Tá an file faoi ghlas agus níl cead aon ní a bhreacadh ar bhalla, ar phár ná ar scáileán, i mbliana 2030, mar a thuigeann Gabriel Rosenstock go rímhaith is go ródhéanach.
Bhí an Briathar ann i dtús báire... (Eoin, 1-1)
Tagann cigirí ón Domhan ó am go a chéile díreach le deimhniú go bhfuiltear ag caitheamh linn i gceart. Táthar ag caitheamh ceart go leor linn. Tá dóthain le hithe againn, dóthain le hól agus oibríonn an córas rialaithe atmaisféir go maith.
Deoraithe a thugtar orainn ach tá a fhios ag an saol nár thoiligh éinne againn teacht anseo. Scríbhneoirí is ea sinn. Ní labhraímid lena chéile ach nuair is gá. Ní rómhaith a réitímid lena chéile chun na fírinne a rá. Conas a réiteodh? Nil éinne anseo ar aon tuairim faoi rud ar bith – daoine ar an eite chlé, daoine ar an eite dheis, daoine sa lár, creidmhigh, ainchreidmhigh, na seanscoilteanna go léir a bhí ann le linn na Seanré, táid ann i gcónaí. Is measa ná riamh iad ar shlí.
Sin an fáth a bhfuilimid anseo, gan amhras. Mar go bhfuil tuairimí againn. Níl tuairim ar bith ag lucht an Domhain níos mó. Nó má tá, níl siad sásta iad a nochtadh. Seans nach bhfuil siad in ann. Tuigim dóibh. Ré Nua atá ann.
Ní ligtear dúinn scríobh, ar ndóigh. Chonac leathlíne filíochta ar bhalla cúpla lá ó shin. Caithfidh gur lena chuid ingne a scríobadh í, go pianmhar. Ar mire a bhí an té a scríobh. Rian fola fágtha aige ina dhiaidh. Níl a fhios agam an féidir filíocht a thabhairt ar an méid a bhí ann. Ní raibh ann ach trí fhocal. ‘Fíor na spéire …’ Macalla na filíochta, b’fhéidir. Blogh. Caithfidh gur rugadh ar an bhfile bocht, más file a bhí ann, sula raibh sé in ann an líne a chríochnú. Nuair d’fhéachas ar an mballa inné bhí na focail glanta de agus an rian fola chomh maith.
Ní hamháin gur cuireadh deireadh le prós is le filíocht, le haistí agus le drámaí, bhí rialacha nua ann maidir leis an bhfocal scríofa. Gan ach méid áirithe focal ceadaithe. Ansin níos lú agus níos lú. Comharthaí, uimhreacha agus siombailí san áit a mbíodh focail fadó. An focal faoi bhrú. An focal faoi ionsaí. An focal –
Bhí bás na litríochta á thuar ag daoine áirithe ceart go leor agus cúngú ar úsáid focal. Bás an fhocail féin á thuar ag daoine eile. Ach níor thugamar aon aird air na daoine sin. Guthanna sa díseart.
Dall ar a Raibh le Tarlú
Glacaim leis gur ar phláinéad eile atáimid. Ach ní bheadh a fhios agat. D’fhéadfadh go rabhadar ag ligean orthu. D’fhéadfadh gur cleas sofaisticiúil éigin ab ea an rud ar fad. Nuair a dhúisíomar agus nuair a thuirlingíomar den spáslong, bhí an chuma ar an scéal ceart go leor go rabhamar trí seachtaine inár gcodladh agus gur i gcoilíneacht amuigh sa spás a bhíomar. Ach cá bhfios? D’fhéadfadh gur Sibéir nua atá san áit seo agus nár fhágamar an Domhan in aon chor. Is cuma. Táimid ar deoraíocht. I ngéibheann.
Thart ar 30 acra cearnach atá sa champas, deinim amach. Campas? Níl a fhios agam cén fáth ar tháinig an focal campas isteach i m’aigne. Toisc gur scríbhneoir cónaitheach in ollscoil a bhí ionam, tráth den saol. Campa is ea é. Sluachampa géibhinn.
Conas nach bhfacamar ag teacht é? Cén fáth ar ghéill gach éinne don réimeas nua? Bhíomar ar fad róghafa lenár gcuraimí féin, lenár dtuairimí féin, chun aird a thabhairt ar an stair, chun foghlaim ón stair; róbhogásach ar fad a bhíomar. Bhí ráflaí ann ceart go leor. Fastaoim, a dúramar. Seo an bhliain 2030 tar éis an tsaoil. Ní sa Mheánaois atáimid. Bheadh an Mheánaois níos fearr ná seo.
Chonaiceamar siopaí leabhar á ndúnadh. Tiocfaimid as, tiocfaimid as. Irisí agus nuachtáin ag fáil bháis. Tiocfaimid as, tiocfaimid as. Splancfhicsean ag éirí níos gonta bliain i ndiaidh bliana. Tiocfaimid as. Sa deireadh ní raibh fágtha den splancfhicsean féin ach abairt. Abairt amháin. Tiocfaimid as. Ansin frása. Tiocfaimid. Ansin an focal aonair. Ansin …
Nuair a fhéachaim ar mo chomhscríbhneoirí anseo – fir ar fad, níl a fhios agam cár cuireadh na mná – is dream truamhéalach amach is amach a chím. Ní beo dóibh gan léamh agus scríobh. Níl a fhios acu conas an lá a chur isteach. Cuid acu ag drannadh ar a chéile, ag siúl thart agus iad ag drannadh ar a chéile nó ag monabhar dóibh féin. Cuid acu ag stánadh go balbh i dtreo an Domhain, nó an áit ina samhlaíonn siad an Domhan a bheith.
Conas nach bhfacamar ag teacht é? Bímid ag féachaint ar a chéile anseo agus ag cur an mhilleáin ar a chéile mar tar éis an tsaoil nach sinne faoi deara é? Cén fáth nár labhramar amach in am? Cén fáth nár aithníomar na comharthaí sóirt? Cén fáth nár thuigeamar go mbeadh deireadh le saoirse cainte, go raibh na boic ag ullmhú don lá a mbeadh na meáin go léir faoina smacht acu agus nach mbeadh ach an t-aon tuairim amháin ann feasta. Más féidir tuairim a thabhairt uirthi. Thug sé aontacht don domhan mar sin féin. Nár thug? Agus síocháin. Sa deireadh. Níl éinne ag troid níos mó. Admhaím. Ach cén praghas a chaitheamar a íoc? Cén praghas atá á íoc agamsa?
Cá bhfuilimid in aon chor? Éanlaith an aeir is mó a bhraithim uaim. An lon dubh. An colúr. An préachán. Éanlaith na spéire. An seabhac. An fiolar. Éanlaith uisce. An eala sa chuan.