CÚRSAÍ SPÓIRT
Tá an-fhiúntas ag baint le Gradaim na Réaltaí
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Cothaíonn Gradaim na Réaltaí go leor conspóide gach bliain ach tá Colm Mac Séalaigh go mór i bhfábhar na scéime.

Íomhá
Gradam Réalta á bhronnadh ar an iománaí John Mullane as Port Láirge sa bhliain 2003
Íomhá
Brian Whelehan as Uíbh Fháilí - fágadh ar lár é 'trí thimpiste'
Íomhá

Gach bliain sa scoil s’againne fógraítear réaltaí peile agus iomána na bliana agus bronntar plaiceanna ar na buaiteoirí ar an lá a bhronntar duaiseanna eile na scoile. Is ócáid mhór í ag deireadh na scoilbhliana agus bíonn an-dúil ag na buachaillí duais réalta a bhaint amach. Tugann sé aitheantas agus stádas dóibh agus dá gcuid iarrachtaí i rith na bliana. Is mór an gaisce, dar ndóigh, réalta peile agus iomána a ghnóthú an bhliain chéanna agus tarlaíonn sé sin ó am go ham. Cé is moite de “Imreoir na Bliana”, níl aon ghradam níos fearr ná réalta.

Dar ndóigh is aithris ghlan iad réalta peile agus iomána na scoile ar na Gradaim Réaltaí Peile agus Iomána a bhronntar gach bliain ar imreoirí sinsearacha idirchontae Chumann Lúthchleas Gael (GLG). Níl dabht ar bith ach gur smaoineamh é seo ar éirigh thar barr leis ó bunaíodh é i measc imreoirí, lucht tacaíochta, lucht urraíochta agus lucht nuachtán agus teilifíse. Bíonn ócáid bhronnta na Réaltaí ar na hócáidí is mó spóirt i rith na bliana lasmuigh d’imirt na gcluichí féin. Bíonn maithe agus móruaisle lucht CLG, teilifíse agus raidió, nuachtán agus gnó i láthair agus de ghnáth craoltar an ócáid beo ar RTÉ. (Is mór an trua nach mbíonn úsáid na Gaeilge mar chuid lárnach den ócáid phoiblí náisiúnta seo, ócáid a d’fheilfeadh go mór d’úsáid na teanga agus an oiread sin dá lucht labhartha gafa leis na cluichí Gaelacha.)

Thosaigh na Réaltaí i l971. Tuairisceoirí ar chluichí Gaelacha ag an am a chuir an smaoineamh chun cinn (bhí gradaim an-chosúil leis na Réaltaí ag an *Irish Gaelic Weekly *sna l960í). Ba iad na hiriseoirí a bhailigh le chéile agus a chuir an plean i dtoil a chéile ná Paddy Downey, John D. Hickey, Pádraig Puirséal agus Mick Dunne. Rinne siad teagmháil le comhlacht toitíní PJ Carroll & Co a bhí i mbun urraíochta ar Chomórtas Seachtar-an-Taobh a bhí á eagrú ag Cumann Peile na hOllscoile, Áth Cliath. Chuir lucht PJ Carroll an-suim sa scéim nua agus chuaigh na hiriseoirí ansin i dteagmháil le Rúnaí CLG ag an am, Seán Ó Síocháin. Ba ghearr ina dhiaidh sin go raibh beannacht oifigiúil CLG ag an scéim agus b’fhadradharcach an cinneadh é mar tá fógairt na Réaltaí Peile agus Iomána gach bliain ar na hócáidí spóirt is mó sa tír.

Fógraíodh an chéad fhoireann Réaltaí i nDeireadh Fómhair l971 - an fhoireann iománaíochta - agus fógraíodh an fhoireann pheile cúpla seachtain ina dhiaidh sin. Tionóladh an chéad Fhleá (ócáid bhronnta) ar an 15 Nollaig l971; ócáid an-ghalánta a bhí inti agus leagadh síos an gnás don ócáid nach bhfuil mórán athrú uirthi ó shin.

Bunaíodh coiste roghnaithe i measc iriseoirí agus craoltóirí spóirt agus bunaíodh coiste stiúrtha freisin chun rialacha agus nósanna imeachta a leagan síos don scéim.

Conspóid

Ón gcéad lá, ní nach ionadh, bhí conspóid ag baint le cinntí na roghnóirí agus is féidir a rá gur cuid de bhua na scéime ó shin an chonspóid chéanna. An chéad bhliain sin, bhí go leor daoine ag clamhsán faoin bhfoireann pheile, go mór mór toisc nár roghnaíodh Mícheál Ó Conaill agus Mícheál Ó Duibhir as Ciarraí. Bhí an bheirt Mícheál ar na peileadóirí ab fhearr ina ré féin nó i ré ar bith, ach ní raibh áit dóibh ar an gcéad fhoireann Réaltaí!

Is iomaí argóint agus díospóireacht a spreag na Réaltaí ó shin agus is féidir a rá go líonann an fhoireann a roghnaítear gach bliain bearna mhór ó thaobh cluichí idirchontae i míonna dorcha an gheimhridh. Dar ndóigh, ar nós gach conspóid dá leithéid, ligtear i ndearmad na hargóintí agus na heasaontais a luaithe is a thosaíonn an séasúr nua tar éis na Nollag, ach amháin, b’fhéidir, i measc imreoirí a cheapann go raibh an gradam tuillte acu ach nach bhfuair é. Is minic iadsan ag obair níos déine ina dhiaidh le rudaí a chur ina gceart, dar leo féin.

Is dóigh gurbh é an chnámh spairne is mó ar feadh i bhfad ná an riail maidir le sportúlacht. Is éard a bhí i gceist ná riail a dúirt nach bhféadfadh imreoir a bheith i dteideal an gradam a fháil dá gcuirfí den pháirc é i gcluiche ar bith i rith na bliana, fiú amháin sa tréimhse idir fógairt na foirne agus bronnadh na nduaiseanna.

Tharla, i rith na mblianta, gur ceileadh an gradam ar imreoir de bharr gur díbríodh den pháirc é i gcluiche club gan tábhacht agus chuir sin go leor daoine le báiní. Ar deireadh athraíodh an riail, ach cuirtear sportúlacht an imreora san áireamh i gcónaí nuair atá an fhoireann á roghnú. Bhí ócáidí ann freisin nuair a fágadh imreoirí ar lár “tré thimpiste”. Tharla sin i gcás Brian Whelehan i 1994, iománaí a roghnaíodh ar fhoireann an chéid ina dhiaidh sin. Fágadh ar lár é i l994 de bharr locht sa chóras ballóide faoi rún, ach an bhliain chéanna sin, roghnaigh na himreoirí é mar “Imreoir na Bliana” agus ba é an rogha leis do dhuais Texaco, “Iománaí na Bliana"!

Gné eile de scéim na Réaltaí a thug uchtach agus spreagadh d’imreoirí ná turas na Réaltaí. Is go Meiriceá a théidís sna blianta tosaigh agus suas go dtí na l990í. D’imrítí cluichí taispeántais i gcathracha Mheiriceá Thoir, Thiar, Thuaidh agus Theas. D’fhanadh na himreoirí le lucht tacaíochta i Meiriceá sna blianta tosaigh ach ba ghearr gur socraíodh ar lóistín in óstáin a chur ar fáil dóibh. “Duais” iontach eile gan dabht. Le roinnt blianta anuas tá na foirne Réaltaí tar éis taisteal chuig ionaid eile timpeall an domhain agus cluichí taispeántais a imirt iontu - áiteanna ar nós Dubai, Buenos Aires, agus Hong Kong.

Meas

Níl aon dabht faoi ach tá meas ag imreoirí ar ghradam Réalta - ní ar mhaithe le turas thar lear amháin, ach toisc go bhfuil an gradam tábhachtach ann féin. D’athraigh sé saol cuid de na buaiteoirí, go háirithe i gcás imreoirí as contaetha nár bhuaigh Craobh na hÉireann agus a bhí dá bhrí sin mar réaltaí breise ina gcontae agus ina bparóiste féin.

Insíonn Liam Dunne (Loch Garman) an scéal go maith ina leabhar I Crossed the Line faoin gcéad ghradam Réalta a ghnóthaigh sé i l990. Ní raibh súil ar bith aige leis an ngradam, ach nuair a d’fhill sé abhaile i ndiaidh na hócáide (ní raibh an fhoireann fógartha roimh ré) ba gheall le réalta popcheoil é ina shráidbhaile féin, an tAbhallort, agus bhí ceiliúradh ag muintir an bhaile ar feadh seachtaine. Ní mór a rá nach raibh tada gnóthaithe ag an Abhalort le fada roimhe sin ná ag Loch Garman ach oiread.

Ar aon nós, is scéal iontach é scéal na Réaltaí agus tá mórán scéalta ag imreoirí faoi. Dá mbeadh locht amháin agam féin air, agus ní mian liom a bheith cáinteach, is é seo é: bronntar an iomarca duaiseanna ar imreoirí churaidh na hÉireann gach bliain. Gan dabht is iad curaidh na hÉireann an fhoireann is fearr gach bliain ach ní hionann sin agus a rá gur ábhar Réalta gach ball den fhoireann sin. Ba chóir go mbeadh na duaiseanna scaipthe níos forleithne ná sin. Is cinnte go dtugann imreoirí taispeántais iontacha ar fud na tíre i rith na bliana, go háirithe le cúpla bliain anuas agus an méid sin cluichí breise ann de bharr chóras an “chúldorais”.

Nílim cinnte go bhfuil súil ag na roghnóirí ar a dhóthain de na cluichí a imrítear agus go leathann an scéim an fhallaing sách fairsing. É sin ráite, tugaim tacaíocht iomlán don scéim agus guím gach rath uirthi.

Ar deireadh, moladh amháin a bheadh agam faoi na Réaltaí ná go ndéanfaí nasc ar leith idir an scéim agus Corn an Bhóthair Iarainn. Mholfainn go roghnófaí foirne cúige díreach i ndiaidh chluichí ceannais na hÉireann gach bliain, go n-imreodh na cúigí i gcoinne a chéile le haghaidh Chorn an Bhóthair Iarainn agus go roghnófaí na Réaltaí as na himeoirí sin a d’imreodh ar son a gcúige.

Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann sé amhráin fós. Ceapadh é mar dhuine de roghnóirí iománaíochta Bhaile Átha Cliath ag deireadh 2003.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.