AR NA SAOLTA SEO
Léargas Nua ar Cás Uí Mhonacháin
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

Nochtann Breandán Delap a bhfuil i gcomhaid an rialtais sa Chartlann Náisiúnta mar gheall ar chás stairiúil dlí a reáchtáladh tríocha bliain ó shin.

Íomhá
An Chartlann Náisiúnta
Íomhá
Na Cheithre Cúirteanna istoíche
(le Benoit ar Picasaweb)
Íomhá
An suí breithimh
Íomhá
Meá na Córa ag Caisleán Átha Cliath
(le Neonatus ar Picasaweb)
Íomhá
Ag na Cúirteanna Breithiúnais Choiriúla

Ní fhéadfadh an rialtas breitheamh gan Ghaeilge líofa a aistriú as limistéir ina raibh ceantar Gaeltachta ann, de réir an chomhairle a chur an Roinn Dlí is Cirt ar fáil i gcás cháiliúil chearta teanga a tionscnaíodh breis is 30 bliain ó shin. Ba mar thaca don chosaint a bhí á ullmhú ag an Ard-Aighne ar dhúshlán cúirte a bhí á ghlacadh ag Tomás Ó Monacháin, Gaoth Dobhair, in éadan an stáit a cuireadh an chomhairle seo ar fáil. Tá comhaid de chuid an Ard-Aighne agus Roinn an Taoisigh ar an chás curtha ar fáil go poiblí anois don chéad uair sa Chartlann Náisiúnta faoi ‘Riail an Tríochadú Bliain.’

De réir meamram de chuid na Roinne Dlí is Cirt an ama sin, comhairlíodh don Ard-Aighne nach bhféadfadh go mbeadh dualgas ar an rialtas a chinntiú go leanúnach go mbeadh líofacht Ghaeilge coinnithe ag breithimh a cuireadh i mbun oibre i limistéir chúirte ina bhfuil ceantar Gaelachta ann. Fiú dá bhfaighfí amach nach mbeadh Gaeilge ag breitheamh faoi leith a bhí ag obair i gceann de na limistéir sin, ní bheadh sé de chumhacht ag an Rialtas é a aistriú. Is dá dheoin féin amháin a n-aistreofaí breitheamh sa chás seo, de réir an mheamraim.

Cuireadh tús leis an scéal seo ar an 11 Samhain, 1975 tráth ar tháinig an tUas. Ó Monacháin os comhair na Cúirte Dúiche ar an Bhun Beag, i nGaeltacht Dhún na nGall, mar thoradh ar thoghairm a d’eisigh Comhairle Chontae Dhún na nGall. Cuireadh ina leith nach raibh aon chead pleanála aige i leith teach soghluaiste a bhí pairceáilte i mBaile an Droichid, Gaoth Dobhair. B’é an Breitheamh Michael Larkin a bhí ar an bhinse an lá úd ach níor éirigh leis an cás a éisteacht agus cuireadh siar é go dtí an 19 Eanáir, 1976.

Ateangaireacht

Breitheamh eile, Patrick Keenan Johnson, a d’éist leis an chás an iarraidh sin ach dhiúltaigh an tUasal Ó Monacháin a chuid fianaise a thabhairt i nGaeilge cionn is go raibh an breitheamh ag brath ar ateangaire le linn na héisteachta. D’iarr an cosantóir go gcuirfí an cás ar athló go dtí go mbeadh breitheamh le Gaeilge ar fáil. Diúltaíodh don iarratas seo gearradh fíneáil £5 air móide costaisí £23.75.

Ionchúisíodh an cosantóir arís ar an 11 Bealtaine, 1976, os comhair an Breitheamh Larkin ar an chúis chéanna ach chomh luath is a glaodh an cás, ceapadh ateangaire agus cuireadh faoi mhionn é. Arís eile dhiúltaigh tUas Ó Monacháin a chuid fianaise a thabhairt agus d’iarr go gcuirfí an cás ar athló. Gearradh fíneáil eile air agus cuireadh go príosún Mhuinseo é ar an 21 Meitheamh, 1976 nuair a dhiúltaigh sé é sin a íoc. Tar éis ceithre lá, scaoileadh amach ar bhannaí é nuair a thionscnaigh sé cás Ard-Chúirte ag iarraidh go gcomhlíonfaí Alt 71 d’Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924. Dúirt an t-alt seo go sonrach “sa mhéid gur féidir é” go mbeadh ar Bhreitheamh a cheapfaí i gceantar ina raibh an Ghaeilge á labhairt “oiread eolais ar an nGaeidhlig agus chuirfeadh ar a chumas déanamh in éamais conganta ó fhear teangan agus fianaise a tabhairt sa teangain sin.”

Baineann an comhad ó Oifig an Ard-Aighne le hullmhúchán an stáit don chás Ard-Chúirte agus d’achomharc a deineadh ina dhiaidh sin chuig an Chúirt Uachtarach. De réir meamram ón Roinn Dlí is Cirt, shainigh Uachtarán na Cúirte Dúiche an Breitheamh Keenan Johnson go dtí an Bun Beag ar bhonn sealadach ar an tuiscint “that he knew Irish.” Dúradh sa mheamram sin go mbíonn an tUachtarán cúramach “to recommend for temporary assignment to Gaeltacht areas only justices who have Irish.”

Meath Líofachta

Tá nóta sa mheamram sin fosta faoin mhéid a bhí le rá ag an bhreitheamh i leith na Gaeilge ina iarratas ceapacháin: “I have a good working knowledge of Irish and did hold a gold fáinne. I would require to practice my knowledge of spoken Irish to efficiently conduct business in Irish in court but I am satisfied that with a little practice of Irish speaking I would become proficient.”

Dúradh sa mheamram chéanna gur mheas cléireach na cúirte a bhí ar dualgas an lá sin gurb é “the Donegal accent and the speed of delivery of the evidence in Irish” ba chúis le deacrachtaí an Bhreithimh. “The Clerk says that the justice, being conscientious in the matter, requested an interpreter.”

Bhí an t-eolas seo mar chuid de litir a sheol feidhmeannach de chuid an Roinn Dlí agus Cirt chuig Declan Quigley in Oifig an Ard-Aighne ar an 3 Meán Fomhair, 1976 ag tairiscint cúnaimh “in what may be a ‘sticky situation.’” Tugadh an chomhairle seo a leanas don Ard-Aighne: “..assuming Justice Larkin’s present assignment to the Donegal District was validly made, the Government have no power to assign another justice in his place unless his present assignment to the District is terminated; and it can be only at his request or his consent.”

I bhfocail eile, ní bheadh sé de chumhacht ag an Rialtas breitheamh a aistriú fiú dá bhfaighfí amach nach mbeadh Gaeilge aige agus é i mbun dualgais i gceantar Gaeltachta. Is dá deoin féin amháin a n-aistreofaí breitheamh sa chás sin. Maidir leis an fhoráil gur cheart go mbeadh oiread Gaeilge ag breitheamh a shaineofaí chuig ceantar mar seo chun go mbeadh sé ábalta feidhmiú gan ateangaire dúradh: “While we would not suggest that the provisions of section 71 of the 1924 act are mere exhortation, the only obligation they impose on the Government can – we think – arise only at the time an assignment is made i.e. they cannot reasonably be taken as placing a continuing obligation on the Government to go about asking a District Justice who has been properly assigned to accept a transfer if, for instance, he later became less fluent.” De réir na comhairle seo mar sin ní raibh aon dualgas ar an rialtas a chinntiú ar bhonn leanúnach go mbeadh líofacht Gaeilge coinnithe ag breithimh a cuireadh i mbun oibre i ndúiche chúirte ina bhfuil ceantar Gaelachta.

An Chúirt Uachtarach

Mar a tharlaíonn sé, theip ar an dúshlán Ard-Chúirte agus rinne an tUasal Ó Monacháin achomharc chuig an Chúirt Uachtarach. Thug an chúirt sin a mbreith ar an 16 Iúil, 1982 agus bhí an triúr breitheamh ar aon fhocal ina ndiúltú don achomharc. Ina bhreithiúnas siúd, rialaigh an Breitheamh Henchy go raibh láncheart ag cosantóir a chuid fianaise agus fianaise finnéithe eile a chur os comhair na cúirte trí mheán na Gaeilge, ach nach raibh aon chead aige a éileamh go mbeadh na himeachtaí uilig á reáchtáil i nGaeilge. Bhí an ceart ag daoine eile, dar leis an Bhreitheamh Henchy, a gcuid fianaise a chur os comhair na cúirte i mBéarla, agus cuidiú a fháil ó ateangaire dá mba mhian leo. Ní raibh aon chead ag cosantóir mar sin iachall a chur ar bhreitheamh gan ateangaire a cheapadh, ar an bhonn gur cheart go dtuigfeadh daoine eile an fhianaise a bhí á tabhairt.

Bronnadh costaisí ar an Stát agus léiríonn miontuairisc ón 24 Lúnasa, 1982 gur iarr Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit comhairle ón Ard-Aighne, John Murray, ar cheart leanstan anois leis an chás bhunaidh a ghlacadh in éadan an chosantóra. Mar thoradh ar seo, mhol feidhmeannach sinsireach ina Oifig don Ard-Aighne go raibh an cinneadh a deineadh chun bannaí a dheonú don Uasal Ó Monacháin i 1976: “bedeviled with uncertainties, possibilities, probabilities and consequent speculations.” Mar thoradh ar seo moladh “that sanity can be imposed on this situation only by leaving this situation behind and going on to the realities of the position in 1982.” Moladh mar sin nach mbeadh ar an Uasal Ó Monacháin an chuid eile dá dhaorbhreith a chur isteach agus go gcuirfí na Gardaí agus Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit ar an eolas faoi seo.

I nGan Fhios (don Chonradh, is fearr a bheith ann)

Ach ba i ngan fhios do na heagraíochtaí Gaeilge a deineadh an cinneadh seo. Scríobh Conradh na Gaeilge chuig an Taoiseach, Cathal Ó hEochaidh, ag déanamh imní faoin bhagairt go mbeadh ar an Mhonachánach dul ar an leaba chláir ar feadh ceithre mhí. “Is dóigh leis an gCoiste Gnó go mbeadh sé náireach amach is amach dá ndéanfadh an stát iarracht anois an pionós úd a gearradh ar Thomás Ó Monacháin i 1976 a chur i bhfeidhm. B’fhearr go mór don stát cearta phobal na Gaeilge a chosaint ná bheith ag tromaíocht orthusan a dhéanann iarracht feidhm a bhaint astu,” a scríobh Ard-Rúnaí an Chonartha, Seán Mac Mathúna ar an 29 Meán Fómhair, 1982.

Ach tar éis dul i gcomhairle le hoifig an Ard-Aighne thug an státseirbhíseach Seán Ó Ríordáin míniú i nóta lámhscríofa don Taoiseach faoi staid an cháis: “The present position is that Ó Monacháin can not be put in jail unless the State presses for execution of outstanding warrant (District Court fines.) The State will not press for this but there is no public knowledge of this. This is a matter for the AG and the Government have no function with the matter of imprisonment.”

Maidir le costaisí an stáit a íoc dúirt Oifig an Ard-Aighne go raibh sé soiléir nach ndíolfaí iad ó tharla go raibh tuarastal an Uasail Uí Mhonacháin á n-íoc leis taobh amuigh don stát (bhí sé ag obair mar ailtire i nDoire) agus nach bhféadfaí an teach soghluaiste a ghabháil. “In these circumstances, as I see it, to take any further steps would be an unwarranted expenditure of public funds,” a dúradh.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.