AR NA SAOLTA SEO
Plean don Ghaeilge Curtha ó Mhaith
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

Amharcann Breandán Delap siar ar phlean cuimsitheach i leith cur chun cinn na Gaeilge i réimsí poiblí a foilsíodh tríocha bliain ó shin....

Íomhá
An Coimisinéir Teanga ag caint i nGaillimh 2013
Íomhá
'moltaí ó chineál críoch aineoil' - Rúnaí an Rialtais 1983
Íomhá
- go mbeadh an t-alt deiridh mar - 83
Íomhá
'the strongest forces for anglicisation in Gaeltacht areas'
(Commins, BnaG 1988)
Íomhá
submitted by the Minister for the Gaeltacht - was rescinded; 1986
Íomhá
An Coimisinéir Seán Ó Cuirreáin i nGaillimh
Íomhá
Coisteachas 1986

easpa gnímh an rialtais i leith na Gaeilge go mór i mbéal an phobail faoi láthair de bharr cinneadh an Choimisinéara Teanga éirí as oifig, ach tugann cáipéisí stáit 30 bliain ó shin léargas paiteanta ar an dóigh ar chuir biorshúile na státseirbhíse caipín an bháis ar phlean chun an teanga a chur chun cinn sa tsaol phoiblí.

Ar an 14 Aibreán 1983, d’fhoilsigh an eagraíocht stáit Bord na Gaeilge (réamhtheachta Foras na Gaeilge) Plean Gníomhaíochta Ceithre Bliana don Ghaeilge. Cáipéis théagartha, shuntasach ab ea é a leag spriocanna amach do gach gné den státchóras. Murab ionann is an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge ba phlean oibre teoranta a bhí ann le spriocanna ama a bhain leis an ghearrthréimhse seachas leis an todhchaí. Plean uaillmhianach go maith a bhí ann a mhol go mbunófaí ionaid Ghaeilge i gceantair uirbeacha, go mbunófaí Aonad Forbartha Lárnach le comhordnú a dhéanamh ar an teanga sa státchóras agus go mbunófaí stáisiún teilifíse lán-Ghaeilge. Lena chois sin, bhí liosta le háireamh de scéimeanna molta ann don Ghaeltacht chomh maith le beartais i leith na n-ealaíona, craoltóireacht raidió áitiúla, cúrsaí oideachais, úsáid na Gaeilge i dtithe an Oireachtais srl.

D’eisigh an Rialtas ráiteas ag am a fhoilsithe gur aithin siad go raibh sé ‘de chúram orthu timpeallacht a chruthú a thacódh leo siúd a roghnaíonn an Ghaeilge mar phríomhtheanga nó mar theanga bhunúsach ina saol laethúil.’

An Mharbhghin

Ach bhí a gcosa nite ag an Phlean sular foilsíodh é. Léiríonn cáipéisí ó Roinn an Taoisigh a scaoileadh saor faoin Riail 30 Bliain gur beag fáilte a chuir baill den chomh-aireacht roimh an phlean agus go raibh an Roinn Airgeadais ach go háirithe, go mór ina éadan. Bhí Aire na Gaeltachta, Pádraig Ó Tuathail, ag iarraidh go gcuirfí breis airgid ar fáil do Bhord na Gaeilge agus do na heagrais dheonacha Ghaeilge sa bhliain 1984 le go mbeifí ábalta an Plean a chur i bhfeidhm.

Ach bhí go leor sa státsheirbhís doicheallach roimhe: ‘These proposals come from a sort of fantasy land,’ a scríobh Rúnaí an Rialtais chuig an Taoiseach ar an 1 Márta, 1983, sular foilsíodh an cháipéis. ‘..if a light-hearted approach is taken to spending in this area, there is no way that a lid can be kept on spending in other areas.’

Tugadh cuireadh d’achan roinn rialtais a gcuid tuairimí a nochtadh faoi mholtaí an phlean sular foilsíodh é agus ní haon áibhéil a rá gur rabharta de ráitis dhiúltacha a tháinig mar thoradh ar an iarratas sin. Fiú i Roinn an Taoisigh féin tugadh comhairle dó gan a bheannacht a thabhairt don Phlean go dtí go mbeadh dianmhachnamh déanta aige faoin mholadh go mbeadh rannóg faoi leith ina Roinn ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge fán bhliain 1987. Is léir ó mheamram rialtais ón 25 Feabhra, go raibh an tAire Ó Tuathail, ina chadhain aonair mar nach raibh duine ar bith eile sa rialtas ag tacú leis an phlean.

Airí na Marfachta

Cháin an tAire Iompair agus Poist agus Teilegraif, Jim Mitchell go láidir an moladh go mbunófaí stáisiún teilifíse lán-Ghaeilge roimh 1987. Dúirt sé go raibh an Plean:
silent on both the capital and running costs of such a project.’ Dúirt sé nach raibh a dhóthain cláracha Gaeilge ann: ‘there must be serious doubt about the availability of adequate programming.

Chaithfí, dar leis, £15 breise sa bhliain a ghearradh ar an cheadúnas teilifíse leis an stáisiún a mhaoiniú: ‘In present circumstances the inclusion of a recommendation to establish such a service in the Plan would have to be regarded as unrealistic.

Bhí sé i gcoinne cur le hamanta craolta Raidió na Gaeltachta fosta mar gur Radio 1 a bheadh thíos leis, dar leis.

Chuir tAire Seirbhísí Poiblí, John Boland, go tréan in éadan díolúine ón chosc ar earcaíocht a thabhairt do Bhord na Gaeilge nó don Roinn leis an Phlean a chur i bhfeidhm. Bhí sé míshuaimhneach fosta faoi chuid de na ráitis a bhí sa Phlean i leith cainteoirí Gaeilge a fhostú sa tseirbhís phoiblí, ionaid Ghaeilge a oscailt i gcathracha áirthe agus stáisiún teilifíse a bhunú. Dúradh: ‘An endorsement of statements such as these would tend to excite unduly high expectations among Irish speakers.

Bhí an tAire Talamhaíochta, Austin Deasy, agus an tAire Sláinte agus Leasa Shóisialaí, Barry Desmond, go mór i gcoinne an moladh a bhí sa phlean go mbeadh foirmeacha dátheangacha ar fáil don phobal. Chuirfeadh a leithéid go mór le hualach na hoibre ar oifigigh na ranna sin, dar leo.

An tAire Dukes

Ach b’é an tAire Airgeadais, Alan Dukes, a chur an aighneacht ba théagartha faoi bhráid an Taoisigh. Cheistigh sé feidhmiúlacht agus líon na n-eagras Gaeilge:

It calls into question the need for such organisations and for their funding in a time of extremely scarce public resources.

Mhol sé go bhfiosrófaí cad tuige nach raibh ag éirí leis na beartais oifigiúla a bhí ar bun chun an teanga a chur chun cinn:

…even a nominal endorsement of the plan by the Government before it had access to information which would enable it to form a view on these two key issues would be wrong.

Dálta an lá inniu, bhí géarchéim airgeadais sa tír ag an am agus bhí an tAire buartha nach raibh costasú ceart déanta ar go leor de na moltaí agus nach bhféadfaí leithéidí stáisiún teilifíse a chur ar bun ‘in the foreseeable future.’ ’Sé an toradh a bheadh ar sin ná:

an increasing cynicism regarding Government policy for the language, a consequence which would, if anything, worsen its already precarious condition.

Ní bheadh aon ghlacadh ag an phobal i gcoitinne le tuilleadh airgid a chaitheamh ar Phlean den chineál sin ag am nuair a bhíothas ag déanamh ciorruithe ar sheirbhísí riachtanacha. Mhol sé mar sin nach bhfoilseofaí an Plean mar a bhí sé agus go n-iarrfaí ar Roinn na Gaeltachta i gcomhar le Bord na Gaeilge é a leasú.

Screamh Mhín anendeavorachais

Díol spéise go ndearna an rialtas athruithe suntasacha ar an ráiteas a bhí le heisiúint nuair a foilsíodh an Plean. Socraíodh ag cruinniú rialtais ar an 2 Márta, 1983 go ndéarfaí:

In the implementation of recommendations in the plan which are realistic and achievable the Government express the hope that substantial progress can be made in 1983 with the funds already allocated to Bord na Gaeilge, voluntary Irish language organisations and the various Departments and other bodies. In future years they will endeavour to provide additional funds for the promotion of the Irish language.

Ach léiríonn miontuairiscí de chruinniú comh-aireachta ar an 29 Márta gur deineadh cinneadh an ráiteas seo a athrú agus leagan níba laige a eisiúint:

The Government are examining those recommendations in the plan which are capable of implementation within existing budgetary provisions.

Ba léir ón athrú sin nach raibh rún ag an rialtas glacadh leis an Phlean mar straitéis stáit ná aon airgead nó acmhainní breise a chur ar fáil le é a chur i bhfeidhm. Ba léir fosta gur cáipéis à la carte a bheadh ann feasta. Roghnófaí na codanna sin den Phlean nach raibh aon chostas breise ag baint leo agus chaithfí an chuid eile i dtraipisí.

Ní raibh ach trí leathanach ins an mheamram a chuir Aire na Gaeltachta le chéile i mí Márta de na spriocóga a measadh a bheadh indéanta taobh istigh den soláthar airgid a bhí leagtha amach do na ranna éagsúla. Ní raibh fágtha den Phlean uaillmhianach ach creatlach de choistí a bhí le bunú chun moltaí a dhéanamh i leith úsáid na Gaeilge i réimsí éagsúla den saol poiblí. Deis chaillte go cinnte, mar i gcead do Shéamus Mallon thiocfadh leat a rá nach bhfuil ins an Straitéis Fiche Bliain ach an Plean Gníomhaíochta ‘do fhoghlaimeoirí malla’.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.