Ní minic a fhaightear deis freastail ar athchóiriú den scéal An Béal Bocht, ach fuair Anne Marie Flanagan a deis sa Project Arts Centre. Tá sí den bharúil go bhfuil roinnt barrchleití amach fós ar an gcóiriú a rinne an compántas drámaíochta Blue Raincoat Theatre.
Is féidir linn a rá, le dóthain muiníne, go bhfuil a fhios ag an gcuid is mó againn faoin scríbhneoir Brian Ó Nualláin, nó faoi cheann dá ainmneacha cleite George Knowall, Brother Barnabas, Flann O Brien. Ar son an té nach bhfuil a fhios aige faoin scríbhneoir, ba mháistir le ceird na haoire é Ó Nualláin, gan amhras ar bith.
Léiríonn Ó Nualláin blas aoire ina shaothair, At Swim Two Birds, The Hard Life, The Third Policeman agus The Dalkey Archive. Feictear a acmhainn grinn ghéir ann agus bhí chuile dhuine mar sprioc aoire aige, James Joyce, Patrick Kavanagh, an Eaglais Chaitliceach, an Rialtas agus lucht athréimniú na teanga ina measc. Feictear saibhreas agus bunúlacht ina shaothar, agus b’shin an fáth gur thaitin Ó Nualláin linn agus tá suim fós ina shaothar, féach, cuirim i gcás i mbliana féin, an fhéile nua faoin scríbhneoir a thosaigh ar an Srath Bán i dTír Eoghain!
Bhí ainm cleite eile ag Ó Nualláin ina shaothar grinn mar cholúnaí, an Cruiskeen Lawn, (an t-ainm is barrúla is dóigh), Myles na gCopaleen. Agus fuaireas an deis aréir freastal ar athchóiriú drámaíochta ar a shaothar, An Béal Bocht.
Scríobh an drámadóir Jocelyn Clarke an t-athchóiriú seo, agus d’oibrigh sé leis an gcomhlachas drámaíochta, Blue Raincoat Ensemble cheana ar shaothar eile Uí Nualláin, The Third Policeman agus At Swim Two Birds. Seo ceann deiridh na triolóige. San athchóiriú seo feictear Ruth Lehane mar phríomhcharachtar an dráma, Bónapárt Ó Cúnasa, agus caithfidh mé a rá go ndéanann Lehane a seacht ndícheall leis an méid focal is línte atá aici, ach, is minic a chloistear botúin ina páirt i léiriú a shín níos faide ná uair go leith (gan sos). Ní féidir linn an locht a chur ar Lehane amháin, áfach!
Barraíocht in Aon Ualach Amháin
Tá neamhchothroime san athchóiriú agus tá formhór na línte ag Lehane, agus is dócha nach féidir léi an brú a láimhseáil. Thosaigh Lehane le luas mall tomhasta ar dtús, beagnach amhail is gur eachtrannaigh iad an lucht éisteachta. I ndiaidh tamaill, áfach, feictear Lehane ag streachailt le luas mear na línte agus leis an méid atá le rá aici. Dá bharr sin cuireann sé isteach ar an léiriú agus, chun an fhírinne a dhéanamh, ar Lehane freisin. Níor ghlac mé léi i ról Bhónapárt, bhí easpa tarraingte lena léiriú mar charachtar Bhónapárt agus mar reacaire an dráma. Samhlaímis muintir na leabhar sin, an tOileánach, nó Allagar na hInise, ba dhaoine deisbhéalacha bríomhara iad a casadh linn ansiúd!
Ar an láimh eile, feictear Ciaran Mc Cauley agus is féidir liom a rá gur bhuaicphointe an dráma é Mc Cauley mar an seanlad. Cruthaíonn sé fíorcharachtar Chiarraí le blas iontach deas cainte. Bhain an stiúrthóir, Niall Henry, feidhm as stíl shimplí ach sílfeá scaití go raibh cuma amaitéarach uirthi, ach bhain deacracht leis de dheasca dhearadh simplí an tseit agus an easpa spás cúlstáitse sa Project Arts Centre.
In ainneoin na ngnéithe diúltacha a luadh cheana, feicfear tráthanna fuirseoireachta agus grinn cosúil le méaldráma Boucicault. Is iondúil go n-úsáideann complacht drámaíochta deis an dráma a léiriú ina mbaile féin sula dtéann siad ar camchuairt. Léirigh Blue Raincoat an dráma seo i Sligeach ar dtús, ach ní thuigtear cad chuige nach ndéarna siad na hathruithe riachtanacha scripte agus ba cheart fad ama an dráma a ghiortú. Is dócha go ndéanfaidh na moltaí seo leas agus go gcuirfear béim níos mó ar aoir Uí Nualláin atá feicthe sa bunshaothar, ach go háirithe, an líne cháiliúil i litríocht agus ar uaigh Uí Chriomhthain, “Mar ná beidh ár leitheidí arís ann”.