CÚRSAÍ SPÓIRT
Córais lochtacha is gá a athrú
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Tá Colm Mac Séalaigh go láidir den tuairim go bhfuil cuid mhór de na córais agus rialacha atá ag Cumann Lúthchleas Gael thar a bheith lochtach.

Íomhá
Íomhá
Íomhá

Deirtear nach bhfuil saoi gan locht agus níl córas gan locht ach oiread. Fiú an córas daonlathach, is féidir go leor lochtanna a fháil air, ach is dóigh gur fearr é ná mórán córas eile maidir le leas an chine dhaonna a chur chun cinn.

Is eagraíocht dhaonlathach é Cumann Lúthchleas Gael (CLG), rud a chiallaíonn gur féidir le ball ar bith den eagraíocht rún nó moladh a chur chun cinn le plé ag léibhéil éagsúla na heagraíochta: an club, coiste an chontae agus an Chomhdháil Náisiúnta. Amannta is míbhuntáiste é an córas daonlathach seo toisc go mbíonn athruithe tábhachtacha mall ag teacht i bhfeidhm, ach is gné thábhachtach é freisin den CLG toisc go dtugann sé úinéireacht an chumainn do na gnáthbhaill, agus ar an gcaoi sin Cumann Lúthchleas Gael a choinneáil láidir sa phobal.

Ach, mar a dúirt an té a dúirt, tá an daonlathas go breá nuair a oibríonn sé, agus is údar frustrachais é nuair nach n-oibríonn.

I gcúrsaí spóirt i gcoitinne tá mórán córas in úsáid, cuid acu atá go maith agus cuid eile atá lochtach. Mar shampla, cén chaoi is fearr agus is féaráilte le toradh a fháil ar chluiche nuair atá dhá fhoireann ar comhscór agus am breise thart. Sa sacar tá cúl órga agus ciceanna éirice in úsáid ach ní thaitníonn an córas sin le mórán.

Maidir le cluichí iomána agus peile a chríochnaíonn ar comhscór, mholfainn go n-imreofaí am breise an chéad uair a tharlaíonn sé seachas athimirt a bheith ann. Tá cúpla fáth agam leis an moladh seo. Ceann acu ná go mbíonn ganntanas dátaí a bhíonn saor le haghaidh cluichí breise agus toisc go bhfuil sé an-chostasach ar dhaoine filleadh arís chun cluiche athimeartha a fheiceáil.

Fiú má chríochnaíonn Cluiche Ceannais na hÉireann ar comhscór sa ghnátham, ba chóir am breise a imirt láithreach ar mhaithe leis an lucht leanúna atá tar éis taisteal aistear fada ar chostas mór, cuid mhaith. Dar ndóigh, déanann cluiche aithimeartha neart airgid bhreise don CLG ach ní cóir é sin a chur san áireamh. Sílim gurbh fhearr le himreoirí freisin dá mbeadh toradh ar an lá seachas iarracht mhór eile a bheith le déanamh acu seachtain nó dhó ina dhiaidh sin. Go minic, is í an fhoireann is measa a mbíonn an t-ádh leo an chéad lá a fhaigheann an bua an dara lá, rud nach bhfuil sásúil ach oiread.

Córas an chúldorais

Sa CLG, tá córais éagsúla eile i bhfeidhm atá an-mhíshásúil. Ceann acu sin ná córas an chúldorais, córas a scaoileann foirne áirithe ar ais sa Chraobhchómórtas ach nach scaoileann foirne eile. I mbliana, cuir i gcás, bhí dhá fhoireann sa Chraobhchomórtas iomána nach bhfuair an dara seans - Port Láirge agus Loch Garman. An bhfuil sé sin féaráilte nuair a fuair gach contae eile an dara seans i ndiaidh dóibh a bheith buailte? Cén fáth nach bhfuaireadar an dara seans? Is é an freagra ar an gceist sin is dóigh ná toisc gur bhuadar craobh a gcúige. Anuas air sin b’éigean dóibh fanacht sé seachtainí idir craobh na cúige agus cluiche leathcheannais na hÉireann fad agus a bhí a bhfreasúra (Cill Chainnigh agus Corcaigh) ag fáil neart cleachtadh breise trí chóras an chúldorais. Níl an córas sin ceart ná cóir, dar liom.

réiteach simplí ar an éagothroime seo. Tae éis na gcluichí idir Corcaigh agus Loch Garman, agus Port Láirge agus Cill Chainnigh, ba chóir go dtárlódh seo: Corcaigh v Cill Chainnigh agus Loch Garman v Port Láirge mar chluichí leathcheannais. Ní fhéadfadh gearán a bheith ag Cill Chainnigh ná Corcaigh faoi seo mar fuaireadar féin seans eile agus bheadh curaí craoibhe amháin ar a laghad i gCraobh na hÉireann. Níl an córas mar atá ceart ná cothrom do na contaetha a bhuann Craobh na Mumhan agus Craobh Laighean. Bua eile a bhaineann leis an gcóras atá á mholadh agam ná go mbeadh dhá mhórchluiche iománaíochta breise ar an bhféilire, rud a dhéanfadh an cóimheas de chluichí iomána agus peile “beo” ar an teilifís níos cothroime.

Córas na gcártaí

Córas eile atá lochtach, dar liom, is ea córas na gcártaí. Ó tháinig na cártaí i bhfeidhm tá neart de na cártaí buí feicthe againn Domhnach i ndiaidh Domhnaigh. Ach céard a chiallaíonn siad? Cén pionós a chuirtear ar imreoir a dtaispeántar cárta buí dó 3 nó 4 uair i gcluichí as a chéile? Pionós ar bith, is cosúil. D’fhéadfadh leath-thaca láir, cuir i gcás, an chalaois chéanna (mar shampla tosach ag dul tríd chun cúl a scóráil a tharraingt síos ar mhaithe le cúl a stopadh) gach Domhnach agus dálach i rith na bliana agus gan pionós ar bith a fhulaingt dá bharr. Seans gur laoch a bheadh ann fiú toisc gur stop sé an fhoireann eile ag scóráil.

Is éard ba chóir a dhéanamh i gcás an chárta bhuí ná 10 nóiméad sosa ar an taobhlíne a bhronnadh láithreach ar imreoir a fhaigheann cárta buí, móide tréimhse fionraíochta, ag brath ar dhonacht na calaoise a bheadh déanta aige. Mholfainn gan an cárta dearg a úsáid ach go hannamh, is é sin nuair a dhéanann imreoir feall chomh dona sin go gcuireann sé imreoir eile as an imirt ar fad. Faoi mar atá, tá an pheil Ghaelach go mórmhór, agus an iomáint cuid den am, millte ag tarraingt, brú, sracadh, iomrascáil agus a leithéid, agus gan de phionós ach cic/poc saor bronnta ar an bhfreasúra.

Dáiríre, go dtí go mbíonn sé soiléir go n-íocfaidh imreoirí praghas daor as calaois “ghairmiúil” nó “chiniciúil”, ní bheidh rath ar an bpeil Ghaelach. Mar atá cúrsaí anois, agus le fada, is fiú geansaí a tharraingt etc. Agus is in olcas atá an nós ag dul toisc nach scaoileann imreoirí leis an gcaid láithreach ach í a iompar agus a choinneáil go dtí go bhfuil deis í a thabhairt de phas láimhe chuig ball foirne eile, agus toisc nach mbuailtear cic ar liathróid go dtí go bhfuiltear 20 méadar ó chúl an fhreasúra.

Níl an iomáint chomh holc ach tá sí ag dul síos an bóthar céanna toisc an bhéim atá ar sheilbh a fháil ar an sliotar in áit é a thiomáint go tapa ar an talamh nó ón chamán. Tá neart stracadh agus tarraingt i gcluichí iomána anois toisc go bhfuil sórt dualgais ar gach imreoir an sliotar a fháil ina láimh agus dul ar ruathar aonair. An fhoireann deiridh a d’imir fíoriomáint ná Uíbh Fháilí circa 2001. Anois, an meon atá ann ná “stop an fear, ní an sliotar”.

Chuirfeadh 10 nóimeád ar an taobhlíne do gach cárta buí deireadh leis an meon sin, dar liom. Tá na fir chrua i réim rófhada - is gá iad a ruaigeadh!

Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann sé amhráin fós. Ceapadh é mar dhuine de roghnóirí iománaíochta Bhaile Átha Cliath ag deireadh 2003.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.