CÚINNE NA nEALAÍON
Lincoln na Forlíofachta
John Paul McCarthy John Paul McCarthy

Na bunfhoinsí a shaibhríos caint an duine le friotail luachmhara dar le John-Paul Mc Carthy, agus chruthaigh Abraham Lincoln an méid sin.

Íomhá
Daniel Day Lewis
(le Muckster ar Flickr)
Íomhá
Lincoln
(le Alex Gardner ar Vicipéid)
Íomhá
Capt. Ed P. Doherty
(le Cartlann SAM ar Vicipéid)
Íomhá
Shakespeare sa Dánlann Náisiúnta, Londain
(ar Vicipéid)

Níorbh í aontacht bhunreachtúil Mheiriceá fuascailt na sclábhaithe daite duais na huachtarántachta féin príomhaidhm Abraham Lincoln ina shaol. Ba é cáil shíoraí a phriomhchuspóir, ach an cháil chéanna a bheith tuillte tar éis éacht éigin uilíoch a chur i gcrích.

Bhain an cháil sin amach dheireadh, ach cáil ab ea é a bhí bunaithe ar a chuid buanna dochreidte scríbhneoireachta in ionad a bheith bunaithe ar a chuid éachtaí taidhleoireachta. File polaitiúil ab ea Lincoln raibh ach cúpla de bhunoideachas faighte aige i gKentucky agus in Illinois sna 1820idí. Tháinig na friotail loma galánta ó Lincoln ina slaoda agus é ciaptha cráite mar Uachtarán na Stát Aontaithe ó 1861-5. Eisean a labhair go líofa mar gheall ar nabetter angels of our nature’, íomhá dar mhúnlaigh Lincoln as nath difriúil dar thairg a chomhairleoir William Henry Seward dhó in 1861.

Agus is maith is cuimhin le gach mac léinn bunscoile inniu na nathanna eile uaidh; the Father of Waters goes again unvexed towards the sea’, the quiet dogmas of the past’, a new birth of freedom’, mar aon leis an sainmhíniú simplí doimhin ar an ndaonlathas dar thairg féinig i reilig Gettsburg, government of the people, by the people, for the people’.

Blas ar an nGontacht

bhfuair an fear seo an fhéinmhuinín agus an íogaireacht mhórálta shainiúil seo? go raibh an-chosúlachtaí idir Lincoln féin agus na daoine neamhoilte a phlódaigh prós tuaithe William Carleton in Éirinn roimis Chogadh na gCarad, d’éirigh leis an bhfear ait ó Springfield Illinois ceol ar leith a bhaint as an mBéarla le linn a shaoil. D’fhéadfaí a áiteamh le dlisteanacht gur tháinig buanna liteartha Lincoln as éagmais. Uaireanta is féidir le hoideachas ardléinn cur isteach ar fhorbairt nádúrtha na pearsantachta. Cuirtear béim ar leith sna hollscoileanna, fiú sa atá inniu ann, ardhíospoireachtaí’ seachas ar thuairimí, agus múintearconspóidí’ seachas na buntéacsanna is tábhachtaí in oidhreacht an iarthair.

Toisc fuar cead isteach in aon fhoras ardléinn seachas oifig dlí a charad Billy Herndon i Springfield, ba chuma le Lincoln mar gheall ar dhíospóireachtai claonta den chineál seo. Fágadh dhá fhoinse bunúsach dhó: scríbhinní Shakespeare mar aon leis mBíobla Naofa dar cuireadh i gcló le linn réimis Shéamuis. Rug an acmhainn liteartha seo greim air, agus mhúnlaigh Lincoln na téarmai agus na híomhanna éagsúla iontu gan stad gan staonadh le linn a shaoil pholaitiuil. Ba í an ghontacht príomhbhua na bhfoinsí seo, agus do chuir siad an smacht suntastach sin ar phrós Lincoln dar chloisfear arís le cabhair Daniel Day Lewis.

Rinne an scoláire Meiriceánach Stephen Greenblatt iarracht cúpla bliain ó shin cumhacht phrós Shakespeare a mhíniú. Agus féadfaí draíocht na bhfocal sin a mhíniú go sainiúil, do mheas Greenblatt gur chruthaigh siad stir in the mind’ mar a dúirt i Shakespearean Negotiations toisc gur bhain siad le traidisiún claisiceach de chuid energia, ’sé sin an traidisiún scríbhneoireachta a rinne iarracht cúpla téamaí casta teibí a achoimriú le focal dhó le híomhá amháin.

Cumhacht Focail

Laoch mór aige Lincoln ab ea Shakespeare ach go háirithe Duncan i Macbeth (‘O my offence is rank!), agus is féidir nasc a dhéanamh idir an chur chuige liteartha seo. Tagann cumhacht focail ar leith as achoimriú ealaíonta. bhféadfaí ceisteanna fíorchasta a ghiorrú le háilleacht, is ea is an tionchar a bhraithfidh an lucht éisteachta. Agus ba shin príomhbhua Lincoln. B’ionann bunreacht Mheiriceá agus Dhearbhú an Neamhspleáchais ag Jefferson le apple of gold in a frame of silver’

Thug an bunreacht airgid cosaint saolta do bhunphrionsabail órga Jefferson. Dhearbhaigh féadfaí méid agus uafás an mighty scourge of war’ a thuiscint munar deineadh iarracht sollúnta na nascanna a cheangail an eite den chogadh a thuiscint agus a shoiléiriú. Both sides read the same Bible’, mar a dúirt insa second inaugural síoraí in 1865, both pray to the same God, and each invokes his aid against the other.

Ós rud é gur bhaill desna Hard Shell Baptists’ Calvineacha a thuismitheoirí, thuig Lincoln óna óige raibh i gceist le neamhspleáchas dígnit an duine ach cur i gcéill. Parvuli ab ea lucht an chreidimh, páistí iargúlta gan aon saoirse toil neamhspleách acu. Ba cheart agus ba chóir dar leis an dtraisiún seo géilleadh don tiarna fuarchúiseach. Osna Chalvineach ab ea an t-aitheasc gruama seo dar leis an scoláire Lincoln is fear sa atá inniu ann, Allen C. Guelzo, údar Redeemer President ó 2004, leabhar a thóg a theideal ó Whitman.

A lonely murmur of abandonment’ ab ea an second inaugural dar le Guelzo, ‘death like in the leafless trees’, óráid stáit a chuireann riocht polaitiúil síoraí ar féinfhuath Duncan tar éis fuil a dhoirteadh d’fhonnathbreith nua na saoirse’ eile a bhaint amach ghlúin féin. Agus Guelzo á dhíleá, is deacair éalú ó hargóint Nietzsche nach féidir linn focail a chur i dteannta a chéile ach amháin do rudaí a fuair bás ionainn cheana féin.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR
  • Is scríbhneoir staire ó chathair Chorcaí John-Paul McCarthy.
RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.