
Is ealaíontóir é David Cerný a bhain siar mór as daoine i dtíortha éagsúla san Aontas Eorpach le dealbh a chroch sé sa Bhruiséil. Chaith Ciara Nic Gabhann tamall á mheas leis an alt seo a scríobh faoi. Ar nós Bricrenn i seanlitríocht na Gaeilge, is cosúil gur thig le Cerný daoine go leor a chur i gcoinne a chéile.
»»»Chaith Ciara Nic Gabhann súil siar ar bhóithrín na smaointe chuig geamaireachtaí a hóige. Deir sí linn go léirítí geamaireachtaí chomh fad siar leis an mheánaois san Iodáil. Oibríonn bagairt lucht an oilc, áille an bhanphrionsa agus dílse mhac rí na maitheasa ar ghasúir na linne seo chomh maith is a d’oibrigh siad riamh, dar léi.
»»»Admhaíonn an t-ealaíontóir Steve Mc Queen nach bhfuil sé furasta é a chur ag caoineadh, ach tharla rud dó agus é i mbun radhairc ina scannán Hunger, a chur ag rith ón séit é.
»»»Léirmheas le Caitríona Ní Chléircín: Filíocht Ghrá na Gaeilge Eag. Ciarán Mac Murchaidh.
»»»Trácht ar éalú ó scáileán an ríomhaire, ar Marcelo Biglia agus ar albam úr Liam Uí Mhaonlaí, ‘To Be Touched’
»»»Bhí Ciara Nic Gabhann ag caint le lucht ealaíne ó thuaidh a bhfuil roinnt den athrú saoil feicthe acu.
»»»Chuaigh Breandán de Gallaí chuig coirm cheoil le hamhránaí na Gaillimhe, Mary Coughlan a chlos. Bhí sí á tionlacan ag Cuckoo Savante. Tugann sé adhmholadh di, agus do Cuckoo Savante fosta, anseo thíos.
»»»Ríomhann Colm Ó Snodaigh saol an cheoil agus saol na híomhá dúinn as an mbaile taistil aige féin: suíochán aerfoirt mar a bhfuil teacht aige ar dheoch aduain in ainm caife
»»»Tá an comhlacht léirithe Cartoon Saloon ag cur na dlaoi mullaigh faoi láthair ar scannán dar teideal [i]The Secrets of Kells[/i]. San alt seo, insíonn Colm Ó Snodaigh dúinn faoin mbaint atá aige féin agus ag Kíla leis an scannán.
»»»Is ealaíontóir tréitheach é Ken Walters a tháinig ar a chuid buanna cruthaitheacha gan choinne. Insíonn Ciara Nic Gabhann scéal an fhir spreagúil seo ar éirigh leis an lámh in uachtar a fháil ar dhrochshláinte.
»»»Tá saothar nua le Regina Uí Chollatáin dar teideal [i]Iriseoirí Pinn na Gaeilge[/i] foilsithe ag Cois Life. Is éard a ndírítear air sa leabhar seo ná prós-iriseoireacht Ghaeilge an fichiú haois agus léigh Pól Ó Muirí é le gairid.
»»»Scéalta John Ghráinne Uí Dhuibheannaigh, an seanchaí Conallach, atá le léamh agus le cloisteáil sa phacáiste [i]An áit a n-ólann an t-uan an bainne[/i], atá curtha in eagar ag Seán Mac Labhraí agus a bhfuil leabhar agus DVD mar chuid de. Is seoid de leabhar é, dar le Caitríona Ní Chleirchín.
»»»Lainseáladh Muzu.tv, ar suíomh nua dáilte ceoil é, le gairid. Céim eile chun tosaigh sa réabhlóid dhigiteach is ea é, ach tá súil ag Colm Ó Snodaigh nach mbeidh deireadh iomlán choíche leis na siopaí beaga ceirníní i mBaile Átha Cliath.
»»»Labhair Ciara Nic Gabhann leis an scríbhneoir agus stiúrthóir Dave Duggan, fear a bhfuil aitheantas idirnáisiúnta faighte ag a shaothar, agus ar foilsíodh bailiúchán dá dhrámaí le gairid.
»»»Agus Kíla ar camchuairt sna Stáit Aontaithe roimhe seo, bhraitheadh Colm Ó Snodaigh go mbíodh easpa spioradáltachta i gceist. Braitheann sé anois, áfach, go bhfuil an banna réidh lena n-aghaidh a thabhairt ar an tír arís.
»»»Cé go dtugann teideal an leabhair Ón tSeanam Anall: Scéalta Mhicí Bháin Uí Bheirn le fios gurb éard atá ann ná scéalta a bhaineann leis an am atá caite, tá Pól Ó Muirí den tuairim nach mbíonn scéal fiúntach sean in am ar bith.
»»»Is deacair don té a mhaireann i sochaí shíochánta uafás na cogaíochta a thuiscint. Sin an fáth, dar le Ciara Nic Gabhann, a bhfuil tábhacht ar leith ag baint le taispeántas speisialta atá ar siúl i Nua-Eabhrac faoi láthair.
»»»Is mór do dhaoine na nithe beaga a thugann misneach dóibh – na focail shéimhe, na dreacha spreagúla. Insíonn Colm Ó Snodaigh dúinn mar gheall ar na heachtraí áirithe a thug misneach dósan agus é ag teacht faoi bhláth mar cheoltóir.
»»»Is scéal taitneamhach fáthchiallach é [i]An Bhanríon Bess agus Gusaí Gaimbín[/i] le Biddy Jenkinson agus is féidir le páistí agus daoine fásta araon sult a bhaint as, dar le Ríona Nic Congáil.
»»»Is ait an mac an saol, rud a fhíoraíonn lucht ceannaithe Real Dolls go paiteanta. Tugann Ciara Nic Gabhann léargas ar na fir arbh fhearr leo caidreamh a bheith acu le bábóg ná le fíorbhean.
»»»Is iomaí saothar osréalaíoch ealaíne atá le feiceáil i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Tugann Ciara Nic Gabhann léargas suimiúil san alt seo ar an ealaín osréalaíoch atá le fáil sa tír.
»»»D’eisigh Colm Mac Con Iomaire ón mbanna clúiteach ceoil The Frames albam aonair dar teideal [i]Cúinne an Ghiorria[/i] le gairid, agus tá Colm Ó Snodaigh faoi dhraíocht ag saothar a charad dhílis.
»»»Tá Pól Ó Muirí den tuairim gur leabhar ar leith é [i]Hula Hul[/i], úrscéal nua Sheáin Mhic Mhathúna, nach bhfuil oiread is nóta amháin as alt ann.
»»»Tá cáil idirnáisiúnta bainte amach ag Amharclann an Gheata mar gheall ar an obair chruthaitheach agus cheannródaíoch atá curtha i gcrích acu siúd a bhí agus atá ina bun. Tugann an t-aisteoir agus stiúrthóir Alan Stanford cur síos dúinn faoi stair agus faoi [i]ethos[/i] na hamharclainne speisialta seo.
»»»Tá íomhánna beo ar taispeáint i mBaile Átha Cliath faoi láthair, ach ní i ndánlann atá siad le feiceáil. Insíonn Ciara Nic Gabhann dúinn faoin saothar atá ag siúl ar Shráid Uí Chonaill.
»»»Tá aitheantas bainte amach ag Éilís Ní Dhuibhne mar údar cruthaitheach oilte, is cuma cé acu ag scríobh i mBéarla nó i nGaeilge atá sí. Ach tá a leabhar nua, [i]Fox, Swallow, Scarecrow[/i], rud beag uaillmhianach agus fadálach, dar le Pól Ó Muirí.
»»»Craolfar sraith nua dar teideal Ceathrar le Ceithre Scór ar Raidió na Life i rith mhí an Aibreáin. San alt seo, tugann léiritheoir na sraithe, Brian Ó Tiomáin, blaiseadh dúinn den mhéid a bheas i gceist sna cláracha.
»»»Rith sé le Colm Ó Snodaigh le déanaí go bhfuil ceangal an-lag idir Éire agus an Bhriotáin ach tá iarracht á déanamh aigesean faoi láthair feabhas a chur ar chúrsaí.
»»»Má tá tú ag éirí rud beag bréan den saol laethúil atá agat is féidir leat anois saol eile ar fad a chruthú duit féin gan stró. San alt seo, tugann Ciara Nic Gabhann léargas ar fheiniméan comhaimseartha, an saol fíorúil.
»»»Tá Robert Harvey ag staidéar i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath ar an gcúrsa B.Mus.Ed. Ba mhaith leis a bheith ina mhúinteoir ceoil amach anseo i meánscoil éigin i gContae Laoise, an áit arb as dó. Labhair Antaine Ó Faracháin leis faoina chuid staidéir agus faoina chúlra sa cheol traidisiúnta.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.