CÚRSAÍ SPÓIRT
Leabhar faoi Chumann Lúthchleas Gael atá difriúil
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Tearmann is ea Cumann Lúthchleas Gael do mhuintir na hÉireann: sin a deir Éamonn Mac Suibhne ina leabhar nua faoin mbóthar go Páirc an Chrócaigh. Léigh Colm Mac Séalaigh an saothar le gairid.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá

Tá aithne agam ar dhaoine a théann go dtí cluichí móra na gCraobhchomórtas Peile agus Iomána ar fud na tíre, cuma cé na foirne atá ag imirt. Tá sé seo fíor go speisialta i gcás cluichí iomána Chraobh na Mumhan. Téann lucht leanúna na hiomána, murab ionann agus lucht tacaíochta contae, go dtí na cluichí móra iomána gan teip chuile bhliain. Is cineál aistir spioradálta dóibh é freastal ar chluiche Ceannais Iomána na Mumhan. Tagann na hoilithrigh seo ó Aontroim, ó Longfort, ó Áth Cliath, ó Chill Dara, is é sin ó gach aird den tír, gan teip gach samhradh go Páirc Uí Chaoimh, Staid Semple nó Páirc na nGael. Trí chineál *Mecca *iad na hionaid sin.

Meallann traidisiún, draíocht, agus atmaisféar na n-ócáidí iad, gan trácht ar ndóigh ar scileanna agus luas dochreidthe na hiomána nuair a bhíonn sí á himirt ag na himreoirí is fearr. Téann cuid acu chun imreoirí ar leith a fheiceáil. Deirtear go mealladh Criostóir Ó Rinn na mílte breise daoine, cuma cén áit nó cén ócáid a bhí i gceist. Cé nach bhfuil aon “Ringy” ann anois, fós meallann Craobhchomórtas na Mumhan na mílte duine as lasmuigh de na contaetha a bhíonn san iomaíocht.

Tá an méid sin fíor i gcás cluichí móra peile agus iomána eile freisin ach ní ag an leibhéal céanna. Le fírinne, bímse in éad leo sin a bhfuil sé d’acmhainn agus de shaoirse acu seolta a chrochadh maidin Dé Domhnaigh (nó, níos fearr fós, maidin Dé Sathairn) agus aghaidh a thabhairt seachtain i ndiaidh seachtaine i rith an tsamhraidh ar cheann de mhórionaid Chumann Lúthchleas Gael ar fud na tíre.

Dar ndóigh, tá an t-ádh orainn inniu go bhfuil ar ár gcumas formhór na gcluichí is mó a fheiceáil beo ar an teilifís gach deireadh seachtaine, a bhuíochas sin do RTÉ agus TG4. Ach, is fearr a bheith i láthair ag an ócáid chun an t-atmaisféar agus an teannas a bhrath, agus an chraic roimh agus i ndiaidh na gcluichí ar na sráideanna, sna pubanna agus sna hóstáin a bhlaiseadh.

Éinne a bhfuil dúil aige san ócáid go léir, murab ionann agus an cluiche lom a fheiceáil ar an teilifís, agus nach bhfuil sé d’ádh air bheith i láthair, d’fhéadfadh sé The Road to Croker le hÉamonn Mac Suibhne (Hodder Headline Ireland) a cheannach agus a léamh ar a shuaimhneas. Is saoire go mór an leabhar a cheannach dár ndóigh ná an costas a bheadh ar dhuine freastal ar gach cluiche mór ar fud na tíre, agus is é sin atá déanta ag Éamonn Mac Suibhne dúinn sa leabhar seo.

Seo leabhar a mbainfeadh aon duine atá creaiceáilte faoi chluichí na nGael an-taitneamh as. Agus an té nach dtuigeann cén fáth go mbíonn céadta míle de mhuintir na hÉireann i ngreim ag na cluichí, gheobhaidh sé léargas ar mheon agus ar phaisean an phobail i dtaca leis na cluichí sin.

Ag taisteal na tíre

Is éard atá mar ábhar don leabhar seo ná Craobhchomórtais Iomána agus Peile na bliana 2003 mar a chonaic Éamonn Mac Suibhne iad. Chaith sé samhradh 2003 ag taisteal na tíre agus ag freastal ar chluichí peile agus iomána. Déanann sé scrúdú ar céard a spreagann muintir na hÉireann chun Staid Semple, Cluain Eois, Páirc Uí Mhórdha agus araile a líonadh ar chostas nach beag chun tacaíocht fhíochmhar, ghlórach a thabhairt dá gcontae dúchais.

Is duine den “treibh” an Suibhneach féin ó bhí sé an-óg. Rugadh agus tógadh é i Sligeach ach is as Cill Chainnigh dá athair agus Indreabhán i gConamara dá mháthair. Ar nós na mílte eile agus é ag fás aníos, thug a athair é go dtí cluichí móra de gach saghas, go mór mór i gCúige Chonnacht, agus chuig na cluichí iomána, go mór mór agus Cill Chainnigh ag imirt. Tá an tír siúlta aige féin ó shin mar iriseoir agus mar fhanaiceach spóirt agus tá peann curtha le pár aige chun cuntas a thabhairt dúinn, ní hamháin ar na cluichí ar fhreastail sé orthu, ach ar dhaoine a casadh dó, eachtraí a tharla dó, scéalta a insíodh dó agus amhráin a canadh dó.

Is cuntas an-ghreannmhar é in áiteanna agus tá sé daonna, inléite agus spéisiúil tríd síos. Tugann an t-údar muid i láthair an ghnáthlucht leanúna ar na hardáin, sna clubthithe, sna beáir agus ar na sráideanna roimh, le linn agus tar éis na gcluichí.

Chomh maith leis na scéalta grinn agus na heachtraí aisteacha, na himreoirí iontacha agus na hagallaimh spéisiúla, tá cur síos sa leabhar freisin ar na nithe sin nach bhfuil go deas agus gur údar náire iad don tír agus don Chumann. Sampla de sin ná an t-ólachán gan smacht atá feicthe aige tar éis cluichí, go háirithe i measc daoine óga. Tá cur síos sa leabhar ar eachtra amháin dá leithéid a tharla ar thraein a bhí ag iompar lucht leanúna abhaile tar éis Cluiche Ceannais na Mumhan agus an chaoi ina raibh fir óga a bhí ar meisce ag caitheamh maslaí ciníocha le heachtrannaigh a bhí ar an traein.

Luann sé, dar ndóigh, nach go minic a tharlaíonn a leithéid sin agus gur fórsa chun maitheasa atá i gCumann Lúthchleas Gael tríd is tríd. Léiríonn an Suibhneach gur eagraíocht an-eisceachtúil agus an-tábhachtach é CLG do mhuintir na hÉireann agus mura mbeadh sé ann gur deacair a shamhlú céard a thógfadh a áit.

Léiríonn sé é seo le scéalta faoi chlubanna beaga ar fud na tíre agus an obair dhian atá ar siúl ag daoine go deonach chun na seirbhísí don phobal chomh maith leis na cluichí iad féin a fhorbairt agus na traidisiúin a chaomhnú. Tugann sé léargas ar an mbród mór, millteach a bhíonn ar mhuintir paróiste bhig nuair a roghnaítear duine dá gcuid ar fhoireann an chontae agus go háirithe má bhíonn siad ag imirt i gCluiche Ceannais na hÉireann.

Eachtraí tromchúiseacha

Chomh maith leis an méid sin thuas, pléann an Suibhneach eachtraí tromchúiseacha ar nós stailc iománaithe Chorcaí ag tús na bliana 2003, ceist íocaíochta agus urraíochta d’imreoirí agus staid na hiomána. I gcás na hiomána, cuireann sé an cheist is cóir a chur ar Chumann Lúthchleas Gael: cén fáth, 120 bliain tar éis bhunú an Chumainn, nach bhfuil an iománaíocht á himirt go forleathan taobh amuigh de na limistéir chéanna ina raibh sí láidir in 1884? Cuireann sé staid na hiomána i gcomparáid le staid na Gaeilge. Is breá le muintir na hÉireann go bhfuil siad ann, ach Béarla a labhraíonn agus peil a imríonn formhór an daonra formhór an ama.

An bhfuil teipthe ar Chumann Lúthchleas Gael mar sin? I gcomórtas le staid na Gaeilge agus na hiomána, déanann an Suibhneach an pointe gur éirigh le Comhaltas Ceoltóirí Éireann soiscéal an cheoil a chraobhscaoileadh i ngach cúinne den tír in ainneoin go raibh an ceol traidisiúnta Gaelach beagnach ar tí bás a fháil sna l950í. B’fhéidir go bhfuil ceacht ansin.

Tá go leor ábhar machnaimh agus díospóireachta sa leabhar seo ag Éamonn Mac Suibhne agus is leabhar an-taitneamhach é. Mar atá scríofa ar an gclúdach cúil, seo leabhar faoi Chumann Lúthchleas Gael atá difriúil.

Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann sé amhráin fós. Ceapadh é mar dhuine de roghnóirí iománaíochta Bhaile Átha Cliath ag deireadh 2003.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.