CÚINNE NA nEALAÍON
Leonardo da Vinci sa Dánlann Náisiúnta i Londain
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Scuainí fada atá ag taispeántas de shaothar Leonardo da Vinci, taispeántas nár tiomsaíodh a leithéid riamh cheana de réir tuairisc Chiara Nic Gabhann.

Íomhá
Leonardo da Vinci
le vivoscuola.it ar Vicipéid
Íomhá
Mona Lisa, Leonardo
le Vincent Lim Kim Keong ar Picasaweb
Íomhá
Salvator Mundi
ar Vicipéid
Íomhá
Annunciazione le Leonardo da Vinci

Tá taispeántas mór ríthábhachtach de shaothar Leonardo da Vinci ar siúl sa Dánlann Náisiúnta i Londain faoi láthair agus is deis eisceachtúil atá ann cnuasach dá shaothar péintéireachta a fheiceáil nach bhfacthas le chéile in áit amháin riamh roimhe seo.

Díríonn an taispeántas ar na blianta idir 1480 agus 1490, a chaith da Vinci mar phéintéir cúirte do Ludovico Sforza, rialtóir Milano, agus de réir Nicholas Penny, stiúrthóir na dánlainne, éacht mór taidhleoireachta a bhí ann na pictiúir seo uile a fháil ar iasacht ó dhánlanna éagsúla ar fud an domhain.

Is le linn dó a bheith i gcúirt Milano a phéinteáil sé roinnt de na píosaí is tábhachtaí sa chnuasach, ina measc La Belle Ferronnière, An Bheantiarna leis an Eirmín, Naomh Iaróm, an chéad leagan den phictiúr aislingeach, An Mhaighdean ar na Carraigeacha, Madonna Litta agus freascó den Suipéar Deireanach.

Tá an saothar seo ar fad, seachas An Suipéar Deireanach a péinteáladh ar bhalla na heaglaise Santa Maria delle Grazie i Milano, le feiceáil sa Dánlann Náisiúnta agus tá cóip den Suipéar Deireanach, a rinne Giampietro a bhí comhaimseartha le da Vinci, le feiceáil ann chomh maith. Tugadh pictiúir ar iasacht ón Vatacáin (Naomh Iaróm), Milano (Portráid Ceoltóra) chomh maith leis An Louvre i bPáras (La Belle Ferronière) agus An Dánlann Náisiúnta i Kraków.

Tréimhse shuntasach a bhí ann i saol da Vinci na blianta a chaith sé i Milano agus is féidir an fhorbairt a tháinig air mar ealaíontóir agus mar smaointeoir a fheiceáil sa chnuasach seo. Deir Luke Syson, coimeádaí Dánlann Náisiúnta Londan, gur le linn na tréimhse seo a d’fhorbair da Vinci an nasc idir an eolaíocht agus an phéintéireacht agus gur chreid sé ‘gurb í an tsúil agus an rud a chonaic tú an tslí is cumhachtaí leis an saol a bhrath agus gur chuidigh sé seo le cur síos a dhéanamh ar achan rud a bhí infheicthe chomh maith leis an rud inmheánach dofheicthe sa phéintéireacht.

Foirfeoir a bhí i da Vinci ach ba mhinic a intinn ag scinneadh ó ábhar go hábhar gan go leor acu a thabhairt chun críche agus ar an dóigh sin, ní raibh a ráta táirgiúlachta i gcaitheamh a shaoil riamh ard. Ní mhaireann ach cúig phictiúr déag dá chuid agus tá naoi gcinn acu siúd le feiceáil sa taispeántas seo.

Scuainí de Lucht Féachana

Is é buaicphointe an taispeántais an phortráid álainn a rinne da Vinci de Cecilia Gallerani, An Bheantiarna leis an Eirmín, agus in ainneoin gur i 1490 a rinneadh é, tá cuma loinneartha úr air go fóill. Tá an pictiúr Salvator Mundi ag spreagadh cuid mhór suime chomh maith, mar is é seo an chéad uair dó a bheith le feiceáil go poiblí mar shaothar da Vinci. Chreidtí roimhe seo gur comhpháirtí da chuid, Giovanni Antonio Boltraffio, a rinne an pictiúr seo ach i ndiaidh dianiniúchadh, aithníodh agus deimhníodh gurb é da Vinci a rinne é chomh maith le réamhlíníocht a rinneadh don phictiúr, atá le feiceáil sa chnuasach fosta.

Tá breis is 50 píosa líníochta eile de chuid da Vinci le feiceáil sa taispeántas fosta, ina measc 33 a ceannaíodh le linn ré Charles II agus a tháinig ar iasacht ó Bhanríon Éilis na Breataine. Tá saothar iardhaltaí agus comhpáirtithe da Vinci le feiceáil chomh maith mar ábhair comórtasaíochta sa taispeántas.

D’oscail an taispeántas ar an 9 Samhain agus leanfáidh sé ar aghaidh go dtí 5 Feabhra agus, ní nach ionadh, tá an-tóir ar thicéid. Níl ceann ar bith ar fáil ar an idirlíon go dtí mí Eanáir, mar shampla. Tá cead isteach ag 180 cuairteoir achan leathuair agus in ainneoin nach bhfuil bealach ar bith leis na sluaite a sheachaint, deir an dánlann go bhfuil siad ag déanamh a ndichiall an t-imeacht a dhéanamh chomh pleisiúrtha céanna do gach duine. Beidh 500 ticéad ar fáil ag an doras gach lá dóibh súid atá foighdeach go leor chun seasamh i scuaine agus molann an dánlann do chuairteoirí a gcuid obair bhaile a dhéanamh sula dtagann siad agus réamheolas ar an taispeántas a íosluchtú ó shuíomh idirlín s’ acu roimh ré.

Beidh díomá ar roinnt cuairteoirí nach mbeidh an bhean rúndiamhrach, Mona Lisa, le feiceáil ann ach de bhrí go ndearnadh an pictiúr sin i bhFlórans, ní raibh sé laistigh de théarmaí tagartha an taispeántais. Ach b’fhéidir go mbeidh sí féin ina hábhar do thaispeántas móréilimh eile amach anseo.

Tuilleadh eolas ó The National Gallery

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.