CÚINNE NA nEALAÍON
Kino – an Cineama Domhanda ‘Melancholia’, le Lars Von Trier
Pat Butler Pat Butler

Ar barrfheabhas ealaíne líonta amach go dtí an spléachadh deiridh atá an scannán ‘Melancholia’ le Lars Von Trier dar le Pat Butler.

Íomhá
Charolette Gainsbourg
(le Olivier Pacteau ar Flickr.com)
Íomhá
John Hurt
(le Julien Morvan ar Vicipéid)
Íomhá
Kirsten Dunst ag Cannes anuraidh
(le David Shankbone ar Flickr.com)
Íomhá
Charlotte Rampling
(le Nicolas Genin ar Vicipéid)
Íomhá
Lars Von Trier ag Cannes 2011
(le Georges Biard ar Vicipéid)

Chailleas ‘Melancholia’ agus é ar camchuaird na tíre. Ach ’sí Amharclann na Maighdine Mara i mBré mo chriatharsa; scagann sí roinnt den ábhar is fearr agus taispeáintear é nuair a bhíonn seal a chéad eisiúna tugtha sna pictiúrlanna. Teilgeann siad an t-uachtar sin gach oíche Dé Luain ar a hocht a chlog. Freastalaíonn pobal dílis Chill Mhantain Thuaidh - pobal atá meánaosta, méanaicmeach, agus ar an mórgóir, dea-mhúinte. Tá cead isteach roimh an gcorréan ar strae as Deisceart Bhleá Cliath freisin, buíochas le Dia. Ar a shála sin, tá sé le tuairisciú agam ó Luan an 7ú lá Eanáir gur cuireadh siar ar na sála an líon againn a d’fhan leis an bhfráma apacailipseach deiridh an oíche chéanna. Agus géillim nár gach éinne a d’fhan an dul seo.

Is brídeog úr í Justine (Kirsten Dunst) atá dhá uair a chloig déanach don mbainis a bhí réitithe fána coinne i dteach galánta chéile a deirféar. Ar dhul isteach thar an táirseach di, tarraingítear aird Justine ar réalta mhór dhearg sa spéir, Antares. Tagann buairt uirthi – seo bean ‘a thuigeann rudaí’ – an chéad nóta buailte go bhfuil an domhan as a riocht, go bhfuil anord chugainn. Agus, um baist, ní bainis ifreanda go bainis Justine agus Michael, an fear céile bocht a bhrisfear roimh dheireadh na hoíche. ’Sí Claire (Charlotte Gainsbourg) an deirfiúr a d’eagraigh an bhainis. Tá sise ciardhubh, sláintiúil, fuinniúil, oscailte, cuideachtúil, fadfhulangach. Tá an bhrídeog Justine fionn, buailte leis an ngalar dubhach, tláith, dúnta, aonarach, ag titim as a chéile. De réir mar a théann oíche na bainise ar aghaidh, feicimid Justine ag bá i ndúlagar nach bhfuil neart aici air - dúlagar atá chun gach éinne laistigh d’fhithis a ciorcal caidrimh a scrios. An treascairt laistigh ina híomhá scáthánach den treascairt apacailipseach ag bagairt lasmuigh. Tá Melancholia, plainéad rógánta, is cosúil, a bhí i bhfolach ar thaobh eile na gréine, ag teacht fá dhéin an domhain ar ruthag eilipseach. Sna spéartha lasmuigh tá Antares anois in easnamh, alpaithe ag Melancholia. Más crann taca í an deirfiúr chiallmhar le linn na bainise, nuair a cheaptar go dtiocfaidh an domhan slán, ’sí Justine (atá imithe soir ar fad fán dtráth seo) is fearr atá in ann deighleáil leis an mbagairt ar ball nuair is léir nach ‘ar eitilt tharainn’ ach ar chonar ár scriosta atá Melancholia chugainn ar ardluas.

Cliar den Scoth

Agus nach foireann bhlasta iad na carachtair uilig. Dexter (John Hurt), athair na beirte ban, gadaí spúnóga boird na bainise, é iomlán craiceáilte agus in adharca leanúnach poiblí lena iarbhean chéile Gaby (Charlotte Rampling). An tsoith mháthar is binbí a chonac ar scáileán le fada an lá. Bean inste na fírinne loime, caol díreach amach, beag beann ar éinne a ghortófar. Beag beann ar bhreithiúnas iadsan timpeall uirthi chomh maith. ’Sé Michael (Alexander Skarsgard) fear chéile mí-ámharach Justine. An fear bocht! É chomh craiceáilte faoi Justine is atá sise ina ceann féin. Is léir nach n-aithníonn Von Trier cumhacht slánaithe an ghrá. Bristear an fear bocht ag cumhachtaí atá níos treise ná é – marbhántacht, mire fiáin agus dúlagar míthrócaireach Justine. Tá ’s againn ón Réamhcheolmír sé seat déag – an toradh a eascróidh as triall Melancholia orainn. Ach ní lú teannas an scannáin dá bharr. Sin éacht inste, máistir i mbun scéalaíochta. Tagann an sceon ina thonnta rialta. Súitear isteach san anord sinn – anord inmhéanach na gcarachtar, anord eachtrach na bplainéad.

Ní minic gur leasc liom éirí i ndeireadh scannáin le tabhairt arís fá na cnoic, nó na machairí, nó fá cibé ball eile ina luím siar mo cheann. Agus ní orm amháin a tháinig leisce chun imeachta air i measc lucht féachana ‘Melancholia’ i mBré Chill Mhantáin an oíche fá dheireadh. B’in an riocht inar fhág saothar Von Trier sciar fairsing de phobal múinte na Maighine Mara. Fós gafa faoi chumhacht, nó faoi dhraíocht, nó faoi áilleacht, nó faoi uafás - bíodh do rogha agat – nó, an féidir gur faoi gheasa ‘Melancholia’ a fágadh sinn? Agus ní ar sodar dall i ndiaidh an Danmhargaigh dána ach oiread atáim (féach ‘Antichrist’, Eagrán 100 ‘Beo’, Lúnasa 2009). Ach tá an baol ann an babhta seo gur éirigh le Von Trier, in éadan a chuid fealsúnachta féinig, píosa oibre atá ar imeall na foirfeachta glan a chruthú.

Is mór ag Von Trier dhá leathmhóitif ar leith - sárú* agus ciontacht. Cuireann sé an chiontacht domhaite agus an sárú domhaite fá ghrinnstaidéar dorcha a lionsa. Gléas faghartha a chuid carachtar. Ann a chlaochlaítear iad, agus sinne, an lucht faire comhpháirteach** - na gliúcaithe, b’fhéidir? - in éineacht leo.

Altaímis an Ealaín

Tá brídeog ar imeall a céille ón ngalar dubhach, a fear chéile ar imeall a bhriste de dheasca a míshláinte siúd - gan trácht ar ghéarchéim an domhain féin, ar imeall a scriosta. Ach ní leor sin chun Von Trier a shásamh. Caitheann sé na mórthéamaí uilig isteach sa phota freisin; brí, nó ainbhrí na beatha, iomlánú nó scrios an bháis? Anseo atá na mórpheacaí marfacha chomh maith - uaibhreacht, saint, drúis, fearg, craos, éad agus leisce; cuir leosan cumhacht agus laige an duine. Níl deireadh fós – ann freisin atá an grá agus an brath, sláinte agus easláinte, dóchas agus éadóchas. Agus, mar bhuille scoir, an apacailipsis chinniúnach ina n-alptar an domhan agus gach a mhaireann air in aon imbhualadh eadarphlainéad amháin. Um baist!!!

Má d’fhág ‘The Tree of Life’ le Terence Malick iarrachtín neamhshásaithe mé (‘The Tree of Life’, Eagrán 125 ‘Beo’, Meán Fómhair 2011) do líon ‘Melancholia’ le gliondar bhrón agus uafás na bhfírinní móra mé, fiú más dubh é an gliondar céanna. Gan trácht ar an sé seat déag tosaigh – réamhcheol an scannáin – ocht nóimead, nó mar sin ar fhad. Tá leideanna amhairc agus ealaíne chomh saibhir sin iontu siúd go bhfuil alt léanta dar teideal ‘This Is How the End Begins’ scríofa cheana féin fútha ag Manohla Dargis sa New York Times. Is fiú é a léamh ar an gceangal de leataobh an ailt anseo.

Nárbh ait an bhliain í 2011? Cíoradh brí na beatha in dhá scannán eisceachtúla le beirt auteur, duine amháin, Malick, gafa lena fhoinse - Von Trier, tógtha lena scrios. Gach seans nach mbeidh Osgur ag ceachtar díobh más aon chomhartha iad na Golden Globes. Is trua sin. ’Sé ‘Melancholia’ scannán na bliana, agus má tá teaspeántas níos fearr ann ná ‘Justine’ le Dunst i gcatagóir na bpríomhról ban, géillim nach bhfuil a leithéid sin feicthe agamsa. Ach, a thiarcais, mharódh Osgur Lars Von Trier! Chaithfeadh a leithéid an sáraitheoir sraitheach isteach i lársrutha! Ní ann is dual, ná is oiriúnaí dó. ’Bhfuil seans ann gurb í sin ba chúis lena bheart sáraithe domhaite ag Cannes, áit inar tugadh bata agus bóthar dó, ar shála na raiméise a thug sé uaidh faoi Hitler i bpreasagallamh místuama, dána, danartha, Von-Triarach.

Agus creideann soifisticiúlaigh na Golden Globes go bhfuilid ar imeall na dánaíochta leis an láithreoir Ricky Gervais! A thiarcais. Maidir le Oscar a ghnóthú, tar éis rois Cannes, níl ag Von Trier ach an dá sheans finscéalacha sin a labhartar fúthu os íseal – ‘caol’, agus an ceann eile nach gcloistear os ard i gcomhluadar múinte d’aon tsaghas, bíodh sin meascaithe, nó d’aon ghnéis.

Is sárscannán é ‘Melancholia’ a mbeidh seasamh agus stádas cultach aige, agus caint agus aragóint agus plé faoi go Lá an Bhráthair, nó go Lá Philib an Chleite - más dearcadh creidimh atá agat - nó go Lá Buailte Melancholia, muna bhfuil!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.