CÚINNE NA nEALAÍON
KINO – an cineama domhanda
Pat Butler Pat Butler

Níor fhág Pat Butler fuíoll molta ar scannán ‘Poetry’ Lee Chang-dong as an gCóiré Theas.

Íomhá
Lee Chang-dong ag Cannes
le Georges Biard ar Vicipéid
Íomhá
Fógra an scannáin 'Poetry'
Íomhá
Auguste Deter, othar an Dr. Alzheimer sa bhl. 1901
ar Vicipéid
Íomhá
Minicíocht na mallréire, de réir dhoirche na léarscála
Vicipéid

‘Poetry’ le Lee Chang-dong. (An Chóiré Theas)

Bhuaigh sé seo ‘Gradam an Script Scannáin is Fearr’ i gCannes i 2010. Tá iarrachtín sa bhreis ar an trí scór ag Mija (Yoon Jeong-hie), baintreach sheanmháthar ina cónaí i mbruachbhaile sa Chóiré Theas. Tugann drithlíní ina láimh chun an dochtúra í. Is mó a shuim siúd gur theip an focal ‘aibhléis’ uirthi ina cur síos ar airí na láimhe. Agus ‘tuarthóir’. Agus ‘tiachóg’. Í buailte leis an gcéad chéim den mallréir, is é sin, an galar Alzheimer. Tá garmhac stuacach drochbhéasach cúig bliana déag á thógaint aici ina hárasán simplí. Teip iomlán cumarsáide eatarthu. Tá obair pháirtaimsireach ag Mija – í ag tabhairt aire do sheanfhear atá buailte le hurchar millte. É go maith as. Ach tá rún sceonmhar ag an ngarmhac ar tí a scaoilte, beart a chuirfidh saol Mija in aimhréir. Agus, munar leor sin, nuair atá na gnáthfhocla laethúla ag sleamhnú uaithi, cláraíonn sí i gcúrsa chun foghlaim conas na focla atá díreach ceart a aimsiú - cúrsa a thabharfadh bua scríobh na filíochta di. Más ait an mac an saol, nach iontach go deo é spioraid dochlaoíte an duine.

Iompraíonn Yoon Jeong-hee (Mija) an scannán seo ar a guailne aibrisc. Príomhaisteoir mná Chóiré Theas na linne seo, tá sí fillte ar a seanléim os comhair cheamara arís tar éis bearna sé bliana déag. Seo tour de force aisteoireachta. Tá idir mhodhúlacht agus uaisle iompair go smior ina cruthú Mija. Seanlady le foighne Job i bhfianaise iompar amhlánta an gharmhic. A saol agus a sláinte ag titim as a chéile, amhras agus éiginnteacht á hídiú, fós chomáineann sí ar aghaidh le croí mór millteach - in ainneoin gach ísliú agus náiriú a thagann ina treo. Agus, b’fhéidir an tréith is mealltaí ar fad a chruthaíonn Joon Jeong-hee i Mija ná a soineantacht.

Aisteoireacht Éachtach

In umar na haimiléise, fiú, aimsíonn Mija laistigh di féin modhúlacht agus samhlaíocht an chailín bhig óig inmhéanaigh nár fhás suas riamh. Tugann a dínit linbh seo bealach éalaithe di ó na huafáis doshamhlaithe atá ag brú isteach uirthi, agus bronnann eochair uirthi, i ngan fhios di féin ar deireadh, eochair isteach i ngort álainn na filíochta. Agus ní haon naomhtheilgean plástair í Mija ach oiread. Ná níl oiread agus ribe den maoithineachas ag roinnt léi. Seo bean leochailleach, chruaidh, fhabhtach, ghrástúil, aoibhinn, cliste, láimhsitheach, nuair ba ghá – bean chreidiúnach, iomlán daonna. Croch suas í le banlaochra eile an cineama, ar comhchéim le haon cheann díobh.

Níl faic eile feicthe agam ó shamhlaíocht ná ó lionsa Lee Chang-dong, ach beidh ‘Secret Sunshine’ (2007), ‘Oasis’ (2002), agus ‘Peppermint Candy’ (2000) á gcuardach agam ar DVD, ar fhianaise ‘Poetry’. Níl chuile fráma ina Rembrandt, mar a deirimís sa cheárd seo fadó, ach is cuma faoi sin. Seo fear scannáin. File. Fáidh. Draoi. Má thagann tú ar aon chruthú scáileáin eile i mbliana is fearr a léiríonn anam, dínit, agus áilleacht an duine, ná fág dall orm é. Scannán faoi chailliúint, ar iliomad leibhéal, atá anseo. Agus scannán faoin bhféinaimsiú, faoin bhféinthuiscint. I ndeireadh báire, is scannán ar an bhfilíocht í féin atá anseo, ar phróiséas a scrite, agus ar a cumhacht shlánaitheach.

Ar Chuairt Amhaille, ar Scáth an Ghrá’

Tá iarracht de stíl aisteoireachta theilifís na hÁise ag baint le furmhór na bhfear sa scannán, is baolach. Ach is fíoraisteoir é an té a chruthaíonn an bleachtaire gáirsiúil. Tapaíonn sé a chuid suime san fhilíocht chun na mná saonta a fhreastalaíonn ar oícheanta filíochta a mhealladh. Bhí aithne agam ar dhuine a raibh cur amach fairsing aige ar chúrsaí ealaíne a d’imríodh an cleas céanna fadó sa Ghailéaraí Náisiúnta. É i mbun na claonoibre céanna le ban turasóirí mála droma, os cionn aois an toilithe, ar ndóigh.

Is fiú seal a chaitheamh ag plé le taispeántas Hira Kim (Mr. Kang), an seanlead treascartha le hurchar millte. Tá Mr. Kang go maith as, agus oibríonn Mija mar chúnamh lae dó. Eisean amháin sa scannán a thuigeann Mija. Aon uair a thugann sí folcadh dó, éisteann sé léi, agus labhraíonn léi. Ar nós seanóirí eile ar beagán cumhachta, tá Mija iarrachtín tréshoilseach. Ní fhéachann a garmhac díreach san aghaidh uirthi. Is díol trua, nó grinn i measc athracha chairde an gharmhic í, i measc mheitheal scipéid an ollmhargaidh - i measc a cairde filíochta ar an gcúrsa fiú. Ach tá Mr. Kang oscailte léi, agus oscailte di. Tugann sé a drochghiúmar faoi deara nuair atá rún an gharmhic á iompar aici. Is iad an t-aon bheirt a thuigeann a chéile sa scannán. Ní loitfidh mé an scéal ort, ach nuair atá Mija i bponc ceart airgid, gan aon dul as eile ann di, tá sí sásta drochtheist a chur a charadas Mr. Kang. Í gafa idir dhá thine Bealtaine, cliseann Mija ar Mr. Kang, briseann sí ar an gcaidreamh daonna agus ar an iontaoibh a bhí eatarthu. Rud a chuireann an léargas a thug Iar-Easpag dom ar nádúr an duine agus scéal Eamonn Casey idir chamánaibh againn - ‘There’s little room for grace in a very tight corner.’

Síothlú Gnáthurlabhra agus Fás na Filíochta

Osclaíonn an scannán seo le habhainn mhór mhall, agus críochnaíonn ar an abhainn chéanna. Thóg an abhainn seo saol chailín óg meánscoile a chuir lámh ina bás féin. Tagann a céasadh ag cúigear mac léinn chun solais ina dialann ar ball. Is gnás sa Chóiré, is cosúil, má íoctar cúiteamh airgid a shásaíonn teaghlach íobartaigh, agus muna leagtar gearrán in éadan lucht déanta na coire sin ag éinne eile ar ball, nach gcuireann na póilíní a ladar isteach sa scéal.

Sníomhann Lee Chang-dong snáitheanna uilig an scéil le chéile chun taipéis shaibhir bhrócáidiúil a chruthú. Tá feidhm insinte ag gach carachtaer - ag an bleachtaire béalbhroghach, fiú, mar a nochtar dúinn sa deireadh. Leonta ina corp, ach glan ina spiorad, meallann Mija álainn ar a turas spioradálta sinn. Agus, i ndeireadh báire, nuair a aimsíonn sí saoirse a fíorghutha ceart, glan, ionraic, naofa – má imíonn sí uainn, agus ní léir go hiomlán go n-imíonn, fágann sí bláthchumhra na filíochta ina diaidh.

Agus táirfhocail laethúla na seanchoitiantachta ag sleamhnú uaithi - ceann i ndiaidh a chéile ag titim don mallréir, tagann Mija ar stór na bhfíorfhocal thar luach a bhí neadaithe i gcónaí ina croi istigh, i ngan fhios di, ach eochar a scaoilte a aimsiú.

Is saibhride sinn uile a turas truamhéalach.

Ardscannán den scoth. Agus tiocfaidh an DVD go luath sna sála air.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.