Tá Ciara Nic Gabhann ag dréim go mór le Fleadh Cheoil na hÉireann a fheiceáil i nDoire Chalgaigh an bhliain seo chugainn.
Is fada an bóthar nach bhfuil casadh ann agus is cinnte gur sin mar a mhothaigh craobh Dhoire de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, nuair a bhris an scéal ar na mallaibh gur éirigh lena n-iarratas, faoi dheireadh thiar, Fleadh Cheoil na hÉireann a thabhairt chuig a gcathair i 2013. Thosaigh an iomaíocht dhá bhliain ó shin agus bhí an comórtas, ar feadh i bhfad, idir Sligeach, Inis agus Doire go dtí gur sheas Inis siar ag an bhomaite dheiridh.
Is é seo an chéad uair don fhleadh náisiúnta a bheith ag teacht trasna na Teorann ó bunaíodh an Comhaltas i 1951 agus, mar a tharlaíonn sé, an chéad uair don fhleadh seo a bheith lonnaithe in aon chathair sa tír. Is mór an t-údar mórtais ag muintir Dhoire é seo. Is mór an teist é ar an diograis a bhí taobh thiar den iarratas a cuireadh le chéile le Fleadh Cheoil na hÉireann a thabhairt aneas. Aitheantas é fosta ón Chomhaltas féin ar an neart agus fuinneamh atá i dtraidisún ceoil na cathrach agus ar an rath a bhí ar na hiarrachtaí le blianta beaga anuas an ghné Ghaelach den traidisiún a chur os ard.
Dúirt an Seanadóir Labhrás Ó Murchú, ardstiúrthóir an Chomhaltais, gur mór an ról a bhí ag muintír an tuaiscirt riamh anall i dtraidisiún cultúir na hÉireann a thabhairt chun cinn agus gur bealach a bhí sa chinneadh seo buíochas a ghabháil le achan duine a bhí rannpháirteach ann. Dúirt sé fosta gur deis a bhi ann ceiliúradh a dhéanamh ar na traidisiúin éagsúla a mhaireann ar oileán na hÉireann agus go raibh sé ag súil go mbeadh sé seo ina phriomhchuspóir ag an Fhleadh i nDoire.
Cathair Chultúrtha na Ríochta Aontaithe
Ba é Doire an chéad chathair ar ar bronnadh an teideal Cathair Chultúrtha na Ríochta Aontaithe agus beidh sé aici don bhliain 2013 agus beidh an Fhleadh ar an imeacht is suntasaí i measc lear mór imeachtaí cultúrtha/ealaíonta a bheidh ag tarlú ansin i rith na bliana sin.
Le linn don iarratas ar an teideal seo a bheith á ullmhú, rinneadh plé agus díospóireacht an-bhríomhar ar cé acu ar cheart do Dhoire a bheith ar lorg aon teideal a bhain leis an Ríocht Aontaithe. Is náisiúnaithe / poblachtaigh b’fhéidir 80% de phobal na cathrach anois agus gan mórán aird acu ar ríochtaí aontachtaithe, ach tá mionlach aontachtach fós sa chathair agus is tábhachtach leis an chathair an mionlach sin a aithint agus féacháil lena dhlúthú leis an chuid eile den phobal.
Is ar an ábhar sin a bhí cothú na héagsúlachta luaite mar lárchuspóir sa chás a rinne an chathair ar son an teidil seo, agus is léir go ndeachaigh an cás sin i bhfeidhm ar an choiste bhreithiúna, nó bhronn siad an teideal ar an chathair cois Feabhail. Ar ndóigh, is fiú a chuimhneamh go mbíonn go leor fadhbanna agus dúshláin ag cathracha na Breataine maidir le héagsúlachtaí a aithint agus le ciníochas a sheachaint, agus is cosúil nár aithníodh a dtábhacht siúd sna hiarrataisí eile a cuireadh isteach an oiread is a rinne Doire.
An Chaoinfhulaingt
Dúirt Gearóid Ó hEára, stiúrthóir Chultúrlann Uí Chanáin [sic] - príomhionad na Gaeilge i nDoire - go raibh sé ag súil go mór le fleadh a dhéanfaidh ceiliúradh ar achan ghné de chultúr traidisiúnta na cathrach. Dúirt sé chomh maith go raibh tacaíocht ann don togra ó dhreamanna difriúla i measc an phobail Aontachtaigh sa chathair e.g. na Printísigh agus na páirtithe polaitíochta.
Is fada siar anois a thosaigh dhá thaobh an phobail i nDoire ag teacht i ndáil comhairle lena chéile lena gcuid fadhbanna a réiteach. Ba í Doire an chéad áit sa Tuaisceart inar tharla mórshiúl de chuid na n-ord Protastúnach – sa chás seo Printisigh Dhoire - le cead agus beannacht an phobail Chaitlicigh. Tarlaíonn na mórshiúlta sin achan bhliain anois agus is go síochánta a tharlaíonn siad.
Is ealaín í an chaoinfhulaingt atá foghlamtha go maith i nDoire anois. Tuigtear nach bhfuil aon sárú prionsabail i gceist nuair a aithnítear cearta na comharsan agus nuair a thugtar slí dósan fosta a rud sainiúil féin a dhéanamh.
Is láidre agus is saibhre agus is suntasaí go mór a bheidh Fleadh Cheoil na hÉireann i 2013 de bhrí go mbeidh na gnéithe eile seo ann. Chomh maith leis sin, beidh cuma spleodrach ar an chathair, í cóirithe go húrnua le haghaidh Bhliain an Chultúir, spásanna úrnua siamsaíochta anseo is ansiúd ar fud na cathrach agus fáilte Uí Dhochartaigh (is líonmhaire na Dochartaigh ná muintir Uí Cheallaigh i nDoire agus tá a bhfáilte siúd lán chomh fial) roimh óg agus aosta.