
Tagann na sluaite chaon bhliain as tíortha thar lear len iad féin a fhéachaint ar aistear fada dúshlánach ar Shléibhte Mhám Toirc. Bhí Breandán Delap leo i mbliana.
»»»Ba ar mhaithe le hearnáil na cógaisíochta seachas cearta phobal na Gaeilge a mhol an Roinn Sláinte go n-athrófaí Treoir Eorpach dar le Breandán Delap.
»»»Tá toradh tubaisteach siollabas nua na Gaeilge don Ardteist le sonrú cheana féin, dar le Breandán Delap.
»»»Amharcann Breandán Delap ar leabhar a mhaíonn gur cheart deireadh a chur leis an Ghaeilge éigeantach sa chóras oideachais.
»»»Nochtann Breandán Delap a bhfuil i gcomhaid an rialtais sa Chartlann Náisiúnta mar gheall ar chás stairiúil dlí a reáchtáladh tríocha bliain ó shin.
»»»Cuimhníonn Breandán Delap ar na heachtraí brónacha a tharla i gceantar Gaeltachta i gContae na Gaillimhe 130 bliain ó shin agus ar an chomóradh atá le déanamh orthu.
»»»Tá sé in am deireadh a chur leis an fhinscéal uirbeach go bhfuil an Ghaeltacht rite le deontais ón stát, dar le Breandán Delap.
»»»Tá an rialtas ar tí Comhdháil a reáchtáil ar an Bhunreacht. Ríomhann Breandán Delap cuid de na haltanna gurbh fhiú athbhreithniú a dhéanamh orthu.
»»»Ní thig leis an tír seo teacht i dtír ar thurasóireacht siúlóide gan dul i ngleic le ceisteanna a bhaineann le cearta fánaíochta dar le Breandán Delap
»»»Más aon léiriú é na fadhbanna atá ag Roinn na Gaeltachta scéim teanga a aontú le hOifig an Ombudsman, níl Breandán Delap ródhóchasach go mbeidh an Roinn sin in ann don phleanáil teanga sa Ghaeltacht.
»»»Ba cheart do lucht cáinte na Gaeilge faoiseamh a thabhairt do Pheig Sayers bocht dar le Breandán Delap agus sampla na n-eachtrannach i leith foghlaim na teanga a leanstan.
»»»Chuir Stiofán Ó Cúláin tús oifigiúil lena thréimhse mar Phríomhfheidhmeanach ar Údarás na Gaeltachta ag tús na míosa seo. Ríomhann Breandán Delap cuid de na dúshláin a bheas roimhe.
»»»Caithfidh na Gardaí dul i ngleic lena gcuid dualgas i leith na Gaeilge má táthar le bheith ionadaíoch ar phobail uile na tíre dar le Breandán Delap.
»»»Tá Breandán Delap den tuairim nach gcuirfear an córas nua maoinithe atá beartaithe ag Foras na Gaeilge d’eagrais Ghaeilge áirithe i bhfeidhm mar a bhí molta.
»»»Tá sé ráite ag an Rialtas go mbeidh Reifreann á ghairm taobh istigh de bhliain chun deireadh a chur leis an Seanad. Údar aiféala a bheadh ina leithéid amach anseo, dar le Breandán Delap.
»»»Tá sé ríthábhachtach go dtabharfaí aird ar an mhéid a eascróidh as dhá phróiseas comhairliúcháin a bhaineann le todhchaí na Gaeilge, dar le Breandán Delap.
»»»Tá léargas spéisiúil le fáil faoi shaol phríosúnaigh Éireannacha i Sasana sna seachtóidí ó litreacha a sheol beirt bhan Ghaeltachta chuig Rialtas na hÉireann ag an am.
»»»Cíorann Breandán Delap a bhfuil le fáil i gcomhaid rialtais maidir le feidhmiú Údarás na Gaeltachta i mblianta tosaigh na heagraíochta.
»»»Cé go bhfuil a míshástacht léirithe ag eagrais Ghaeilge agus Ghaeltachta faoin chinneadh Oifig an Choimisinéara Teanga a chomhcheangal le hOifig an Ombudsman, ní gach duine a bheas míshásta faoi, dar le Breandán Delap.
»»»Ba cheart do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge ceachtanna maidir le rialachas corparáideach a fhoghlaim as cliseadh Mheitheal Forbartha na Gaeltachta, dar le Breandán Delap
»»»Tá Breandán Delap den tuairim go bhfuil an ghaoth imithe as blaganna na Gaeilge agus tá sé in amhras an bhfuil aon ní in ann dóibh feasta.
»»»Ní fada an lá a bheas ‘sár-urghaire’ á lorg ag pearsa mór le rá in Éirinn le stop a chur le nochtadh eolais faoina shaol priobháideach, dar le Breandán Delap.
»»»Samhlaíonn Breandán Delap na daoine a d’fhéadfadh a bheith san áireamh sa chéad chomhaireacht eile faoi stiúir Thaoiseach úr na tíre.
»»»Léiríonn comhaid stáit atá díreach scaoilte saor anois faoin ‘riail tríocha bliain’ ag an Chartlann Náisiúnta go raibh seachadadh litreacha le seoltaí Gaelacha ina chonspóid idir údaráis phoist na hÉireann is na Breataine ag deireadh na seachtóidí. Amharcann Breandán Delap ar a bhfuil luaite i gcomhaid an rialtais faoi.
»»»Cíorann Breandán Delap cuid de na hathruithe is suntasaí atá déanta ins an leagan chríochnúil den Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge 2010 le hais na Dréachstraitéise a chuaigh roimhe.
»»»Tá sé thar am dul i ngleic leis an easpa foirne le Gaeilge i Státchóras na tíre seo. Mura ndéantar é sin, is cur amú ama é don stát a bheith ag spreagadh daoine leis an teanga a fhoghlaim, dar le Breandán Delap....
»»»Samhlaíonn Breandán Delap cad é a bheas le rá ag ceannaire nuathofa Fhianna Fáil Nua ina aitheasc d’Ard Fheis a pháirtí sa bhliain 2016, tráth a bheas céad bliain Éirí Amach na Cásca á chomóradh.
»»»Tá go leor le foghlaim, dar le Breandán Delap, faoi mheicníocht an phróiseas síochána ó thuaidh ó chuntais iar-Phríomh-Aire na Breataine, Tony Blair, agus iar-Stát-Rúnaí an Tuaiscirt, Peter Mandelson in dhá leabhar a foilsíodh ar na mallaibh.
»»»Amharcann Breandán Delap ar an dóchúlacht pholaitiúil go gcuirfí beartas Fhine Gael i gcoinne éigeantas na Gaeilge san Ardteist i bhfeidhm.
»»»Scríbhneoir ildánach é Micheál Ó Conghaile, as Inis Treabhair i gConamara, a bhfuil nach mór gach gné den litríocht treafa aige. Lena chois sin, tá sé ar cheann de na foilsitheoirí is bisiúla sa tír. Tá Cló Iar-Chonnachta ag ceiliúradh cúig bliana fichead ar an fhód i mbliana. In agallamh cuimsitheach do Beo!, labhair sé le Breandán Delap faoi staid na litríochta agus na foilsitheoireachta Gaeilge, faoi cheol tíre na Gaelachta, faoin chlár conspóideach faisnéise Fairytale of Kathmandu agus faoin drochbhail atá ar dhrámaíocht na Gaeilge faoi láthair.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.