D’fhreastail Ciara Nic Gabhann ar Fhéile na Meán Ceilteach i nDoire, féile inar tharraing Raidió na Gaeltachta agus Magamedia aird agus an-mholadh as a saothar le tamall anuas.
Tá Féile na Meán Ceilteach ar cheann de bhuaicphointí na bliana do chraoltóirí agus do lucht na meán as na tíortha Ceilteacha go léir agus ba chuig Cultúrlann Uí Chanáin agus an Playhouse i nDoire Cholmcille a tháinig maithe agus móruaisle na meán ó gach cearn den domhan Ceilteach i mbliana le freastal ar an tionól rathúil seo. Déanann an Fhéile ceiliúradh ar na meáin chumarsáide Ceilteacha agus i gcaitheamh tri lá gach bliain, cuirtear ar fáil sárthaispeántas de na forais agus de na táirgí craoltóireachta agus scannáníochta is fearr a léiríonn cultúr na dtíortha Ceilteacha.
Baineann an comórtas leis na tíortha Ceilteacha amháin - Alba, Éire, An Bhreatain Bheag, Oileán Mhanainn, Corn na Breataine agus an Bhriotáin, agus cuirtear iontrálacha ó na rannóga éagsúla faoi bhráid choiste náisiúnta i ngach tír i dtosach leis an scoth a roghnú le dul san iomaíocht ag an tionól idirnaisiúnta seo.
Dúirt Martina Anderson, aire sóisearach i dTionól an Tuaiscirt, agus í ag seoladh na féile, gur mór an onóir a bhí ann an fhéile iomráiteach a bheith ar ais i nDoire i ndiaidh 18 mbliana agus gur mhóraitheantas a bhí ann don atógáil pobail a bhí ag tarlú sa chathair le tamall anuas.
Cé gurb iad bronnadh na ngradam croílár na Féile, bíonn cainteanna agus díospóireachtaí bríomhara ann chomh maith agus i mbliana, i measc na n-ábhair a bhí faoi scrúdú, bhí ról na meáin chumarsáíde i saol na dteangacha Ceilteacha go háitiúil agus ar bhonn domhanda. Thug Peter Johnston, Stiúrthóir BBC Uladh, an príomhaitheasc agus labhair sé faoi na dúshláin a bhí roimh na meáin chumarsáide faoi láthair agus an tábhacht a bhain leis an chraoltóireacht a d’eascair aníos ó fhoinsí dúchasacha. Rinne an scríbhneoir/iriseoir Éamonn Mc Cann, in éineacht leis na léiritheoirí cláir bhreathnadóireachta, Julian Keane, Ewan Angus, Paul Mc Guigan agus Steve Carson ó RTÉ, scrúdú géarchúiseach ar an bhonn eiticiúil a bhí faoi ‘chláracha réaltachta’ agus mheabhraigh siad an mhórtharraingt a bhí ag cláracha ar nós The Estate agus The Scheme.
Na Buaiteoirí
D’éirigh le léiriúcháin teilfíse, raidió agus na meáin úra Ghaeilge ainmniúcháin a fháil ar ghearrliosta iomaíoch na Féile, ina measc, Raidió Fáilte agus Tobar Productions, ach ba iad na forais sheanbhunaithe, RTÉ (teilifis agus raidió) chomh maith le TG4, a thug leo tromlach na ngradam a bronnadh ar léiriúcháin as Éirinn.
D’éirigh leis an tsraith iomráiteach ‘Corp agus Anam,’ léirithe ag Darach Mac Con Iomaire/Magamedia do TG4, gradam a fháil don tsraith drámaíochta is fearr chomh maith le gradam ar leith don léiriúchán is mó a chuir spiorad na Féile in iúl. Tagann an t-aitheantas seo i ndiaidh an ghradaim ó IFTA, a fuair an comhlacht rathúil seo níos luaithe sa bhliain.
Rinne an láithreoir RTÉ, Miriam O Callaghan, a bhí ina cathaoirleach ar choiste breithiúnais na Féile, gradam speisialta iarbháis a bhronnadh ar an léiritheoir Mary Rafferty, dá sraith fiorasach Behind the Walls agus d’éirigh leis an scríbhneoir/stiúrthóir, Carlo Gebler, Gradam Idirghníomhaíochta Kieran Hegarty a bhaint lena chlár faisnéise, ‘The Seige’. Agus bhí go leor fáthanna lúchaire ag craoltóirí Raidió na Gaeltachta leis an bhóthar abhaile a ghiortú dóibh. Bhain an stáisiún sin an gradam Stáisiún Raidió na Bliana don dara bliain i ndiaidh a chéile agus bronnadh an gradam Pearsa na Bliana ar an chraoltóir Frances Nic Géidigh dá clár laethúil Barrscéalta.
Bhain Alison Millar /Erica Starling Productions do BBC Uladh, gradam dá clár fiosrúcháin aonair: Wonderland: The Men Who Won’t Stop Marching. Bhí an clár faisnéise seo bunaithe ar an cheithre mhí a chaith Millar le baill bannaí ceoil máirseála i mBéal Feirste agus tugann an scannán léargas domhain cuimsitheach ar chultúr an Dílseora mar a chleachtar ar Bhóthar na Seanchille é.
Dúirt Cathaoirleach na Féile, Dómhnall Caimbeul go raibh sé an-tógtha leis an oiread tallainn, cruthaitheachta agus nuálaíochta a bhí le feiceáil sna hiomaitheoirí a ghlac páirt san fhéile i mbliana agus gur léiriú iad ar an ardchaighdeán oibre atá le fáil sna meáin atá ag freastal ar na tíortha Ceilteacha anois.
Thosaigh Féile na Meán Ceilteach 30 bliain ó shin in Oileáin Thiar na hAlban agus tá sí ag dul ó neart go neart ó shin.