Caithfidh pobal na Gaeilge seasamh lena chéile agus brú a chur ar an Aire Dlí is Cirt an fhírinne a nochtadh faoi fhiosrúchán na nGardaí ar chás Dhomhnall Uí Lubhlaí dar le Breandán Delap.
Tá an chosúlacht ar an scéal nach bhfaighfidh íospartaigh an iarcheannasaí choláiste samhraidh Gaeilge, Domhnall Ó Lubhlaí, amach go deo na cúiseanna gur thit a thriail as a chéile i nDeireadh Fómhair 2002, óir ní léir go bhfoilseoidh an Aire Dlí is Cirt, Alan Shatter, toradh an athbhreithnithe atá ar bun ag Gardaí ar an cheist.
Tá leathbhliain ann ó tháinig ceathrar fear cróga chun tosaigh chun labhairt go hionraic ar Nuacht TG4 faoin mhí-úsáid gnéis a rinne an Lubhlaíoch orthu. Rinne siad na hagallaimh le mo chomhghleacaí Sorcha Ní Mhonacháin tamall gairid tar éis bás bhunaitheoir Choláiste na bhFiann. Díol trua ab ea scéalta na bhfear seo agus bhain siad craitheadh as achan duine a chuala iad. Mar mhúinteoir Gaeilge, bhí stádas speisialta ag Ó Lubhlaí i measc na bhfear óga seo agus muinín iomlán acu as. Bhain sé mí-úsáid as an stádas seo agus tháinig sé i dtír ar a gcuid soineantachta. Is iomaí páiste ar milleadh a óige agus ar scriosadh a shaol dá dheasca.
Ag eascairt as na hagallaimh sin d’éiligh an Gréasán Géarchéime Éignithe go ndéanfaí fiosrúchán a thionscan mar gur léir, dar leo, nár thapaigh an Garda Síochána an deis an cás a fhiosrú go críochnúil nuair a tháinig sé chun solais i 1991 agus arís i 1998. D’fhógair Coimisinéir an Gharda Síochána, Martin Callinan, ina dhiaidh sin gur iarr sé ar Aonad an Gharda a fhiosraíonn ionsaithe gnéis athbhreithniú a dhéanamh ar fhiosrúchán an Gharda Síochána ar na líomhaintí a deineadh in éadan Uí Lubhlaí sna nóchaidí. Cé go raibh beartais úra curtha i bhfeidhm ag na Gardaí ó shin, d’admhaigh an Coimisinéir go mb’fhéidir go raibh ceachtanna le foghlaim go fóill faoin mhéid a tharla san am atá caite.
Aire na Leanaí, Frances Fitzgerald
Dúirt Aire na Leanaí, Frances Fitzgerald, le Coiste Sláinte an Oireachtais ag an am go bhfanfadh sí go dtí go mbeadh athbhreithniú déanta ag an Gharda Síochána ar na líomhaintí atá déanta in aghaidh Dhomhnall Uí Lubhlaí sula ndéarfadh sí tada eile ar an ábhar.
Go luath ina dhiaidh sin, bhí Sáirsint de chuid na nGardaí atá lonnaithe ar Shráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath, i dteagmháil liom ag lorg cóipeanna de na hagallaimh agus tras-scríbhinn i mBéarla den mhéid a dúradh. Ní ghnáthchleachtas é d’iriseoirí taifid den chineál sin a thabhairt do na Gardaí gan ordú cúirte ach deineadh eisceacht an iarraidh seo. Lena chois sin, sheol mé roinnt altanna a scríobh mé ag am na trialach chuige fosta.
Is fiú a lua gur athbhreithniú seachas fiosrúchán a d’fhógair Coimisinéir an Gharda i mí Aibreáin seo caite. Ní bheifeá ag súil go mbeadh an réimse iniúchtha ná na fiacla céanna ag athbhreithniú is a bheadh ag fiosrúchán iomlán. Ach fiú má chuirtear é sin san áireamh, tá amhras á léiriú faoin chur chuige. Tá sé ráite ag duine de na fir a deir go ndearna Ó Lúbhlaí ionsaí gnéis orthu nach gcreideann sé go bhfuil athbhreithniú ar bun ag na Gardaí ar chor ar bith maidir leis na cúiseanna gur thit an triail as a chéile.
Agallamh ar na Mallaibh
In agallamh le Nuacht TG4 ar na mallaibh dúirt Liam Ó Maolaodha gur léir dhósan nach bhfuil teangmháil déanta ag an Gharda le haon duine a raibh baint acu le Coláiste na bhFiann sa tréimhse sin ná le haon duine ar ionsaigh Domhnall Ó Lubhlaí iad nuair a bhí siad faoina chúram. Dúirt sé go raibh sé ag súil go mbeadh rud éigin suntasach bainte amach fán tráth seo agus go gcuirfí an scéal ina cheart ar bhealach éigin.
- “Ní dóigh liom go bhfuil fiosrúchán ar bith ar siúl. Ceapaim gur cur i gcéill a bhí ann, gur fógraíodh é nuair a bhí an spotsholas orthu sé mhí ó shin, " arsa an tUas Ó Maolaodha, “...ach tá an chuma ar an scéal ó chuile dhuine ar labhair mise leo nach bhfuil tada tarlaithe sa sé mhí sin agus go bhfuil súil ag daoine go bhfaighfidh an scéal seo bás mar a déarfá; nach leanfaidh daoine a bheith ag caint ar an ábhar agus ag brú na ceisteanna seo.”
Scríobh íospartach eile, Gearóid Ó Conchúir, chuig Coimisinéir an Gharda Síochána i mí Bealtaine seo caite ag lorg téarmaí tagartha an athbhreithnithe ach ní bhfuair sé sásamh ar bith. Tá Preas-Oifig an Gharda ina tost ó shin i dtaobh staid reatha an athbhreithnithe.
An Triail a Thit
Ní raibh an tUas Ó Maolaodha ná an tUas Ó Conchúir i measc an tseisear fear a bhí mar fhinnéithe ag an stát nuair a cuireadh Ó Lubhlaí ar a thriail i nDeireadh Fómhair na bliana 2002. 56 cúis san iomlán a bhí ina éadan a bhain le hionsaithe mígheanasacha, bugaireacht agus le hiarracht ar bhugaireacht. Líomhnaíodh gur tharla na hionsaithe seo thar tréimhse 30 bliain in achan chúige sa tír - i seomraí óstáin, pictiúrlanna, árasáin, campaí samhraidh agus in áiteanna go leor eile nach iad.
Ach cuireadh stop leis an triail nuair a d’éirigh le hathbhreithniú breithiúnach a ghlac foireann dlí Uí Lubhlaí. Moilleadóireacht an stáit agus fianaise a chaill na Gardaí na húdair ba mhó a thit an cás as a chéile. I dtús na nóchaidí chuaigh duine de na híospartaigh i dteagmháil le Ó Lubhlaí agus rinne iarracht é a chur faoi dhúmhál. Rinne an Lubhlaíoch gearán chuig na Gardaí i gCluain Dolcáin faoi seo agus d’fhiosraigh siadsan an scéal. Déanadh taifeadadh ar chruinniú idir é agus an fear a bhí ag iarraidh dúmhál a dhéanamh air. Tugadh an taifeadadh seo do na Gardaí.
Mhaígh dlíodóirí Dhomhnall Uí Lubhlaí nár cuireadh an taifeadadh nó an athscríbhinn a déanadh air ar fáil dóibh. Glacadh leis gur cailleadh nó gur loiteadh na cáipéisí seo. Ghlac an Breitheamh Aindrias Ó Caoimh leis gur cuireadh as do chearta Uí Lubhlaí triail chothrom a fháil siocair go raibh cáipéisí de chuid an Gharda Síochána caillte. Dúradh fosta go raibh an mhoill i dtionscnamh na n-imeachtaí cúirte iomarcach.
Súil Uí Dhubhda
Bhíothas ag súil go líonfadh athbhreithniú an Gharda ar an chás cuid de na bearnaí maidir leis an bhaint a bhí acusan le teip an cháis choiriúil. Conas a tharla sé mar shampla gur cailleadh fianaise thábhachtach agus cé a bhí freagrach as? An fíor mar a mhaígh dlíodóir Uí Lubhlaí, James Orange, ag an am nár lorg na Gardaí cuid den fhianaise a bhain leis na líomhaintí agus nach bhfuarthas ráitisí ó fhinnéithe ar inis na híospartaigh a gcuid scéalta dóibh blianta sula ndeachaigh siad chuig na húdaráis? Tá míniú iomlán dlite do na híospartaigh sin nach bhfuair cothrom na Féinne ariamh. Mura bhfoilseofar toradh an athbhreithnithe agus fíricí an scéil, áfach, leanfar ag cur teoiricí comhcheilge chun tosaigh faoin chúis nach raibh na Gardaí chomh críochnúil is a ba chóir dóibh a bheith ina gcuid fiosrúcháin.
I ráiteas a thug an Roinn Dlí is Cirt faoin athbhreithniú do mo chomhghleacaí Sorcha Ní Mhonacháin dúradh go bhfuil an tAire Shatter ag feitheamh leis an tuarascáil:
- “Is ábhar do Choimisnéir na nGardaí iad téarmaí tagartha an athbhreithnithe ach díreofar ins an tuarascáil ar na ceachtanna gur féidir a fhoghlaim faoin dóigh a láimhseáileadh na gearáin. Ó tharla gur scrudú inmheánach de chuid na nGardaí atá ar bun, ní gnáthchleachtas é tuarascálacha den chineál sin a fhoilsiú. Déanfaidh an tAire cinneadh in am tráth, áfach, maidir le haon phríomhthoradh a bheadh ag eascairt as a chur faoi bhráid an phobail.”
Cé nach bhfuil cuma iontach dóchasach ar an ráiteas sin, níor mhór a admháil nach bhfuil an doras druidte ina iomláine ach an oiread. Is ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta nó go deimhin éinne gur cás leis rath na gcoláistí samhraidh a thiteann sé anois brú a chur ar an Aire Shatter lena chinntiú go bhfeicfidh an tuarascáil seo solas an lae, óir ní shásófar tart na córa dá uireasa.
Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.