CÚINNE NA nEALAÍON
An Scread
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Míníonn Ciara Nic Gabhann san alt seo go mbeidh tú in ann An Scread le Edvard Munch a cheannach ar $80 milliún Mí Bealtaine. Nach shin é go díreach a theastaíonn faoin teach?

Íomhá
An Scread
(Dánlann Náisiúnta na hIorua, ar Vicipéid)
Íomhá
Edvard Munch
(sa Galleri Nor, le Anders Beer Wilse, ar Vicipéid)

Beidh an saothar Der Schrei der Natur, nó An Scread mar is fearr aithne air, á chur ar ceant ar an 2 Bealtaine i mbliana agus táthar ag tuar go mbainfidh an pictiúr íocónach seo luach $80 milliún amach. Léiríonn an pictiúr, déanta le pastal ar chlár, duine ag screadaíl go léanmhar agus bhí sé mar chuid de shraith eispriseanach, a rinne an t-ealaíontóir Ioruach Edvard Munch breis is céad bliain ó shin. Rinneadh ceithre chóip de An Scread agus is pictiúr é atá ar chomhcheim anois leis an Mona Lisa ó thaobh cáile de.

Seasann an neach uaigneach sa phictiúr ar dhroichead faoi spéir shuaite a bhfuil dath fola uirthi. Clúdaionn an neach a chluasa lena lámha agus ligeann scread tostach as. Tá a shúile léirithe mar logaill dhorcha agus an béal scréachach leata mar fholús dubh gan deireadh.

Is pictiúr é atá lán d’imní agus d’éadóchas agus a thaispéanann an duine lárnach trína chéile agus é ag dul as a mheabhair. Scríobh Munch i 1895, mar mhiniú ar an phictiúr, go raibh sé ag siúl ar bhóthar tuaithe le beirt chara ag dul faoi na gréine agus gur tháinig dath fuilteach dearg ar an spéir. Dúirt sé gur mhothaigh sé lionn dubh marbhánta ag teacht air agus é ag amharc ar an spéir, a bhí cosúil le teangacha tine agus fola, os cionn fjord dubhghorm agus an chathair taobh leis. Bhain an radharc geit as agus thosaigh sé ag críth le himní, nuair a mhothaigh sé scread an nádúir.

Aingil Chuideachta Munch

Is cinnte go ndeachaigh an tírdhreach dhrámatúil go mór i bhfeidhm air, nuair a scríobh sé na focail seo, ach rinne Munch diantochailt ina chúlra pearsanta dorcha féin chomh maith le hábhar a fháil lena shaothar a chomhlánadh. Bhí a athair ina sheanmóirí mire, fuair a mháthair agus a dheirfiúr bás nuair a bhí seisean óg agus chaill deirfiúr eile dá chuid a meabhair. Dúirt sé go raibh an easláinte agus an gealtachas mar aingil coimhdeachta aige, a choinnigh súil air agus é sa chliabhán agus, ach ab é iad seo ina shaol, go mbeadh sé cosúil le bád gan stiúir.

Bhí An Scread ina ábhar iontais nuair a taispeánadh don chéad uair é i 1893 agus nuair a tháinig na Naitsithe i gcumhacht, chuir siad cosc ar an saothar ag rá go raibh sé mídhúchásach. Bhí an ghráin ag na Naitsithe ar Munch agus chuir sé seo go mór leis an chlú idirnáisiúnta a bhí ag fás thart air ar fud an domhain agus a mhaireann go fóill.

Cén fáth a bhfuil neach truacánta an phictiúir seo chomh mealltach sin ag daoine agus a spreagann daoine, glúin i ndiaidh glúíne, dáimh a bheith acu leis? Is díol spéise é an oiread tráchtála a bhaineann leis an íomhá seo agus go bhfuil atáirgeadh déanta air in achan dóigh a thiocfadh leat a shamhlú idir thuáillí tae, mhaighnéid cuisneora, phóstaeirí, chupáin agus bhréagáin – pé rud atá uait. Cén fáth a mbeadh dúil ag daoine in íomhá chomh duairc sin? An é go bhfuil an pictiúr seo uathúil do dhaoine mar go léiríonn sé pianpháis an chine dhaonna ar dhóigh sothuigthe soiléir?

Éamh an Eich

Deir an tOllamh David Jackson, Ollamh le Stair Ealaíne na Rúise agus Chríoch Lochlainn in Ollscoil Leeds, go bhfuil saothar suaite Munch purgóideach agus gur rud é seo a thuigeann an chuid is mó againn, mar go mbíonn tréimhsí dobhróin agus uaignis i saol achan duine againn. Is cinnte gur spreag An Scread ealaíontóirí eile ar nós Pablo Picassso, nuair a phéinteáil sé Guernica mar fhreagra ar an ollscrios a rinneadh ar an bhaile Bhascach ag na Naitsithe. Rinne sé tagairt ómósach do shaothar Munch i gcloigeann an chapaill atá ag screadaíl ina phictiúr agus a chuireann uafás an radhairc in iúl dúinn.

Go deimhin, is nós le Pádraig Ó Ráinne, Conamara, béal screadach a bheith mionaithe an-bheag i gcúinne dá shaothar beagnach ó thosaigh sé na blianta fadó ag dathú pictiúr.

Deir Paul Richard ón Washington Post go bhfuil níos mó i gceist in An Scread ná scigaithris áfach, agus deir sé go seasann an neach sa phictiúr, atá gan cheannaghaidh, gan ghnéas ná tréithe pearsanta ar bith, mar shamhail don chine daonna- ‘One size fits all’ agus nach portráid ar shaol inmhéanach Munch amháin atá ann ach pictiúr dínn féin chomh maith.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.