CÚINNE NA nEALAÍON
Ceol Éin an BBC
John Paul McCarthy John Paul McCarthy

Is é meas John-Paul Mc Carthy go bhfuil cruth na fírinne go láidir ar dhráma teilifíse an BBC a bunaíodh ar leabhar Birdsong le Sebastian Baulks, dráma a léiríonn ár agus imní an Chéad Chogadh Domhanda.

Íomhá
Sebastian Faulks
(le Elena Torre ar Flickr)
Íomhá
Éireannaigh sa Chéad Chogadh Domhanda
(Vicipéid)
Íomhá
An t-údar Paul Fussell1945
(le SAM ar Vicipéid)
Íomhá
Leabhar Paul Fussell, ó Chló Ollscoil Oxford

Ina leabhar breá, The Great War and Modern Memory, do cháin Paul Fussell na foinsí stairiúla traidisiúnta a d’úsáidtí de ghnáth chun uafás an Chogaidh Mhóir a scagadh; nuachtáin, díospóireachtaí parlaiminte, dialanna pearsanta, litreacha dar cuireadh abhaile ón gcath. Agus méid na fulaingte á bhéimniú ag Fussell, mhaígh probably only a complete illiterate who very seldom heard narrative of any kind could give anaccurate’ account of a personal experience. Cheap Fussell féadfaí ár agus imní 1914-1918 a léiriú i gceart le foinsí staire traidisiúnta ós rud é go gcuirtí riocht liteartha ar na foinsí seo, rud a d’athraigh a gcuid ionracais inmheánach trí thimpiste. Toisc raibh na scileanna liteartha seo ag cosmhuintir na gcath, ’sé sin na saighdiúirí íosaicmeacha ach go háirithe, fhéadfaí a gur chuir siad claonadh liteartha ex post facto ar a gcuid scríbhinní.

Níor léigh an Meiriceánach Fussell leabhar an Bhriotanaigh liteartha Sebastian Faulks, Birdsong, agus fhaca an dráma teilifíse dár dhear an BBC as an leabhar céanna le déanaí. Ach thug an dráma galánta seo laigeachtaí argóint Fussell chun solais. Tagann na íomhánna=images">h="gloss" title="image">íomhánna liteartha agus na seanléachtaí staire aniar aduaidh orainn ina slaoda i mBirdsong agus ifreann na Fraince idir 1914-1918 á shamhlú ag Faulks, ach níor thit an leabhar isteach i ndol Fussell.

Is áiteamh dlisteanach ildaite é Birdsong a thugann geallúint don lucht féachana go mbeidh siad in ann 1914-18 a thuiscint dheireadh éistíonn siad go géar leis an mbeirt speisialta sin, Stephen agus Isabelle, a iompaíonn an scéal dólásach ó thús go deireadh. Is dílleachta Stephen, fear mílítheach óg dathúil a thagann mar chuairteoir tráchtála go tigh mhuintir Azaire i dtuaisceart na Fraince i 1912. Tagann le mála amháin, ach fágann le Bean Azaire, Isabelle, ina chuideachta, agus fonn orthu beirt a nganntanas fisiciúil a leigheas i dteannta a chéile mar lánúin. furaist cur síos cuí a dhéanamh ar chumhacht agus ar ghalántacht a gcaidreamh collaí i leabhar Faulks, ach d’fhéadfaí na leathanaigh seo óna leabhar a chur i gcomórtas le leathanaigh borba foréigeanacha Alan Hollinghurst. (Is léir gur theastaigh ó Faulks an grá sa bhforéigean a bhéimniú agus gur theastaigh ó Hollinghurst an foréigean sa drúis a bhéimniú).

Ar an Ármhá

Tagann an cogadh míthrócaireach i 1914 agus níl fágtha ag Stephen ón sin ach cuimhní cinn d’Isabelle, cuimhní cinn a thugann misneach a dhícheall a dhéanamh teacht slán as an rúscadh fuilteach. Bunaíodh script an BBC ar mhalairtí fisiciúla, malairtí a ghlacann greim docht daingean ar an lucht féachana gan mhoill. Grá mall agus bás borb; fuil an chatha agus fuil na broinne; timpeallacht chúng an chogaidh agus réimse fhairsing leathan na cuimhne daonna; castacht an ghrá agus diúide na himeagla os comhair na n-urchar.

Níor úsáid an BBC íomhá amháin ón leabhar, íomhá as otharlann mhíleata a chuireann cóir leighis ar Stephen nuair a gortaíodh é le linn catha. Cuireadh chúram na ndochtúirí é agus é gan aithne gan urlabhra tar éis urchair Gearmánaigh poll a chur ina bhrollach. Nuair a dhúisíonn sa leabhar, siúlann timpeall na hotharlainne bige agus feiceann sáinn garsúir amháin dar dódh go dona tar éis ionsaithe gáis na nGearmánach. Níl fágtha ag an dtruán dóite seo ó thaobh ghrá an tsaoil de ach lámha grámhara na n-altraí, lámha a chuireann bindealáin gharbha ar a shúile réabtha agus a thomann é gan tuiscint i bhfolcadán uisce. Osclaíonn an garsúr a bhéal dóite agus é san uisce uafásach, ach thagann oiread is gíog míog as. Seo screadaíl chiúin dar le Stephen, príomhghuth an tsaighdiúra óig sa Chogadh Mór.

Is deacair uaireanta an chuid seo de leabhar Faulks a dhíleá gan cuimhneamh ar Ulysses de chuid Joyce, ach go háirithe an achainí shéimh sin a dhéanann duine amháin sa scéal sin ar a spéirbhean, Touch me. Soft eyes. Soft soft soft hand. I am lonely here. Fuascailt bhfuair an déagóir dóite sin dheireadh, agus fuascailt bhfuair tromlach comhghuaillithe Stephen ar an gcéad de chath cinniúnach an Somme i 1916. Thuig an BBC gur tharla an tubaiste seo ag tús breá Samhraidh brotallaigh, agus d’úsáid siad tírdhreach glas chun toircheas agus soineantacht na bhfear óg a cailltear a bhéimniú. Is cuma cén constaic íobairt a fheiceann Stephen ó 1914-1918, féidir leis Isabelle a dhíbirt as a intinn. Sólás agus solas í gur thréig é cúpla roimis theacht an chogaidh i 1914 nuair a thuig go himníoch go raibh ag iompar clainne. Sa leabhar, roinn Faulks a scéal ina thrí chuid, 1912, 1914-1918 agus 1976.

An Buille Scoir

Sa tríú cuid, déanann seaniníon Stephen iarracht rúndiamhra an chogaidh a thuiscint caoga bliain níos déanaí. Faigheann sean-nóta i leabhar a seanathar Stephen ó 1918, leabhar ina ndéanann cur síos ar leathanta agus ar uaireanta deireanacha an Chogaidh. De dheascaibh feallionsaithe na nGearmánach thíos fén dtalamh, thit Stephen agus mianadóir íosaicmeach darbh ainm Jack Firebrace isteach i gcillín i bhfad thíos phluais amháin. Ghortaigh buama Gearmánach cosa Jack agus léir go mbeidh in ann dreapadh aníos as an bpoll. Braitheann an bás ina theannta agus tosnaíonn ag caint go macánta le Stephen, an lieutenant a bhíodh i bhfeighil air thuas ar an ndomhan clár. féidir le Jack bás a linbh féin cúpla roimhis seo a thuiscint. I loved that boy deir . My world was in his face. I made myself remember each thing he did, the way he turned his head, his way of saying things. It was as though I knew it wouldn’t be for long. He was from another world, he was a blessing too great for me.” Impíonn Stephen air iarracht amháin eile a dhéanamh a chosa a úsáid, ionas páistí eile a ghineadh níos déanaí. Somehow I’ll get you out and you’ll have other children. John won’t be the last.” Imíonn Jack sula bhfad ar bhóthar a mhic, ach éalaíonn Stephen as an bpluais cúpla nóiméad tar éis do sos chomhraic 1918 teacht i bhfeidhm. Ansin thug cead do staraithe cosúil le Norman Stone a ina leabhar World War One: A Short History now the twentieth century happened. Níorbh ábhar ceiliúrtha é sin ach an oiread.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR
  • Is scríbhneoir staire ó chathair Chorcaí John-Paul McCarthy.
RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.