Níl fuadar ar bith faoin phróiseas le státseirbhísigh a cheapadh a bheadh ábalta feidhmiú i nGaeilge agus i mBéarla, dar le Breandán Delap
Ba mar dhea-scéal don Ghaeilge a chuir Aire na Gaeltachta an fógra i láthair an phobail i mí Dheireadh Fómhair seo caite go raibh cinneadh déanta deireadh a chur le córas na bpointí bónais as Gaeilge a bhronnadh i gcomórtais d’arduithe céime agus earcaíochta sa Státseirbhís. B’é an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Brendan Howlin, a rinne an cinneadh agus maíodh gur ag cur deireadh le lúb ar lár sa chóras a bhíothas. Ina áit sin, dúradh go n-earcófaí painéal de chainteoirí dátheangacha nó 6% d’oibrithe i ngrád an oifigigh feidhmiúcháin. Líon teoranta poist a bheas i gceist - agus beidh ar gach Roinn liosta a thabhairt de na postanna ina mbeidh gá le Gaeilge. Maíodh nach raibh fianaise ar bith ann go raibh córas na bpointí bónais ag spreagadh úsáid na Gaeilge sa Státseirbhís. Dúirt Aire na Gaeltachta Dinny Mc Ginley gur teip iomlán a bhí sa seanscéim. Dúirt sé fosta go mbeadh seirbhís Ghaeilge níos fearr ag an phobal mar go mbeadh Gaeilge ag 6% ar a laghad de státseirbhísigh úra.
Chuir caithréim an rialtais ar an cheist seo an maíomh a bhí ar bun ag rialtas eile i dtús na seachtóidí i gcuimhne dom nuair a deineadh cinneadh eile a bhí in ainm is an teanga a chur chun cinn sa státchóras. In aitheasc a thug Aire Airgeadais an ama, Richie Ryan, sa Dáil ar an 5 Nollaig, 1974, faoi chinneadh an rialtais deireadh a chur le riachtanas na Gaeilge do phoist sa státseirbhís a fógraíodh mí roimhe sin, dúradh go bhféadfadh sé tarlú mar thoradh ar na hathruithe seo go gceapfaí státseirbhíseach sa Roinn Airgeadais nach mbeadh in ann Béarla a labhairt!
An Dá Chéim i nDiaidh do Chúil
Ina áit na Gaeilge éigeantaí, tugadh isteach córas ina mbeadh marcanna breise (10%) ar fáil d’iarrthóir as inniúlacht sa Ghaeilge a bheith aige. Ceann de na cúiseanna gur theip ar an chóras úr ná nár cuireadh i bhfeidhm ina iomláine é. Bhí a chruthúntas nár éirigh leis na spriocanna a leagadh síos nuair a cuireadh deireadh leis an Ghaeilge éigeantach le feiceáil in dhá chás cúirte a tionscnaíodh i 2010 inar tugadh cúiteamh airgid do bheirt iarrthóirí siocair nár cuireadh marcanna breise dá gcumas i mBéarla agus i nGaeilge san áireamh agus iad i mbun comórtais inmheánacha.
Tá a fhios againn anois ar ndóigh nach raibh in aitheasc an Aire Ryan ach baothchaint agus galamaisíocht agus nach ar leas na teanga a deineadh an cinneadh úd deireadh a chur leis an Ghaeilge éigeantach. Is baolach fosta go bhfuil easpa dáiríreachta an rialtais reatha ar cheist na hearcaíochta le feiceáil ina laghad dul chun cinn atá déanta ag an Aire Howlin meitheal dhátheangach a bhunú le míonna beaga anuas. B’fhíor don iar-Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, a mhaígh nach chun sochair na teanga a rachfadh an socrú úr agus gur coiscéim chun tosaigh agus péire ar gcúl a bhí sa ghníomh.
Córas Functioning Bilinguals Feidhmiúil faoi 2042 AD
De réir an próiseas nua a d’fhógair an tAire i mí Dheireadh Fómhair seo caite, bhí ar gach Roinn rialtais liosta a chur le chéile de na postanna ina mbeidh gá le Gaeilge. ‘Functioning Bilinguals’ an t-ainm galánta atá baistithe ar na postanna seo. Bhí an t-eolas seo le cur ar fáil don Roinn Athchóirithe agus Caiteachais Poiblí roimh mhí Eanáir. D’imigh sin agus tháinig seo. Sé mhí níos deireanaí, tá sé admhaithe ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Ath-Chóirithe nach bhfuil eolas curtha ar fáil ag chuile Roinn Rialtais dóibh fós faoin líon foirne a bheas de dhíth le freastal ar an phobal i nGaeilge. Cad tuige an mhoill? Is léir ar an rud is lú nach bhfuil an fuadar céanna faoin roinn sin na hathruithe a chur i bhfeidhm is a bhí orthu an seanchóras a chaitheamh i dtraipisí. Ar an rud is measa, is iarracht shoiniciúil eile atá ann an dubh a chur ina gheal ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.
Dúirt an chéad Choimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin, go dtógfadh an córas nua, dá gcuirfí i bhfeidhm go hiomlán agus ar an bhealach is dearfaí é, thart ar 28 mbliana le líon na foirne riaracháin sa Roinn Oideachais le líofacht i nGaeilge a mhéadú ón 1½% atá ann faoi láthair go dtí 3%. Ach má bhaineann sé sé mhí as An Roinn Caiteachais Poiblí eolas a bhailiú, cén seans atá ann go bhfeicfear toradh na hearcaíochta gan mhoill?
Ar ndóigh níl iomrá ar bith ach an oiread ar an 100 post úr i ngrád an Oifigigh Feidhmiúcháin a bhí geallta ag an rialtas.
Ar ndóigh, dá mbeadh an rialtas dáiríre faoin dátheangachas a spreagadh i bpostanna tábhachtacha sa státseirbhís, bheadh orthu a chinntiú go mbeadh cumas Gaeilge ag achan fháilteoir, guthánaí, oifigeach cumarsáide mar aon le feidhmeannaigh shinsireacha i ngach Roinn. Agus sa chás sin, cad a tharlódh do na daoine atá fostaithe sna postanna sin faoi láthair. Ach tá a fhios ag an saol mór nach raibh sé ariamh i gceist go dtarlódh a leithéid. Ní léir go bhfuil an toil pholaitiúil ann le caitheamh leis mar ábhar práinne agus is doiligh gan ghéilleadh don tuairim go bhfuil a thuilleadh imeallú déanta ar an Ghaeilge sa státchóras.
Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.