Amharcann Breandán Delap ar na cinnidh ba mhó a rinne dochar don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ó tháinig an rialtas reatha i gcumhacht.
1. Ceapachán Joe Mc Hugh:
Ceist: Cé mhéid Aire Gaeltachta a ghlacann sé chun bolgán solais a athrú?
Freagra: Beirt.....agus roinn iomlán le míniú dóibh cad atá á dhéanamh acu.
Is í an chosaint is mó a bhíonn ag tráchtairí áirithe (mé féin ina measc) ar chinnidh chonspóideacha an rialtais seo i leith na teanga, ná nach bhfuil an t-airgead chomh flúirseach is a bhí nuair a bhí an rialtas deireanach i gcumhacht. Cad tuige nach mbeadh ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta a sciar féin d’ualach na gciorruithe a iompar? Níl an leithscéal seo bailí, áfach, i gcás cheapachán Aire Stáit Gaeltachta nach bhfuil an teanga ar a thoil aige. Ceapadh beirt airí sóisir úra sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta - ceann le Gaeilge líofa agus ceann gan Ghaeilge líofa. Cé acu den bheirt a chuirfeá i mbun chúram na Gaeltachta? Ní hansa!
Ba dhoiligh gan chuimhneamh gur deargmhasla a bhí sa chinneadh seo do chainteoirí na Gaeilge. An amhlaidh go bhfuil an Taoiseach ag iarraidh díoltas a bhaint amach in éadan ghluaiseacht na Gaeilge a chuir chomh binibeach sin in éadan a chuid moltaí i leith deireadh a chur leis an Ghaeilge mar ábhar éigeantach i ndiaidh an Teastais Sóisirigh? Ghlacfá an cheist a chur fosta: dá mbeadh meas ag an Aire Mc Hugh ar na pobail Ghaeltachta (beidh an Ghaeltacht is mó ó thaobh na tíreolaíochta de ina dháilcheantar an chéad iarraidh eile) nár cheart dó diúltú do thairiscint an Taoisigh ar an bhonn nach mbeadh sé ábalta freastal ceart a dhéanamh orthu? Dá olcas a cheapacháin, chuir an Taoiseach an lasóg sa bharrach nuair a d’fhógair sé go sotalach go mbeadh Gaeilge líofa ag an Aire Stáit roimh dheireadh an tsamhraidh. Mura raibh an teanga foghlamtha ag an Aire Stáit tar éis 14 bliain de scolaíocht, cén seans go mbeidh sé líofa tar éis cúpla seachtain i nGleann?
Mhaígh an tAire Stáit úr sa Dáil gur thosaigh sé ag brionglóidí as Gaeilge ach measann go leor den phobal gur tromluí atá ann.
2. Deireadh le Toghcháin Údarás na Gaeltachta:
Chuir Acht na Gaeltachta, 2012 deireadh le hionadaíocht tofa ar bhord Údarás na Gaeltachta. Níor tógadh aon vóta air mar gur shiúl an freasúra amach as an Dáil siocair nach raibh aon díospóireacht ann faoi mholtaí chun an Bille a leasú. Ba é sin a chéad uair i gcuimhne na ndaoine gur tharla a leithéid sa Dáil. Dá olcas caighdeán na díospóireachta ag na cruinnithe boird in amanna, ar a laghad bhíodh guth ag an phobal i roghnú na gcomhaltaí. Ina áit sin, cheap an tAire seachtar comhalta. Tháinig cuid mhaith acu tríd próiseas ceapachán poiblí ach saoithiúil go leor tá baint ag a bhformhór acu le Fine Gael nó le Páirtí an Lucht Oibre! Iar-iarrthóirí ab ea triúr dóibh siúd a tháinig tríd an phróiseas seo agus sheas duine eile acu (Seán Ó Cuireáin) do Fhine Gael sna toghcháin áitiúla ar na mallaibh. Is deacair mar sin a shamhlú go dtagann an bord úr leis an mhaíomh a bhí ag an Rialtas seo i leith ceapachán ar bhord stáit - ‘we’ll do government differently.’
Lena chois sin, mhaígh an tAire Stáit Mc Ginley go mbeadh gné thofa ann i dtólamh sa mhéid is go n-ainmneodh na Comhairlí Contae a bhfuil ceantar Gaeltachta ina limistéir cúigear ball eile. Fágann an córas casta úr seo go bhfuil fear nach bhfuil tofa (Cathal Seoighe) roghnaithe ag Comhairle Contae Contae na Mí; fear nár sheas sna toghcháin áitiúla (Dáithí Alcorn) ag déanamh ionadaíochta ar Chomhairle Chontae Dhún na nGall agus fear ar dhiúltaigh an toghlach dó (Seosamh Ó Laoi) ag freastal ar Ghaeltachta na Gaillimhe. Ba dheacair don bhall is dílse do pháirtithe an rialtais a mhaíomh nach bhfuil creimeadh tagtha ar an phróiseas daonlathais mar thoradh ar an chinneadh deireadh a chur le toghcháin do Bhord Údarás na Gaeltachta.
3. Easpa Gnímh i Leith an Straitéis Fiche Bliain:
Maíodh i gcónaí gur rás fadachair seachas ráibrás a bhí ann ach is geall le ‘Straitéis Fiche Bomaite’ í anois ó thaobh tiomantas an rialtais i leith fhorálacha na cáipéise thoirtiúla úd. Go deimhin, tá go leor de shaineolaithe na teanga ag admháil go ciúin anois nach ann don straitéis a thuilleadh.
Dar le Seosamh Mac Donnacha, mar shampla, duine d’údair an taighde a spreag an Straitéis:
“Níl Straitéis bheo againn atá á cur i bhfeidhm ar bhealach seasmhach córasach.”
Bhí an port céanna ag saineolaí eile, an Dr John Walsh, in alt don iris Comhar:
“Is geall le corpán an Straitéis 20 Bliain anois agus tá an Ghaeilge níos imeallaí ná riamh sa státseirbhís”.
Cuireadh deireadh i 2013, mar shampla, leis na deontais a bhíodh ar fáil do mhic léinn mhúinteoireachta le freastal ar chúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht. Ní bheadh aon chostas ar an ábhar oide roimhe sin a bhíodh ag freastal ar chúrsaí atá mar chuid éigeantach don chéim oideachais. Bhí an cinneadh seo ag teacht salach ar mholadh a bhí sa Straitéis go bhfreastalódh na hábhair oidí ar bhreis chúrsaí Gaeilge le barr feabhais a chur ar a gcaighdeán labhartha. Sampla ab ea an cinneadh sin gur saothar à la carte é an straitéis anois.
4. Leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla:
Cuireadh fáilte chroíúil roimh fhógra Aire Stáit na Gaeltachta, Dinny Mc Ginley, ag an Oireachtas i 2011, go raibh an tAcht le leasú agus go mbeadh ról ag an phobal ins an phróiseas chomhairliúcháin. Dhá bhliain de mhoilleadóireacht agus de tharraingt na gcos a tharla ina dhiaidh sin agus gan mórán ar a shon. Bhí fiúntas nach beag ag baint le cuid mhaith de na haighneachtaí a cuireadh faoina mbráid ach ba léir nárbh ionann mianta phobal na Gaeilge a bhí ag iarraidh an tAcht a neartú agus aidhm an státchórais a bhí ag iarraidh é a lagú. I ndeireadh ama ba bheag tábhacht a bhain leis na hathruithe i gcinnlínte an Bhille leasaithe.
5. An Chluas Bhodhair Tugtha d’Éilimh an Choimisinéara:
Nuair a d’fhógair an t-iar-Choimsinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, i Nollaig na bliana anuraidh go raibh sé le héirí as oifig luaigh sé dhá chúis a bhí ag cur lagmhisnigh air:
Diúltú an rialtais scun scan dul i ngleic le cúrsaí earcaíochta sa státsheirbhís lena chinntiú go mbeadh a dhóthain daoine ann le seirbhísí a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge
Diúltú aghaidh a thabhairt ar an éileamh go mbeadh pobal na Gaeltachta in inmhe seirbhísí Gaeilge a fháil ón státchóras ins an Ghaeltacht gan cheist, gan choinníoll.
Ní gá a rá ach gur tugadh an chluas bhodhair dá chuid éileamh agus bhí pobal na Gaeilge dearg le fearg.
6. Deireadh le Marcanna Bónais sa Státseirbhís:
In áit aghaidh a thabhairt ar na ceisteanna seo, chuir an rialtas deireadh le córas na bpointí bónais as Gaeilge a bhronnadh i gcomórtais d’arduithe céime agus earcaíochta sa Státseirbhís. Ní raibh an córas seo go hiomlán sásúil, go háirithe ó tharla nár cuireadh i bhfeidhm ina iomláine é. Ina áit sin, dúradh go n-earcófaí meitheal de chainteoirí dátheangacha nó 6% d’oibrithe i ngrád an oifigigh feidhmiúcháin. Líon teoranta postanna a bheas i gceist - agus beidh ar gach Roinn liosta a thabhairt de na postanna ina mbeidh gá le Gaeilge. Mheas an Coimisinéir Teanga go dtógfadh an córas nua, dá gcuirfí i bhfeidhm go hiomlán agus ar an bhealach is dearfaí é, thart ar 28 mbliana le líon na foirne riaracháin sa Roinn Oideachais le líofacht i nGaeilge a mhéadú ón 1½% atá ann faoi láthair go dtí 3%.
Is doiligh mar sin gan ghéilleadh don cháineadh a rinne an Cuirreánach ar dhearcadh an stáit i leith na Gaeilge: “labhraigí le chéile í ach ná labhraítear linne í.”
7. Cuí-Chóiriú na nEagras Gaeilge:
Cé gur ar Fhoras na Gaeilge a thit sé líon na n-eagraíochtaí Gaeilge a chiorrú, ba ón dá rialtas (Thuaidh agus Theas) a tháinig an treoir an chéad lá ariamh. Níl amhras ar bith ach go raibh géarghá le struchtúr úr a chur faoi na heagraíochtaí lena chinntiú nach raibh trasnaíl ar bun acu. Ach deineadh brachán bocht den phróiseas. Cuireadh am agus fuinneamh na n-eagraíochtaí amú ag plé leis an phrácas ar a dtugtaí ‘an tSamhail Nua Maoinithe’ sular thit an tóin as a raibh molta. Deineadh láimhseáil ábhairín níos fearr ar an phróiseas a tháinig sna sála air ach bhí sé mar thoradh air go raibh go leor daoine a shaothraigh go díograiseach ar son na teanga ar feadh na mblianta fada fágtha ar an trá fholamh, gan trua, gan taise. Lena chois sin, fágadh go leor bearnaí nach bhfuil á líonadh ag na ceanneagraíochtaí. Cuireadh deireadh, mar shampla, le hEagraíocht na Scoileanna Gaeltachta agus ní léir cén sórt freastal a dhéanfar feasta ar an ghné ríthábhachtach seo de chur chun cinn na Gaeilge.
Nóta: Cuirfear fáilte roimh mholtaí na léitheoirí maidir le taighde le haghaidh alt eile faoi ‘Sheacht Suáilce an Rialtais’ i leith na Gaeilge.
Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.