
An chruthaíocht. Tá a fhios ag Colm Ó Snodaigh, go dtiocfaidh sí chugat ina ham féin, de ló nó istoíche, agus nascfaidh sí dhá thaobh an domhain ar bhealach aisteach nach gceapfá roimh ré.
»»»Tá cloch le cur ag Pat Butler le carn Michael Dwyer, a fuair bás ar na mallaibh, sula dtabharfaidh sé géarmheas amach san alt seo ar scannán Peter Jackson, ‘The Lovely Bones’.
»»»Cad é a shantaigh Greta Garbo i gceantar Loch Gartáin? Tá dráma bunaithe ar a cuairt go Dún na nGall a scríobhann Ciara Nic Gabhann.
»»»Tá go leor den aos ealaíne an-tógtha le saothar an Albanaigh Richard Wright. Síleann Ciara Nic Gabhann go bhfuil siocair mhaith acu leis.
»»»Siúlann Pat Butler ardmhá spioradálta na scannánaíochta an tros so ar chonair a leag dís sárléirtheoirí ‘fíoreisceachtúla’ amach roimhe.
»»»Rithim toinne an ní a bhraitheann Colm Ó Snodaigh mar chroílár an cheoil. Rithim, mar a chéile, a bhraitheann Bruce Damer atá i gcroílár taighde eolaíochta ar bhunábhar an domhain.
»»»Molann Pat Butler saothar deiridh Michael Haneke, ‘Das Weisse Band’, go hard na spéire. Ní foirfeacht stiúrtha le fada an lá go dtí é.
»»»Imríonn feannadh Geimhridh faobhar na filíochta ar Chiarán Mac Aonghusa an t-am seo bliana.
»»»Is ait an mac an saol agus is ait le Ciara Nic Gabhann an té a bhuail cnag ar an doras oíche amháin le deireanas, ach thuig sí dó, am deireadh bliana mar seo faoi Shamhain.
»»»Faobhrú, nó tús saothair áirithe leis an bhfile Aifric Mac Aodha atá anseo.
»»»Ealaíon dhoilíosach is ea cuid mhaith de scannánaíocht na linne, ach ní shin é tús agus deireadh na scannánaíochta ná baol air, dar le Pat Butler. ‘Away We Go’ le Sam Mendes atá faoi thrácht aige an mhí seo chomh maith le cuntas ar shlám dvdanna.
»»»Bhí Ciara Nic Gabhann i láthair ag seoladh Chultúrlann Uí Chanáin i nDoire le gairid. Ní fios go fóill an tairbhe chultúir agus teanga a spréafas i measc an phobail as an ionad áirgiúil seo sna blianta amach romhainn.
»»»Is gaire cabhair dé ná an doras, más fíor an scéal féinleighis seo le Colm Ó Snodaigh. Análú agus guthú leis agus tú i mbun machnaimh, is maith é dar leis.
»»»Bhí Ciara Nic Gabhann ag caint le Michael Doherty, ailtire agus ealaíontóir as Béal Feirste a bhfuil bonn faoi thiar i gcondae a shinsir, Tír Chonaill, le tamall de bhlianta. Tá lorg Conallach ar a shaothar faoin am seo, lorg a fheicfear ag an taispeántas ‘Seacht mBliana i nGleann Cholm Cille’ a osclófas i mBéal Feirste tús na míosa seo.
»»»Más fánach an áit a bhfaighfeá fonn ceoil, is féidir gur fánach an áit a bhfaighfeá sióg freisin. Ar aon nós, bíonn Colm Ó Snodaigh ag coinneáil súil ghéar ar na leictreoin dúinn, ar John Hutchinson agus ar Nikola Tesla.
»»»Craolfar an dráma raidió ‘An Strainséir’ le Brian Ó Tiomáin ar Raidió na Life 106.4 FM 18.30 Dé hAoine, an 11 Meán Fómhair.
»»»Chuaigh Pat Butler chuig an Antichrist, chonaic, agus chuir sé fainic anseo thíos ar gach éinne againn. Má théann tú ann, a deir sé, ar do cheann féin bíodh sé! B’fhéidir go dtiocfá ar dhearcadh saoil níos dearfaí i measc rogha na nDVDanna i ndeireadh an ailt.
»»»Is iomaí uair ó ré Shuibhne Geilt i leith ar bhain aos ealaíne feidhm as an ghealach agus as solas na gealaí ina saothar. Tá cuntas ar an obair sin ag Ciara Nic Gabhann.
»»»Tá a fhios againn cé dhúisigh sinn na blianta siar agus sinn i mBÁC nuair a b’fhéidir coirm cheoil eile U2 a bhlaiseadh beo beathach an t-am sin! Maíonn Colm Ó Snodaigh san alt seo go raibh sé faoi dhraíocht an uair sin, nuair a scaoil Bono agus a bhuíon le fiántas cruthaíochta an ama sin ón ardán. Cá’il an draíocht ó shin a deir sé?
»»»Ná bí ag caint ar Film Fleá na Gaillimhe ná ar Ghuth Gafa na gConallach ná ar a dhath mar iad. Ag bun thuas an domhain ó dheas a bhí Pat Butler ag scagadh na scannán an iarraidh seo! D’fhreastail sé ar Fhéile Scannáin Sydney, mura mhiste leat.
»»»Tá níos mó ná an t-aon chineál cead cruthaíochta amháin ar an saol ar ndóigh. Ansin tá an bhréag scun scan ann. Tá Ciara Nic Gabhann den bharúil go mb’fhéidir gur inis an ceamara bréag anois is arís ó thosaigh an duine ag tarraingt grianghraif leis.
»»»Is iomaí nath a thug suntas don fheiceálacht: ‘is mór an chuid súil í’ agus ‘tús seirce an síordhearcadh’ srl. Chaith Ciara Nic Gabhann súil ar scéal a bhain le ní nár cheart, dar le dream margaíochta, a nochtú feiceálach os comhair an phobail.
»»»Chomh maith le bheith ag déanamh cúraim de ghloine fíona thall i Londain, d’fhreastail Pat Butler ar sheoladh scannáin a mheabhródh friotal Chré na Cille do dhuine, “Pléascfaidh mé! Pléascfaidh mé”. ‘Voy a Explotar’ le Gerardo Neranjo (2008) a bhí ann.
»»»Cuireann Pat Butler tús an mhí seo le dearcadh isteach ar shaol na físe ar fud an tsaoil mhóir. Tugann Pat é féin míniú ag tús an ailt ar a mbeidh á chíoradh ann.
»»»An bhfuil sé ‘dotty’ nó ‘intellectually bankrupt’ a bheith ag amharc ort féin barraíocht? Tá ceist nó dhó dúisithe ag an dealbhóir Anthony Gormley, agus d’amharc Ciara Nic Gabhann ar roinnt díobh.
»»»Bhí Humptaí Dumptaí thuas ar an mballa, shéid an ghaoth is thit sé ar an talamh, tháinig amach an tseanbhean bhuí, is nuair chonaic sí HD ina luí, “anois” a deir sí, “ní fhéadfadh an rí, ná an méid capall is fear atá faoi, thú a chur ar ais arís mar a bhí!” - Na pictiúir dhaite a bhí breactha ar iarsma Bhalla Bherlin ó briseadh é, scuabadh den bhalla iad le huisce te ar na mallaibh. Ní gach éinne atá sásta. Tá an scéal ag Ciara Nic Gabhann.
»»»Ag tabhairt cluas le héisteacht dá mothúcháin a bhí Colm Ó Snodaigh agus Dee le linn a bheith ag seinm ceoil. Neamhnítear an chluais, ar bhealach, le linn ceoil, le hais a mothaítear trí na céadfaí eile trí chéile. Imshruthlaítear, nó maothaítear, an duine sa cheol ag pointe éigin san fholcadh fuaime.
»»»Tugann Colm Ó Snodaigh cuntas dúinn san alt seo ar an dul chun cinn atá déanta ag roinnt daoine agus comhlachtaí i leith ceapadh an cheoil ag an duine a bhfuil éalang ag cur as dó. Is trua a deir sé, nach raibh an deis seo, My Tobii, ar an bhfód le linn do Christopher Nolan fás aníos, fear a chruthaigh in aghaidh gach constaice nach féidir fear an mhisnigh a chloí.
»»»Is mór ag BEO an tsnaidhm le Gaeilge na hAlban a neartú agus ár léitheoirí a spreagadh – a bhrosnachadh – ina leith. Tugann Brian Ó hEadhra cuntas i nGaeilge na hAlban dúinn san alt seo ar an chomórtas Nòs Ùr, comórtas, nó co-fharpas, a reachtálfar arís in Albain i mbliana.
»»»An féidir na mairbh a chéasadh? Ar mhaith leat go ndéanfadh dream daoine eile i gcomhlacht a dtairbhe saibhris as do chorp a léiriú i dtaispeántas ar neamhchead do thola féin? Ar éigean é. Is ‘diabhalta’, le gach brí an fhocail sin, an taispeántas a chonaic Ciara Nic Gabhann in Amharclann an Ambassador. Seachain nach ‘am bàsadair’ (i nGaeilg na hAlban) a bhí ann.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.