Cíorann John-Paul Mc Carthy san alt seo cuinge an bhreacshaoil a léirítear i leabhar Hugo Hamilton, The Speckled People agus i saothair eile nach é.
D’fhéadfaí leabhar galánta Hugo Hamilton féna óige, The Speckled People, a cheiliúrádh le dlisteanacht agus fáthanna ilghnéitheacha á luadh. Ní minic leabhar a léamh a dhéanann cur síos chomh mín sin ar íogaireachtaí ar leith an gharsúir. Agus cur síos Hamilton á dhíleá ar a mháthair Ghearmánach agus a athair Gaelach, is deacair éalú ó scáth dhírbheathaisnéis McGahern mar shampla, Memoir (2005) ach go háirithe na líntí sin a thugann láidreacht ghrá an bhuachalla dá mháthair chun solais. Thug Banville óg geallúint dá mháthair go ndéanfadh sé sagart as féin sula bhfad ós rud é gurb ionann an tsagairteoireacht, dar leis, le “the death in life that was the priest’s choice”, bás a thabharfadh seans dó fanacht léi go brách. Agus Hamilton ag caint ar chlár TG4, Croí agus Teanga (2011), ba léir gur oidhreacht a Mutti Ghearmánaigh a chuid chneasteachta lách séimh pearsanta.
Ó thaobh an athar ghairbh de ansin, ní foláir tagairt a dhéanamh do chuimhní cinn Denis Donoghue, Warrenpoint. Ciarraíoch agus póilín ab ea athair an scoláire Donoghue a fuair post san RUC agus ba mhór aige siúd crógacht fisiciúil agus fuarchúis shóisialta. Mhaígh athair Hamilton “Ireland could never fight with the British in a war against Germany. He had his own way of bringing his fist down at the end of a sentence, like he was banging the table.” Chuirtí píonós ar Hamilton aige baile le linn a óige dá mba rud gur chuala an t-athair an Béarlachas á labhairt. Chuir sé sin teorainn le réimse na gcarad acu. “You couldn’t be cowboys in Irish. You couldn’t sneak up behind somebody or tie somebody up to a chair in Irish. It was no fun dying in Irish.” Ba mhór ag Hugo óg leabhar Uí Chadhain mar sin, Cré na Cille, leabhar inar tugadh cead dos na mairbh labhairt gan srian.
An Confadh nach Mairfeadh ach Seal
Ba dheacair do Hugo spás pearsanta spriodálta a dh’fháilt dó féin de dheascaibh dha chineál brú ina shaol. Ar thaobh amháin, d’fhéadfadh sé scáth agus tionchur na Naitsíoch a aireadh i saol chlann a mháthar. Thugadh a mham na “fist people” ar lucht an Nationalsozialismus agus b’é mian a croí séimh éalú ón gcur chuige brúidiúil sin agus tábhacht rónaofa na daonnachta a mhúineadh dá clann. Scríobhann Hamilton cosúil le Robert H. Jackson, príomh-abhchóid na Meiriceánach ag trialacha Nuremberg agus fás mall réidh na Naitsíoch á scagadh aige trí chuimhní brónacha a mháthar. “Onkel Gerd said people thought Goebbels and Hitler had rabies because they were always foaming at the mouth…Onkel Gerd said it was un-German and wouldn’t last long.” Ach diaidh ar ndiaidh rug na Naitsithe greim ar na sráideanna, rud a bhéimnigh Jackson féinig ina bhreithiúnas cáiliúil mar gheall ar “chath na sráideanna” tar éis don Führer lámh a ghlacaint ina bhás féin. I Terminiello v. Chicago, 337 U.S. 1 (1949), scríobh Jackson, “Hitler summed up the strategy of the mass demonstration as used by both fascism and communism: “We should not work in secret conventicles, but in mighty mass demonstrations, and it is not by dagger and poison or pistol that the road can be cleared for the movement, but by the conquest of the streets. We must teach the Marxists that the future master of the streets is National Socialism, just as it will someday be the master of the state.”
An Bhrionglóid Seirce
Ní éireodh riamh le muintir na Gearmáine ná lena sliocht éalú ón scáth sin dar le máthair Hugo. “The person who can’t hear it, must feel it, she said a few times because that’s what they say in Germany.” Ar an dtaobh eile ansin fuarthas brú de shaghas eile, brú thraidisiún a athar, traidisiún dár bunaíodh ar Liebestraum Corkery agus Mhic Shuibhne, traidisiún a gheall cultúr nua in éineacht le stát nua. Cuireann athair Hugo athair Niall Tóibín i gcuimhne dúinn ós rud é go bhfeictear an diongbháilteacht chéanna insa bheirt acu. Ní fhéadfadh muintir Tóibín ticéid bus a cheannach as Béarla sna daicheadaí agus ní fhéadfadh muintir Hamilton éisteacht le Béarla fiú. Nuair a d’fhiafraigh máthair Hugo den athair cad ina thaobh gur cuireadh píonós ar dheartháir Hugo, Franz, dúirt an t-athair léi go borb “He was listening to them [buachaillí áitiúla] in English”. “My God” she said, “Are you not taking this too far?”
Tháinig faoiseamh agus cothaitheachtaí spioradálta níos déanaí chuig Hugo. Mhúin leabhair Hubert Butler ceachtanna tábhachtacha dó mar gheall ar bhá ársa na hEaglaise Caitlicí don fhaisisteachas frithchumannach, ceachtanna dár cíoraíodh go gairmiúil le déanaí i leabhar breá Robert Tobin, The Minority Voice: Hubert Butler and Southern Irish Protestants (Oxford, 2012). Agus tháinig sé isteach fé dheireadh i dtearmann James Joyce, ball uasal eile des na breacdhaoine- “Between two roaring worlds where they swirl, I”, an tÉireannach a thuig tátal Hugo níos fear ná éinne eile. “Maybe”, a scríobh Hamilton fé dheireadh “your country is only a place you make up in your own mind.” Ábhar faoisimh fé dheireadh, más ea.
- Is scríbhneoir staire ó chathair Chorcaí John-Paul McCarthy.