Bhí Caitríona Ní Chonchúir ag blaiseadh de shaol Rinn Bhriotánach chósta Cheanada sé seachtaine ó shin, tráth a raibh Féile na nDathanna Ceilteacha ar siúl.
Tugtar croí Ceilteach Mheiriceá Thuaidh ar an Rinn Bhriotánach, oileán ar chósta thoir thuaidh Cheanada, agus is cinnte go mbíonn le brath=palpable">="gloss" title="a strong pulse">cuisle láidir an chroí Cheiltigh sin le brath ag Féile na nDathanna Ceilteacha a reáchtáiltear ar an oileán san Fhómhar gach bliain.
Is féile idirnáísiúnta Cheilteach í Féile na nDathanna Ceilteacha a mheallann daoine ó cheann ceann na cruinne chuici, leis an traidisiún agus leis na teangacha Ceilteacha a chomóradh. Roghnaítear cúlra an Fhómhair leis an gceiliúradh a chur ar bun mar tagann claochló ar an timpeallacht i rith na ráithe sin ar an oileán. Cé go mbíonn an ceol féin i gcroílár na féile, dírítear aird an phobail ar áilleacht an oileáin féin ag an tráth sin den bhliain chomh maith.
Is cuid de chúige Alba Nua í an Rinn Bhriotánach agus idir na blianta 1775 agus 1860, tháinig breis is 25,000 duine ar eisimirce as Albain le socrú ar an oileán, cuid mhaith acu a tháinig ó gharbhchríocha na hAlban. Glanadh na coillte móra sléibhe ann chun breis talún a fháil agus b’éigean do dhaoine a raibh cónaí orthu ann cheana, imeacht agus socrú in áit eile ar fad. Mhéadaigh líon na nÉireannach agus líon na bhFrancach chun an oileáin chomh maith i rith an ochtú haois déag. Chruthaigh meascán na gcultúr ar fad saíocht úr ar leith, agus maireann sliocht na n-imirceach sin ar an oileán go dtí an lá inniu.
Thug mé féin turas ar an oileán i lár mhí Dheireadh Fómhair le freastal ar an bhféile agus ba mhór an taitneamh a bhain mé as. Bhí cuma an Fhómhair go feiceálach ag an am sin agus chuir sé sin go mór leis an bhféile. Toisc méid na gcrann ar an oileán féin, ba iad dathanna an Fhómhair na dathanna ab áille agus ba ghile dá bhfaca mé riamh. Áit shuaimhneach, i bhfad ó chur isteach an ghnáthshaoil atá ann.
Baile Baddock
D’fhan mé i mbaile beag darbh ainm Baddeck an chéad oíche ar an oileán, áit a raibh cónaí ar an Albanach, Alexander Graham Bell ann, ón mbliain 1885 go dtí deireadh a shaoil. Bhí deis agam freastal ar cheolchoirm a bhí ar siúl sa bhaile an oíche sin mar chuid d’imeachtaí na féile. Bhí blas láidir Albanach-Éíreannach le brath ar an gceol, le fuaim na bpíob uillinne, na bhfidleacha agus na bhfeadóg. Lean an spraoi ar aghaidh i ndiaidh na ceolchoirme ag Coláiste Gaelach Saint Anne’s, deich nóiméad as baile Baddeck.
Tharla dhá rud spéisiúla le linn na dturas an dá oíche chuig an gcoláiste, ceann amháin a léiríonn fláithiúlacht agus cairdeas na ndaoine, agus ceann eile a léiríonn a mhalairt - ach gur gá an taobh ghreannmhar a fheiceáil agus tú i do ‘choimhtíoch’! Chaill mé an bus deiridh chuig an gcoláiste mar bhí an cheolchoirm in Baddeck rómhaith lena fhágáil i do dhiaidh. Thairg fear ón mbaile síob dom ag leathuair tar éis a haon ar maidin – ainneoin go raibh an oíche caite aige ag tabhairt aire do gach duine cheana féin. Fláithiúlacht den scoth á léiriú cinnte ó dhaoine croíúla, a mbeadh muinín ag éinne astu. Is a mhalairt a bheadh fíor le tiománaí an bhus agus an croí á chur trasna ionam aige ag bualadh bos do ‘The Birdy Song’ ag tiomáint bus abhaile ag leathuair tar éis a ceathair ar maidin - agus gan lámh ar bith aige ar an roth stiúrtha! Bhain mé an t-óstán amach go sábháilte mar sin féin agus ba léir gur chuid den chraic é an turas bus mar bhí muintir na háite breá compordach leis an ngeaitsíocht! ‘The Telegraph House’ ab ainm don óstán - ag cloí le téama Alexander Graham Bell mar fhear an ghutháin, agus mar ábhar tarraingteach turasóireachta an bhaile.
Tréan Ceoil
Tá an coláiste Gaelach féin i gcroílár an oileáin agus caomhnaítear na teangacha Ceilteacha agus a mbéascna ann, trí chúrsaí a chur ar fáil san amhránaíocht, sa damhsa agus sa cheol. Tháinig ceoltóirí ó chian agus ó chóngar an oíche sin chun páirt a ghlacadh sa cheíliúradh agus b’iontach an cur i láthair a cuireadh ar siúl ann. Mar a bheifí ag súil leis mar sin, tugadh tús áite don cheol i gcónaí – go fiú má bhí an ‘Birdy Song’ ina chlabhsúr ag an tiománaí bus!
Le linn mo chuairte go dtí an Rinn Bhriotánach, d’éirigh liom cuid de chosán Cabot a thaisteal chomh maith, bealach atá ainmnithe i gcuimhne ar John Cabot, Eorpach a tháinig chun na tíre sa chúigiú haois déag. Ag tosú amach ó Bhaddeck d’imigh mé ó thuaidh chomh fada le Ingonish agus agus thrasnaigh mé bailte beaga bídeacha ar an mbealach. Tá cuid de na bailte cois aille le radharcanna gleoite an Atlantaigh féin le feiceáil. Is ábhar ailt eile as féin iad na haillte céanna. Go fiú más cultúr i gcéin é an cultúr Ceilteach i Meiriceá Thuaidh, is léir go maireann an cultúr sin go bríomhar i gcónaí i gcroí na n-oileánach trasna an Atlantaigh. Níl ann ach go bhfuil ceol agus fuaim na farraige idir an dá dhream againn.