CÚINNE NA nEALAÍON
Máire Nic Suibhne-Brugha (1918–2012)
Pat Butler Pat Butler

Mar chloch ar charn Mháire Nic Suibhne-Brugha a scríobh Pat Butler an t-alt seo, alt a léireofas don ghlúin óig aníos blas éigin dá stuaim agus dá héirim uasal.

B’í an bhean ab áille dá bhfaca mé riamh, sa bhfeoil, mar a déarfá, os chomhair mo dhá shúil amach. Áilleacht fá riar an dís máistreás amháin ar ghéill sí díofa - éirim agus anam. Má bhí na ceithre scór aici fán dtráth ar thug gnó na teilifíse an doras chuici isteach mé, ní mór an slad a d’imríodar na blianta céanna ar a corp, nó ar a hanam, nó ar a héirim, nó ar an gcuimhne fhinscéalach. Má thug an chuimhne cead isteach dúinn san am atá caite, thug an éirim léamh críonna ar an am i láthair. Ach mar bharr ar an dá bhua san, chum an tsamhlaíocht fís leathan Éireorpach, a shásódh riachtanais na mblianta atá romhainn amach.

Thuigeas ón gcéad chúig neomat ina cuideachta go raibh aithne agam uirthi ó chianaibh - aithne a shíolraigh ó cheann de na mistéir nach soilsítear bun ná barr di dúinn - an chomhthuiscint nach bhfuil aon mhíniú ann di ach an rud a thagann anuas chugainn ó na sinsir - an t-ábhar sin a ritheann saor sa bhfuil, a luíonn domhain sa gcnámh agus nach feas dúinn i gceart a bhun ná a bharr ná a bhrí.

Cuireadh Máire Óg chun suain síoraí i nGlas Naíon na laochra an Déardaoin beag tharainn, i mbaclainn Ruairí arís, an grágheal a réitigh an ród roimpi, tá sé bliana anois ann. Bean dá haois – bean don uile aois. Bean atá molta ina clann mhac is iníon, ina clann gharmhac is iníon, isteach sa cheathrú ghlúin. Bhíodar iníonacha óga a garmhic Ciarán sa séipéal romham amach – patalóigí beaga a iompraíonn deilbh na sin-seanmháthar ina ndreach, ina ngnúis is ina a bpearsanachtaí cáiréiseacha. Agus a leithéid de Mhamó - an tréanbhean mhánla Máire Nic Suibhne-Brugha.

Traolach Mac Suibhne, Ard-Mhéara Chorcaí

Fuair a hathair Terence McSwiney, Ard-Mheara Chorcaí, bás ar stailc ocrais a lean 74 lá i gcarcair Brixton Shasana. Bhí a chuid ídéalachais ardaigeanta féin, a chreideamh dobhriste, tacaíocht phobal náisiúnach Éireann, meas an domhain, grá a mhnaoi Muriel is a dheirfiúracha Mary agus Annie – é sin go léir mar sciath chosanta aige ar leaba a bháis i gcillín coimhthíoch san imigéin ar feadh na tréimhse míthrócairí sin dó, fá ghlas mídhleathach ag Gallaibh, i bhFómhar dubh na bliana 1920.

Is iomaí scéal a bhí is a bheidh. Is iomaí finscéal a bhí is a bheidh. Is iomaí bréag a bhí is a bheidh. Chreid Máire Nic Suibhne-Brugha san action directe. Nuair a d’fhoilsigh Kevin Myers ar an 19ú Nollag 1989 an bhréag go raibh lámh ag Traolach Mac Suibhne, athair Mháire, i bplean fuadaithe agus dúnmharaithe Easpag Caitiliceach Chorcaí, ní shásódh aon ní eile Máire Óg, bean na dtrí go leith scór an uair sin, ach iarraidh ar a mac Cathal í a thabhairt i láthair an Uas. Myers, rud a tharla. Chuir Máire Óg ar shúilibh Myers gur bholscaireacht dhubh Basil Clarke an méid a dúirt sé, agus nár mhaise do Myers ná don ‘Irish Times’ ocsaín na poiblíochta a thabhairt do shíoltheagasc phríomhbhréagadóir Fhaisnéis Mhíleata na Breataine in Éirinn sa bliana 1920, amhal dá mba fhíric na staire a bhí á foilsiú acu, seachas bréag mhór mhaslach shuarach.

Tarraingt Siar an tSamhailscéil

Lena cheart a thabhairt dóibh, tharraing Myers siar an méid a scrí sé ar an 29ú Eanáir 1992 - ‘The allegation was that Terence MacSwiney was one of a group of men who were planning to kidnap and possibly murder the Bishop of Cork because of his stridently anti-IRA opinions. I repeated this lie…..in a column about the ‘Oxford Illustrated History of Ireland’. It was, I repeat a falsehood….. The least I can do is to accept willingly and fully that it was a lie, and express utter regret that I did not recognise it for what it was.’

Bullaí ghirsí, mar deir ár gcairde thar Claí na Muice Duibhe ó thuaidh. Dílseacht an athar agus dásachtacht na haintíne san aon bhean bheag amháin.

I mBleá Cliath a chuir Máire aithne cheart ar Ruairí Brugha, aon mhac Chathal Brugha, a thit tóin in airde i ngrá léi, ní nach ionadh. Phósadar i 1945, agus ba scéal grá na haoise an saol a chaitheadar le chéile. Fuair Ruairi bás i 2006.

Áilleacht na máthar, ídéalachas an athar, intleacht na haintíne, an phraicticúlacht Gearmánach, b’iad cuid des na tréithe a d’iompair an bhean uasal Ghaelach isteach sa tsíoraíocht léi. Ba hornáid í Máire ar shaol poiblí na linne seo, ina cuid oibre ar son na síochána, agus uile. Agus ba lóchrann í, ar ndóigh, dá clann is dá cairde.

Luíonn Máire Nic Suibhne Brugha i mbaclainn síoraí na sinsear is na laochra. Beidh a luan is a grá mar chothú dóibh siúd ba ghoire di, Deirdre, Cathal, Traolach agus Ruairí, céile na mac is iníne, Caitríona, Nicola, Máire agus Bernard, na garpháistí uilig, a gclann mhac is iníonacha siúd agus na cairde go léir ar fud na cruinne.

Is tú mo bhanlaoch, mo Ghile Mear
Is tu mo Shaesairín, Gile Mear
Suan ná séan ní bhfuaireas féin
Ó chuaigh i gcéin mo Ghile Mear.

Ní raibh máthair an Náisiúin Ghaelaigh ann go dtí thú, a Mháire.

Déanfar athchraoladh ar ‘When Ruairí Met Máire’, clár Pat Butler, ar TG4 ar an Déardaoin 21ú Meitheamh @ 19.30

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.