma, an t-iontas agus an éagsúlacht is mó maidir le cúrsaí spóirt.

Trí mheán na teilifíse, bímíd ag breathnú ar spóirt nach dtabharfadh mórán daoine aird ar bith orthu de ghnáth, spóirt ar nós tumadóireachta, eitpheil trá agus gleacaíochta. Déanaimid iontas de cé chomh lúfar agus chomh haclaí is a bhíonn na lúthchleasaithe, na snámhaithe, na gleacaithe agus araile. De bharr na teilifíse, idir na pictiúirí agus thráchtaireacht na saineolaithe, foghlaimid a lán faoina spóirt éagsúla. Daoine nár imir ach spórt nó dhó riamh ina saol, nó spórt ar bith, fiú, is gearr gur saineolaithe iad féin, ar feadh coicíse ar aon nós, ar gach cineál spóirt ar domhan. Is mór an spórt iad na Cluichí Oilimpeacha gan dabht ar bith!

Anseo in Éirinn, agus muid ag breathnú ar fhir agus ar mhná as tíortha éagsúla ar fud an domhain ag buachaint bonn ag na Cluichí Oilimpeacha, bíonn díospóireacht mhór againn faoi na cúiseanna nach mbuann Éireannaigh aon bhonn ach fíorchorr uair. Pléitear é seo sna meáin náisiúnta go léir, istigh i bpubannaí, ag stáisiún an Luais, ar ghalfchúrsaí, in oifigí agus i mórán áiteanna eile nach iad. Bhí an tAire Spóirt faoi agallamh níos mó ná uair amháin in aghaidh an lae le gairid chun ceisteanna a fhreagairt faoin gceist fhíor-thromchúiseach seo.

Chomh fada siar agus is cuimhin liom féin, tá lagiarrachtaí na nÉireannach ag na Cluichí Oilimpeacha (cé is moite de dhornán beag eisceachtaí iomráiteacha ar nós Ronnie Delaney, Michael Carruth, John Treacy, Dr. Pat O’Callaghan, Sonia O’Sullivan agus araile) ina údar aighnis agus argóna agus míshástachta, ach thugas faoi deara freisin thar na blianta nach leanann an plé i bhfad thar cúpla lá tar éis do na Cluichí Oilimpeacha a bheith thart.

I ndáiríre, ní dóigh liom go bhfuil oiread suime againne in Éirinn sa spórt i gcoitinne is a cheapaimid. Tá ár spéis sa spórt teoranta go maith. Ní gá ach cuimhneamh ar an méid a bhíonn sna páipéir faoi na cluichí Gaelacha, faoi shacar Shasana, faoi rugbaí agus faoi rásaí capall i gcomórtas leis an méid a scríobhtar faoi lúthchleasaíocht, leadóg, dornálaíocht, cispheil agus na spóirt eile ar fad a thagann inár láthair gach ceathrú bliain.

Sílim gur 49 duine a chuaigh go dtí an Aithin i mbliana thar ceann na hÉireann agus, é seo á scríobh, níor éirigh ach le duine amháin acu aon ghaisce mór a dhéanamh, is é sin Cian O’Connor san eachléim. Dar ndóigh, ní hiad na boinn is tábhachtaí ná an bua ach páirt a ghlacadh, do dhícheall a dhéanamh agus iomaíocht go cróga agus go féaráilte, de réir fhealsúnacht bhunaitheoirí na gCluichí Oilimpeacha nua-aimseartha. Ach, dáiríre, is é an bua atá ag teastáil ó gach iomaitheoir agus go minic tá siad sásta rud ar bith a dhéanamh chun an bonn a ghnóthú. Ar an gcúis sin, dealraíonn sé go bhfuil drugaí anois mar chuid lárnach den ullmhúchán a dhéanann cuid mhór dena lúthchleasaithe, Éireannaigh ina measc.

Fadhb na ndrugaí

Is minic pléite fadhb na ndrugaí sa spórt. Rud amháin a déarfaidh mé faoi sin an uair seo. Tá sé tugtha faoi deara agam le déanaí go bhfuil corralt á scríobh ina bhfuil an cás ar son drugaí déanta toisc nach féidir iad a ruaigeadh as an saol. Dá mbeadh cead, de réir argóna amháin, beadh an pháirc níos cothroimhe sa mhéid is go mbeadh an seans céanna ag gach lúthchleasaí a chumas a fhorbairt.

Faoi mar atá, más den chine gorm thú ó réigiúin arda na hAfraice tá buntáiste mór agat mar go bhfuil níos mó ceall dearg i do chuid fola agus go gcuidíonn sin leat bheith níos tapúla etc. tríd an ocsaigin a sheoladh níos tapúla tríd an gcorp. Nuair a fheiceann tú reathaithe na hAetóipe, cuir i gcás, ag rith l0,000 méadar gan stró ar bith tuigeann tú nach mbeadh seans ag Éireannach ina gcoinne dá fheabhas é. Ach dá mbeadh cead ag an lucht geal drugaí a úsáid, mar shampla EPO, druga a mhéadaíonn ar líon na gceall dearg san fhuil, b’fhéidir go mbeidís in ann dul in iomaíocht le muintir na hAfraice agus an cine gorm i gcoitinne.

Ar eagla na míthuisceana, nílim ag moladh dul síos an bóthar áirithe sin ach aontaím leo sin a deir go bhfuil íomhá románsuil an spóirt millte de bharr úsáid drugaí agus de bharr amhrais i leith gach lúthchleasaí, geall leis, a bhuann craobh Oilimpeach. An fhadhb go bunúsach ná nach fios cé tá agus cé nach bhfuil ag glacadh substaintí a chuidíonn leo dul chun cinn a dhéanamh.

Ach, ag filleadh arís ar “fhadhb” na hÉireann, táim ag éisteacht le fada leis na hargóintí éagsúla faoi easpa cumais na n-iomaitheoirí ón tír seo i gcomórtas leis na lúthchleasaithe is fearr ar domhan. Agus cúrsaí mar atá, ní fhéadfaimis bheith ag súil lena mhalairt, dar liom. Tá mórán cúiseanna leis an scéal a bheith amhlaidh. Seo cuid acu:

Is tír bheag í Éire atá scoite amach ó Mhór-Roinn na hEorpa. Go dtí deich mbliana ó shin, ba í an deoraíocht an t-aon rogha a bhí ag cuid nach beag d’aos óg na tíre agus lean an daonra ag titim go dtí na 1960í, ó lár an 19ú haois. Is cinnte nár chabhraigh sin le forbairt na spórt Oilimpeach sa tír.

An dara pointe ná gurb iad na cluichí Gaelacha príomhspóirt na tíre ó thaobh rannpháirtíochta de. Ní heol dom aon tír eile ar domhan ina bhfuil dhá spórt á n-imirt ag tromlach na ndaoine nach spóirt idirnáisiúnta iad. Seans go raibh agus go bhfuil fir óga (agus le roinnt blianta, ó thosaigh Peil na mBan, mná óga freisin) a bheadh an-mhaith ag spóirt eile ach nár chuireadar aon suim iontu nó nár tugadh spreagadh ar bith dóibh iad a thriail. Dá bhrí sin, tá cuid mhaith den mhilleán ar an gCumann Lúthchleas Gael nach bhfuil Éireannaigh ag déanamh go maith ag na Cluichí Oilimpeacha!

Dar ndóigh, tá spóirt eile an-láidir sa tír seo freisin, mar atá sacar, rugbaí, galf agus rásaí capall, agus tá foirne agus daoine aonair an-ábalta dul ag iomaíocht go hidirnáisiúnta sna spóirt sin. Ach an fáth is mó, dar liom, nach bhfuil Éire láidir ag na spóirt Oilimpeacha ná easpa cur chuige. Nílim ag tagairt anseo do na lúthchleasaithe iad féin, mar creidim go ndéanann siad an-iarracht ar fad agus íobairtí móra freisin chun iad féin a ullmhú do na cluichí Oilimpeacha agus do na comórtais eile idirnáisiúnta. Go simplí, tá Éire taobh thiar de mhórán mór de na tíortha eile ó thaobh áiseanna spóirt agus na seirbhísí éagsúla atá riachtanach chun fir agus mná a thraenáil agus a ullmhú i gceart. Tá gá le pleanáil cheart, réalaíoch. Tá gá le saineolas den chéad scoth agus traenálaithe agus oiliúnóirí den scoth freisin. Tá gá le hionaid chearta chun an traenáil a dhéanamh. I mbeagán focal, tá gá le hinfheistíocht ollmhór in áiseanna agus i seirbhísí spóirt má tá fonn ar bith orainn dul in iomaíocht ar an stáitse mór.

Is gá tosnú le daoine ag aois an-óg agus réimse spóirt a chur os a gcomhair. Is gá na daoine óga sin a léiríonn suim agus cumas a threorú, aire a thabhairt dóibh, traenáil cheart a thabhairt dóibh, cabhrú leo forbairt mar dhaoine agus mar lúthchleasaithe agus iad a threorú i dtreo na spórt a bhfuil luí acu leo. I bhfocail eile, tá gá le córas bunaithe ar an gcóras oideachais, is é sin áiseanna a bheith i ngach scoil sa tír agus oiliúnóirí/múinteoirí speisialta chun na gasúir a oiliúint i gceart.

Toil pholaitiúil

Chun é seo a bhaint amach tá gá le toil pholaitiúil agus cinnireacht pholaitiúil. Is deacair a bheith dóchasach, áfach. Níl aon staid náisiúnta ann, in ainneoin caint a bheith ann faoi leis na blianta anois. Tá linn snámha Oilimpeach againn anois tar éis blianta fada de throid agus de bhrú ó lucht snámha. Cuir sin i gcomparáid leis Danmhairg, tír atá leath chomh mór leis an tír seo agus a bhfuil daonra mar an gcéanna aici, ach a bhfuil 50 linn snámha Oilimpeach aici!

Aon scoil a bhfuil halla spóirt ceart inti tá seans maith gur trí iarrachtaí tuismitheoirí níos mó ná polaiteoirí a tógadh é. Níl córas spóirt náisiúnta againn. Tá Institiúid Náisiúnta Spóirt san Astráil le 25 bliain agus toradh dá réir. Tá CLG ag déanamh a lán ar son daoine óga agus a mbaill go léir. Tá lucht sacair agus rugbaí i gcruachás mór, gan staid cheart acu dá gcluichí móra, cé go bhfuil an-éileamh ar na cluichí céanna.

Tugann ár rialtas neart cúnaimh don spórt nuair a fheileann sin ach cá bhfuil an bhéim á cur? Capaill rása agus galf cuid mhaith. Shílfeá go mbeadh sé mar thosaíocht ag ár rialtais cabhrú le daoine fásta agus lucht gnó ó thaobh spóirt de. Níl an bhéim san áit cheart. An áit cheart ná an óige - mol an óige, etc. - ach tá gá le níos mó ná moladh. Tá gá le córas, struchtúr, oiliúint, áiseanna agus airgead. Infheistíocht an-chiallmhar a bheadh ann dá gcaithfí na billiúin euro ar fud na tíre ar áiseanna spóirt ar nós linnte snámha agus hallaí ina bhféadfaí gach saghas spóirt a chleachtadh. Laghdódh sin ar fhadhbanna iompair i measc daoine óga de bharr alcóil, etc. Chuirfeadh sé ar fáil deiseanna nach bhfuil ann faoi láthair, rud a chuideodh le sláinte an phobail, agus chuirfí go mór le caighdeán maireachtála daoine ar fud na tíre.

É sin ar fad ráite, creidim go bhfuil tús áirithe déanta ó bunaíodh an Chomhairle Náisiúnta Spóirt agus go bhfuil Aire Spóirt mar chuid den Rialtas le tamall de bhlianta anuas. Ach tógfaidh sé pleanáil shamhlaíoch, chruithaitheach ón rialtas agus ó ghrúpaí eile chun an caighdeán a ardú.

Tuar dóchais amháin, áfach, ná clann na n-imirceach nua atá ag teacht isteach sa tír seo le tamall de bhlianta agus atá ag teacht i gcónaí, go mbeidh siadsan ábalta an fód a sheasamh ar son na hÉireann ag na Cluichí Oilimpeacha amach anseo!

Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann sé amhráin fós. Ceapadh é mar dhuine de roghnóirí iománaíochta Bhaile Átha Cliath ag deireadh 2003.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.