Cartlann
Líon alt a bhfuil an rúibric seo luaite leo: 511
Íomhá
Eagrán 68, Nollaig 2006
CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Antaine Ó Faracháin

Sheol Cruinniú, grúpa ina bhfuil seachtar ceoltóirí óga, albam nua an mhí seo caite ag Féile Cheoil Thraidisiúnta na hInse, i gContae an Chláir. Labhair Antaine Ó Faracháin le Caitlín Nic Gabhann, ball den ghrúpa, faoin mbanna agus faoin dlúthdhiosca nua seo.

»»»
Íomhá
Eagrán 68, Nollaig 2006
CÚINNE NA nEALAÍON/PEANN AR PÁR

Seo scéal as [i]Hormóin! agus Scéalta Eile[/i] (Comhar) le Pól Ó Muirí. Tá an leabhar dírithe ar dhéagóirí óga agus ar fhoghlaimeoirí fásta.

»»»
Íomhá
Eagrán 68, Nollaig 2006
CÚINNE NA nEALAÍON
Ciara Nic Gabhann

Tá an déantóir scannán Phil Collins, atá ar ghearrliosta Dhuais Turner i mbliana, ag díriú ina shaothar ar dhaoine leochaileacha a ndearna an seal a chaith siad ar chlár de chuid Theilifís na Réaltachta dochar dóibh. Ach an bhfuil Collins féin ag teacht i dtír orthu chomh maith, a fhiafraíonn Ciara Nic Gabhann.

»»»
Íomhá
Eagrán 68, Nollaig 2006
CÚINNE NA nEALAÍON
Colm Ó Snodaigh

Bhí Colm Ó Snodaigh an-tógtha le cuid ceoil The Boomtown Rats agus é ag éirí aníos agus bhí áthas nuair a fuair sé deis bualadh le Bob Geldof agus le ball eile den ghrúpa i mbliana.

»»»
Íomhá
Eagrán 67, Samhain 2006
CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Antaine Ó Faracháin

Bhí ceardlanna ceoil agus ceolchoirm mhór ar siúl i mBaile an tSaoir le déanaí, a d’eagraigh Craobh Naithí de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann. Bhí cúis mhaith acu a bheith ag ceiliúradh mar go bhfuil tríocha bliain caite acu ag seinm ceoil sa cheantar seo i ndeisceart Chontae Bhaile Átha Cliath. Labhair Antaine Ó Faracháin le Tomás Mac Uileagóid faoi stair agus chúlra na craoibhe agus faoin dul chun cinn atá déanta acu ón am a bunaíodh í.

»»»
Íomhá
Eagrán 67, Samhain 2006
CÚINNE NA nEALAÍON
Ciara Nic Gabhann

Tá bradaíl curtha i leith Damien Hirst, an t-ealaíontóir Sasanach, agus ní seo an chéad uair dá leithéid tarlú, mar a mhíníonn Ciara Nic Gabhann.

»»»
Íomhá
Eagrán 67, Samhain 2006
CÚINNE NA nEALAÍON
Colm Ó Snodaigh

Déanann Colm Ó Snodaigh cur síos ar oíche dhraíochtach ag seinm leis an gceoltóir Oki ina cheantar dúchais sa tSeapáin.

»»»
Íomhá
Eagrán 67, Samhain 2006
CÚINNE NA nEALAÍON
Éamonn Ó Dónaill

Tá amhráin agus filíocht den chéad scoth ar albam nua John Spillane agus Louis de Paor agus is saothar tábhachtach é ó thaobh na Gaeilge chomh maith. Labhair Éamonn Ó Dónaill le Spillane le déanaí, roimh cheolchoirm dá chuid i mBaile Átha Cliath.

»»»
Íomhá
Eagrán 66, Deireadh Fómhair 2006
CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Antaine Ó Faracháin

Bhí banfhile ann sa seachtú haois, Líadan, a thit i ngrá le file darbh ainm Cuirithir mac Dobharchon. Is uaithi sin a fhaigheann an “seisear spéirbhan” atá sa ngrúpa ceoil Líadan a n-ainm. Labhair Antaine Ó Faracháin le ball den ghrúpa, Síle Denvir, faoin dlúthdhiosca nua atá díreach eisithe acu agus faoin gcaoi ar tháinig an banna le chéile.

»»»
Íomhá
Eagrán 66, Deireadh Fómhair 2006
CÚINNE NA nEALAÍON/PEANN AR PÁR
Anna Heussaff

Is sliocht é seo as úrscéal nua eachtraíochta le hAnna Heussaff, atá lán de theannas is de spleodar. Tá sé ag plé le saol samhlaíoch pháistí an lae inniu: gluaisteáin ghasta, ríomhchluichí agus turais i mórchathracha cáiliúla. Tá an saothar oiriúnach do dhaoine óga idir naoi mbliana agus dhá bhliain déag.

»»»
Íomhá
Eagrán 66, Deireadh Fómhair 2006
CÚINNE NA nEALAÍON
Ciara Nic Gabhann

Dhiúltaigh coláistí éagsúla ealaíne áit a thabhairt do Mark “Rasher” Kavanagh ar a gcúrsaí i lár na nóchaidí ach anois tá cáil idirnáisiúnta bainte amach aige mar ealaíontóir agus tá Tom Cruise i measc a chuid custaiméirí. Labhair Ciara Nic Gabhann leis le gairid.

»»»
Íomhá
Eagrán 66, Deireadh Fómhair 2006
CÚINNE NA nEALAÍON
Colm Ó Snodaigh

Tá Colm Ó Snodaigh ar camchuairt sa tSeapáin lena ghrúpa, Kíla, faoi láthair. Déanann sé cur síos anseo ar an saol ar an mbóthar.

»»»
Íomhá
Eagrán 66, Deireadh Fómhair 2006
CÚINNE NA nEALAÍON
Liam Carson

Beidh Féile Litríochta IMRAM ar siúl i mBaile Átha Cliath idir 10 agus 15 Deireadh Fómhair. Déanann duine de lucht eagraithe na féile, Liam Carson, cur síos ar chuid de na himeachtaí atá ar chlár na bliana seo.

»»»
Íomhá
Eagrán 65, Meán Fómhair 2006
CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Antaine Ó Faracháin

Ceapadh Tim Collins, seinnteoir consairtín den chéad scoth, le déanaí mar Scoláire Fulbright, rud a chiallaíonn go mbeidh sé ag tabhairt aghaidhe ar Nua-Eabhrac go luath le tosú ag léachtóireacht ar cheol dúchasach na hÉireann ansin. Labhair Antaine Ó Faracháin leis faoin scoláireacht spéisiúil seo.

»»»
Íomhá
Eagrán 65, Meán Fómhair 2006
CÚINNE NA nEALAÍON/PEANN AR PÁR
Dermot Somers

Sliocht as úrscéal nua Dermot Somers, Buaic, an chéad saothar ficsin i nGaeilge ón sléibhteoir cáiliúil.

»»»
Eagrán 65, Meán Fómhair 2006
CÚINNE NA nEALAÍON

Bás tobann an scríbhneora as Doire.

»»»
Íomhá
Eagrán 65, Meán Fómhair 2006
CÚINNE NA nEALAÍON
Ciara Nic Gabhann

Tá grúpa eolaithe tar éis teicneolaíocht a fhorbairt a chuireann ar chumas daoine píosa ealaíne digití a athrú le dreach a n-aghaidhe. Tuairisc ó Chiara Nic Gabhann.

»»»
Íomhá
Eagrán 65, Meán Fómhair 2006
CÚINNE NA nEALAÍON
Colm Ó Snodaigh

Baineann Colm Ó Snodaigh an-sásamh as bheith ag seinm i seisiúin cheoil sa teach tábhairne, in ainneoin go mbíonn air “The Lonesome Boatman” a chasadh ó am go chéile.

»»»
Íomhá
Eagrán 64, Lúnasa 2006
CÚINNE NA nEALAÍON/PEANN AR PÁR
Áine Ní Chonghaile

Gearrscéal ón mbailiúchán nua le Daithí Ó Muirí, [i]Ceolta[/i], a d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnachta (www.cic.ie) i mí an Mheithimh.

»»»
Íomhá
Eagrán 64, Lúnasa 2006
CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Antaine Ó Faracháin

Tá institiúid oideachais ardleibhéil, a bheas ag díriú ar ghnéithe éagsúla de thraidisiúin na hÉireann, curtha ar bun ag grúpa daoine i gContae an Chláir. Tá sé mar aidhm ag an institiúid seo na healaíona traidisiúnta a chaomhnú ina dtimpeallacht dhúchasach féin. “Oidhreacht an Chláir” an t-ainm atá ar an tionscadal agus labhair Antaine Ó Faracháin le Dónal de Barra, duine de na daoine atá ina bhun.

»»»
Íomhá
Eagrán 64, Lúnasa 2006
CÚINNE NA nEALAÍON
Colm Ó Snodaigh

Déanann Colm Ó Snodaigh cur síos ar cheithre huaire is fiche an-fhuadrach ina shaol an mhí seo caite.

»»»
Íomhá
Eagrán 64, Lúnasa 2006
CÚINNE NA nEALAÍON
Ian Ó Caoimh

Féachann Ian Ó Caoimh ar an gcoimhlint idir an tÉireannachas agus an Sasanachas i saol agus saothar an amhránaí as Manchain, Morrissey, a bheidh ag seinm i mBaile Átha Cliath ag deireadh na míosa seo.

»»»
Eagrán 63, Iúil 2006
CÚINNE NA nEALAÍON/PEANN AR PÁR
P.J. Mac Gabhann

Tá an dán seo tógtha ó chnuasach nua dánta Choilm Bhreathnaigh, Chiaroscuro, a sheolfar an mhí seo.

»»»
Íomhá
Eagrán 63, Iúil 2006
CÚINNE NA nEALAÍON
Ciara Nic Gabhann

Cur síos ó Chiara Nic Gabhann ar chúlra an phictiúir le Gustav Klimt a díoladh ar $135 milliún le gairid.

»»»
Íomhá
Eagrán 63, Iúil 2006
CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Antaine Ó Faracháin

Tá albam nua dar teideal The Fiddler’s Choice eisithe ag an bhfidléir Eileen O’Brien mar chuid de Mháistreacht sa cheol traidisiúnta a rinne sí in Ollscoil Luimnigh. Tá an brabús ón albam seo á bhronnadh ar Ghrúpa Gníomhaíochta Ospidéal an Aonaigh. Labhair Antaine Ó Faracháin le hEileen faoin albam nua seo agus faoin gcúrsa san ollscoil.

»»»
Íomhá
Eagrán 63, Iúil 2006
CÚINNE NA nEALAÍON
Colm Ó Snodaigh

Smaoiníonn Colm Ó Snodaigh siar ar chúpla uair an chloig an-phléisiúrtha a chaith sé ag éisteacht le Martin Hayes agus Dennis Cahill ag seinm i gCill Chainnigh.

»»»
Íomhá
Eagrán 62, Meitheamh 2006
CÚINNE NA nEALAÍON
Colm Ó Snodaigh

Scéal forálach faoi bheith ag iarraidh do bheatha a thabhairt i dtír mar cheoltóir in Fuerteventura, le Colm Ó Snodaigh.

»»»
Íomhá
Eagrán 62, Meitheamh 2006
CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Antaine Ó Faracháin

Amhráin na Séad – Jewels and Pathways an t-ainm atá ar dhlúthdhiosca nua atá díreach eisithe ag an amhránaí dúchasach Pádraig Ó Cearbhaill, le cabhair ó An Béal Binn. Labhair Antaine Ó Faracháin leis faoin mbailiúchán séad seo atá curtha le chéile aige.

»»»
Íomhá
Eagrán 62, Meitheamh 2006
CÚINNE NA nEALAÍON
Ciara Nic Gabhann

I rith na bliana seo, tá Ciara Nic Gabhann ag tabhairt eolais mar gheall ar na dánlanna agus áiteanna eile ar fiú cuairt a thabhairt orthu i gcathracha éagsúla timpeall na hEorpa. An mhí seo: Barcelona.

»»»
Íomhá
Eagrán 61, Bealtaine 2006
CÚINNE NA nEALAÍON
Ciara Nic Gabhann

Tá léargas den scoth le fáil ar an saol in Éirinn le caoga bliain anuas i dtaispeántas grianghraf atá ar siúl i mBaile Átha Cliath faoi láthair. Thug Ciara Nic Gabhann cuairt ar an taispeántas.

»»»

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.

Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.