AR NA SAOLTA SEO
Scéin is Fuath ar Shráideanna Ghlaschú
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

Déanann Breandán Delap cur síos ar ré uafáis na ndíormaí sráide i nGlaschú atá nochtaithe i leabhar nua, City of Gangs le Andrew Davies.

Íomhá
Scáthlán Bhaile na Drochaide
(le Maltese Dog ar Vicipéid)
Íomhá
Leabhar Andrew Davies, City of Gangs
(le Hodder & Stoughton)
Íomhá
Gort a' Bhaile
(le Telemetry9, Robert Kelly, ar Flickr)
Íomhá
Slad maidine i nGlaschú '34
Íomhá
Glaschú 1919, Cath Chearnóg Seoirse ar Red Clydeside

Easnamh mór a bhaineann le stair na hÉireann ná go gceapann lucht a scríofa go minic go gcríochnaíonn a gcuid oibre ag calafoirt agus ag aerfoirt na tíre. Tá obair mhór déanta ag dornán ollscoileanna sa Bhreatain agus i Meiriceá len é seo a chur ina cheart ach is beag sin. Léiríonn leabhar úr a dhéanann cur síos ar an bhaint a bhí ag imirceoirí as Éirinn le díormaí coiriúlachta i nGlaschú an méid scéalta atá fós gan insint sa leagan oifigiúil de stair na tíre seo.

Tugann City of Gangs le Andrew Davies (Hodder & Stoughton) léargas ar an dóigh a raibh tionchar nach beag ag fadhbanna a bhí fós gan réiteach in Éirinn ar fhadhbanna sóisialta agus ar an dlí i ‘ndara cathair na himpireachta.’ Measadh i 1930 go raibh idir 5,000 agus 7,000 ball de dhíormaí agus iad ag cur scaoll ins an phobal sna ceantair ba bhoichte sa chathair. Coimhlintí dúichíocha, seicteacha a bhí ar bun don chuid is mó agus bhí pictiúrlanna, hallaí damhsa agus páirceanna peile ina láithreacha catha acu. Mar thoradh ar seo, bhí sé d’iomrá ar Ghlaschú go raibh sé ar an chathair ba chontúirtí agus ba mhó foréigean sa Bhreatain. Go deimhin cé gur le deargáibhéil a baistíodh ‘Chicago na hAlban’ ar an chathair ins na tríochaidí, chuir sé le clú nach raibh le santú.

Plúchadh agus Meath

Bhí a mhacasamhail de dhíormaí i gcathracha eile ar nós Londain, Sheffield agus Birmingham (mar is léir ón tsraith Peaky Blinders a bhí le feiceáil ar an BBC ar na mallaibh) ach ba mheasa i bhfad a bhí na coimhlintí i nGlaschú. Dlús an daonra a ba bhun cuid mhór le sin mar go raibh Glaschú níos plúchta, plódaithe ná aon chathair eile sa Bhreatain. Bhí na tionóntáin ag cur thar maoil le daoine agus ba ghnách leis na fir óga, dífhostaithe teacht le chéile ag cúinní sráide. Thug ballraíocht i mbuíon sráide stádas áirithe don fhear óg nach raibh ar fáil dó a thuilleadh sa láthair oibre.

Tháinig meath i ndiaidh an chéad chogaidh mhóir ar an dá phríomhthionscal a bhí sa chathair - tógáil loinge agus innealtóireacht throm. Ní raibh an ghlúin úr a bhí ag teacht i méadaíochta i ndiaidh an chogaidh ábalta a gcuid sinsir a a leanstan chuig na longchlóis Cois Chluaidh. Chuir cliseadh Sráid Wall go mór lena ndeacrachtaí agus fá 1931 bhí a thrian de fhórsa oibre na cathrach díomhaoin. Nuair a tháinig feabhas ar ghéilleagar na Breataine i ndeireadh thiar thall, ba iad na cathracha ba ghaire do Londain a ba thúisce a dtáinig an borradh fúthu.

Ach is dócha gurb í an chúis ba mhó go raibh Glaschú ar tí a loiscthe ná gurb ann a bhí an ráig ba nimhní den tseicteachas ins an Bhreatain. Chuaigh an seicteachas lámh ar láimh leis an dífhostaíocht:

‘Within Glasgow, unemployment was keenly felt among working-class Protestants, who had traditionally enjoyed a near monopoly of skilled industrial occupations and the relatively high and secure wages that these offered. Catholics, too, felt a profound sense of grievance, complaining that many Protestant employers discriminated against them when hiring workers.’ (3)

Inimirce

Ba sna 1870aidí agus 80aidí a cuireadh síolta an fhoréigin agus an tseicteachais, tráth a ndeachaigh na scaiftí móra as Éirinn ar imirce chun na cathrach. Bhí mionlach suntasach Protastúnach i measc na ndeoraithe seo fosta. Cuireadh deireadh leis an chosc a bhíodh ar mhórshiúlta sa chathair sa bhliain 1872 agus tháinig borradh dá réir faoin Ord Bhuí. Ba in oirthear na cathrach ba mhó a chuir na himirceoirí Caitleacha fúthu ach b’ann fosta a bhí a gceannáras ag an Ord Bhuí i mBaile na Drochaide. D’fhiafraítí de choimhtígh:

’Wha’ are yese? Billy or a Dan?’

Drochghreadadh a bhí in ann don té a thug freagra contráilte ar an cheist sin nó go deimhin don té a dhiúltaíodh freagra a thabhairt air.

Mar thoradh ar an líon mór imirceoirí as Éirinn, tháinig borradh faoin fhrith-Chaitleachas sa chathair. Bhí sé seo soiléir ó eagarfhocal sa Glasgow Herald i 1922:

Ireland has been responsible for more of our social trouble in Glasgow than the war and Bolshevist propaganda combined.’ (36)

Bunaíodh The Scottish Protestant League chun cur in éadan scaipeadh an Chaitliceachais in Albain. Thug tuarascáil a cuireadh faoi bhráid Comhthionóil Bhliantúil Eaglais na hAlban i 1923 foláireamh faoi:

‘The menace of the Irish race to Scottish nationality.

Dronga Coirpeach

Sa bhliain 1928 chuaigh toscaireacht de mhinistéirí go dtí an Rúnaí Baile, Sir William Joynson-Hicks, ag impí air srian a chur ar líon na nÉireannach a cheadófaí isteach go hAlbain. D’áitigh siad go raibh méid as cuimse Éireannach i measc coirpigh na cathrach ach ag an am céanna gurb iad ba mhó a bhí ag fáil íocaíochtaí fuascailte. Ba léir gurb ionann na focail ‘Éireannach’ agus ‘Caitliceach’ i súile go leor den phobal.

Bhí baint lárnach ag cúrsaí creidimh leis na dronga de choirpigh a bhí i mbarr a réime sna fichidí agus sna tríochaidí. Ba iad na Billy Boys as Baile na Drochaide an díorma ba mhó sa chathair agus bhí tuairim is leathchéad ball acu ag tús na dtríochaidí. Bunaíodh iad i dtús ama le cosaint a thabhairt do na bannaí ceoil Flannbhuí le linn na mórshiúlta. Ghlac siad móid ’to uphold King, Country and Constitution’ agus mar sin de thug said léasadh do lucht stailce le linn na tréimhse ar a dtugtar Red Clydeside. Bhí oiread cáile ar na Billy Boys gur tugadh cuireadh dóibh, agus dá gceannaire Billy Fullerton, teacht go Béal Feirste le haghaidh mhórshiúl na bhFear Buí ar an 12 Iúil, 1935. Maraíodh ceathrar mar thoradh ar an iarracht chiotach seo ar ‘bringing it all back home.

Bhíodh na Billy Boys i ngleic go mór le leathdhosaen díorma Caitliceacha as ‘A Chaltainn ar nós na Norman Conks, Kent Star, San Toy agus Calton Entry Boys. I ndeisceart na Cathrach, sna Gorbals (nó Gort a’ Bhaile), bhí díormaí le ballraíocht measctha ann idir Chaitlicigh, Phrotastúnaigh agus Ghiúdaigh. Bhíodh na hainmneacha a úsáideadh bunaithe ar cheantair agus ar pholaitíocht. Ainmníodh The Derry Boys mar shampla in onóir na bPrintíseach agus the Calton Emmet in onóir Roibeard Emmet.

Dúiseacht

Chuir cogadh na saoirse an lasóg sa bharrach. Maraíodh an Cigire Bleachtaire Robert Johnstone nuair a deineadh iarracht ceannaire Bhriogáid Shligigh den IRA, Frank Carty, a shaoradh. Gabhadh sagart paróiste ‘A Chaltainn, an tAthair Patrick Mc Rory, agus tharla caismirtí ar fud na cathrach mar thoradh. Bagraíodh na póilíní go mbeadh sé ina chogadh dearg dá ndéanfaí aon díobháil don tsagart. Saoradh an tAthair Mc Rory agus tuairiscítear go raibh bratacha de chuid Sinn Féin ar foluain as achan teach sa pharóiste an lá dár gcionn.

Bhí na ‘gangsters’ in ard a réime i Meiriceá ag an am agus mheas go leor d’údarás na cathrach go raibh díormaí Ghlaschú ag déanamh aithrise ar na réalta a bhí le feiceáil i scannáin ar nós Little Caesar, The Public Enemy agus Scarface. Bheidís gléasta go snasta agus moll lena dtaobh i dtólamh. B’é an rásúr an gléas airm ba choitianta a d’úsáididís, rud a mheas Breitheamh amháin a bheith ‘un-British’ ó tharla gur daoine dubha a ba mhó, dar leis, a chuaigh i muinín na cruaiche! Tá cur síos maith déanta sa leabhar seo (bunaithe ar thuairiscí cúirte don chuid is mó) ar an réimeas uafáis a bhí i bhfeidhm sa chathair a bhuíochas do na dronga seo, idir dhúnmharaithe, eachtraí sáite agus chambhrú cosanta. Bhíodh maorlathas faoi na díormaí le coistí, rúnaithe, cisteoirí agus ar ndóigh ceannairí. Is iondúil go gcuireadh ógánach tréimhse printíseachta isteach i measc na sóisear sula bhfaighfeadh sé ardú céime go dtí an díorma é féin.

Bhí agus tá baint lárnach ag seicteachas Ghlaschú lenar tharla ar ghort na himeartha:

...football rivalry frequently inflamed the city’s sectarian antagonisms.’ (217)

Ba é an Dá Mar a Chéile É

Ní dhearna lucht leanta an dá chumann is clúití sa chathair idirdhealú idir cúrsaí náisiúnachais agus creidimh. B’éigean do lucht leanta Rangers dul fríd go leor ceantair Chaitliceacha ar a mbealach siar go Baile a’ Ghobhainn agus b’éigean do lucht leanta na gCeilteach dul fríd Baile na Drochaide lena mbealach a dhéanamh go Páirc na gCeilteach. Bhí cáil ar fhear darbh ainm Kipling mar fhile an tseicteachais agus dhíoladh sé a chuid rannta binbeacha ar chéimeanna Ibrox achan Satharn.

Against this background, even matches between junior football teams were played in a climate of simmering hostility.’ (220)

Go deimhin ghlac sé 200 phóilín le círéib a tharla ag cluiche sóisir i nDail Mheàrnaig i 1933 a chur faoi chois. An bhliain dár gcionn, tharla eachtra sáite ar thraein ar deineadh luíochán air agus a bhí ag iompar lucht tacaíochta Celtic go cluiche i bPàislig.

Baineadh triail as go leor bealaí chun dul i ngleic leis na díormaí seo idir an lámh láidir agus plámas. Mhol breithiúna áirithe gur cheart ciontóirí a lascadh agus bhí polaiteoirí éagsúla ag moladh go mbeadh ar fhir óga tréimhse sheirbhís mhíleata a chur isteach. Bhí go leor den tuairim fosta gur cheart píonós an bháis a ghearradh orthu. Mhol Príomhchonstábla Ghlaschú go mbunófaí gasóga agus briogáidí do ghasúir agus bhunaigh beirt mhinistéirí feachtas faoin mhanasave these hooligans from hell.Bhí macasamhail Elliot Ness ag na póilíní fosta a bhí mar aidhm aige múineadh a chur ar lucht an fhoréigin. Bhunaigh Percy Sillitoe buíon C-Specials (iar-dhornálaithe don chuid is mó) le dul i ngleic leis na díormaí tríd an lámh láidir. Chuir sé béim fosta ar bhailiú faisnéise agus chuir sé gréasán de bhrathadóirí le chéile – idir thábhairneoirí, striapaigh, agus iarchoirpigh – le scéalta a sceitheadh leis na póilíní.

Ach ar deireadh thiar thall ba é an Dara Cogadh Mór a chuir deireadh leis na díormaí. Meastar gur throid 150,000 de bhunadh na cathrach in arm na Breataine agus don chéad uair sheas iarnaimhde le chéile sa bhearna baol. Fán am a chríochnaigh an cogadh ba laochra iad go leor de bhaill na ndíormaí míchlúiteacha seo.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.