AR NA SAOLTA SEO
Litir chuig an Phríomhfheidhmeanach Nua
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

Chuir Stiofán Ó Cúláin tús oifigiúil lena thréimhse mar Phríomhfheidhmeanach ar Údarás na Gaeltachta ag tús na míosa seo. Ríomhann Breandán Delap cuid de na dúshláin a bheas roimhe.

Íomhá
Steve Ó Cúláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta
Íomhá
Údarás na Gaeltachta
Íomhá
Iar-Phríomhfheidhmeannach an Údaráis, Pádraig Ó hAoláin leis an Dr. Daniel Bourgeois, teangeolaí, arú anuraidh
Íomhá
An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe & Gaeltachta i mBearna

A Steve, a chara,

Comhghairdeas ó chroí leat ar do cheapachán mar Phríomhfheidhmeanach ar Údarás na Gaeltachta. Tá oiliúint fhada curtha isteach agat in go leor réimsí éagsúla den eagraíocht agus is cinnte go raibh lúcháir orainn uilig gur ceapadh duine a bhfuil taithí fhairsing aige a bheith ag obair ar fud na Gaeltachta don phost is sinsirí san Údarás.

Beidh dúshláin bhreise le sárú ag an Údarás sna blianta beaga amach romhainn ach beidh deiseanna ann fosta ról lárnach a imirt i slánú na Gaeltachta agus na Gaeilge. Ní gá a rá ach go mbeidh rath na heagraíochta ag brath cuid mhór ar an fhís a leagfaidh tusa amach dó. Ualach nach beag. Duine cróga, misniúil thú atá sásta na cúramaí troma seo a ghlacadh ort féin ag am nach léir cén struchtúr boird a bheas agat nó céard iad na cumhachtaí agus cúramaí a bheas ag an Údarás nua. Mar is Údarás nua a bheas ann.

Am cinniúnach é seo don Údarás, mar sin, ó tharla go dtiocfaidh athrú ó bhonn ar chúraimí na heagraíochta agus go mbeidh crot iomlán úr ar chomhdhéanamh an bhoird. Beidh treo na heagraíochta sa todhchaí ag brath cuid mhór ar Bhille na Gaeltachta ar a bhfuil an rialtas ag cur bailchríoch san am i láthair. Go deimhin, tá sé ráite ag Aire Stáit na Gaeltachta, Dinny McGinley, go mbeidh an Bille achtaithe roimh mhí Mheán Fómhair. Píosa reachtaíochta thar a bheith tábhachtach é seo a chinnteoidh cad é a bheas i ndán don Údarás. Socrófar an foras cruthú fostaíochta a bheas ann feasta nó an mbeidh fócas níos leithne aige mar atá leagtha amach ins an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Ba mhór an peaca nach raibh próiseas ceart comhairliúcháin poiblí ann le cúpla mí anuas faoi cad ba cheart a bheith sa Bhille. Ach is fút féin atá sé anois a chinntiú go mbeidh ionchur láidir ag an Údarás i ndréachtadh na reachtaíochta úire. Sula bhfaighfidh tú deis cheart socrú isteach i do phost úr mar sin, níor mhiste duit mar chéad chúram iarracht mhór a dhéanamh tionchar dearfach a imirt ar an phróiseas. Níor mhiste a chinntiú go mbeidh ról lárnach fostaíochta, forbartha agus fiontraíochta ag an Údarás sa bhreis ar aon chúram teanga a bhronnfar air. Óir beidh sé rómhall ról na heagraíochta a athrú nuair a achtófar Bille na Gaeltachta.

Am Cinniúnach do Chách

Ar ndóigh is am cinniúnach é seo don Ghaeltacht fosta. Mhaígh an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht nach mairfeadh an teanga mar roghatheanga an phobail níos mó ná fiche bliain mura nglacfaí céimeanna ar leith le dul i ngleic leis an mheath. Tá cúig bliana de sin imithe cheana féin agus fán am a thiocfaidh deireadh le do chonradh, ní bheidh ach deich mbliana fágtha lena chinntiú nach bhfíorófar an tuar úd. Is le linn do shealsa mar Phríomhfheidhmeanach mar sin a chinnteofar cinniúint na Gaeltachta agus an dtiocfaidh an tuar fán tairngreacht dhuairc a rinne údair an Staidéir Chuimsithigh. Ualach eile nach beag.

Trátha an ama seo anuraidh a tháinig an dea-scéal ó Aire na Gaeltachta, Dinny McGinley, go mbeadh cúraimí fiontraíochta agus fostaíochta ar Údarás na Gaeltachta go fóill. Bhí na cúraimí seo faoi bhagairt mhór ó mhol údair Thuarascáil an Bord Snip Nua go mbrisfí an tÚdarás ina ghiotaí agus go ndéanfaí a chúraimí a scaipeadh soir siar. Móreagraíocht amháin faoi scáth Fiontar Éireann a bheadh i mbun postanna a chruthú ar fud na tíre, an Ghaeltacht san áireamh. Cén t-iontas mar sin gur cuireadh fáilte chroíúil roimh dea-scéala an Aire McGinley gur éirigh leis an Údarás na cosa a thabhairt leis ón tua a bhí ar tí titim? Ach díol suntais gur dhúirt an tAire Stáit McGinley go mbeadh cúraimí fostaíochta agus fiontraíochta ‘ar an Údarás’ seachas go mbeadh an eagraíocht ag coinneáil na cúraimí fostaíochta agus fiontraíochta a bhí aige ó am a bhunaithe. Ní léir mar sin cé chomh substaintiúil is a bheas na cúraimí seo feasta. Go deimhin tá oiread ciorraithe déanta ar mhaoiniú na heagraíochta gur doiligh a shamhlú go mbeidís in innimh tabhairt faoi na cúraimí traidisiúnta seo go sásúil.

Spéisiúil go leor, ba é an tÚdarás Forbartha Tionscail ba mhó a bhí luaite leis an fhógra fostaíochta ba shuntasaí a tharla i gceantar Gaeltachta le dornán blianta anuas. Go deimhin, bhí tú féin i mbun agallaimh dod’ phost úr an lá inar fógraíodh go mbeadh 220 post breise á gcur ar fáil ag an chomhlacht chógaisíochta Bioniche ina monarchan in Indreabhán i gConamara! Cinnte, bhí ról imeallach ag an Údarás i gcruthú na bpostanna seo ach is é an IDA a bheas á maoiniú. An léargas é sin, go bhfuil maoiniú cruthú fostaíochta an Údaráis coillte chomh mór sin go bhfuil na heagrais fhiontraíochta agus fhostaíochta éagsúla ag feidhmiú faoin díon céanna i ndáiríre?

Bagairt an Eitleáin Bháin

Ó am a bhunaithe, tá éacht déanta ag Údarás na Gaeltachta jabanna a chruthú sa Ghaeltacht. Ní raibh sé furasta comhlachtaí a mhealladh chuig cuid de na ceantair is imeallaí agus is scoite amach sa tír, gan bhonneagar sásúil, ach fríd is fríd, d’éirigh go seoigh leis an Údarás sa réimse seo. Deir lucht a cháinte gurb iad tionscail an Údaráis a tharraing lucht an Bhéarla chun na Gaeltachta. Bíodh sin mar atá, ní thig a shéanadh gur choinnigh na monarchana beocht sna ceantair sin, trína chinntiú nach raibh ar bhunadh na háite dul ar imirce. Ba mhór an gaisce é sin, dar liom. Tar éis an tsaoil, ba mhó an bhagairt í an imirce don teanga sa Ghaeltacht ná aon chor diúltach ná dearfach a chur an rialtas ina chinniúint. Tá an t-eitleán bán ag bagairt arís, faraor agus caithfear iarracht a dhéanamh in athuair a chinntiú go mbeidh pobal na Gaeltachta ábalta a mbeatha a bhaint i dtír ina gceantair dhúchais.

Ar an dóigh sin, ba chúis díomá dom an ráiteas a thug tú don nuachtán Gaelscéal gur rud ‘neodrach’ é post i gceantair Ghaeltachta. Dúirt tú go labhróidh na fostaithe Gaeilge lena chéile má tá Gaeilge acu ach mura bhfuil go labhróidh siad Béarla lena chéile. Chuir Cathaoirleach an Údaráis, Liam Ó Cuinneagáin, feoil ar an tuairim sin nuair a dúirt nach dtig postanna sa Ghaeltacht a shéanadh ar dhaoine gan Ghaeilge siocair go mbeadh a leithéid ag sárú dlithe na hEorpa. Aontaím leis an bharúil nach féidir sconsa a thógáil timpeall na Gaeltachta agus gan ligint d’éinne ón taobh amuigh teacht isteach. De thairbhe a leochaillí is atá an Ghaeilge sa Ghaeltacht san am i láthair, áfach, ba cheart go mbeadh caomhnú na teanga lárnach in aon mhaoiniú a dhéantar ar chomhlachtaí ann. An ar leas na teanga a bheadh sé, mar shampla, dá mbeadh an 220 post úd in Indreabhán líonta ag daoine a bheadh ag teacht anoir ó chathair na Gaillimhe, a bheadh ag Béarlóireacht go tréan agus gan de bhuntáiste le fáil ag an ghéilleagar áitiúil uathu ach corrcheapaire agus líotair artola i Siopa an Phobail? Mura gcuirtear an tionchar a bheas ag forbairt faoi leith ar staid na teanga sa cheantar san áireamh, tá an baol ann go gcaillfear raison d’être na heagraíochta. Is chuige sin, atá Údarás na Gaeltachta ann. Gan toise teanga a bheith san áireamh, is beag an ról atá ag an Údarás. Ní gá a rá nach bhfuil a leithéid d’eagraíochtaí ann agus ‘Údarás Iarthar na hÉireann’ nó ‘Údarás na Gaillimhe.’

Caingean Anita Groener

Sa chomhthéacs sin, is fiú a chuimhneamh gur theip ar chás cúirte a ghlac múinteoir ealaíne ón Ísiltír, Anita Groener, in éadan na Roinne Oideachais i Samhain na Bliana 1989. Bhí sí ag cur in éadan rialacha na Roinne a chur cosc uirthi post buan a fháil i gColáiste tríú leibhéil gan cháilíocht Ghaeilge a bheith aici. Cé gur trí mheán an Bhéarla don chuid is mó a bhí sí ag teagasc, rialaigh Cúirt Bhreithiúnais na hEorpa go raibh sé de cheart ag an Roinn a leithéid de cháilíocht a éileamh cionn is go raibh sé mar aidhm an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga náisiúnta agus mar chéad teanga an Stáit. B’ionann an breithiúnas sin agus a rá nach raibh riachtanas Ghaeilge ag teacht salach ar shaorghluaiseacht oibrithe ó áit go chéile, atá ar cheann de bhunchlocha an Aontas Eorpaigh.

Má bhíonn an tÚdarás ag déanamh maoirseacht ar fheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge sa Ghaeltacht, beidh atheagar ó bhonn de dhíth ar fhoireann na heagraíochta. Ceist eile, ar ndóigh ná an bhfuil an oilteacht chuí ag an fhoireann reatha le tabhairt faoi na cúraimí úra teangabhunaithe. Ní hionann na cáilíochtaí ná an cumas atá de dhíth le tionscail deantúsaíochta traidisiúnta a chur chun cinn agus iad sin a bheas ag teastáil le tabhairt faoi phleanáil teanga. Le go mbeadh an tÚdarás ag feidhmiú i mbarr a mhaitheasa, caithfear a chinntiú go mbeidh an fhoireann in innimh dul i ngleic leis na dúshláin úra. Arbh fhiú a bheith ag smaointiú ar phacáiste iomarcaíochta deonach a thairiscint do bhaill foirne áirithe lena chinntiú go dtig leat daoine úra le saineolas sna réimsí seo a earcú? Cúram dúshlánach é an ní ar a dtugtar ‘bainistíocht athruithe’ in eagraíocht ar bith agus is tusa a bheas á stiúradh sa chás seo.

Is léir mar sin go bhfuil post dúshlánach romhat amach ag am nuair atá an t-athrach ag teacht ar an athrach. Ach tá mé dóchasach nach ualach ar do ghualainn é. Guím gach rath ar an obair.

Le meas mór,

Breandán

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.