CÚINNE NA nEALAÍON
An Dúchas agus an Domhan
John Paul McCarthy John Paul McCarthy

Thug clár teilifíse a rinneadh ar Niall Tóibín, ‘Seóman’, a léiríodh faoi Nollaig ar TG4, ábhar machnaimh do John-Paul McCarthy ar an ‘inneall cealgach’, Cathair Chorcaí.

Íomhá
A scáil
(Bobby Hanvey a tharraing, le Leabharlann Burns, Boston College ar Flickr,com)
Íomhá
Log an Chiúinis
(leis an Gúm)
Íomhá
Breandán Ó Beacháin
(le Reginald Gray ar Vicipéid)
Íomhá
Halla na Cathrach, Corcaigh, anuraidh
(Pat Butler a tharraing)

I leabhar Daniel Corkery dar bhaineas le meadaracht shaol Chathair Chorcaí darbh aimn Log an Chiúinis, déanann duine amháin ann mearbhall fén óráidíocht phoiblí. Fiafraíonn duine éigin dá chara, “Focail chomh mín chomh cneasta leó cionnus thárlóchadh go mbeadh cealg ionntu?” Cé nár ghlac naimhdeas eitneach Corkery greim dhaingean ar intleacht Niall Tóibín riamh, ní foláir nó go n-oireann ceist seo Corkery leis. Mar a thaispeáin TG4 dúinn aimsir na Nollag imithe tharainn insa chlár géarchúiseach, Seó Man, fear siamsaíochta é an Tóibíneach ach is saineolaí ar an masla pearsanta ’s polaitiúil é freisin.

Thug TG4 le fios go gcaitheann Tóibín cúpla mí gach bliain i Nua-Eabhrac, ach níor éirigh leis an gcathair uilechumhachtach sin rian Chathair Chorcaí ina phearsantacht do mhaolú. Cibé taispeántas a chuireann Tóibín i dteannta a chéile, is cuma an é an aithris scanrúil sin a dhéanann sé ar Bhrendan Behan i mBorstal Boy, nó an tráchtaireacht shóisialta bhinbeach sin ina chuid oícheanta cáiliúla sa Cork Opera House sa 80idí, teilgeann sé pearsa sholasmhar ar an ardán.

Leag TG4 béim ar leith ar thionchar Mhic Liammóir agus drámadóirí eile nach é de chuid Bhleá Cliath agus samhlaíocht Tóibín á scagadh acu. B’ilghnéitheach na léargais dár ghin an bhéim sin, ach ní cóir beag is fiú riamh do dhéanamh den thimpeallacht intleachtúil sainiúil uirbeach sin dar ghearr Tóibín as an gcloich. Is bláth, toradh agus oidhre de chuid Chathair Chorcaí é Niall Tóibín.

Cuireann an faobhar speisialta sin a luíonn i lár baill dá chuid siamsaíochta Corkery i gcuimhne go minic, ach go háirithe an cur síos gonta cáiliúil sin aige ar Chathair Chorcaí nuair a bhaist sé ‘inneall cealgach’ uirthi. Ní foláir nó gur tháinig fearg agus muinín shóisialta Toibín as an ‘inneall’ sin, ach go háirithe sna 70idí nuair a chuir RTÉ agus easpaig na Róimhe in aghaidh a chuid cláracha polaitíula, ach go háirithe ceann dar teideal If the Cap Fits, a múchadh gan choinne.

An Uimhir Dhé ar Bhéalaibh Daoine

Ach feictear iarsmaí speisialta Corcaíocha eile in íogaireacht intleachtúil Tóibín. Ba mhór ag a athair cruinneas na gramadaí, agus deirtí gurbh amhlaidh lena mhac agus scripteanna á dhíleá aige. Más ea, is furaist taibhse Sheáin Uí Fhaoláin a bhrath i dteannta Tóibín agus foclóir drámadúil á mhúnlú aige roimis oíche bheo.

Scríobhadh Ó Faoláin leis an ocras céanna dar léirigh Oliver Wendell Holmes ina bhreithiúnais dleathacha i Meiriceá, an fealsúnaí dar mhaígh tráth ‘a word is the skin of a living thought.’ B’é sin cur chuige Uí Fhaoláin nuair a tháinig sé slán as scoileanna barbartha Chathair Chorcaí, rud dár chuir sé in iúl don domhan mór sa Great O’Neill, ach go háirithe leis an íomhá iontasach sin a rinne comparáid idir an saol agus ‘a moted sunbeam dancing heavenwards and those specks were the richer for being attracted by the Sun, helplessly.’ D’fhéadfadh Tóibín scríobh agus labhairt fiú leis an ndaonnacht sin nuair a thugadh sé cead dó féin a chroí do nochtadh, rud a rinne sna leathanaigh sin ina dhírbheathaisnéis, Smile and Be a Villain, nuair a dhéanann cur síos ar ghrá a athar do rósanna Bhaile an Theampaill, nó a ghrá féin do Nua-Eabhrac, ‘[where] Die Lorelei still warbles her siren song down these steel and concrete canyons’.

Dá mba rud é go gcuireann a chruinneas teangan Corcaígh eile cosúil le Ó Faoláin in aigne againn, cuireann a chuid smaointí casta ar an gcultúr agóidí speisialta eile in iúl dúinn. Gaeilgeoir diongbháilte ab ea a athair, Seán, fear nár ghéill riamh don bhéarlachas, fiú nuair a chruthaigh an naimhdeas cultúrtha sin achrann dá chlann. (Rinne Toibín cur síos do TG4 ar na hagóidí a thiteadh amach go minic idir a athair agus tiománaithe aonteangacha bhusanna Chorcaí nuair a dhiúltódh sé labhairt leo as Béarla. Ghnóthaigh an íde seo leas-ainm speisialta don athair; ‘You’re auld fella, talking Irish all the time, fucking mad man, boy’.)

Fill Arís

Agus scéalta cosúil le seo á aithris ag Tóibín, cloistear cogar ón bhfile áitiúil Seán Ó Ríordáin. D’fhulaing Tóibín fén ualach cultúrtha sin dar bhreaclínigh Ó Ríordánach ina dhán fuarchúiseach scéirdiúil, ‘Fill Arís’, dán a dhéanann idirdhealú dólásach idir an Béarla agus an Ghaeilge agus a dhéanann iarracht daoine do ghríosadh chun cluas bhodhar a thabhairt do shaibhreas intleachtúil ‘Shelley, Keats is Shakespeare’ ós rud é, dar leis, nach ‘dual do neach a thigh ná a threibh a thréigean’. B’shin an cur chuige cultúrtha a taispeánadh don Tóibíneach le linn a óige, cur chuige Chorkery agus Uí Ríordáin, ach tháinig sé slán as an bpoll sin le cabhair dhrámaí Behan, drámaí a rinne magadh léannta ar an oidhreacht náisiúnach Gaelach sin.

Agus rith sé le Tóibín sara bhfad go raibh traidisiún Gaelach Corcaíoch eile ar fáil dhó, traidisiún a bhláthaigh as ithir na cathrach cosúil le traidisiún Chorkery. B’shin é an traidisiún a rinne ceiliúradh ar an meascadh cultúrtha, ar shaíocht an tsíofra agus géarchúis an bhreacdhuine, an duine a labhraíonn an Ghaeilge agus an Béarla le chéile. Rinne an saineolaí Corcaíoch béaloidis Gearóid Ó Crualaoich scrúdú ar an dtraidisíun seo ina léacht Uí Chadhain i 1988, agus mhaígh “Is fearr is dóigh liom a thuigfimís gluaiseacht agus claochluithe na staire cultúrtha againn féin i dtéarmaí seo na gcultúr ceannais agus na gcultúr íochtarach ná i dtéarmaí an rud dúchais Gaelach versus an nuashaol Bhéarla mar nach mbíonn cúrsaí dúchais agus cúrsaí an nuashaoil socair iontu féin ach iad ag malartú de réír mar atá comórtas ar cheannas, ar údarás agus ar ghradam.” Míshocair, malartú, comórtas; nach achoimre críochnaithe na focail seo ar ghreann ar leith an Tóibínigh?

MAIDIR LEIS AN ÚDAR
  • Is scríbhneoir staire ó chathair Chorcaí John-Paul McCarthy.
RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.