Is cosúil gur díoladh áilleacht roinnt de shéadchomharthaí na Veinéise d’fhonn cúpla pingin a dhéanamh. Chuir Ciara Nic Gabhann spéis sa scéal.
Tá idir cáineadh agus moladh déanta ar an chinneadh a ghlac Comhairle na Veinéise ar na mallaibh séadchomharthaí suntais a ligint amach ar cíos d’fhógróirí ar mhaithe le hairgead a dhéanamh le dul i ngleic leis na costaisí ollmhóra a bhaineann le cothabháil na séadchomharthaí céanna.
Beidh Droichead an Rialto, a tógadh i 1591 agus atá ar cheann de na séadchomharthaí is aitheanta sa Veinéis, le bheith leathchlúdaithe le fógraí gan mhoill agus tá an chomhairle dóchasach go n-éireoidh leo na cúig mhilliun euro atá de dhith leis an droichead a athchóiriú a ghnóthú as an chíos seo. Beidh cead fosta ag fógróirí cuid den droichead a úsáid lena mórchlár fógraíochta a chrochadh fad a mhairfeas an t-athchóiriú seo agus chomh maith le seo, beidh cead acu imeachtai a reáchtáil i bPiazza San Marco agus i bPálás an Dóig.
Ní hé seo an chéad uair, áfach, ar tharla a leithéid de thogra sa chathair. Thosaigh an Veinéis ag díol spásanna fógraíochta roinnt blianta ó shin ar mhaithe le costaisí móra cothabhála a ghlanadh agus feictear toradh an chinnidh sin inniu sna fógraí móra, ag díol só-earraí atá le feiceáil fud fad Piazza San Marco. Rinneadh athchóiriú ar Dhroichead na nOsnaí i 2010 agus mar thoradh air seo thug muintir na cathrach Droichead na bhFógraí go tarcuisneach air mar gheall ar an oiread fógraí a bhí crochta air.
Dúirt measúnóir Oibreacha Poiblí na Veinéise, Alessandro Maggioni, agus é ag cosaint an chinnidh, go mbeadh Halla na Cathrach breá sásta gan na fógraí a chrochadh dá mbeadh duine éigin sásta na cúig mhilliún a bhronnadh air ach, mura dtarlaíonn sin, go mbeadh siad ag leanúint dá mbeartas.
Síorchreimeadh agus Síorchostais
Is fadhb leanúnach atá ag comhairle ar bith deileáil le costaisí cothabhála agus is measa i bhfad mar fhadhb é sa Veinéis mar gheall ar shíorbhagairt na farraige ar fhoirgnimh na cathrach agus líon na gcuairteoirí a thagann gach bliain le hiontas a dhéanamh d’ailleacht na bhfoirgneamh céanna. Aithnítear an tábhacht a bhaineann le slándáil séadchomharthaí agus suíomhanna stairiúla, cosúil le Droichead an Rialto, ach nuair atá cistí poiblí faoi ionsaí, caithfidh an maoiniú teacht ó fhoinse éigin eile. Is ar an tsiocair seo atá comhairlí cathracha ag súil go mbeidh ioncam fógraíochta in ann an bhearna seo a líonadh, d’ainneoin barúil chuid den phobal go bhfuil an toradh gránna.
Tá sé ag éirigh níos deacra i gcónaí bealach na fógraíochta a sheachaint i saol an lae inniu agus is beag áit phoiblí nach mbíonn faoi ionsaí ag fógróirí chomh maith leis na meáin. Is mór an tionchar a bhíonn ag cláir fógraí ar aeistéitic áite, gan amhras, ach an féidir chomh maith creimeadh áirithe a bhrath ar chaighdeán morálta na n-údarás poiblí a leanann beartais mar seo? Deir Hanno Rauterberg, a scríobhann don nuachtáin Gearmánach, Die Zeit, gur cineál deachtóireacht nua atá san fhógraíocht nach bhfuil duine ar bith ábalta a sheachaint agus, le himeacht aimsire, go nglacfar leis mar rud atá, ní hamháin ‘nádúrtha,’ ach go bhfuil sé de cheart ag fógróirí an lámh in uachtar a bheith acu ar spásanna poiblí. Deir Rauterberg go ndéanann fógraíocht ionradh den chineál seo maolú ar fheasacht aeistéitiúil an phobail, rud a dhéanann fulangach agus géilliúil muid.
Déantar creimeadh ar charachtar cathrach de réir mar úsáidtear a cuid spásanna uaisle le gnó an mhargaidh a dhéanamh. Tá an próiseas seo i réim in go leor cathracha cheana féin mar is léir ó leithéidí Picadilly Square Londan agus Times Square Nua-Eabhrac.
Tá sé deacair fios a bheith againn cad atá i ndán do chathracha an domhain amach anseo, ach is cinnte go bhfuil géarghá leis na foirgnimh agus séadchomharthaí luachmhara seo a chosaint is cuma cad é a chosnaíonn sé. B’fhéidir go bhfuil na hathruithe a thagann le dianfhógraíocht dosheachanta agus gur smaoineamh saonta atá ann go bhfuil an dara rogha ann. Nuair atá achmhainní teoranta agus airgead de dhith le hobair thábhachtach a dhéanamh, mar tá sa Veinéis.
Agus an fada uainn féin an lá nuair a bheidh Guinness Diageo a fhógairt ó bharr Chnoc na Teamhrach agus Lá Artúir a cheiliúradh againn mar lá náisiúnta in áit Lá ’le Pádraig?