Ní minic a fhaightear deis freastail ar athchóiriú den scéal An Béal Bocht, ach fuair Anne Marie Flanagan a deis sa Project Arts Centre. Tá sí den bharúil go bhfuil roinnt barrchleití amach fós ar an gcóiriú a rinne an compántas drámaíochta Blue Raincoat Theatre.
»»»Is cosúil gur díoladh áilleacht roinnt de shéadchomharthaí na Veinéise d’fhonn cúpla pingin a dhéanamh. Chuir Ciara Nic Gabhann spéis sa scéal.
»»»Na bunfhoinsí a shaibhríos caint an duine le friotail luachmhara dar le John-Paul Mc Carthy, agus chruthaigh Abraham Lincoln an méid sin.
»»»Cíorann John-Paul Mc Carthy san alt seo cuinge an bhreacshaoil a léirítear i leabhar Hugo Hamilton, The Speckled People agus i saothair eile nach é.
»»»D’éirigh foilsitheoirí an-éisealach le blianta anuas sa bhiaiste leabhar a chlóbhuailfidís, agus tá Gabriel Rosenstock den tuairim mar gheall ar an athrú iompair sin gur ‘gaire cabhair an fhéinfhoilsithe ná an doras’.
»»»Is scáthán den saol é an dráma láidir, The Matchbox, a léirigh Frank Mc Guinness den chéad uair an mhí seo caite. Bhí Tony Birtill ann agus thug sé taitneamh dó.
»»»Molann Pat Butler scannán as críocha na Rúise san alt seo. Aleksei Fedorchenko a cheap Silent Souls a chíorann ‘téagar nach feas dúinn i gcuimhne an chine ... cumhacht nach samhlaímid i dtiomantas an traidisiúin’.
»»»Tá an file faoi ghlas agus níl cead aon ní a bhreacadh ar bhalla, ar phár ná ar scáileán, i mbliana 2030, mar a thuigeann Gabriel Rosenstock go rímhaith is go ródhéanach.
»»»Léigh Ciara Nic Gabhann leabhar, A Sudden Sun le Dave Duggan, a iniúchann misneach an duine nuair a theagmhaíonn an tubaiste leis.
»»»Mar chloch ar charn Mháire Nic Suibhne-Brugha a scríobh Pat Butler an t-alt seo, alt a léireofas don ghlúin óig aníos blas éigin dá stuaim agus dá héirim uasal.
»»»D’fhreastail Ciara Nic Gabhann ar Fhéile na Meán Ceilteach i nDoire, féile inar tharraing Raidió na Gaeltachta agus Magamedia aird agus an-mholadh as a saothar le tamall anuas.
»»»Blaisín as leabhar le scríbhneoir aitheanta as na Scigirí atá ag Gabriel Rosenstock anseo.
»»»Glacann Pat Butler le cur chuige ‘draoi na síorghluaiseachta’, Sorrentino, agus molann sé dúinn é a fheiceáil.
»»»Is cleasach an ealaín an t-airgead, mar is eol dúinn anois, ach is í ealaín chliste airgid, nó ealaín chliseadh an airgid, le Frank Buckley a tharraing aird Chiara Nic Gabhann san alt seo.
»»»Is é meas John-Paul Mc Carthy go bhfuil cruth na fírinne go láidir ar dhráma teilifíse an BBC a bunaíodh ar leabhar Birdsong le Sebastian Baulks, dráma a léiríonn ár agus imní an Chéad Chogadh Domhanda.
»»»Bhí Pat Butler ag súil le saothar níos fearr an iarraidh seo ó lámh Roman Polanski.
»»»Míníonn Ciara Nic Gabhann san alt seo go mbeidh tú in ann An Scread le Edvard Munch a cheannach ar $80 milliún Mí Bealtaine. Nach shin é go díreach a theastaíonn faoin teach?
»»»Ar barrfheabhas ealaíne líonta amach go dtí an spléachadh deiridh atá an scannán ‘Melancholia’ le Lars Von Trier dar le Pat Butler.
»»»Thug clár teilifíse a rinneadh ar Niall Tóibín, ‘Seóman’, a léiríodh faoi Nollaig ar TG4, ábhar machnaimh do John-Paul McCarthy ar an ‘inneall cealgach’, Cathair Chorcaí.
»»»Tá Ciara Nic Gabhann ag dréim go mór le Fleadh Cheoil na hÉireann a fheiceáil i nDoire Chalgaigh an bhliain seo chugainn.
»»»Tá Mícheál Ó hAodha ag súil go mór le scannán atá bunaithe ar úrscéal Jack Kerouac On the Road a fheiceáil ar an scáileán go luath.
»»»Bhí Caitríona Ní Chonchúir ag blaiseadh de shaol Rinn Bhriotánach chósta Cheanada sé seachtaine ó shin, tráth a raibh Féile na nDathanna Ceilteacha ar siúl.
»»»Tuigtear do Chiara Nic Gabhann go bhfuil scaifte ó thuaidh sásta dul i bhfiontar turasóireachta arbh fhéidir £20m. a chailleadh leis mura n-oibríonn sé mar atá beartaithe acu.
»»»Bhuail Maitiú de Hál le Richie Egan de chuid Jape agus The Redneck Manifesto nuair a bhí Jape ag bualadh ceoil i nGaillimh an mhí seo chuaigh thart.
»»»Scuainí fada atá ag taispeántas de shaothar Leonardo da Vinci, taispeántas nár tiomsaíodh a leithéid riamh cheana de réir tuairisc Chiara Nic Gabhann.
»»»Tá John-Paul Mc Carthy an-tógtha leis an ‘léargas luachmhar neamhghnách’ ar Edmund Burke atá i leabhar ‘Burke and the Art of Rhetoric’ le Paddy Bullard.
»»»Míníonn Ciara Nic Gabhann gur ghlac sé breis is scór go leith bliain ó am a choimisiúnaithe le pictiúr Conrad Atkinson a chrochadh i nDánlann i mBéal Feirste.
»»»Níor fhág Pat Butler fuíoll molta ar scannán ‘Poetry’ Lee Chang-dong as an gCóiré Theas.
»»»Tugann Pat Butler cur síos anseo ar thrí léiriú drámaíochta a chuaigh i bhfeidhm go mór air i mbliana, i Londain, i mBÁC agus i Sydney.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.