Bhí Pat Butler ag súil le saothar níos fearr an iarraidh seo ó lámh Roman Polanski.
Foireann
Jodie Foster – Penelope Longstreet
John C. Reilly – Michael Longstreet
Kate Winslet – Nancy Cowan
Christoph Waltz – Alan Cowan
Fuil i bpáirc shúgartha i Manhatten le linn seat fada na gceannteideal – buachaill óg deich mbliana d’aois a thugann sceilp de bhata do bhuachaill óg eile a bhaineann dhá déad as a charbad. Urlacan teilgthe ar leabhair ealaíne boird ísil nuair a thugann tuistí na beirte leads fána chéile tar éis dóibh ‘insint aontaithe’ ar an eachtra a chur le chéile in árasán an íobartaigh. Ní lú iompar foréigniúil na dtuismitheoirí, in ainneoin gothaí éadoimhne na bréagshiabhialtacha a rialaíonn ionad sugartha na ndaoine fásta, ’sé sin, an seomra suí meánaicmeach. Alleliuia, tá an chuma ar an scéal go bhfuil Polanski fillte ar an seanghort a threabh sé le díograis i ‘Repulsion’, 1965 – ‘Rosemary’s Baby’, 1968 – ‘The Tenant’, 1976 – an t-árasán (carcair? príosún? géibheann?) meánaicmeach ina bhfuil na príomhcharachtair, na comhraiceoirí, faoi gheasa na gceithre bhfallaí, iad teanntaithe isteach, ar nós Fionn agus na Fianna i mBruíon Chaorthainn na bhfinscéalta fadó, gan neart acu ar pé cumhacht mhídhaonna (ósréalaíoch?) a choimeádann ann iad in ainneoin a dtola agus a míle dícheall éalú. Ach más rófhada siar duit Bruíon Chaorthainn na Féinne, tig leat ‘Hotel California’ na nEagles a ‘sheiceáil amach’, mar a deir ceirneoirí na linne seo, ‘ar do chaoithiúlacht’ –
‘You can check out any time you like
But you can never leave…..’
Ní hIonann Iad
‘Tá an chuma ar an scéal…’, adúrt thuas, agus sin díreach atá i gceist agam. Tá an-difríocht idir tionchar na ‘dTrí Scannán Árásán’ le Polanski thuasluaite, agus tionchar ‘Carnage’, an obair is déanaí uaidh. I ‘Repulsion’, ‘Rosemary’s Baby’ agus ‘The Tenant’, tá sinne, an lucht féachana, gafa chomh maith céanna i dteannta na foirne aisteoirí laistigh den árasán. Sinne faoi gheasa na bruíne freisin, an sceimhle céanna á bhlaiseadh againn leosiúd istigh - tá sinne comhpháirteach leo sa slad, rannpháirteach leo sa díothú. Ach, is oth liom a rá, bíodh is gur bhaineas an-scléip agus craic agus sásamh as an díothú agus an slad agus an choscairt a n-imríonn an dá lánúin orthu féin is ar a chéile le linn fad ochtó nóiméad ‘Carnage’, ba chuma sa frig liom faoi cad a bhain dóibh ar deireadh. Sin teip scríbhneoireachta, teip scannánúil, teip stiúrthóireachta. Níor bhraitheas mé féin faoi gheasa na cumhachta a choiméad istigh iad sa leagan is déanaí seo den seanmhóitíf. Nuair is cuma leat fúthu, bíonn cead na gcos aon uair agat le linn na taispeána, agus, d’réir bata tomhais na gcaighdeán stiúrthóireachta a roinn Polanski go minic orainn cheana, fiú más beag féin í, is teip dó an cead imeachta sin atá againn.
Go hachomair, seo mar atá… Mac Winslet (bróicéar airgidis) agus Waltz (abhcóide) a thug sceilp do mhac Foster (scríbhneoir páirtaimsireach) agus Reilly (fear díolacháin chrua-earraí). Tugann an bheirt tuiste ard-mheánaicmeach cuairt ar an mbeirt íseal-mhéanaicmeach chun réiteach a fháil ar an aighneas idir an dá theaghleach. Níl Winslet, máthair an chiontóra, sásta leithscéal glan a ghabháil thar cheann a mic (cúinsí aicme/sóisialta/polaitíochta faoi ndear seo, is léir). Agus ní ghlacfaidh Forster le haon gotha níos lú ná aithrí umhal, dáiríre na beirte tuistí agus leithscéal fial an chiontóra tugtha don íobartach mac (cúinsí aicme/sóisialta/polaitíochta faoi ndear seo, is léir freisin).
I dtús báire, tá na fíochmarachtaí seo uilig fá cheilt, fá smacht dheasghnátha na bréagshiabhialtachta. D’réir a chéile, agus de réir mar a theipeann ar na cuairteoirí éaló as an árasán tar éis gach babhta slaide agus leath-athmhuintearais eile – iad ar an táirsigh imeachta nuair a fhreagraíonn Waltz (bodach ceart fir) an ‘sméar dubh’ póca arís eile, beag beann ar an treampán a chuireann sin ar an dtriúr eile. Agus chun an teannas millteanach le linn na comhráití gnó gutháin seo a bhriseadh, tugann Reilly groí cuireadh dóibh filleadh chun cupán eile caifé agus blúire eile na milseoige ‘cobbler’ a chaitheamh siar! Amantaí eile agus iad ar tí imeachta, caitear masla domhaite eile thar tairsigh chucu agus tiomáineann ego agus fearg arís isteach sa seomra suí iad chun babhta eile iomrascála saor-ó-rialacha na gcúirtéisí siabhialta a chur isteach. Ní fada go dtagann an buidéal Scotch ocht mbliana déag d’aois amach, agus dá olcas na bitsíochta eatarthu suas don bpointe seo, cinntíonn an fuisce go mbeidh idir urlacan agus fuil ar an dtalamh as seo amach.
An Scoilt
Agus, i dtraidisiún na ndrámaí árasáin uilig a d’imigh roimhe, ‘Who’s Afraid of Virginia Wolfe’ le Edward Albee san áireamh, nochtann fíochmharacht na gcoimhlintí seo na éasclínte i ngaol an dá lánúin freisin. Cuireann bodacht, mímhúinteacht agus maistíneacht Waltz alltacht ar a bhean Winslet, agus chuir riamh, ach nár fhéad sí é sin a chur in iúl go dtí gur thug an chogaíocht bhinbeach go léir agus na taoscáin fuisce misneach di; tiomáineann géilliúlacht agus filistíneacht Reilly a bhean mhóiréiseach Foster thar imeall na foighne freisin ; pléascann Reilly chomh maith céanna – scread príomhordúil an fhir chéile, an ‘regular guy’ ar beagán oideachais ag cur suas thar na blianta fada le mustar, soncanna beaga agus tón ardmhórálta na soithe ardnósaí a phós sé fada siar, céastóir néaróiseach a bhíonn de shíor ag sodar i ndiaidh na barántúlachta agus na bréag-ghalántachta araon. Phew! Tabhair aer dóibh uilig, in ainm Chroim, agus dúinn féin. Dia idir sinn is an criú uamhanchlóiseach seo.
Ar feadh scathaimh, fásann comhghuaillíochtaí gan choinne idir an bheirt bhan, agus idir na fir freisin – ní fada ó éinne seantrinsí cogaidh an ghnéis nuair a théann fearg, ego agus uisce beatha chun oibre ar aghaidh fidil na siabhialtachta comhaimsirí árasánúla.
Cruthú na Cléire
Maidir leis an aisteoireacht – b’iad Kate Winslet agus John C. Reilly is mó a chuir iontas ormsa. Bhí Winslet thar barr – idir sholas agus scáil inchreidte ina pearsanú, tréaslaím di. Ní haon dóichín d’aon aisteoir an scáileán a roinnt le Foster gan barrathuisle a bhaint aisti féin. Tá Reilly dochreidte maith freisin – é ciotrúnta, le hiarrachtín den amadán grámhar ag roinnt leis. Reathairí mí-oiriúnacha, treabhsair gan chruth agus léine páircíneach á chaitheamh aige. Agus, um baist, cad faoi fhear corporáideach Winslet? Athphearsanú (i gculaith táilliúrtha Ceantar na mBall Éadach 5th Avenue) dá Neaitsí sleamhain slítheánta sa phraiseach sin scannán le Tarrantino ‘Inglourious Basterds’ atá i dtaispeántas Chriostoph Waltz, ach ní gearánta dhom an reprise sin. Seans gurb é an ‘Alan Cowan’ seo an carachtar scannáin is lú le fada an lá ar mhaith liom seal a chaitheamh ina chuideachta. B’í ‘Penelope Longstreet’ an té ba fheargaí díobh uile, ach mar gur thosaigh sí amach ar leibhéal rótheann, ró-ard, ró-righinbhéalach, ní raibh aon ealó aici ó dul thar fóir sa taispeántas, corr nach rabhas ag súil leis ó aisteoir chomh greanta, de ghnáth, le Jodie Foster. Ach sin fadhb stiúrthóireachta freisin. Is cosúil nár chuir Polanski an t-adhastar ar a phríomhaisteoir mná an babhta seo (murab ionann agus an diallait, nach bhfuil aon chur amach agam ar a úsáid ag Polanski, ná a neamhúsáid, sa chás áirithe seo, ná in aon chás eile, geallaimse duit.)
Ní haon ‘Hotel California’ ná ‘Bruíon Chaorthainn’ an t-arasán áirithe seo. Tig le duine sa lucht féachana ‘seiceáil amach’ aon uair is mian leis, agus mar adúrt ó chianaibh, sin é an locht is mó atá ar ‘Carnage’. Fadhb eile, atá gaolta le sin – ní carachtar ann féin é an ceamara (murab ionann agus i ‘Repulsion’, ‘Rosemary’s Baby’, ‘The Tenant’ agus a chéad fadscannán ‘Knife In The Water’). Níl i gceamara Polanski an babhta seo ach an gléas taifeadta. Is cuma sa tsioc liom faoi sin más gnáthscannánóir gairmiúil, seachas auteur, atá idir chamána agam.
Bheinn ag súil le tuilleadh ó Polanski. Ní ‘Carnage’ a bhí ann i ndeireadh thiar thall, ach ‘Damage’. Canóin an Fhrainc-Phólannaigh áirithe seo curtha sa phota - n’fheadar, an uair seo, arbh fhiú an tairbhe an trioblóid.