CÚINNE NA nEALAÍON/AG LÉAMH DOM
An Gadhar Liteartha Le Agnar Artúvertin
Gabriel Rosenstock Gabriel Rosenstock Gabriel Rosenstock

Blaisín as leabhar le scríbhneoir aitheanta as na Scigirí atá ag Gabriel Rosenstock anseo.

Íomhá
Agnar Artúvertin
Íomhá
An t-údar, Agnar
(le Vónbjørt ar Flickr)
Íomhá
Clúdach 'Ifreann'
(leis an ealaíontóir Mohsin Shafi)

Bhí orm aire a thabhairt do ghadhar mar bhí a úinéirí imithe áit éigin. Bhí deacracht agam leis, ní éisteodh sé liom.

Nár mhúin siad duit conas glacadh le horduithe?’ arsa mise leis nuair a bhí an bheirt againn sa chistin, mise ag cócaireacht, eisean ag lorg bia.

Chaitheas amach é ach tháinig sé isteach arís. Bhí deireadh na foighne sroiste agam. “Suigh!” a deirim leis. Lig sé air nár chuala sé mé, chas sé a chloigeann go mall agus d’fhéach amach an fhuinneog. Mise a d’éirigh ceanndána ansin.

“Nár mhúin siad duit conas suí ach an oiread? Cad eile nár mhúin siad duit? Suigh go deas!” Bhí sé ina sheasamh, barr a dhá chluas in airde, a theanga amuigh aige is é ag féachaint orm.

“Suigh síos!”

Faic.

“Maith an gadhar. Bí i do shuí. Suigh síos más é do thoil é! Tóin ar an talamh! Lúb na cosa!”

Leis sin, shuigh sé síos. Ba é an t-ordú deireanach a thuig sé. N’fheadar cad eile atá ar eolas aige? An bhfuil sé in ann tafann?

‘Bí ag tafann. Labhair liom! Abair leat! Dein fuaim éigin. Oscail do chlab! Tabhair achoimre dom ar Ealaín na Filíochta le Harry Statal.’

‘Wúúf!’ arsa an gadhar.

Th’anam ’on diabhal! Dochreidte ar fad. Bheadh orm leanúint orm anois. Dheineas dearmad ar an dinnéar; bhí an gadhar seo i bhfad níos suimiúla.

‘Tabhair a-ch-oim-re dom ar Eal-aín na Fil-íocht-ta le Harr-y Stat-al,’ arsa mise agus béim á cur agam ar gach siolla.

‘Wú-ú-f!’ arsa an gadhar, béim á cur aige ar gach litir.

Bhí mo chroí im bhéal agam mar ba léir gur gadhar an-speisialta a bhí anseo agam agus bhí plean rúnda agam é a ghoid agus é a thabhairt liom ar camchuairt an domhain.

‘An bhfuil Kafka léite agat?’ a d’fhiafraíos de.

‘Arf!’ ar sé go séimh agus chroith a chloigeann beag.

‘Caithfidh go bhfuil an-chuid sa chloigeann beag sin agat, an bhfuil?’

‘Wuff!’ ar sé go feargach agus sheas sé.

Breá bog anois!’ Cheansaíos é. Tar éis tamaill ansin:

‘Agus an maith leat é? (i.e. Kafka)’

‘Grr-aaaf!’

‘Ní maith liomsa ach an oiread é – tá sé casta, nach bhfuil, eth? Deacair é a thuiscint…’

Bhí sé go diail ar fad, an bheirt againn go cluthar ar urlár na cistine. Thugamar tamall ag plé na nua-aoisithe clasaiceacha – go háirithe Thomas Mann, Dostoevsky agus Proust. Fuaireas an-léargas uaidh ar Kant inar réitíodh cruacheisteanna go léir na fealsúnachta ach faraor níl dóthain spáis anseo agam chun é sin ar fad a mhíniú duit. Ba mhaith liom an méid seo a rá, áfach: tá gadhair – agus go deimhin, na hainmhithe go léir – in ann an-chuid a mhúineadh don duine. Agus tá súil agam go bhfuil an scéal fíor seo tar éis cur leis an tuiscint atá againn ar ár gcairde ceathairchosacha.

Rugadh Agnar Artúvertin in Thorshavn sa bhliain 1979 in Thorshavn, sna Scigirí. Foilseoidh Coiscéim leabhar dánta agus scéalta leis, Ifreann, an mhí seo chugainn, tiontaithe go Gaeilge ag Gabriel Rosenstock.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.