CÚINNE NA nEALAÍON
Ealaín Thrioblóidí an Tuaiscirt
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Míníonn Ciara Nic Gabhann gur ghlacbreis is scór go leith bliain ó am a choimisiúnaithe le pictiúr Conrad Atkinson a chrochadh i nDánlann i mBéal Feirste.

Íomhá
Ionad na conspóide, Iarsmalann Uladh
(le Ardfern ar Vicipéid)
Íomhá
Mural del Gernika i mbaile Gernika féin
(le Papamanila ar Picasaweb)

Tá pictiúr conspóideach, a bhí faoi chosc ag Iarsmalann Uladh nuair a rinneadh é breis is 30 bliain ó shin, ar ais i mBéal Feirste arís agus tá sé le feiceáil i nDánlann Golden Thread. Déanann saothar Conrad Atkinson ‘Silver Liberties: A Souvenir of a Wonderful Anniversary Year’, comóradh ar shléacht Dhomhnach na Fola, agus is toradh é ar choimisiún a fuair Atkinson, le iubhaile cúig bliana fichead na Banríona Éilís a cheiliúradh i 1978.

Ba as Cumbria Shasana d’Atkinson agus dúírt sé go raibh sé ag iarraidh rud éigin neamhghnách a dhéanamh le cur in iúl do phobal Shasana cad é a bhí ag tarlú i dTuaisceart Éireann ag an am agus an tslí a raibh saoirse shibhialta á creimeadh go mór sa Ríocht Aontaithe. Spreag na heachtraí uafásacha i nDoire go mór é leis an phictiúr a dhéanamh agus d’aithin sé fosta gur téama idirnaisiúnta a bhí ann.

“Smaoinigh mé ar Guernica Picasso agus mé á dhéanamh,” a dúirt sé agus é ag caint faoina shaothar agus dúirt sé fosta gurb é Londain fíorbhaile an tsaothair.

Níor chuir sé iontas ar bith air, agus é ag féachaint siar go 1978, gur dhiúltaigh giollaí na hIarsmalainne i mBéal Feirste an pictiúr a chrochadh agus gur thacaigh iontaobhaithe na hIarsmalainne leis an chinneadh seo agus deir sé gur ‘paramíleataigh chultúir’ a bhí sna hiontaobhaithe sin ag an am.

Cinsireacht Ealaíne

Tá fearg le brath ina phictiúr ina bhfuil cur síos ar Dhomhnach na Fola trí chuimhneacháin agus íomhánna curtha i láthair ar cheithre phainéal. Léiríonn trí phainéal dathanna bhratach na hÉirinn agus tá an ceathrú ceann fágtha dubh. Tá na painéil maisithe le sreang dheilgneach agus míreanna gearrtha as páipéir nuachta chomh maith le portráidí de na daoine a maraíodh Domhnach na Fola, graffito de shaighdiúr Sasanach, radharcanna sráide as ceantar dílseach i mBéal Feirste agus pictiúr d’amhrastach IRA scaoilte.

Chonaic oibrithe na hIarsmalainne ag an am bratach na Poblachta sa saothar agus dá bharr seo, rinne siad cinsireacht air. Saoithiúil go leor, tá an pictiúr ar iasacht faoi láthair ó Wolverhampton Art Gallery, áit a bhfuil sé mar chuid de thaispeántas uathúil ar na Trioblóidí sa Tuaisceart.

Tá Iarsmalann Uladh ar an ghearrliosta don Art Fund Prize, duais a aithníonn dánlanna agus iarsmalanna as a sárchleachtadh. Tá Conrad Atkinson, chomh maith le léirmheastóirí éagsúla eile, den tuairim nach bhfuil an t-aitheantas seo tuillte mar nach bhfuil an Iarsmalann ag comhlíonadh a shainchúraim maidir le healaín chonspóideach a chur i láthair an phobail ar mhaithe le díospóireacht agus le hathbhreithniú ar mhórcheisteanna náisiúnta.

Faillí

Tá sé mar shainchúram ar an Iarsmalann go ndéanfadh siad cóiriú ar thaispéantais a rinne géarscrúdú ar na Trioblóidí ag úsáid saothair ealaíne chonspóideacha ach go dtí seo, rinneadh faillí sa chúram sin. Tá an taispeántas atá le feiceáil faoi láthair, de réir cosúlachta, beag agus teoranta gan (mar a gealladh) saothar ar bith conspóideach ar nós, ‘Silver Liberties’. Tá saothar Atkinson le feiceáíl mar chuid de thaispéantas grúpa atá coimeádta ag an pholaiteoir agus foilsitheoir Máirtín Ó Muilleoir. Is é an t-ainm ata ar an taispéantas ná ‘Deora san Fhearthainn’, teideal a tháinig ón scannán Blade Runner, agus atá mar chuid d’Fhéile Ealaíne (Ollscoil) na Banríona i mBéal Feirste.

Deir Ó Muilleoir gur rud suntasach é go dtig a leithéid de shaothar a fheiceáil sa chathair anois agus gur comhartha atá ann go bhfuil an chathair ag bogadh i dtreo gnáthshaol cathrach. Beidh saothar le feiceáil chomh maith ó Robert Ballagh, Keith Drury, Rita Duffy, Michael Farrell, F.E. McWilliam, Joseph McWilliams, Locky Morris, Aisling O Beirn, Brian O Doherty, Dermot Seymour agus tá an focal scoir ag daltaí Bhunscoil Mhic Reachtain, na healaíontóirí is óige sa taispeántas, a rinne pictiúir dá gcuid laoch.

Beidh an taispéantas le feiceáil go dtí an 3 Nollaig 2011.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.