Tugann Pat Butler cur síos anseo ar thrí léiriú drámaíochta a chuaigh i bhfeidhm go mór air i mbliana, i Londain, i mBÁC agus i Sydney.
Is ait liom anois an tsaoirse shamhlaíoch a scaoiltear ionam agus mé faoi ghlas ag Malaeisiagh ar eitleán dá gcuid 39,000 troigh os cionn na Tuircmeánastáine scéalaí, Mhuir Chaisp an Bhradáin Fhearna, agus tír sin na steipeanna cáiliúla - an Chasacstáin sceirdiúil féinig. Is boc sleamhain é an néal codlata. Tá gach scannán ar chóras an Boeing 747 feicthe agam cheana. Tá ‘The Book of Longing’ le Leonard Cohen athléite agam fá dhó. Géillim anois do chuisle leictreonach an leabhair nótaí uchta agus tosaim ag scriobh. Tá sé ina oíche dhubh lasmuigh, tá soilse an chabáin maolaithe, agus formhór na bpaisinéirí ina dtoirchim suain. Anois an t-am chun liosta na dtaispeántaisí amharclainne is mó a chuir ríméad orm le tamall anuas a roinnt le pobal ‘Beo’. Seo chugaibh, scríofa fá mhana cáiliúil na hamharclainne iompaithe béal fúithi, ‘Scread na Gréisclí, Boladh an Lucht Féachana’!
Chonac trí léiriú suntasach le bliain anuas – ‘Waiting for Godot’ i dTeach an Opera cois chuain i Sydney, ‘Annrai IV Cuid a hAon’ ar bhruach abhainn y Tafwys i Southwark, agus ‘Pretending To Be Me’, seó aonair Tom Courtenay ar shaol is ar shaothar an fhile Philip Larkin, in Amharclann na Maighdine Mara i mBrí Chualann. Beatha úr tugtha do bhriathra Beckett, Shakespeare agus Philip Larkin le taobh uisce. Triúr réalta aisteoirí i mbun na seanmháistríochta – Tom Courtenay, Roger Allam, agus an té a líon bróga gioblacha ‘Estragon’ i ‘Godot’ ar chaoi a shásodh Beckett féin, déarfainn, Ian McKellan.
Cois y Tafwys
Agus mé ag valcaeracht cois y Tafwys mí Iúil seo chaite thángas gan choinne ar an New Globe Theatre. Seó ar tí tosaithe. Ní haon Royal Shakespeare Company an New Globe Theatre. Ach táid gairmiúil, snasta. De bharr nach bhfuilid ardnósach, tá teacht níos éasca ag daoine orthu, is ar an mBard. Thapaigh Roger Allam rógaireacht Falstaff le flosc. Mó ná sásúil a bhí an chuid eile den fhoireann. Shakespeare don bpobal atá ann, agus chuireas tráthnóna gealgháireach isteach leo. Sí an amharclann féin an réalta, ar bhealach. Athchruthú atmasféarach a tógadh sna nóchadai seo d’imigh, ar mhúnla an ‘Rose Theatre’ a chonacthas sa scannán ‘Shakespeare in Love’. Ach tá an Globe, de réir nós na séú haoise déag, oscailte don spéir. Bheadh scáth fearthainne inmholta má sheasann tú i measc na cosmhuintire - na ‘groundlings’. Gheobhfá isteach ar an dtalamh ar chúig phunt. Ach más duine ardnósach thú a ghlacann suíochán, tóg ceann de na hadhairteanna ar chips, nó gheobhaidh cruas an tsuíocháin adhmaid an ceann is fearr ar bhriathra an bhaird!
I mBrí Chualann
Cé a dhearmadfas Tom Courtenay i bpáirt Pasha Antipov, an réabhlóidí tiomanta a d’iompaigh ina shladaire gan taise i ‘Dr. Zhivago’. Filleann Antipov - an Ginearál Strelnikov anois – ag tús an dara leatha. Scantraigh claochlú Strelnikhov le cruas a chuid cúise mé. Tá cruas de chineál eile i Philip Larkin. Is maith a thuigeann Courtenay an méid sin. Ní nach ionadh - Hull Shasana a mhúnlaigh iad beirt.
In amharclann na Maighdine Mara i mBrí Chualann shiúil Philip Larkin, nach maireann, beo beathach ar an ardán, agus ins an stíl aisteoireachta beag-is-fiú sin a chruthaigh sé fadó, siúd chun oibre Tom Courtenay, briathra, anam agus corp Larkin ionchollaithe aige. Is iomaí léamh deifinideach a thug sé dúinn ar chuid de na dánta is cáiliúla i litríocht iar-Chogaidh an Bhéarla –
‘This Be The Verse’
They fuck you up, your mum and dad,
They may not mean to but they do,
They fill you with the faults they had
And add some extra, just for you.
‘Aubade’
‘…………..yet the dread
Of dying and being dead
Flashes afresh to hold and horrify…..
…..at the total emptiness for ever,
The sure extinction that we travel to
And shall be lost in always. Not to be here.
Not to be anywhere,
And soon, nothing more terrible, nothing more true….’
Bhí an script breac le caint agus greann searbh Hull. Gan trácht ar an ngráin a bhí ag Larkin do Ted Hughes! Las sé suas dúinn freisin Piúratánachas na haoise, agus an bhréagchráifeacht is an cur i gcéill - ar eagla bhreithiúnas na comharsan, ar ndeoin. Bíodh is gur seit lom a bhí ann, shamhlaíos na lasca aibhléise dubha bacailite (bakelite) i ngach áit. Ritheann fuarchreathanna an bháis tríom féin aon uair a chuirim síos ar dhuairceas na gcaogadaí. ’Sé an lasc dubh bacailite, sreangán cas ar sileadh uaidh, meafar duairc na mblianta sin domhsa.
Mo ghreidhn thú, Tom Courtenay. Míle buíochas freisin as gach a thugais dúinn roimhe – ‘The Loneliness of the Long Distance Runner’, ‘Billy Liar’, Dr. Zhivago’ , ‘The Dresser’. Más réalta móra idirnáisiúnta anois iad na sean-chomhghleacaithe Albert Finney agus Alan Bates, is é Tom Courtenay, sa bhfuil is sa gcnámh, príomhaisteoir lucht oibre thuaisceart Shasana. Agus ní beag sin mar oidhreacht. Ni baol d’anam Philip Larkin fad a mhairfeas Tom Courtenay. Is féidir ‘Pretending To Be Me’ a cheannach ar CD. Seod beag gan sárú ……..
Cois Chuain i Sydney
Maidir le ‘Godot’, creidim nach bhfuil sárú éacht McKellan agus a chompántais ann mar léiriú ar phríomhdhráma na Fichiú hAoise. Nocht siad iontaisí úra sa téacs agus san fhothéacs. Bhain foirfeacht na héalaine ardáin na cosa díom. Ba dhráma mór freisin dom Teach an Opera ann féin. Tá ‘Estragon’ McKellan iomlán foirfe; Roger Rees, ‘Vladimir’, sármhaith; ‘Pozzo’ Matthew Kelly – sea, Matthew Kelly na seóchluichí teilifíse – tour de force eile. Má thagann Godot McKellan ar ais, fiú más gá iasacht d’fháil ón mbanc chun an cead isteach a árdú, is fiú sin. Raghainn féin ann arís, agus arís, agus arís eile. Ach táim beagáinín claonta – shiúlas féin i mbróga ‘Estragon’ i léiriú Dan Donovan in Everyman Chorcaí siar i gclochaois amaitéarach na seascadaí.
Ach, a chairde, más i ‘Godot’ McKellan an ócáid amharclainne is suntasaí a chonac le fada an lá, cé thóg mo chroíse ach Tom Courtenay, ionchollú cantalach, cráite, mustarach Philip Larkin. Má bhaineann ‘Godot’ leis an staid dhaonna uilíoch, nach séanann an dóchas, is le sceimhle an duine aonair i bhfianaise na mistéire céanna a oibríonn Larkin. Ar a laghad, tá Estragon ann do Valdimir, agus Vladimir ann d’Estragon. Agus más príomhdhráma grinn Amharclann na hÉigéille é ‘Godot’, baineann ‘Pretending to be Me’ le crá Philip Larkin agus leimhe fíochmhar na beatha, atá, in ainneoin gach donas, an-ghreannmhar ar fad.
Cioca is fearr a thaitin liom, i ndeireadh na dála – ‘Ionad Ró-Naofa’ Beckett/McKellan, (holy of holies) ‘An Soitheach Rónaofa’ (Holy Grail) Shakespeare/Roger Allam, nó ‘Doirteal Cistineach’ Larkin/Tom Courtenay?
Sin chugam an ciseán níocháin lofa sin, in ainm Chroim! Ach, impím ort gan mear a leagadh ar aon lasc dubh bacailite le corda cas ar sileadh uaidh…... PB Scripsit, san aer ag 39,000 troigh, agus ar ball i Parramatta ins na Bruachbháilte Thiar, Sydney – fearann atá naofa ag An Burramatta - iascairí agus caomhnóiri na nEascann domhain in insint álainn an chine dúchais.